Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stíl láithreoireachta presenting style
" "Nílim céad faoin gcéad sásta le mo stíl láithreoireachta.
stíl theibí an abstract syle
" Úsáideann sé stíl theibí den chuid.
stíl theibí abstract style
" Oibríonn sí le dathanna láidre ola i stíl theibí.
stíl na bhfonnadóirí the singers' style
" Is minic a bhíonn daoine ag clamhsán faoi chomórtais den chineál seo, ag rá i gcás na hamhránaíochta go mbíonn tionchar diúltach acu ar stíl na bhfonnadóirí.
stíl amhránaíochta singing style
" Bíonn a gcuid amhrán ar fad i nGaeilge agus bíonn tionchar láidir na hAfraice Theas le brath go minic ar an stíl amhránaíochta atá acu.
stíl ar dóigh a great style
" Ar seisean, "Thosaigh mé ag scríobh i mBéarla mar bhí daoine i gcónaí ag clamhairt orm, ag rá, 'Cén fáth nach scríobhann tú rud éigin ab fhéidir le gach aon duine a thuiscint?'" Tá stíl ar dóigh aige sa Bhéarla chomh maith le sa Ghaeilge.
stíl fhuinniúil an energetic style
" Sa mBaváir bhí an-dúil i gceol ar a dtugtar *Alpenrock*, stíl fhuinniúil a bhfuil rac-cheol, snagcheol, *funk, reggae *agus ceol traidisiúnta na Baváire agus na hOstaire fite fuaite inti.
stíl faoi leith a separate style
" Céard a cheapann tú féin? An gceapann tú go mbaineann an ceol traidisiúnta le háiteachaí ar nós Chontae an Chláir mar shampla? Áiteachaí faoin tuath? SJW: Ceapaim go bhfuil caighdeán an cheoil thraidisiúnta chomh hard i mBaile Átha Cliath leis an an gcuid eile den tír ach ní dóigh liom go bhfuil stíl faoi leith ag ceoltóirí sa chathair.
stíl fhidléireachta fiddling style
" Bhéarann sé misneach agus ardú croí dó, a deir sé, ceoltóirí óga a fheiceáil agus iad ag iarraidh stíl fhidléireachta Thír Chonaill a choinneáil ag dul agus na seanphoirt a fhoghlaim, agus buaileann seanchairde nach bhfeiceann sé ó thús go deireadh na bliana isteach chuige sa bhaile.
stíl a mbíodh an-tóir uirthi a style which used to be very popular
" " Tá an siopa lán de rudaí áille sa stíl *Art Deco*, stíl a mbíodh an-tóir uirthi i bPrág.
stíl shoineanta naive style
" Ba ghnách le Picasso, Klee agus Miró saothar páistí a bhailiú - is cosúil go ndeachaigh an stíl shoineanta gan srian i bhfeidhm orthu.
stíl bhainistíochta éifeachtach an effective style of management
" "Ba thaithí thábhachtach dom é sin," a deir sí, "toisc go raibh stíl bhainistíochta éifeachtach ag an gcomhlacht sin.
stíl mhíleata military style
" Tógadh na ballaí seo idir 1544 agus 1650, agus tá deich n-urdhún ollmhóra ag gobadh amach astu, i stíl mhíleata na tréimhse sin.
sa stíl nuachlasaiceach in the neo-classical style
" Rinne sí an teach a atógáil sa stíl nuachlasaiceach agus rinne sí na gairdíní a athdhearadh freisin.
stíl bheatha lifestyle
" Mar atá fíor i gcás go leor rudaí, tá riachtanais tomhaltóirí agus stíl bheatha daoine tar éis cur leis an éileamh ar theicneolaíocht an chleamhnais.
a stíl féin eitilte their own style of flying
" Bhí a lán éan mara ag eitilt go gnóthach anseo is ansiúd, agus a stíl féin eitilte ag gach cineál acu: puifíní, forachain, geabhróga agus neart eile.
stíl mhall shollúnta a slow solemn style
" Bhí éascaíocht ag a mhéaracha ar an bpianó – stíl mhall shollúnta, beagán ar nós stíl an Riadaigh.
a stíl féin eitilte their own style of flying
" Bhí a lán éan mara ag eitilt go gnóthach anseo is ansiúd, agus a stíl féin eitilte ag gach cineál acu: puifíní, forachain, geabhróga agus neart eile.
stíl mhall shollúnta a slow solemn style
" Bhí éascaíocht ag a mhéaracha ar an bpianó – stíl mhall shollúnta, beagán ar nós stíl an Riadaigh.
an stíl mhaireachtála níos réchúisí the more laid-back style of living
" Is dóigh go n-airím uaim an stíl mhaireachtála níos réchúisí atá ag daoine sa mbaile.
stíl deartha agus ailtireachta design and architectural style
" B’in an stíl deartha agus ailtireachta a thosaigh i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, agus atá le feiceáil thart orainn i ngach áit anois.
an éagsúlacht stíleanna the variety of styles
" Bailiúchán suntasach atá le feiceáil anseo a léiríonn an éagsúlacht stíleanna a bhí ag Picasso i rith a shaoil agus tá samplaí ann óna thréimhse bhándearg, ghorm agus chiúbach chomh maith le saothar luath dá chuid nach mbeadh chomh haitheanta céanna.
anailís ar stíl i gcomhthéacs analysis of a style on context
" Bhí anailís ar stíl i gcomhthéacs mar chuid amháin de agus rinneadh í sin sa chéad seimeastar agus ansin bhí an tionscnamh taifeadta le déanamh sa dara seimeastar.
a stíl seinnte his style of playing
" Dhírigh mé mo chuid taighde ar a stíl seinnte agus ar ghnéithe dá shaol, mar a tógadh é, agus ar na tionchair cheoil, thíreolaíochta, chultúrtha agus shóisialta a imríodh air agus a raibh mar thoradh orthu gur éirigh leis barr feabhais a bhaint amach sa cheol agus go ndeachaigh sé féin ar aghaidh le bheith ina thionchar mór ar cheol dúchasach na hÉireann.
stíl na n-aíonna the style of the guests
" Theastaigh uaim foghlaim freisin agus mo chuid seinnte féin a fhorbairt trí mo stíl féin a chur in oiriúint do stíl na n-aíonna, seachas an lámh in uachtar a bheith agam féin ar an albam agus ar an rogha píosaí a bhí le bheith air.
stíl an cheannaire ar na cliatháin the style of the leader on the wings
" Comhcheilg Bhí Haughey sa doircheacht lasmuigh agus dúshlán *gastronomique *“chamchuairt na sicíní rubair” a fhreagairt go fearúil aige le sraith de thiománaithe – PJ “dílis” Mara ina measc – sa Jaguar a bhronn Matt Gallagher ar a phrionsa óg chun stíl an cheannaire ar na cliatháin a mhaisiú le *mystique* an airgid.
stíleanna difriúla different styles
" Agus toisc go bhfuilimid scaipthe timpeall na tíre, bímid ag éisteacht le stíleanna difriúla an t-am ar fad.
i stíl na hAfraice Theas. in a South African style.
" Ansin tháinig mé ar ghrúpa déagóirí agus iad ag damhsa agus ag canadh i stíl na hAfraice Theas.
d'fhorbair siad stíl bheochana they developed a style of animation
" Chaith an bheirt fhear breis is seasca bliain ag obair le chéile agus le linn na tréimhse torthúla sin d'fhorbair siad stíl bheochana ina raibh cuid mhór cleasaíochta agus grinn.
agus ba iad a chruthaigh an stíl ghasta mheargánta and it was they who created the fast reckless style
" * Thuig Hannah agus Barbera cúrsaí grinn ó thaobh gluaiseachta agus cleasaíochta de agus ba iad a chruthaigh an stíl ghasta mheargánta atá mar bhuntreoir ag cruthaitheoirí cartún an lae inniu.
stíleanna éagsúla various styles
" “Cinnte, ó thaobh aithne a chur ar mhuintir na féile agus na daoine atá ag plé leis – deis a fháil, mar shampla, agallamh a chur ar mholtóirí Chorn Uí Riada, ceist a chur orthu cén fáth a ndearna siad an cinneadh seo nó an cinneadh siúd, cén tuiscint a bhí acu ar an sean-nós, cén chiall a bhain le stíleanna éagsúla sean-nóis a chur i gcomórtas lena chéile – ceisteanna mar sin a phlé.
lena stíl féin a fhorbairt. to develop his own style.
" I bPáras a bhuail sé le ceannródaithe na gluaiseachta Impriseanaí agus Iar-Impriseanaí, leithéidí Claude Monet, Camille Pissarro, Paul Gauguin, Georges Seurat agus Henri de Toulouse Lautrec, agus ba iad siúd a spreag é lena stíl féin a fhorbairt.
níl cáil mhór ar Chontae Chill Dara maidir le hamhránaíocht sa stíl dhúchasach, Kidare doesn't have a reputation for singing in the native style,
" AÓF: Ach níl cáil mhór ar Chontae Chill Dara maidir le hamhránaíocht sa stíl dhúchasach, go speisialta i nGaeilge.
go leor stíleanna lots of styles
" Caithfidh go mbíonn tú ag éisteacht le stíleanna difriúla amhránaíochta? An bhfuil aon stíl ar leith gur fearr leat? ENíC: Taitníonn go leor stíleanna liom.
stíleanna éagsúla ceardaíochta different styles of craftmanship
" Is féidir bogha maith a aithint ón mbunábhar atá ann agus ansin ar ndóigh bíonn stíleanna éagsúla ceardaíochta iontu.
go bhfuil stíleanna eile i ndiaidh dul i bhfeidhm barraíocht uirthi. that other styles have influenced her too much.
" ” Bhí a guth féin aimsithe aici mar amhránaí ach tá daoine ann i saol an cheoil a deir nach amhránaí ceart traidisiúnta í Maighread, go bhfuil stíleanna eile i ndiaidh dul i bhfeidhm barraíocht uirthi.
sa stíl Lochlannach in the Viking style
" Taobh amuigh, bhí buachaillí óga ag rith thart gléasta mar a bhíodh na Piochtaí, agus sleánna agus sciatha acu, agus bhí bean gléasta sa stíl Lochlannach i mbun cócaireachta i bpota mór dubh os cionn tine oscailte.
a stíl phéintéireachta his style of painting
" Is minic a ceanglaíodh a stíl phéintéireachta le gluaiseachtaí ealaíne éagsúla – an réalaíochas, osréalaíochas nó eispriseanachas, cuir i gcás – ach is é an saothar dá chuid ina stíl shainiúil ionraic féin, a d’fhorbair sé thar na blianta, is mó a gcuirfidh daoine spéis ann sa taispeántas seo.
ina stíl shainiúil ionraic féin, in his own distinctive honest style,
" Is minic a ceanglaíodh a stíl phéintéireachta le gluaiseachtaí ealaíne éagsúla – an réalaíochas, osréalaíochas nó eispriseanachas, cuir i gcás – ach is é an saothar dá chuid ina stíl shainiúil ionraic féin, a d’fhorbair sé thar na blianta, is mó a gcuirfidh daoine spéis ann sa taispeántas seo.
stíl amh fheolmhar a raw fleshy style
" Bhí an stíl seo le bheith ina comhartha sóirt ar a shaothar sna blianta a bhí le teacht – stíl a bhí go hiomlán úr agus stíl amh fheolmhar a thaitin go mór leis an phobal.
an stíl seo mhaireachtála this style of living
" Is breá le muintir Melbourne cultúr an chaife agus is dócha gur thug muintir na Gréige, agus daoine as tíortha eile na Meánmhara, an stíl seo mhaireachtála leo go Melbourne.
stíleanna ceoil an domhain a bhlaiseadh. to taste the musical styles of the world.
" Ceol traidisiúnta cathrach é ceol Kíla – ceol craosach, míshocair ar mian leis stíleanna ceoil an domhain a bhlaiseadh.
stíl mhaireachtála gan strus. a stress-free lifestyle.
" Is fearr leosan, agus linne, an sráidbhaile ciúin agus stíl mhaireachtála gan strus.
i stíl na Rúise in the Russian style
" I lomchodarsnacht le Corn Shanski Jerzy Phatski Danski, ní bheidh an teorannú céanna ar líon na n-iomaitheoirí a bheas in ann cur isteach ar an chomórtas úr damhsa ar an sean-nós – damhsa ar an sean-nós i stíl na Rúise is ea é.
ó thaobh gnéchláracha nó cláracha stíl mhaireachtála de. in terms of lifestyle programmes.
" “Ní mar cháineadh a deirim seo, ach ní dhéanann sé mórán céille dul in iomaíocht le leithéidí Channel 4 ó thaobh gnéchláracha nó cláracha stíl mhaireachtála de.
stíleanna styles
" Sílim go bhfuil na stíleanna agus na stórtha áitiúla ceoil iontach tábhachtach agus suimiúil.
stíl fhaoistineach confessional style
" Mheall ionracas agus stíl fhaoistineach a cuid scríbhneoireachta lucht léitheoireachta dílis chuig saothar Plath.
stíleanna styles
" AÓF: An ndéarfá gur amhráin dhúchasacha na hÉireann amháin a chasann tú, nó an mbíonn tú ag casadh i stíleanna eile freisin? GB: Bím, go minic.
stíl style
" Ba stíl í a tháinig ó na cathracha móra agus bhí sí ina foinse inspioráide do cheoltóirí agus d’fhaisean na haimsire, a bhí uirbeach agus *cool*.
stíl fuirseoireachta atá agam. style of comedy which I have
" Mar sin, d’fhéadfadh daoine a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu a bheith ag breathnú ar mo cuid cláracha, daoine nach bhfuil taithí acu ar an dearcadh atá agam nó ar an stíl fuirseoireachta atá agam.
stíl bhreá iriseoireachta a nice journalistic style
" Is iad na buanna is mó atá ag baint leis an saothar seo ná, sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.
stíl shothuigthe comprehensible style
" Cé go n-éiríonn leis na húdair ar fad stíl shothuigthe neamhacadúil a úsáid, locht eile a gheobhainn ar an saothar ná go bhfuil na húdair ar fad bainteach leis an saol acadúil cé is moite de Bhreandán Delap agus de Liam Ó Muirthile – ar eagarthóir nuachta le TG4 agus file iad faoi seach.
stíl bhreá nádúrtha nice natural style
" Bhí neart flosctha faoin scannán agus bhíothas ag moladh stíl bhreá nádúrtha na n-aisteoirí Irglova agus Hansard.
an tsainghné is aitheanta dá stíl the most recognisable aspect of his style
" Is é an tsainghné is aitheanta dá stíl ná go mbíonn sé ag léiriú aghaidheanna agus figiúirí a bhfuil imlínte loma dubha orthu.
rogha stíle maireachtála lifestyle choice
" **Ach déarfadh formhór na ndaoine aeracha nach rogha stíle maireachtála é a gclaonadh gnéasach.
cláracha stíle maireachtála lifestyle programmes
" Tá athrú tar éis teacht ar na cineálacha cláracha atá ag teastáil ó na craoltóirí chomh maith – tá go leor truflaise amuigh ansin; cláracha stíle maireachtála agus a leithéid.
stíl chéanna scéalaíochta same storytelling style
" Scéalaí den scoth is ea John Ghráinne – nó John Phadaí Hiúdaí, mar a thugtar air chomh maith – agus baineann sé feidhm as an stíl chéanna scéalaíochta agus é ag tabhairt cuntais ar eachtraí a shaoil.
stíleanna ailtireachta architectural styles
" Níb fhaide anonn, d’fhág impireachtaí cumhachtacha na hEorpa a rian ar an áit lena dteangacha agus lena stíleanna ailtireachta, rian atá chomh láidir sin go sílfeá in amanna go raibh tú ag siúl ar shráid éigin sa Phortaingéil, san Ísiltír nó i Sasana**.
stíl thráchtaireachta commentation style
" Ba éard a bhí i gceist leis sin ná gurbh éigin do dhaoine seilbh a ghlacadh ar an micreafón agus aithris a dhéanamh ar stíl thráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach spóirt.
stíl mhaireachtála life style
" Agus seans go bhfuil stíl mhaireachtála, ghlan, mheasúil acu, leis na piontaí ag ocht euro an ceann, agus deochanna meisciúla taobh amuigh de na tithe tábhairne beagnach dodhéanta a theacht orthu.
stíl mhaireachtála lifestyle
" Ina n-áit, ní fheictear ach beathaisnéisí daoine cáiliúla agus leabhair chócaireachta le daoine cáiliúla agus irisí ar an stíl mhaireachtála.
stíl mhaireachtála lifestyle
" Tá an UUP fite fuaite sa pháirtí is mó a dhéanfá dochar do stíl mhaireachtála an ghnáthdhuine ó thuaidh agus sa Bhreatain, an Páirtí Coimeádach, ach tá Páirtí an Lucht Oibre (nach mithid an t-ainm a athrú?) agus na Lib-Dems chomh holc céanna! Ní hé an Geilleagar a Amadáin! I ndáilcheantracha áirithe, ní hé an geilleagar é, a amadáin.
faoi stíl agus cur chuige about (Haneke’s) style and approach
" Tá scríofa cheana féin agam (‘Beo’, Eagrán na Nollag 2009) faoi stíl agus cur chuige Haneke.
stíl mhaireachtála mhianaidhmeach aspirational lifestyle
" Tagann an téarma Gangnam Style ón Chóiréis agus tagraíonn sé don stíl mhaireachtála mhianaidhmeach atá le feiceáil i gceantar Gangnam (*Beverly Hills Seoul*) agus is faoin chultúr tomhaltach seo a dhéanann PSY scigmhagadh ina amhrán.
D’oir a stíl agus a chur chuige do his style and approach suited
" D’oir a stíl agus a chur chuige do na hócáidí móra, é láidir, cróga, fearúil, teanntásach, dochloíte nach mór.
stíl neamhspleách ar leith a distinct independent style
" Ní foláir nó go gcuireann clár nua David Simon, Treme, isteach ar na seanargóintí seo, le muinín agus le stíl neamhspleách ar leith fiú.
stíl stuama mheáite an bhainisteora the manager’s solid reasoned approach
" Ní fhéadfainn a rá go dtacaím le haon fhoireann faoi leith sa Príomhshraith, cé go bhfuil bá áirithe agam le Arsenal, ar chúis éicint: is maith liom stíl stuama mheáite an bhainisteora, Arsène Wenger, nuair a labhraíonn sé leis na meáin tar éis an chluiche.
stíl an ghaiscigh liteartha seo this literary warrior’s style
" Tionchar mór ar chur chuige liteartha Wallace ab ea an tÉireannach cinnte, cé go raibh scríbhneoirí eile cosúil le DeLillo a chuaigh go mór i bhfeidhm ar stíl an ghaiscigh liteartha seo.
thaitin an stíl phioctha sin go mór liom I really liked the neat style
" “Is ag éisteacht le blue grass agus rockabilly a bhí mé ag an am ar scríobh mé an ceann beag seo agus thaitin an stíl phioctha sin go mór liom.
go leor stíleanna canta eile many other styles of singing
" Is art form é as féin atá go hiomlán difriúil ó go leor stíleanna canta eile agus samhlaigh nó smaoinigh faoi hip-hop, abair nach mbeidh dada eile ag tarlú i saol an hip-hop ó bhliain amháin go bliain eile ach comórtas ina mbeadh 50 cent agus iad seo uile ag teacht le chéile, tá sé seafóideach, gan outlet ar bith eile a thabhairt dó” a deir sé.
stíl an-snasta a very polished style
ar na peileadóirí is deise stíl agus is oilte one of the most stylish and skilled players
" Is breá an rud é An Cábhán a fheiceáil i bPáirc an Chrócaigh arís agus tá súil agam go mbeidh cluiche maith ag Martin Ó Duinn in aghaidh Chiarraí mar go bhfuil sé ar na peileadóirí is deise stíl agus is oilte atá feicthe agamsa i mbliana.
an leagan agus an stíl peile is taitneamhaí le bheith ag breathnú air the most satisfying style and version of football to watch
" Is acu atá an leagan agus an stíl peile is taitneamhaí le bheith ag breathnú air agus cuireann siad scór mór suas de bharr na béime a chuireann siad ar ghluaiseacht sciobtha i dtreo cúl an fhreasúra agus de bharr feabhas na dtosach atá acu.
stíl shnoite, sholéite a sharp easily read style
" Tá cuma shnasta, tharraingteach air agus tá stíl shnoite, sholéite á chleachtadh ins na haltanna.
stíl chrónáin crooning style
" Facthas le deireanaí, mar shampla, gur ó amhráin sean-nóis a tháinig stíl chrónáin Bing Crosby.
stíl bhratacha na náisiúin the national flags style
" Tá líne dhaite de bhróga agus t-léinte don samhradh á thairg ag Seán Ó Corráin i stíl bhratacha na náisiúin a bheas páirteach sa chomórtas sacair a thiteann amach gach ceithre bhliain.