Pota Focal Intergaelic
stol | scól | sól | stó | saol
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stólta stools
" Tá cuairteoirí ina suí ar stólta thart fán tine atá i lár an tseomra, agus tá bean ag meascadh an bhracháin i bpota mór.
stólta stools
" An bhfaca tú vibreafón riamh? Na píopaí lonracha, ar chomhair tú iad, tiubh agus tanaí, fada agus gearr? Ar scrúdaigh tú riamh an chaoi a leagann fidléir a uirlis ar chlár agus an bogha ina luí trasna ar na sreangáin? Céard a bhí sé ag súil leis uaim? Ól ól ól agus troid, boird agus a raibh orthu á leagan, ceol na ngloiní, stólta ag eitilt, béicíl, búireach, briseadh, an réabadh sin uile? Mise? Ha! Na huirlisí ceoil? Grá mo chroí iad! Nach iadsan is cúis leis an imeacht thar fóir seo, an dul rófhada thar dheireadh an scéil? Bhuel, cuid mhaith den chúis, mar chun glan na fírinne a insint ba é an bród - an t-uabhar, a deir tú - nár lig dom stopadh thuas ansin ag an deireadh.
stól coise footstool
" Ní i mbun troscaidh ná tréanais a bhí Enda, ámh; ná i mbun machnaimh ná marana, faraor; ná i mbun paidreacha buíochais, fiú; ach ag amharc dó amach thar shleasa garbha an tsléibhe dhiaga ar thír na hÉireann a bhí ina luí mar a bheadh stól coise aige agus é ar a ríchathaoir.
cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól what kind of strange mixum-gatherum beast
" Thiocfadh leat an mheitheal bheag a bheas ina bhun a shamhlú ag breathnú ar an chéile ar an gcéad lá acu san oifig, agus iad ag rá lena chéile: an mbeidh muid anseo amárach? An dtabharfaidh an Foras an t-am dúinn leis an bpáistín fionn seo a thógáil, nó an dtitfidh an tua go tobann orainn faoi mar a thit rómhinic san am a caitheadh? Agus cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól atá idir lámha againn ar aon nós? Nuachtán seachtainiúil in-íoslódáilte le gné éigin nuachta a bheas á uasdátú níos minicí ná sin? An n-éireoidh linn muinín an phobail a fháil don ainmhí aduain seo? An dara dúshlán ná dúshlán na samhlaíochta.