Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Staitisticí dochreidte unbelievable statistics
" Staitisticí dochreidte san Aontas Eorpach féin: rachaidh céatadán na ndaoine sa nGearmáin atá róramhar, nó *obese*, ó 57 faoin gcéad anuraidh go 71 faoin gcéad faoi 2006.
staitisticí loma bare statistics
" Insíonn na staitisticí loma an scéal: thit a vóta ó 39.
staitisticí statistics
" Léiriú níos fearr ======= B'fhéidir gur léiriú níos fearr ná aon staitisticí iad na comharthaí seo a bhfuil ceangal acu le 9/11 ar an dóigh ar chaill Staten Island i bhfad níos mó daoine ar an lá tubaisteach sin dhá bliain ó shin ná áit ar bith eile.
Staitisticí Saothair Labour Statistics
" D’úsáid Krantz sonraí ó Bhiúró Staitisticí Saothair agus ó Bhiúró Daonáirimh na Stát Aontaithe ina anailís, mar aon le staidéir a bhí déanta ag cumainn trádála agus ag grúpaí tionscail.
le staitisticí níos beaichte a bhailiú to gather more precise statistics
" Bhí ceantar amháin ar Bhóthar na Seanchille sa dara háit i liosta na 890 SOA (*super output areas*, aonaid úra gheografacha a cumadh le staitisticí níos beaichte a bhailiú).
Léiríonn na staitisticí é sin go soiléir. The statistics show that clearly.
" Léiríonn na staitisticí é sin go soiléir.
ach níl i mbás na mílte ach staitistic. but the death of thousands is a statistic.
" Nárbh é Stalin a dúirt gur tragóid é bás duine amháin, ach níl i mbás na mílte ach staitistic.
staitisticí, statistics,
" " Má amharcann tú ar na staitisticí, tá na hÉireannaigh cóngarach do bharr an liosta maidir le ráchairt ar sheirbhísí síceolaíochta.
mar a léiríonn na staitisticí sa pharagraf thuas, as the statistics in the above paraghraf show
" Ach, mar a léiríonn na staitisticí sa pharagraf thuas, d’fhéadfaí a rá nach bhfuil i gceist ach tuile agus trá na taoide – nó na bpáirtithe – mar a tharlaíonn go rialta i bpolaitíocht na tíre seo.
gach staitistic oifigiúil every official statistic
" Ach léiríonn gach staitistic oifigiúil a bhaineann leo go bhfuil siad ag maireachtáil faoi mhíbhuntáiste agus i mbochtaineacht.
chloisinn na staitisticí I used to hear the statistics
" Roimhe sin, chloisinn na staitisticí mar gheall ar SEIF agus bhreathnaínn ar na tuairiscí nuachta, ach níor thuig mé riamh céard a bhí i gceist leis, i ndáiríre, go dtí gur chónaigh mé i measc na ndaoine atá thíos leis.