Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stádas beannaithe hallowed status
" Ní bheadh an alltacht chéanna anois ar dhaoine faoin eolas nua atá tagtha chun cinn faoi rólanna Des O'Malley agus Jack Lynch murach an stádas beannaithe a bhí tugtha dóibh i gcaitheamh na mblianta.
stádas na teorann the status of the border
" Tá Sinn Féin ag moladh go mbeadh vótáil ann ar stádas na teorann, rud nach nglacfaidh rialtas na Breataine leis, agus tuigeann náisiúnaithe an chontúirt a bhaineann le móramhachas lom.
stádas dleathach legal status
" Le tamall anuas tá George W ag moladh stádas dleathach a thabhairt dóibh.
stádas dé-airgeadra dual currency status
" Tá moladh ó Jane Morrice ó Chomhaontas na mBan le plé ag an Tionóil an mhí seo a d'iarrfadh ar Rialtas Tony Blair go ndtabharfaí stádas dé-airgeadra do na Sé Chontae, gníomh a rachadh go mór chun leas na ndaoine, mar tá teorainn talaimh idir na Sé Chontae agus na Sé Chontae Fichead.
stádas amaitéarach amateur status
" Tá an rún seo cáinte ag cuid mhaith tráchtairí nuachtáin agus daoine eile agus tá sé tar éis dlús a chur leis an díospóireacht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael faoi stádas amaitéarach imreoirí an Chumainn agus ceist na n-íocaíochtaí a chur faoin spotsolas arís.
stádas a n-iarratas víosa the status of their visa applications
" Idir an dá linn chuaigh lucht cuardaithe tearmainn atá á gcoinneáil go héigeantach san Astráil ar stailc ocrais mar agóid in aghaidh dhrochstaid na n-ionad coinneála agus chun brú a chur ar an rialtas eolas a thabhairt dóibh maidir le stádas a n-iarratas víosa.
céim síos a lower status
" An bhfuilimid chun neamhaird a thabhairt ar dhaoine nach de shliocht Éireannach iad? Agus cad faoi naimhde na Gaeilge atá de shíor ag iarraidh céim síos a thabhairt don teanga sa chóras oideachais? An gceapann éinne nach dtapóidh siad an deis amach anseo chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge ar an mbonn nár chóir dúinn a bheith á brú ar dhaoine nach mbaineann sí leo? Tá sé in am ag na heagraíochtaí Gaeilge dúiseacht agus aghaidh a thabhairt ar cheist an ilchultúrachais sula mbeidh sé ródhéanach.
céimíochta rank, status
" Léiriú céimíochta ======= Seo samplaí den Denglisch a bhíonn le cloisteáil go minic sa chaint laethúil: Das ist eine coole Location.
stádas carthanachta charity status
"stádas carthanachta ag na stiúideonna, agus seo an áit as a dtagann fórmhór an airgid a bhíonn de dhíth chun an áit a choinneáil oscailte.
stádas mionlach minority status
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an ionad agus leis an eagraíocht? Is iad na laigí atá ag baint linn ná na dúshláin a gcaithfidh gach eagraíocht Ghaeilge déileáil leo ó thaobh stádas mionlach na teanga de ach, níos mó ná sin, tá an dúshlán níos géire agus níos deacra do ghníomhaithe Gaeilge sa Tuaisceart.
stádas carthanach charitable status
" Nuair a bheas stádas carthanach againn, rachaimid go dtí na cumainn daonchairdis.
stádas dleathach legal status
" I mí na Nollag, le linn cruinnithe i halla pobail i Miami, dúirt Ridge: "Go bunúsach, mar thír, caithfidh muid dul i ngleic leis an tslí a bhfuil idir 8 agus 12 milliún duine anseo go mídhleathach, agus stádas dleathach a thabhairt dóibh ar shlí éigin.
stádas oifigiúil official status
" " Dhíríomar ansin ar an bhfeachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach.
stádas buan permanent status
" An bhfuil fáth ar bith nach dtabharfaí stádas buan dó, agus maoiniú breise a chur ar fáil le seirbhís chuimsitheach a chur ar bun ó cheann ceann na tíre? *Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir.
stádas oifigiúil ar leith special official status
" Nuair a achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla tugadh stádas oifigiúil ar leith do leaganacha Gaeilge na logainmneacha.
stádas dleathach legal status
" Tugadh aitheantas oifigiúil do leaganacha Gaeilge de logainmneacha faoin Acht Logainmneacha 1973 agus rinneadh ordú amháin faoin Acht sin a thug stádas dleathach d'ainmneacha Gaeilge na mbailte poist sa stát.
siombail den stádas saolta a symbol of worldly status
" Radharc iontach atá ann anois - agus níl a fhios agam cad é a shíl daoine de agus iad ag teacht trasna na má chuige sna meánaoiseanna? Caithfidh gur tháinig tocht iomlán orthu! Cé gur suíomh cráifeach é Campo dei Miracoli, siombail den stádas saolta atá ann freisin.
stádas breathnadóra observer status
"stádas breathnadóra bainte amach ag Ionad na dTeangacha in ALTE (Association of Language Testers in Europe), eagraíocht a bunaíodh i 1989 agus é mar aidhm aici caighdeáin thrasnáisiúnta a fhorbairt maidir le gnéithe difriúla den mheasanú teanga, mar shampla, forbairt scrúduithe agus marcáil scrúduithe.
stádas na nua-ealaíne the status of modern art
" Déanfaidh *Biennale *na bliana seo scrúdú ar stádas na nua-ealaíne ó dhá pheirspictíocht.
stádas geilleagrach economic status
" I sochaithe ina bhfuil meas mór ar an obair agus ar stádas geilleagrach, “tá daoine ag obair uaireanta níos faide agus ag obair níos déine,” a deir Barbara Taylor ó Matchfinder.
stádas oifigiúil official status
" ” Dúshlán iomlán nua a bheidh anseo don Choimisinéir Teanga, an ganntann aistritheoirí agus daoine oilte le Gaeilge, go háirithe agus toradh dearfach bainte amach ag an bhfeachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Eoraip.
stádas status
" Leis an stádas sin a bhaint amach, b’éigean deireadh a chur leis an IRA mar eagraíocht mhíleata, b’éigean fáil réitithe de na hairm, cinneadh a ghlac ceannaireacht na gluaiseachta blianta ó shin; Perfidious Albion ba chúis leis an mhoilleadóireacht, dar le Sinn Féin, ach tá an lá tagtha.
a chaillfeadh stádas Gaeltachta that would lose Gaeltacht status
" Lena chois sin, mhol an Coimisiún go mbeadh deis ag limistéir a chaillfeadh stádas Gaeltachta é a fháil ar ais ach critéir faoi leith a shásamh.
stádas oifigiúil official status
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ba é ceann de na chéad aidhmeanna a bhí ag Na Gaeil Óga ag an tús ná stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach tríd an fheachtas a d'eagraigh Stádas, rud a tharla.
stádas ealaíontóra a ardú to raise the status of an artist
" Chuidigh a bpátrúnacht le stádas ealaíontóra a ardú agus tháinig na mórealaíontóirí ar nós Ghiberti, Michelangelo, Donatello, Masaccio, Piero della Francesco, Botticelli, Uccello agus Leonardo da Vinci chun cinn faoina gcoimirce agus, ar an dea-uair do chuairteoirí, tá an saothar álainn a d’fhág réaltaí móra seo na hAthbheochana ina ndiaidh le feiceáil go fairsing i ndánlanna agus in eaglaisí ar fud na cathrach.
i bhfianaise stádas íseal in light of the low status
" Le fírinne, bhí níos mó *Dubs* ar fhoireann iománaíochta Laighean sna blianta úd ná mar a bhí ar an bhfoireann pheile, rud atá deacair a chreidiúint anois, i bhfianaise stádas íseal Átha Cliath ag an leibhéal sinsearach.
stádas nua new status
" “Tá obair ar siúl ag daoine ar an talamh, go háirithe an Gaelacadamh agus Pléaráca agus dreamanna éagsúla in áiteacha ar fud na nGaeltachtaí eile, ach is dócha gurb é an t-aitheantas atá faighte ag an ealaín ón Oireachtas agus ón gcomhoibriú le TG4, tá sé tar éis stádas nua a thabhairt agus tá an-bhorradh anois faoi na ranganna damhsa ar an sean-nós.
stádas ar leith a special status
" Oíche Shathairn “stairiúil” a bhí ann gan dabht ar bith! Sílim féin go ndeachaigh lucht CLG ina sluaite i ngeall ar an ghné “stairiúil” a bhain leis an ócáid agus i ngeall ar dhá chluiche mhóra rugbaí a bheith le tarlú, chun a thaispeáint don saol mór gur le CLG Páirc an Chrócaigh agus go bhfuil stádas ar leith ag na cluichí Gaelacha i saol mhuintir na hÉireann.
in ainneoin a stádais, despite his status,
" Ach in ainneoin a stádais, bhí a lucht leanúna ag ceapadh, agus é ag dul i dtreo 40 bliain d’aois, nach raibh sé i ndán dó ceann de na priomhchomórtais ghailf, nó *majors* mar a thugtar orthu, a bhuachaint.
na poist ab isle céim the lowest-status jobs
" B’éigean dóibh glacadh leis na poist ab isle céim agus is beag post ab ísle céim ná tiomáint eallaigh thar mhachairí Mheiriceá.
stádas an mhairtírigh the status of martyr
" Bush, b’amhlaidh gur bronnadh stádas an mhairtírigh ar Saddam tríd an scannán gairid seo, nár mhair ach 156 soicind.
stádas an churaclaim status of the curriculum
" Is léir ó na cáipéisí go bhfuil an éiginnteacht dhlíthiúil seo faoi stádas an churaclaim á plé sa roinn le beagnach dhá bhliain anuas.
stádas na heagraíochta nua the status of the new organisation
" **Stádas**Ní raibh stádas na heagraíochta nua soiléir go dtí Ard-Fheis CLG i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 nuair a vótáil na hionadaithe ar son an rúin go mbeadh Comhairle na Breataine ina comhairle cúige agus go mbeadh seaimpíní na Breataine páirteach i gcluichí ceannais na hÉireann ag leibhéal na sóisear.
mí-úsáid a bhaint as a stádas. to abuse his status
" Agus measaim gurb é an rud is déistiní is féidir le duine a bhfuil cumhacht aige a dhéanamh ná mí-úsáid a bhaint as a stádas.
go mbronnfaí stádas an laoich that hero status would be bestowed
" Ba é an comhdhearcadh, dar le Myers, ar thángthas air sa tír seo maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil ná go ndéanfaí é a cheiliúradh agus go mbronnfaí stádas an laoich orthu siúd a bhí ina bhun.
ag lorg stádais mar dhídeanaí, looking for status as a refugee
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu. whether they will be awarded refugee status
" Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain sula ndéantar cinneadh maidir le cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu.
stádas na mban status, position, of women
" Thar aon ní eile, tá athrú suntasach tagtha faoi stádas na mban sa rialtas nua.
stádas dlíthiúil legal status
" Tabharfar stádas dlíthiúil do Chairt an Chomhphobail um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe agus, seiftiúil go leor, tabharfar cead den chéad uair do bhallstáit an tAontas Eorpach a fhágáil.
stádas status
" CruicéadBa í foireann Éireannach na bliana anuraidh ná an fhoireann cruicéid a bhain stádas an-ard amach di féin lena bua iontach i gcoinne fhoireann na Pacastáine i gCorn Domhanda an Chruicéid.
stádas dlíthiúil legal status
" Is cosúil go bhfuair an t-aire rialtais a bhí freagrach as na hathruithe, Éamon Ó Cuív, comhairle ón Ard-Aighne nach mbeadh stádas dlíthiúil ar bith ag an phobalbhreith agus chuir sé Comhairle Contae Chiarraí ar an eolas faoi sin.
stádas an phobail seo the status of that community
" I mbliana, bhí flóta de chuid an fhórsa áitiúil póilíneachta páirteach sa pharáid, rud a léiríonn an t-athrú suntasach atá tagtha ar stádas an phobail seo le tríocha bliain anuas.
Comharthaí stádais nó céime status symbols
" Comharthaí stádais nó céime atá sna hollcharranna seo, mar aon le hiad a bheith ina n-airíonna tinnis.
stádas breise extra, improved, status
" Tá na deiseanna fostaíochta agus gairme atá ar fáil do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ag leathnú de shíor, go háirithe mar gheall ar an bhfás sa Ghaelscolaíocht agus sna healaíona trí mheán na Gaeilge, gan trácht ar an stádas breise atá ag an nGaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus san Aontas Eorpach.
Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe Conservation Status Report
" Níor chuir an méid a bhí scríofa sa *Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe in Éirinn* iontas orm agus mé á léamh ar na mallaibh, cé go chuir sé domheanma orm.
drochstádas bad status, poor status
" De réir na tuarascála, tá stádas “maith” ag 7 faoin chéad de na gnáthóga; stádas "uireasach" ag 46 faoin chéad acu agus “drochstádas” ag 47 faoin chéad acu.
i dtaca le Stádas an Teifigh on the Status of Refugees
" Ghlac an Astráil le 12,000 teifeach gach bliain sa tréimhse sin; rinne siad amhlaidh i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe i dtaca le Stádas an Teifigh.
lorg stádais speisialta seeking special status
" Bhí a stailc ocrais (agus na cinn a tháinig ina dhiaidh) mar chuid d’fheachtas poblachtach a bhí ag lorg stádais speisialta mar phríosúnaigh chogaidh ó rialtas na Breataine do na cimí.
Stádas an Teifigh refugee status
" Tagann 140,000 duine chun na hAstráile ar inimirce gach bliain, 12,000 dídeanaí san áireamh i gcomhréir le Prótacal na Náisiún Aontaithe i dtaca le Stádas an Teifigh.
stádas status
" Cad é mar a mhíneofaí an stádas áiféiseach atá ag an Ulster Scots ó thuaidh? Beartas thar a bheith cliste a bhí ann an chanúint a cheangal leis an Ghaeilg sa mhéid is go bhfuil maoiniú don teanga agus don chanúint ag brath ar a chéile, a bheag nó a mhór.
saothrú stádais obtaining status
" B’fhéidir gur cuntas áibhéalach é seo ar shaol an teaghlaigh in Éirinn i mblianta deiridh an Tíogair Cheiltigh, ach is fíor a rá go raibh aithne againn uile ar dhaoine a bhí gafa go hiomlán leis an gnóthú saibhris agus leis an saothrú stádais le linn an ama sin.
Seasamh status
" com/blog/2009/01/12/late-late-no-show-rte-make-a-pigs-arse-of-it/) Feidhm agus Seasamh CLG Déantar cur is cúiteamh agus iniúchadh go minic ar fheidm agus ar sheasamh an CLG i saol mhuintir na hÉireann.
staid status
" com/watch?v=iIlsRsMMJUc) Cíoradh staid na peile ar cheann de nuachtáin an Domhnaigh, an ‘Sunday Tribune’, ar an gceathrú lá de mhí na Samhna seo caite.
aitheantas status
" Tá sé ag caint anois ar aitheantas Gaeltachta a fhágaint ag áit ar bith a bhfuil 7%+ den phobal ag úsáid na Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachtais.
seasamh status
" Óir is straitéis í atá lán den bhéal bán ach nach dtéann i ngleic go sásúil le seasamh na teanga i gcúrsaí oideachais, cumarsáide ná riaracháin.
stádas dlíthiúil legal status
" De réir an Chonartha, cuirim i gcás, chaithfí cóireáil leighis éigeandála a chur ar fáil d’imircigh bonn ar aon le saoránaigh agus bheadh ceart chun oideachais ag leanaí na n-oibrithe Imirce gan aird ar stádas dlíthiúil.
sheasamh status
" Bheadh seans láidir ann go dtiocfadh an dá pháirtí ar chomhréiteach faoin cheist agus go mbeadh geallúint sa chlár rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar sheasamh éigeantas na Gaeilge.
fíorstádas real status
" Nuair a phléitear cúrsaí sacair na hÉireann agus imreoirí a rugadh in Éirinn, déantar tagairt do dhornán imreoirí go mion agus go minic agus is iad na hainmneacha céanna a thagann chun cinn sa chíoradh nuair a chuirtear an cheist “cérbh é an t-imreoir sacair ab fhearr a tháinig amach as an tír seo?” Bíonn ainm amháin ar bharr gach goib ag ceann an chomhairimh agus is é sin George Best, imreoir a áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.
easpa stádais lack of status
" Urlabhra na Cosmhuintire ============= D’ainneoin an mhéid sin, an easpa stádais sin, labhraíodh an Bhriotáinis go forleathan i 90% de theaghlaigh na Briotáine ‘Ísle’, nó Thuaidh, go dtí 1914.
is ionann stádas status is similar
" De réir an tsuirbhé náisiúnta a rinne an tAthair Mac Gréil le gairid, tá seasamh ard ag an nGaeilge agus ag Gaeilgeoirí agus, ar ndóigh, is ionann stádas a bheith ag teanga agus rath a bheith ar theanga.
stádas buan permanent status
" Is é sin, is féidir oscailt ón tús ach ní roinnfidh an Rialaitheoir cead leat, ‘stádas buan' más maith leat, go dtí go mbeidh an 18 mí curtha isteach ag an gcomhar.
stádas carthanach charity status
" Ansin, leis an obair a bhí agus atá ar siúl anseo le fada an lá, tugadh stádas carthanach dúinn i 1995.
staid ná stádas state nor status
" Ba é an chúis ar bunaíodh an mheitheal athbhreithnithe úd ná go bhfacthas do lucht cur chun cinn na hiomána san ardchathair nach raibh staid ná stádas an chluiche ársa sásúil ná sláintiúil le hais spóirt pháirce eile agus le fada roimhe sin.
A dhonacht despite the bad (status)
" A dhonacht is atá stádas na dteangacha dúchais, níl an scéal gan léaró dóchais, áfach, agus d’fhógair Leabharlann Stáit New South Wales (NSW) tionscnamh tábhachtach nua ar na mallaibh a chuideoidh go mór le marthanacht roinnt de na teangacha.
buille do stádas na teanga a body blow to the status of the language
" Tugann a leithéid de chleachtais buille do stádas na teanga i measc mhuintir na háite.
stádas reachtúil legislative status
" Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga.
Contúirt an Neamhaitheantais the danger(s) of non-status
" Contúirt an Neamhaitheantais ============== Is é sin croílár na faidhbe i saol na n-inimirceach seo.
sinne a bhronn an stádas sin orthu we gave them that status
" Leanaí lasmuigh den dlí iad, agus sinne a bhronn an stádas sin orthu.
stádas taidhleoireachta diplomatic status
" Ghlac Comhthionól Coitinn na Náisiún Aontaithe ag deireadh mhí na Samhna le stádas taidhleoireachta a thabhairt don Phalaistín, céim ab ionann is breith stáit, sna tailte a bhí fanta fós acu fán bhliain 1967.
stádas níos socra a fháil obtain a more settled status
" Ag deireadh 2005, d’fhonn stádas níos socra a fháil, rinne an tUasal Mallak iarratas ar dheimhniú eadóirseachta, rud a dhéanfadh saoránach Éireannach de.
tá stádas comhionann ag has equal status
" Is í Maorais an teanga atá ag muintir dhúchais na Nua-Shéalainne agus tá stádas comhionann ag Aotearoa, ainm na Maorach ar an tír, le fada an lá.
stádas poblachta neamhspleách a chur uirthi féin to bring forth the status of an independent republic
" Cheap O Brien agus taidhleoirí eile nár scoilt mhídhleathach iarracht Katanga stádas poblachta neamhspleách a chur uirthi féin, agus d’fhéadfadh sé orduithe agus rúin éagsúla ó Choiste Slándála na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac a bhéimniú d’fhonn an mhídhleathacht sin a mhíniú.
ar bronnadh stádas dídeanaí orthu who were given refugee status
" Uaireanta bíonn inimircigh a bhfuil cead acu a bheith i Maracó i measc na ndaoine a thugtar chun na teorann, fiú amháin dídeanaithe, is é sin daoine a theith óna dtír dhúchais mar gheall ar ghéarleanúint ar bronnadh stádas dídeanaí orthu i Maracó.
comhstádas the same status
" Faoi láthair, bíonn na litreacha Gaeilge níos lú ná na cinn Bhéarla ach ba chóir go mbeadh comhstádas ag an dá teanga.
stádas oifigigh a bhaint amach to obtain officer status
" (Gach duine ar a dhóigh féin!) Dúirt an fear seo le Bill gurbh fhusa do dhaoine dubha liostáil le hArm na Breataine in Éirinn, i gceann de na reisimintí Éireannacha, agus stádas oifigigh a bhaint amach.
stádas dlíthiúil iomlán full legal status
" r hunting,”
Bhí stádas dlíthiúil iomlán ag an bhundúchasach - mar dhea - rud a chuir isteach ar na cimí saortha.
stádas na mná ceangailte lena gaol leis the woman’s status is tied into her relationship with
" Má ligtear bean isteach i dtír mar bhean chéile fir atá fostaithe sa tír sin, is minic a bheidh stádas na mná ceangailte lena gaol leis an bhfear.
a thréithríonn saol is stádas which chartacterize the life and status
" I bhfianaise na soghontachta seo a thréithríonn saol is stádas na mban ar imirce, ní dhéanfar iontas de gurb iad mná is cailíní is mó a bhíonn mar íospartaigh ag an ngáinneáil ar dhaoine, tionscal a dtuilleann eagraíochtaí coiriúla na billiúin euro as in aghaidh na bliana.
stádas daingean imirce solid emigration status
" Is éasca teacht i dtír ar dhaoine bochta i bhfad ó bhaile nach mbíonn stádas daingean imirce acu, agus iad go minic aineolach ar theanga na tíre ina mbíonn siad, gan trácht ar na cearta is na teidlíochtaí atá acu.
faoinar bronnadh stádas Gaeltachta by which G. status was granted
" Tóg Acht na Gaeltachta 2012, mar shampla, faoinar bronnadh stádas Gaeltachta ad infinitum ar cheantair nach bhfuil aon rian den Ghaeilge fágtha iontu, arbh fhiú trácht air.
bhfuil stádas faoi leith bainte amach achieved a special status
" Seachnaíonn Súil an Ní nach bhFeiceann ========== Nach ait an mac an saol fós féin? Is dream muidine, na Gaeil a fhógraíonn ár gcumas ceoil ar an ardán domhanda go rialta agus a bhfuil stádas faoi leith bainte amach sa réimse chultúrtha sin againn, le blianta beaga anuas go háirid.
do ghradam to status
" Tuigimid a thábhachtaí is atá feiceálacht na Gaeilge do ghradam agus do mheas an phobail thrí chéile ar an teanga.
i dtaobh an stádais phósta in regard to marriage status
" Pobal faoi leith é an pobal aerach atá ag dul ó neart go neart le deireanas agus cearta bunúsacha daonna bainte amach acu i dtaobh an stádais phósta agus na cothromaíochta dhe.
stádas áirithe a certain status
" Thug ballraíocht i mbuíon sráide stádas áirithe don fhear óg nach raibh ar fáil dó a thuilleadh sa láthair oibre.
dathanna a dheimnigh tábhacht colours which confirmed high status
" Níos suntasaí arís bhí éadach corcra agus óir, dathanna a dheimnigh tábhacht, thart timpeall ar na cnámha agus inscríbhinn sean-Ghréigise in aice leis an uaigh ag rá Petros eni, rud a chreidtear gur giorrúchán ar Petros enesti a bhí ann, a chiallíonn, tá Peadar anseo.
hísliú stádais lowering of status
" I ndiaidh dó glacadh le ciorraithe agus le hísliú stádais do mhuintir na Gaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta araon, tá sé thar am aige a chumas seasaimh a fháil ar ais.
stádas na mban women status
" Maidir le stádas na mban, tá sé ráite go bhfuil dearcadh diúltach go maith ag Zuma féin.
an maolú ar stádas the restriction of status
" Ní bheadh mórán d’fhadhb agam leis an gcéad cheist ar an mbileog, a fhiafraíonn de gach iarrthóir an mbeadh sé/sí ag labhairt Ghaeilge ‘go rialta agus mar gnáthchleachtas sa Phairlimint’? Bheadh deacracht agam leis an tarna cheist ar an mbileog: ‘Ceist 2: An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016?’ Mínítear cúlra na ceiste go soiléir ar an mbileog: cé go bhfuil aitheantas san AE ag an nGaeilge ó tús 2007 mar theanga oifigiúil, cuireadh ‘maolú’ faoi dhó ar stádas oifigiúil a chur i bhfeidhm ina iomláine.
le tairbhí a bhaint as an ionannas to take advantage of the equality (status)
" Scríobh Bolt sna colúin go raibh na ceannairí seo ag maíomh go raibh siad ina mbundúchasaigh le tairbhí a bhaint as an ionannas.
stádas caomhnaithe fiadhúlra the status of wildlife preservation
" Bhí an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil i ndáil chomhairle le pobal na ballstát ón 2 Meitheamh go dtí 7 Iúil i mbliana maidir le stádas caomhnaithe fiadhúlra in Aontas na hEorpa.
stádas na Gaeilge the status of Irish
" Is deis mhaith é seo do Rialtas na hÉireann ceist stádas na Gaeilge a ardú ag an leibhéal Eorpach.
stádas íseal low status
" Míníonn Úna Nic Gabhann cén fáth a bhfuil oiread measa ar mháithreacha i Meicsiceo, in ainneoin stádas íseal a bheith ag na mná sa tír.
stádas oifigiúil official status
" Cé go bhfuiltear ag déanamh iarrachta stádas oifigiúil a thabhairt don Bhéarla sna Stáit Aontaithe, agus céim síos a thabhairt don Spáinnis agus do theangacha eile, tá go leor de lucht labhartha na dteangacha sin ar nós cuma liom faoin gceist, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
an stádas céanna the same status
" Ba bhreá le Colm Mac Séalaigh dá mbeadh an stádas céanna ag Corn an Bhóthair Iarainn is a bhí sna seascaidí ach tuigeann sé gur beag an baol go dtarlóidh sé sin.
stádas oifigiúil official status
" Cé gurb é an Béarla an teanga is forleithne sa Nua-Shéalainn, tá stádas oifigiúil bainte amach ag an Maoiris ón mbliain 1987.
stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile legal status of the New Primary School Curriculum
" Dealraíonn sé go bhfuil éiginnteacht maidir le stádas dlíthiúil Churaclam Úr na Bunscoile.
stádas an dídeanaí refugee status
" Tá cuid de na heachtrannaigh a bhfuil stádas an dídeanaí bainte amach acu sa tír seo in umar na haimléise agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le cé acu an dtabharfar cead dá dteaghlaigh teacht go hÉirinn.
Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe Conservation Status Report
" Bhí Tony Birtill in ísle brí le gairid tar éis dó an Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe a bhaineann le hÉirinn a léamh.
seasamh position, status
" Is geal leo féin an téarma sin anois ach níor geal a saol le tamall fada anuas, nó is lag a seasamh go fóill i measc a gcomharsana.