Pota Focal Intergaelic
say | slay | stab | stad | staf
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lonnú go buan stay permanently
" Táthar i gcónaí ag cur i leith na heite deise go bhfuil siad ciníoch de bharr gur mian leo go mbeadh polasaithe inimirce i bhfad níos déine i gceist a choinneodh smacht ar an líon daoine a bheadh ag teacht chun na tíre agus a chinnteodh go mbeadh saol ceart acu siúd a dtabharfaí cead dóibh lonnú go buan sa tír.
fanacht ina dtost to stay silent
" " Is uirlis chumhachtach agóide í an ealaín a labhraíonn faoi dhaoine nach bhfuil sásta fanacht ina dtost.
fanacht i do thost to stay quiet
" Saoirse talamh de do chuid féin a bheith agat nó í a fhágáil, saoirse amhráin a ghabháil nó fanacht i do thost, creidiuint nó gan creidiúint, saoirse dóchas a bheith agat nó titim in éadóchas.
a fhanfas which will stay
" Ach tá rudaí beaga eile fosta a fhanfas ina chuimhne.
ar fhanamarna ann that we stayed in
" An ceann ar fhanamarna ann, bhain sé le sraith óstán ón Eilvéis, Movenpick Hotels.
ó irisleabhar tur from a staid journal
" Roinnt blianta roimh a bhás ceapadh é ina eagarthóir ar *The Atlantic *agus thuill sé an-mholadh de bharr gur éirigh leis an iris 150 bliain seo a athbheochan; d'athraigh sé é ó irisleabhar tur go foilseachán imeachtaí reatha, ina raibh béim ar an litríocht chomh maith, agus a raibh an-tóir uirthi.
fan i do thost stay quiet
" Más dea-sceimhlitheoireacht atá ann, fan i do thost.
ag obair gan stad gan staonadh working without stop or stay
" Bean sna tríochaidí a bhí inti, agus í iontach gnóthach, ag obair gan stad gan staonadh.
d'fhan muid inár dtost we stayed quiet
" Ach níor dhúirt muidinne sin riamh mar go raibh a fhios againn go raibh daoine ag iarraidh síocháin a bhaint amach agus go raibh siad ag iarraidh na *"hawks" *a thabhairt leo, so d'fhan muid inár dtost.
faigheann cos ar siúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí a traveller experiences things the stay-at-home doesn't
" Bhí ceo bruithne ann anois agus bhí an ghrian ag gabháil siar agus ba deacair a chreidbheáil go raibh a dhath níos fearr ar chlár na cruinne ná a bheith ar bord loinge agus tú i dtús d'aistir nó, mar a deirtear, "faigheann cos ar siúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí.
ag fanacht faoi cheilt staying hidden
" Ach, faraor, níl sé praiticiúil iad ar fad a chur isteach i leabhar grianghraf - rud a d'fhág go mbíodh a bhformhór ag fanacht faoi cheilt.
d'fhan sé ar a ghogaidí gur imigh an mearbhallán he stayed on his hunkers until the dizziness eased
" Chroith Ciarán a cheann ach d'fhan sé ar a ghogaidí gur imigh an mearbhallán.
gur ghá dom fanacht níb fhaide in áiteanna that I had to stay longer in places
" Tar éis bheith ag taisteal mar sin, bheadh neart grianghraf agam - ach bhí mé ag iarraidh eolas níos doimhne a fháil agus, dá bhrí sin, thuig mé gur ghá dom fanacht níb fhaide in áiteanna, gan bheith ag rith i gciorcail.
nach bhfanfainn sa ghairm sin that I wouldn't stay in that career
" “Chuaigh mé le bunmhúinteoireacht, is dócha, toisc go raibh sé san fhuil ach bhí a fhios agam nach bhfanfainn sa ghairm sin.
d’fhanainn I used to stay
" Chuaigh mé chuig coláiste ealaíne agus d’fhanainn i ndiaidh na ranganna.
ag stopadh staying
" Cois cladaigh a bhí mé féin ag stopadh.
dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna the more teaching changes, the more it stays the same
" Ach tá rud amháin an-soiléir dom tar éis leabhar McCourt a léamh, mise a chaitheann gach lá ag múineadh an Bhéarla chomh maith i ngairmscoil gharbh, is é sin, dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna.
chinn sé ar fhanacht sa mbaile he decided to stay at home
" Theastaigh ón gclub ab fhearr sa tír sin ag an am - Nottingham Forest, faoina mbainisteoir caithréimeach Brian Clough - go gcláródh Mac Uí Ailín leo ach chinn sé ar fhanacht sa mbaile.
ina bhfuaireamar lóistín in which we stayed
" Oíche Chéadaoin a bhí ann agus bhí an áit ina bhfuaireamar lóistín le dúnadh Dé Domhnaigh.
dá bhfanfaidís sa bhaile if they stayed at home
" Daoine iad seo a bheadh ina gceannairí pobail dá bhfanfaidís sa bhaile agus a bheadh gníomhach i gcúrsaí teanga, ealaíne, agus drámaíochta, b’fhéidir.
cé acu a bhfanfainn sa chathair whether I'd stay in the city
" Sa deireadh, bhí mé idir dhá chomhairle cé acu a bhfanfainn sa chathair nó an rachainn chun an bhaile go hÉirinn.
a fhanann sa chóras oideachais níos faide, who stay longer in the education system,
" Daoine a fhanann sa chóras oideachais níos faide, is minic a fhanann siad gníomhach i gcúrsaí spóirt agus imríonn siad níos mó ná spórt amháin de gnáth.
fanacht i dteagmháil lena chéile stay in contact with each other
" Bhabhtálamar uimhreacha fóin ionas go mbeimis ábalta fanacht i dteagmháil lena chéile ar eagla go mbeadh fadhbanna againn leis na píosaí ceoil.
D'fhan mé thar oíche I stayed overnight
" D'fhan mé thar oíche i marae, ar cineál tí de chuid phobal traidisiúnta na Maorach é.
fanacht i gcumhacht stay in power
" Roimhe seo, glacadh leis go n-éireodh sé as in 2009, ach anois tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé ar intinn aige fanacht i gcumhacht go dtí 2012 má thagann sé slán as an scannal seo.
d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, a big proportation of young voter stayed at home
" In 2005, thug an ciniceas agus an fhuarchúis an svae leo agus d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, ag ligean dá dtuismitheoirí agus dá seantuismitheoirí PiS a thoghadh chun an Sejm.
go mbeadh orm fanacht leis that I would have to stay with him
" Ba í an treoir a tugadh dom ná go mbeadh orm fanacht leis - nár chóir dom é a scaoileadh as mo radharc fiú.
a fhanfaidh leis which will stay with him
" Chonaic Myers rudaí i mBéal Feirste a fhanfaidh leis go deo.
Níl puinn den gceol fágtha liom. None of the music has stayed with me.
dá bhfanfaimis ansin. if we were to stay there.
" Chuir mé an t-eolas ar fad i dtoll a chéile mar gheall ar an drochbhail atá ar an bhfoirgneamh faoi láthair agus faoi na costais ar fad a bheadh i gceist dá bhfanfaimis ansin.
fanacht in oifig stay in office
" Ní raibh suim ag uachtarán an ama sin, Lyndon Johnson, fanacht in oifig níos mó, agus feallmharaíodh an t-aon iarrthóir a raibh seans aige, Robert Kennedy, cúpla mí roimh an gcoinbhinsiún.
D'aimsigh mé áit dheas le fanacht ann I found a nice place to stay
" D'aimsigh mé áit dheas le fanacht ann i sráidbhaile beag taobh amuigh de Larrasaona ar a dtugtar Akerreta.
dúnghaois fan nó imeacht go luath stay or go early policy
" Tugtar ‘dúnghaois fan nó imeacht go luath’ (stay or go early policy) ar an gcur chuige seo.
fan glan ar stay away
" Más dian ort an braon fola – nó an galún fola sa chás seo - fan glan ar ‘*Let the Right One In*’, ach caillfidh tú ceann de na haislingí ceallalóíde samhlaíochtúla is úire agus is dúshlánaí ar camchuairt faoi láthair.
fanacht to stay
" Bhí cead ag lucht dídine na víosaí seo fanacht san Astráil, ach ní raibh cead acu taisteal thar lear, obair a fháil, úsáid a bhaint as na seirbhísí sóisialta ná a gcuid gaolta thar lear a thabhairt isteach.
fhanacht staying
" Bhí ár n-aird ar thithe thar sáile, ar laethanta saoire agus cuireadh an bhéim ar fhanacht sa lúib cheart shóisialta.
fan stay
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
seachain í avoid it, stay away
" Cuimhnímis ar an seanfhocal Gaeilge, ‘cáin an choill is taithigh í, mol an mhóin is seachain í’.
thugais you spend, stay
" SMM: Cén t-achar ama a thugais i Chicago? DÓS: Bhíos ann thart ar naoi mí ag obair agus thána thar n-ais.
An bhfan Dónall did Dónall stay
" Siceagó ==== **CB: An bhfan Dónall i Sasana?** MDÓS: Ní dhein.
d’fhan stayed
" Cad déarfá faoi na feisirí a d’fhan sa seomra sin faoin gcoinníoll nach sceithfidís eolas Rehn lena gcuid vótóirí?** SÓhU: Caithfidh siad súd labhairt dóibh féinig, ach, cinnte ó mo pháirt féin, cuireadh é sin in iúl, ón gCoimisinéir.
fanacht to stay
" Agus ba cheart iarraidh ar dhaoine óga fanacht in Éirinn agus sochaí nua a thógáil mar a d’iarr Theo Dorgan orthu a dhéanamh san aitheasc a thug sé ag searmanas bronnta céimeanna i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i mí na Nollag seo caite, aitheasc a foilsíodh ina iomláine san Irish Times: *‘The nation is beaten down, but not defeated.
le fanacht to stay
" ” “Is maith sin,” a d’fhreagair Balor, “nó beidh scileanna an chluiche sin de dhíobháil uirthi le fanacht amach ó na haistritheoirí Gaeilge ar fad atá ag brath ar na haistriúcháin sin chun slí bheatha a bhaint amach.
fanacht to stay
" Mholfainn do chuairteoirí fanacht sa Pacific Resort toisc go raibh meascán iontach de ghníomhaíochtaí le déanamh ann, ach bhí sé ciúin go leor chun do scíth a ligean chomh maith.
trí fhanacht amach as by staying out
" Ach foighid a bheith acu, d’fhéadfaidís dul níos airde fós ag an gcéad toghchán eile, trí fhanacht amach as an rialtas.
bhfuaireamar cóiríocht na hoíche we got to stay the night
" Bhí rogha idir dhá bhiachlár ag custaiméirí na hóstlainne ina bhfuaireamar cóiríocht na hoíche, biachlár an lae agus an biachlár diaitéiteach, biachlár ar a bhfuil luach calrach luaite le gach mias in áit costais! Ach ba shráidbhaile Oilimpeach é Brides-les-Bains nuair a tionóladh Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i gceantar na Trois Vallées i 1992.
Fuireach Blianta stay for years
" Cead Amháin Siúil nó Fuireach Blianta ====================== Tá ‘cead siúil’ ag páistí ina gcéad sé mhí traenála, ach tar éis sin ní féidir leo an t-arm a fhágáil go dtí 22 bliana d'aois.
le fuireach to stay
" ) “Nuair a theip ar shláinte m’athar, thit gach rud as a chéile agus bhí orainn, mé féin is mo dheartháir, bogadh amach chun na tuaithe le fuireach le mo mháthair.
Fanann stays
" Fanann an rón beag leis an máthair agus snámhann sé thar na tonnta ar dhroim a mháthar, dá bhrí sin, ní móide go ngortófar é má fhanann sé lena mháthair.
ag fanacht staying
" Is ar an Oileán Fada a bhí mé féin agus m’fhear céile ag fanacht nuair a rinne muid an turas sin.
Cé nár fhan sé although he didn’t stay
" Cé nár fhan sé i bhfad sa phost, chruthaigh sé leagan amach nua, ceann de mholtaí eile na meithle, chun go bhféadfadh Coiste an Chontae bonn úr a chur faoin iomáint sa chontae.
ag fanacht staying
" Níor luaigh sé May Mac Ránais ar chor ar bith, a múinteoir Gaeilge pearsanta a bhíonn ag briseadh a thóna ó cheann ceanna na bliana ag iarraidh cur leis an chúpla focal atá aici, in ainneoin na leithscéalta ar fad a bhíonn aici faoin obair bhaile gan a bheith déanta: cruinniú leis an Phápa; dinnéar le hAngela Merkel; lón le Nicolas Sarkozy… May bocht! Nach diabhalta an jab atá aige! Folúsghlanadh Tóna =========== Daoine eile a mbíonn jab deacair acu ná glantóirí na seomraí sna tithe ósta a mbíonn boic mhóra áirithe ag fanacht iontu.
ag cur fúm staying
" Bhí feirm ina aice leis an teach a raibh mé ag cur fúm agus ní raibh ag an fheirmeoir ach aon tarracóir beag amháin.
righin staid
" Cé go dtuigfimid ón tús gur duine righin, tirim, imníoch atá fréamhaithe sa stair é agus é ag iarraidh léacht a thabhairt i gcuimhne ar a athair iomráiteach, mórthaibhseach, GB Ó Ceallaigh, laoch sa seanmhódh agus údar mór Gaeilge, tá ‘an fear’ ina abhcóide láidir, feidhmiúil in ann a phléadáil go paiseanta i nguth ioróineach, searbhasach faoi chúrsaí agus faoi staid na Gaeilge mar atá sí inniu.
ag fanacht tigh a dhearthár staying in his brother’s house
" Bhuail mé leis agus ní hé amháin sin ach bhí mé ag fanacht tigh a dhearthár, Pádraic, nuair a bhí mé seacht mbliain nó ocht mbliain déag d’aois.
ag fanacht tigh mo mhuintire staying at my parents’ house
" Mhínigh Daithí dom nuair a bhuail mé leis agus é sa bhaile le haghaidh saoire na Nollag cén chaoi ar tharla sé gur chuig Gaelscoileanna a cuireadh é: ‘bhíodh daltaí scoile ón Spáinn ag fanacht tigh mo mhuintire agus iad ag foghlaim Béarla.
chothú na sláinte staying healthy
" Bíonn airgead níos lú le caitheamh ag daoine ar an saol sóisialta, ar chaithimh aimsire agus ar chothú na sláinte.
fanacht ina ndúiche féin stay in their own country
" B'fhearr le foireann Bharcelona fanacht ina ndúiche féin le go mbainfidís sult as na tinte cnámh sa Chatalóin.
fan an cúrsa stay the course
" Ach cá bhfios? Níl an bhiaiste ach ina tús go fóill, ach is cosúil cheana féin go mbeidh na vótóirí ag roghnú idir dhá rud shimplí i ndeireadh báire: “gearradh rialtais, agus ceannasaíocht an mhargaidh” (na Poblachtaigh) nó “fan an cúrsa, agus bíodh dóchas agat i dtéarnamh” (na Daonlathaigh).
dhiúltaigh mé fanacht leo I refused to stay the night with them
" Le barr easpa airgid agus ag cur mo mhuiníne i mo phuball féin, dhiúltaigh mé fanacht leo, ach ar son a bheith béasach, chruthaigh mé an leithscéal go raibh sé níos fearr dom siúl i rith na oíche, in ionad siúl faoi theas na gréine, scéal nach raibh iomlán bréagach.
má fhanann siad dílis do if they stay loyal to
" An mór an baol dóibh má fhanann siad dílis do réimeas Al-Assad? Nó an ceart dóibh tacú leis trodairí an fhreasúra, nó an tír a fhágáil má tá ar a gcumas é sin a dhéanamh? Catacóm San Lorenzo di Beffi ============ Saoithiúil go leor - agus roinnt de na pobail Chríostaí is sine sa Mheán-Oirthear i mbaol a ndíothaithe, fuaireamar léargas nua ar luathstair na Críostaíochta san Eoraip nuair a thángthas ar na mallaibh ar iarsmaí seandálaíochta a bhaineann le cuid de na pobail Chríostaí is luaithe san Iodáil.
fanacht fad a bhíonn na himeachtaí dlí ar siúl to stay while the legal process runs its course
" Má táthar sásta comhoibriú, ligtear don íospartach fanacht fad a bhíonn na himeachtaí dlí ar siúl agus abhaile leis ansin – ar ais go dtí an tír ina bhféadfadh gáinneálaithe eile a bheith ag feitheamh leis, nó daoine eile nach mbeadh sásta go ndearnadh comhoibriú i gcoinne na ngáinneálaithe.
fanacht ar bhonn fadtéarmach to stay on a long term basis
" Ach fiú dá ligfí do gach íospartach ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach fanacht ar bhonn fadtéarmach, rud a thabharfadh uchtach dóibh comhoibriú leis na húdaráis i gcoinne na ndaoine a thagann i dtír orthu, ní réiteofaí an fhadhb.
ag fanacht chun cabhrú leis staying on to help him
" Ní hamháin sin, ach is amhlaidh go mbeidh a chomhghleacaithe traenála agus oiliúna (an gá oiliúint a chur ar iománaithe Chill Chainnigh fós?), Martin Ó Fógartaigh agus Mícheál Ó Díomsaigh, ag fanacht chun cabhrú leis.
fhad is nach gá dom fanacht as long as I don’t have to stay
" Is cuma liom cén páipéar nó iris: Time Magazine nó an Boston Globe nó an Chicago Tribune fiú, fhad is nach gá dom fanacht le Beo Ar Éigean! Is í an deacracht atá agam, a Shanta, ná go bhfuil Leamh Ó Cuinneagáin i ndiaidh a bheith caite amach as a phost le hÚdarás na Galltachta.
Lóistín in óstán cheithre réalt stay in a four star hotel
" Lóistín in óstán cheithre réalt, bricfeasta agus dinnéar san oíche: 499 punt Sasanach don choicís.
Is saoire sin ná fanacht it’s cheaper than staying
"Is saoire sin ná fanacht sa mbaile,’ arsa mise liom féin.
a d'fhan ciúin who stayed quiet
" Bhí páiste is fiche sa rang seo, agus faoi dheireadh na heachtra tubaistí, bhí gach duine acu marbh, cés moite de chailín amháin a d'fhan ciúin agus a lig uirthi go raibh sí marbh cheana féin.
a bhfuil sé mar rún aige fanacht who intend to stay
" I gcomhthéacs na staitisticí seo is inimirceach duine a bhfuil sé mar rún aige fanacht sa Bhreatain ar feadh bliana ar a laghad.
Plus ça change, plus c’est la même chose the more things change, the more they stay the same
" Plus ça change, plus c’est la même chose.
Fanacht sna Bólaí Dúchais staying in the where one was reared
" Fanacht sna Bólaí Dúchais =========== Ó aimsir an chogaidh cathartha i leith, fanann daoine Gorma ina gceantair féin.
chun cuidiú liom mo chos a chur i dtaca to help me stay on my feet
" Buíoch go leor a bhí mé go raibh bata agam chun cuidiú liom mo chos a chur i dtaca.
ní hí is údar liom fanacht ann it’s not the reason I’m staying there
" Más í an Ghaeilge a mheall go Cois Fharraige mé 40 bliain ó shin, ní hí is údar liom fanacht ann.
fanaimist leis an díospóireacht sin let’s stay with that debate
" Má tá plé le bheith ann faoin gcreideamh, bíodh plé faoin gcreideamh, ach má tá plé le bheith ann faoin gceart agus faoin meas a bheith againn ar an mbeatha, fiú i gcásanna deacra, fanaimist leis an díospóireacht sin.
go bhfantar i ndiaidh one stays on after
" Is minic a thagtar isteach san AE ar bhonn víosa mar thurasóir nó mar mhac léinn, is go bhfantar i ndiaidh don víosa sin dul in éag.
fanacht ina phost i ndiaidh an eolais stay in his position considering the information
" Léiríonn sé a mhífheidhmiúil is atá an córas polaitíochta anseo gur féidir le Adams fanacht ina phost i ndiaidh an eolais atá ag teacht amach faoi.
ag lorg lóistín seeking a place to stay
" Mar sin, chrom sé chun oibre agus chuir sé litir chuig Oifig an Phoist i mBaile an Fheiritéaraigh, Corca Dhuibhne, ag lorg lóistín le teaghlach a mbeadh Gaelainn acu.
seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód as against those who could stay at home
" Chuir sé riamh iontas orm a mhéid atá na hÉireannaigh thar lear lánsásta dul i muinín an chultúir Éireannaigh mar a shamhlaítear dóibh é seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód.
cé ar mhaith leis fanacht beo who’d like to stay alive
" Ba dheas a cheapadh go dtiocfadh duine thall is abhus slán i ndiaidh an tríú cogadh domhanda, ach cé ar mhaith leis fanacht beo faoin talamh ar feadh breis is sé mhí le teacht aníos ina dhiaidh sin chuig domhan nach mbeadh aon léas de sholas na gréine le feiceáil ann ar feadh blianta fada? Dá gcuimhneodh daoine go leor ar a leithéid in am, d’fhéadfaí é sheachaint.
fanfaidh rian a staire the trace of their history stays
" Mar gheall ar stair lucht a labhartha, fanfaidh rian a staire agus a ndearcadh saoil mar chuid inmheánach den teanga, más iniompar agus más inláimshithe é.
d’fhan stayed
" Ach ba mhinic gortaithe é, agus d’fhan mórchlubanna na hEorpa siar óna dhoras.
fanfaidh muid glan amach as we’ll stay clear of
" Ar mhiste leat é sin a chur ar a shúile d’Enda, le do thoil, a Bhaloir? Fiú má théann muid isteach sa Ghearmáin, sa Fhrainc nó sa Bhreatain féin, leanfaidh muid nós na Rómhánach fadó agus fanfaidh muid glan amach as tír na hÉireann.
fanacht sa mbaile stay in the home
" ** Th’éis don páiste theacht ar an saol, ba cheart don bhean agus a páiste fanacht sa mbaile ar feadh 40 lá.
ag fanacht thar oíche staying overnight
" 8 m duine ar chuid den chósan sa chéad bhliain, le 800,000 cuairteoirí ag fanacht thar oíche i dtithe aíochta agus óstáin ar an tslí.
ar chóir fanacht sa pholaití úd ought (they) stay in that polity
" I mí Meán Fómhair, nuair a bheidh reifreann in Albain, beidh cuid den Riocht Aontaithe ag freagairt na ceiste ar chóir fanacht sa pholaití úd ar chor ar bith.
a bhfanann rannpháirtithe where participants stay
" Is minic cuma neamhchas ar na seomraí a bhfanann rannpháirtithe an tearmainn scríbhneoireachta iontu, cuma na déine, gan teacht ar theilifís ná rochtain fóin go héasca iontu, iad gan cheangal idirlín, go bhfóire Dia agus Chrome orainn.
Coinnigh an Cloigeann keep the head, stay cool
" Coinnigh an Cloigeann ======== Agus an bhua seo aige bhí mé fiosrach an raibh a sheal pócair tugtha aige anois nó an bhfuil níos mó pócar ar intinn aige? “Bhuel is dóigh le dhá bhliain anuas tá mé ag feidhmiú go leathphroifisiúnta ach leis an bhua dochreidte seo tá i bhfad níos mó deiseanna curtha ar fáil dom páirt a ghlacadh i gcúrsaí pócair go hidirnáisiúnta agus a bheith fostaithe go lánaimseartha le cluiche a chuireann gliondar i mo chroí i gcónaí.
fanacht ina Uachtarán stay as president
" (D’fhéadfadh Gerry Adams fanacht ina Uachtarán ar an bpáirtí ach gan seasamh don Dáil.
fheabhsú agus a chur bord ar bord leis to improve and to stay abreast with
" ie a fheabhsú agus a chur bord ar bord leis na cleachtais chomhaimseartha is fearr i dtaca le dearadh, idirghníomhaíocht agus mar sin de.
fanacht san áitreabh naofa seo to stay in this saintly abode
" Cuireann na mná brú ar an sagart ligean d’Alina fanacht san áitreabh naofa seo agus ní bhíonn de rogha aige ach géilleadh dá n-achainí nó nach bhfuil áit ar bith eile aici le cur fúithi ann.
bhfanfaidh tú úr leis agus fearúil you’ll stay fresh and manly because of it
" Cinnteoidh na cúibeanna beaga seo go bhfanfaidh do dheoch fuar ach go bhfanfaidh tú úr leis agus fearúil nó ar a laghad Fred Flinstone-úil.
an mbeidh sé in ann fanacht ina phost? will he be able to stay in his job?
" Tá creidiúnacht an Taoisigh ídithe go mór le roinnt míonna anuas ach an mbeidh sé in ann fanacht ina phost?
a sheal his stay
" Ríomhann sé san alt seo cuid de sheanchas an óstáin a chuaigh i bhfeidhm go mór air le linn a sheal san fhoirgneamh liostaithe.
d'fhan stayed
" Bhí dáréag glic a d'fhan in uaimh le barr tuisceana gurb í an fhearthain a bhí ag milleadh na ndaoine.
Le linn a seal during her stay
" Le linn a seal san Oirthear, thug Amanda Reid cuairt ar an hammam, an teach folctha i gcathair Damaisc.
fanacht faoi shuan go fóilleach stay under wraps for the present
" Is mór a d’athraigh na Sé Chontae le glúin anuas ach tá Robert McMillen den bharúil go gcaithfidh an cheist náisiúnta fanacht faoi shuan go fóilleach.