Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a stiúrann supervises, controls
" Is í an eagraíocht Internet Corporation for Assigned Names and Numbers (ICANN) a stiúrann na seoltaí idirlín a chríochnaíonn le litreacha ar nós ".
stiúir supervision
" An Gúm a d'fhoilsigh foclóirí de Bhaldraithe agus Uí Dhónaill agus is faoina stiúir a chuirfear an foclóir nua Béarla-Gaeilge i gcló.
luamhán stiúrtha joystick
" Níl san Xbox féin ach ríomhaire PC atá dírithe go hiomlán ar chluichí: ní thagann méarchlár ná luch leis, agus úsáidtear luamhán stiúrtha chun treoracha a thabhairt don ríomhaire agus na cluichí á n-imirt.
a stiúradh to control
" Tar éis dó an BA a bhaint amach sa bhliain 1974, chláraigh sé don Ardteastas san Oideachas ach chinn sé sa deireadh ar gan dul leis an mhúinteoireacht mar gur bhraith sé nach mbeadh sé ar a chumas ranganna lán daltaí a stiúradh i gceart.
do mo stiúradh guiding me
" Bhí Susan tar éis breith ar uillinn orm do mo stiúradh go discréideach go dtí coirnéal neodrach.
faoi stiúir under the guidance of
" Mar chuid de scéim a thionscain an coiste seo faoi stiúir Mháirtín Uí Chadhain agus Choimisiún na Talún, d'aistrigh 40 teaghlach idir 1935 agus 1937 ó "cheantair chúnga" ainmnithe i gConamara go dtí na bailte fearainn seo: Ráth Cairn, Laimbé, Driseog, Tulach na nÓg, Baile Mhistéala agus Doire Longain.
stiúir control, guidance
" Cuireadh clár oideachais Ghaeilge le chéile faoi stiúir Choláiste an Phobail, a reáchtálann ranganna Gaeilge ag gach leibhéal don phobal, agus atá ag dul ó neart go neart.
ag stiúradh cúrsaí cosanta directing defence matters
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
eagarthóir stiúrtha directing editor
" Is eisean eagarthóir stiúrtha an nuachtáin *Al-Ahram*, a fhoilsítear i gCairo.
córas stiúrtha aerthráchta air traffic control systems
" Dúirt sé nach raibh ach rud amháin idir lámha ag an ionad i nDoire: táirgeadh córas stiúrtha aerthráchta.
faoina stiúir under his control
" Nuair a bhuail mé le hAllen i lár na míosa seo caite in oifigí breátha an RPA ar Bhóthar Conyngham in iarthar na cathrach, bhí sé go mór ar a shuaimhneas agus an-dearfach faoin tionscadal, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí agus atá le sárú aige féin agus ag an eagraíocht atá faoina stiúir.
stiúir guidance
" Tagann múinteoirí ó Éirinn chun cúnamh a thabhairt dúinn; bíonn deis againn ár stíl mhúinteoireachta a fhorbairt faoi stiúir múinteora agus modhanna nua a fhoghlaim.
arna stiúradh ag directed by
" Is tionscadal é a bhfuil breis agus 200 d'aos dána na Gaeilge agus na Gàidhlig rannpháirteach ann, idir phéintéirí, fhilí, pheannairí agus scoláirí, arna stiúradh ag Calum Mac Gill Eáin ó Phroiseact nan Ealan in Albain.
faoi stiúir Frank Patterson under the direction of Frank Patterson
" Bhí ag eagraíocht Deoraíocht ann an uair sin freisin, faoi stiúir Frank Patterson, agus imeachtaí de gach saghas, idir cheol agus chaint agus ranganna Gaeilge, ar siúl.
an choiste stiúrtha the steering committee
" In áit taoisigh, uachtaráin, leaschathaoirligh is araile, níl ann ach baill, agus baill an choiste stiúrtha - fíordhaonlathas atá i gceist.
stiúradh directing
" Cuirtear cúnamh ar fáil do chraobhacha an Chonartha i 22 ionad éagsúil agus bíonn Seachtain na Gaeilge á stiúradh ag foireann an Árais chomh maith.
stiúradh sceimhlitheoireachta directing terrorism
" Ciontaíodh Michael McKevitt as "stiúradh sceimhlitheoireachta" mar cheannaire an Fhíor-IRA.
atá á stiúradh ag Yeates which is being directed by Yeates
" Deir Géaróid Mac Umfraidh, údar an dráma Geasa, atá á stiúradh ag Yeates don fhéile, "Tá áthas an domhain orm go bhfuil Ray Yeates thar n-ais in Éirinn agus go bhfuil sé ag plé le cúrsaí drámaíochta tar éis bheith ag obair i Meiriceá.
ag stiúradh directing
" " Cé gurbh fhearr leis bheith ag stiúradh ná bheith ag scríobh, is é tuairim O'Hara gur cheart go mbeadh script chruinn ann.
luamháin stiúrtha joystick
" Le linn do na healaíontóirí a bheith san Afganastáin, áit ar chuir an Imperial War Museum i Londain iad tar éis thitim réimeas an Taliban in 2001, thóg siad grianghraif den teach agus rinne siad físeán digiteach astu, chun cur ar chumas cuairteoirí a mbealach a dhéanamh thart ar iarbhaile bin Laden ag úsáid luamháin stiúrtha.
faoina stiúir under its guidance
" Chuir an rialtas béim ar bhainistiú an gheilleagair agus an chaoi a raibh cúrsaí go maith faoina stiúir.
roth stiúrtha driving wheel
" Ní bhíonn eagla ar an dream óg seo agus mothaíonn siad go bhfuil cosaint acu ón dainséar agus iad taobh thiar den roth stiúrtha.
soitheach gan stiúir rudderless vessel
" soitheach gan stiúir ======= Ó ceapadh Martin Cullen ina Aire Iompair i mí Mheán Fómhair seo caite, níl tada suntasach déanta aige.
stiúrtha directed
" Le linn a shaoil, tá breis is 80 clár faisnéise léirithe agus stiúrtha aige, cláracha a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla den chultúr Éireannach agus de stair na hÉireann den chuid is mó.
ag an stiúir at the helm
" “Tá 12 áit rámhaíochta ar an Cholmcille agus duine amháin ag an stiúir.
faoi stiúir an Bhoird Oideachais under the control of the Education Board
" Tá an scoil anois faoi stiúir an Bhoird Oideachais.
stiúir direction
" Cé nach bhfuil siad in oifig, titeann cúraimí cinnireachta ar an fhreasúra chomh maith céanna leis an rialtas agus bíonn an toghlach ag brath orthu le stiúir éigin a thabhairt dóibh.
faoi stiúir under the supervision of
" Ón bhliain 1993, tá tochailt ar siúl ann gach samhradh, faoi stiúir an Ollaimh Martin Carver, d’Ollscoil York, Sasana.
stiúir guidance
" D'éirigh leo, faoi stiúir an chomhairleora choimeádaigh William Kristol, agus, den chéad uair ó 1954 i leith, bhí tromlach Poblachtánach i gComhdháil Mheiriceá.
faoina stiúir under his guidance
" Beidh sé le rá faoin rialtas atá faoina stiúir go bhfuil siad róghar do mhianta bhoic mhóra an ghnó.
ar mhaide stiúrach an Pháirtí on the rudder of the Party
" Ach idir shnípéireacht leanúnach na naimhde, eachtrach is inmheánach, dhá olltoghchán agus trí éirí amach páláis ina choinne thar thréimhse bliana idir 1982/83, (bhí tacaíocht an neamhspleáigh Tony Gregory de dhíth ar Haughey chun Rialtas Fhianna Fáil a chruthú tar éis Olltoghchán mhí Feabhra na bliana sin), chaill Haughey cumhacht i mí na Samhna 1982 agus bhí ceithre bliana aige sa fhreasúra chun lámh stuama a chur ar mhaide stiúrach an Pháirtí a bhí ag imeacht le sruth uaidh fá ualach poiblí na n-argóintí “oiriúnachta” inmheánacha.
roth stiúrtha steering wheel
" Bhí greim aige ar an roth stiúrtha ach ní raibh sé ag tiomáint.
airgead a bheadh á stiúradh money which would be controlled
" 5 milliún, airgead a bheadh á stiúradh ag an UDA.
ag stiúradh mac léinn supervising students
" Faoi láthair táim ag obair in ollscoil Auckland, ag stiúradh mac léinn sa dara bliain atá ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide.
ag stiúradh directing
" Sílim go bhfuil sé féin (Mícheál) thuas ansin ag stiúradh an rud uilig!” Tá an Mícheál Ó Domhnaill Trust Fund bunaithe ag teaghlach Mhícheáil agus a chairde (Cathal Goan agus Paddy Glackin ina measc) agus cuirfear an brabús a shaothrófar ón dlúthdhiosca isteach sa chiste sin.
tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, after the driver had lost control of the steering wheel,
" Deirtear gur caitheadh as an veain é tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, gur thuirling sé ar an mbóthar, go raibh sé fós beo nuair a tháinig an t-otharcharr, go raibh sé iontach cróga cé go raibh sé go mór i bpian ach gur shíothlaigh sé uainn agus talamh slán Ospidéal Shligigh sroichte aige.
ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, running his consultancy company,
" Le cois a bheith ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, Peter Quinn Consultancy Services (PQCS), a bhunaigh sé i 1994, tá Peter tar éis a bheith bainteach thar na blianta le neart painéal comhairleach, coimisiún, bord gnó agus rialtais, agus fondúireachtaí éagsúla.
freagrach as Stobie a stiúradh responsible for supervising Stobie
" I gcas ghunnaí Stobie, deir an CPS go bhfuil an póilín a thug na gunnaí don sceimhlitheoir aimsithe acu ach nach bhfuil a fhios acu cén t-oifigeach sinsearach a chinn ar na huirlisí dúnmharaithe a thabhairt ar ais agus nach bhfuil a fhios acu an raibh aon oifigeach sinsearach freagrach as Stobie a stiúradh agus na gunnaí ina sheilbh aige.
á stiúradh tríd go cúramach steering him through it carefully
" Lance agus Eoin á stiúradh tríd go cúramach le rithim an cheoil.
ba é a stiúir na linnte it was he who ran the pools
" Ba é an tUasal Mac Góráin céad Bhainisteoir Gael Linn agus ba é a stiúir na linnte a chuir maoiniú ar fáil do raon tionscadal nuálach.
den Ghrúpa Stiúrtha of the Steering Group
" Bhí rólanna tábhachtacha ag Riobard lena linn, ina measc: Eagarthóir ar an iris *Comhar* (1950-57) Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (1970-76) Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais (NCEA) (1972-82) Cathaoirleach ar An Oireachtas (1972-1977) Comhalta de Bhord na Gaeilge (1975-1988) Ba bhall é den Ghrúpa Stiúrtha sa Rialtas Áitiúil Chuir sé tionscal an cheoil dúchais chun cinn trína chuid páirtíochta san eagras IFPI (International Federation of the Phonographic Industry), mar chomhalta boird IRMA agus mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Ceoil IBEC.
stiúraim an bheirt eile i dtreo an chréamatóiriam. I direct the other two to the crematorium.
" Siúlaimid linn go tapa thar na beairicí codlata agus stiúraim an bheirt eile i dtreo an chréamatóiriam.
go stiúrfaidh sé that he will direct
" Rinne Tom scannán eile a stiúradh dar teideal Hush-a-Bye Baby, ar dhráma é, agus tá seans ann go stiúrfaidh sé scannán bunaithe ar leabhar de chuid Séamus Deane, a bhfuil Reading in the Dark mar theideal air, san am atá romhainn.
faoi stiúir Mhic Mhurchú, under Mac Murchú's direction,
" Ag tógáil an chomhlachta “céim ar chéim”, mar a deir sé féin, tá borradh ollmhór tagtha faoi Nemeton, faoi stiúir Mhic Mhurchú, ón uair a bunaíodh é.
ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, producing and directing the programmes,
" Sna blianta tosaigh, bhíodh Irial ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, ach anois tá sé go huile is go hiomlán gafa le hobair bhainistíochta – rud nach gcuireann aiféala ar bith air mar gheall ar gur “léiriú ar scála difriúil í an obair so.
faoi stiúir Kieran. under the directorship of Kieran
" Go luath ina dhiaidh sin, bunaíodh Aonad na Gaeilge faoi stiúir Kieran.
feithicil roth stiúrtha ar chlé left-hand drive vehicle
" Fadhb eile a thug sé faoi deara le déanaí ná go mbíonn roinnt tiománaithe ó Mhór-Roinn na hEorpa – iad siúd a bhfuil feithicil roth stiúrtha ar chlé acu – ag déanamh “*side swipes”* ar fheithiclí sa Bhreatain go minic.
grúpa stiúrtha steering group
" Ba in Eanáir 2004 a chuir an grúpa stiúrtha - ar a raibh ionadaithe ón Roinn Oideachais, ón Roinn Airgeadais, Gaelscoileanna, an Foras Pátrúnachta, ceardchumainn na múinteoirí, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus na comhpháirtithe ar fad eile san oideachas - a dtuarascáil faoi bhráid Aire Oideachais an ama, Noel Dempsey.
faoi stiúir under the direction of
" Ní nach ionadh, mar sin, go raibh sí iomlán gafa, agus í ina duine fásta, le gluaiseacht na gCeart Sibhialta a bhí ar siúl faoi stiúir Martin Luther King.
stiúir directed
" Lena chois sin, chruthaigh sé ceoldhráma hip hap dar teideal *Rap Éire *i bpáirt le hArthur Riordan agus bhí páirt bheag aige sa scannán *In America* a stiúir an tÉireannach mór le rá Jim Sheridan.
go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe. that he will be able to guide the newspaper through whatever troubled waters that lie ahead
" ***Athruithe ag an bharr:*** Ón 3 Márta, is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheas mar eagarthóir ar *Lá Nua* agus táimid thar a bheith muiníneach go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe.
faoi stiúir under the control
" Go deimhin, faoi stiúir leifteanant Smith, Brigham Young, d'éirigh cúrsaí ní ba mheasa, go dtí nach raibh an dara rogha ag Mormannaigh na háite ach éalú arís.
ar stiúir na cumhachta on the rudder of power
" Tá siad anois san áit a shantaigh siad, lámh acu ar stiúir na cumhachta – i gcuideachta a gcomhghleacaithe – agus iad ag treabhadh leo i dtreo an bhua.
bhord stiúrtha steering bord
" Tá Maurice Templesman ina chathaoirleach ar bhord stiúrtha Lazare Kaplan International, corparáid ollmhór diamant.
á stiúradh being controlled
" Bhí Mars Express á stiúradh ón áit a bhfuil GSE lonnaithe in Darmstadt sa Ghearmáin.
ag stiúradh gach ruda guiding everything
" Bhí ionadaithe na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhí i láthair ag an gcomhdháil go mór faoi thionchar Strong, a bhí ag stiúradh gach ruda go cumasach.
faoina stiúir under his direction
" Ba faoina stiúir siúd a d'eisíomar an t-albam *Tóg é go Bog é* agus gur bhaineamar na cairteacha amach leis an amhrán “Ón Taobh Tuathail Amach”.
a stiúrfaidh who shall direct
" Is é Steven Hennessey as Baile Átha Cliath a stiúrfaidh na cailíní i rith na bliana.
stiúradh to direct
" Mhol Louis Marcus, a coimisiúnaíodh chun na scannáin a stiúradh, go n-úsáidfí scannán 35mm daite agus go dtaispeánfaí na scannáin i bpictiúrlanna na tíre.
á stiúradh ó smacht being led astray
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
faoi stiúir under the direction
" Níl a fhios agam cad é déarfadh Caitríona Pháidín dá mbeadh sí maraithe ag an IRA agus í ag breathnú ar an scliúchas a tharla in Óstán na hEuropa ar an 28ú Eanáir nuair a seoladh tuarascáil an Consultative Group on the Past faoi stiúir Lord Robin Eames agus Denis Bradley.
taobh thiar den roth stiúrtha behind the steering wheel
" Is ag tiomáint a bhí mé agus moltar don tiománaí stopadh gach 200 cileaméadar le sos a ghlacadh chun a chinntiú nach dtitfidh sé ina chodladh nuair bheidh sé taobh thiar den roth stiúrtha agus an carr faoi lánseol.
stiúir direction, management
" Ba mhaith liom freisin go dtabharfaí tacaíocht do na réiteoirí trí gach cineál teicneolaíochta nua-aimseartha atá réasúnta a bheith ar fáil dóibh roimh, le linn agus tar éis cluichí a bhíonn faoina stiúir.
stiúir directed
" Tar éis feachtas fíochmhar a stiúir an dlíodóir Alan Dershowitz, diúltaíodh seilbhíocht do Finkelstein ag Ollscoil DePaul i *Chicago*.
Faoi stiúir direction
" Cé acu is measa mar pheacach - an té a dhúnmharaíonn chun a bheatha féin a choiméad, nó an té a dhúnmharaíonn ar aon chúis eile? Faoi stiúir shiúrálta an léiritheora Tomas Alfredson, cruthaítear domhan nach mbíonn aon rud riamh ann mar a shamhlaítear dúinn ar dtús é.
stiúradh to steer
" Bhí captaen na loinge ag iarraidh an bád a stiúradh chuig Oileán Nollag.
faoi stiúir under the direction
" Le tamall anuas, tá nuachtán bolscaireachta na nuachoimeádach, The Weekly Standard, faoi stiúir William Kristol, ag iarraidh a chur ina luí ar phobal Mheiriceá go bhfuil baint idir na foghlaithe mara agus sceimhlitheoirí Ioslamacha.
stiúradh na tíre at the national helm
" Cuireann sé déistin ar an phobal nár admhaigh na hairí rialtais, go háirithe iad siúd atá i gcumhacht le fada, go raibh siadsan in ainm is a bheith ag stiúradh na tíre le deich mbliana anuas agus go ndeachaigh siad amú.
stiúir helm
" Tá an bád ag dul go grinneall na farraige agus gan lámh an chaiftín ar an stiúir.
stiúir an stáit state managed
" Go dtí go gcreidfear in achan teach in Éirinn gur éigníodh agus gur maraíodh gasúir in institiúidí na tíre a bhí faoi stiúir an stáit agus na n-ord Caitliceach in éineacht, níltear ag íoc mar is cóir leis an tslua bhocht daoine a sheol na breithimh isteach sna hinstitiúidí ar iompadh na boise.
faoi stiúir directed by
" Níl sna suíomhanna nuachta ar an idirlíon de ghnáth (amach ó na cinn atá faoi stiúir na nuachtán féin agus atá i mbaol) ach bailitheoirí nó comhiomlánóirí.
stiúradh to direct
" Bheadh sé ó chumas aon rialtas nó aon phobal na bunathruithe sin a stiúradh i gceart, gan trácht ar thír a bhfuil na céadta milliún duine ann atá beo bocht.
stiúradh directing
" Is é seo buaicphointe an Aire Uí Chuív ina thréimhse 12 bliana ag stiúradh Roinn na Gaeltachta agus maítear go caithréimeach go bhfuil sé mar aidhm ag an straitéis go mbeadh 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil faoi cheann 20 bliain agus go mbeidh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge 350% níos airde ná mar atá faoi láthair.
stiúradh directing
" Bhí cuid ceoil Bizet, Saint-Saëns, Lalo, Massenet, Ravel léirithe anseo agus bhí cumadóirí dhálta Tchaikovsky, Grieg, Richard Strauss agus Debussy le feiceáil ann ag stiúradh a gcuid saothar ceoil féin.
stiúradh to steer
" ’ Cé go gcuireann an institiúid síos uirthi féin mar ‘eagraíocht neamhrialtasach, neamhpháirtíneach agus neamhspleách,’ is léir óna cuid foilseachán go bhfuil sé mar aidhm aici an tAE a stiúradh i dtreo bheartas ionsaitheach ar thaobh Iosrael sa Mheánoirthear, mar a d’éirigh leis na nuachoimeádaigh a dhéanamh i rialtas Bush.
lucht a stiúrtha it's directors
" Ní haon ribín réidh a bhfuil rompu, ach níl aon amhras faoi chumas lucht a stiúrtha.
stiúradh guiding
" Is dual tábhacht stairiúil na cáipéise seo a aithint agus tá an-mholadh ag dul don Aire Ó Cuív as an straitéis a stiúradh tríd an rialtas, go háirithe i dtréimhse seo na géarchéime geilleagair.
stiúradh steering
" Is iad na ceannairí polaitiúla a riarann an tír agus ar ndóigh b’iadsan a bhí freagrach as an tír a stiúradh agus muid ag dul amú.
stiúradh leading
" Tá dronganna éagsúla i bPáirtí an Lucht Oibre le fada an lá, leithéidí na droinge clé agus drong na deise, agus bhí cumhacht láidir acu i stiúradh an pháirtí.
Dá stiúrfaí were it to be directed
" Dá stiúrfaí an t-ionad seo i gceart, thabharfaí próifíl ard dóibh, go háirithe i bhfianaise na háite ina mbeadh sé.
stiúir direction
" Le hocht mbliana anuas, agus an Bhrasaíl faoi stiúir an uachtaráin Lula, tá fás agus forbairt ollmhór tagtha faoin tír.
stiúir direction
" Níorbh é a chéad uair thiar ansin, mar chaith sé seal in Ollscoil Princeton cheana féin, faoi stiúir John von Neumann - duine de na matamaiticeoirí is mó san fhichiú haois a d'fhág a rian ar shaol na heolaíochta agus ríomhaireachta.
stiúir direction
" Cé gur chuir rialtas Pháirtí na nOibrithe faoi stiúir Lula deireadh le hocras agus cé gur fheabhsaigh caighdeán saoil an uile dhuine – de na bochtáin san áireamh – níor laghdaigh an bhearna ollmhór idir an saibhir agus an daibhir.
ag stiúradh directing
" D’imríodh sé i lár na páirce agus bhíodh sé ar nós Napoleon beag i gceannas ar na trúpaí, ag gríosú agus ag stiúradh na n-imreoirí eile ina thimpeall.
stiúradh airgeadais na tíre the nation’s financial purse strings
" Ba náireach an scéal é, gan amhras, agus ba mhór an buille don náisiún é stiúradh airgeadais na tíre a chailleadh.
faoi stiúir under the direction
" Tháinig mé go Stanford le mo dhochtúireacht a chríochnú – tháinig mé ann le hobair a dhéanamh faoi stiúir Joe Greenberg ach d’aistrigh mé go dtí an tsochtheangeolaíocht le Charles Ferguson ansin agus chuir sin brón, is dóigh, ar Joe Greenberg, ach bhí mo chroí doirte isteach sa tsochtheangeolaíocht, dháiríre, cé gur tábhachtach an obair í rangú theangachaí an domhain.
bord conspóideach stiúrtha controversial board of directors
" Is léir go raibh bord conspóideach stiúrtha NIW as láthair nuair a bhí an ceacht sin thuas á thabhairt mar a bhí siad as láthair ag na ranganna áirimh, staidéir ghnó, cumarsáide agus dá mbeadh rang soláthar uisce ar fáil, is cinnte go gcaillfeadh siad an rang sin fosta.
stiúir direction
" Ní bhíodh cead ag daltaí (ná ag múinteoirí) ach an Fhraincis a labhairt i scoileanna na Poblachta faoi stiúir an Aire Jules Ferry thart ar chéad bhliain ó shin.
stiúradh na tíre directing the country
" Is fíor go bhfuil an Seanad neamhfheidhmiúil agus gur beag an tionchar a imríonn sé ar reachtaíocht na tíre: mar sin, ní fhéadfadh na seanadóirí a bheith ciontach i stiúradh na tíre chun a haimhleasa! Ba iad an Dáil, an rialtas, agus an rialaitheoir airgeadais is mó a thug na cinntí móra a chuir amú sinn.
stiúir sé sinn he steered us
" Brains Bocht Cowen! Tháinig sé fríd an dara reifreann ar Chonradh Lisbon; choinnigh sé greim ar an tír nuair a tháinig an ghéarchéim gheilleagair; stiúir sé sinn trí thrioblóid i ndiaidh trioblóide gan tuisle, gan leagadh, gan leonadh, ach… Nuair a bhí cluiche beag cairdiúil gailf aige le Seánie Beag Fitzpatrick, bhuel, bhí a phort seinnte.
stiúradh directing
" Cur i bhfeidhm na rialacha agus stiúradh an chluiche a bhíonn á mheas.
stiúrann directs
" Tá sláinte agus oideachas na saoránach faoina chúram; caomhnaíonn an stát bunchearta an duine; déanann idirbheartaíocht ar aontais idirnáisiúnta, stiúrann agus spreagann sé an geilleagar náisiúnta, agus leis an fhírinne a dhéanamh, níl ról lárnach ag an stát féin ann mar ghníomhaí geilleagair.
gCoiste Stiúrtha steering committee
á stiúradh being driving
" Ba gheall le galar ar nós ailse a bheith ag creimeadh na heagraíochta an íocaíocht mhídhlisteanach seo a dúirt an tUachtarán Ó Cuana go neamhbhalbh leis na baill agus tá sí á cothú ag easpa agus ag droch-cheannaireachta agus bíonn sí á stiúradh go grinn trí dhreamanna ar a dtugtar ‘clubanna tacaíochta’ agus ‘cairde an CLG’.
stiúradh directing
" Thosaigh an Ghearmáin, gan amhras ar bith, ag tochras ar a ceirtlín féin le tamall anuas agus tá sí ag déanamh neamhaird dá ról traidisiúnta i stiúradh na hEorpa.
stiúir steered
" Ba é sin Diarmuid Healy as Cill Chainnigh, an fear a stiúir foireann iomána Uíbh Fhailí ag tús na n-ochtóidí chun Craobh na hÉireann a bhuachan.
bhord stiúrtha board of directors
" Teip thubaisteach don bhord stiúrtha ag aon chuideachta é má chliseann ar an chuideachta sin agus más gá éirí as a bheith ag trádáil.
clár oibre a stiúradh to direct the work plan
" Chun an clár oibre a stiúradh, bhunófaí coiste tras-Mheiriceánach a mbeadh todhchaí na Gaeilge, i gCeanada agus Meiriceá, mar lárthéama aige.
roth stiúrtha steering wheel
" Is a mhalairt a bheadh fíor le tiománaí an bhus agus an croí á chur trasna ionam aige ag bualadh bos do *‘The Birdy Song’* ag tiomáint bus abhaile ag leathuair tar éis a ceathair ar maidin - agus gan lámh ar bith aige ar an roth stiúrtha! Bhain mé an t-óstán amach go sábháilte mar sin féin agus ba léir gur chuid den chraic é an turas bus mar bhí muintir na háite breá compordach leis an ngeaitsíocht! *‘The Telegraph House’* ab ainm don óstán - ag cloí le téama Alexander Graham Bell mar fhear an ghutháin, agus mar ábhar tarraingteach turasóireachta an bhaile.
an maide stiúrach helm
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil smacht caillte ag na polaiteoirí ar an gcipín – an maide stiúrach.