Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cad a chorraigh what stirred
" An cheist is mó atá á plé ar chláracha teilifíse faoi láthair ná cad a chorraigh an fuath marfach san i gcroí Bin Laden.
corraitheacha exciting, stirring
" " Ba bhlianta corraitheacha iad sin i stair an tuaiscirt.
ag rúscadh an chainniúir stirring the shit
" Tréatúirí an bheirt acu," dar le Fear na Súile Nimhe, "Agus Éamonn Beag Ó Druncaí chomh maith, an smugachán a bhíonn ag rúscadh an chainniúir sa bhaile.
bíogtha stirred
" Gan mac an éin bheo ag cur isteach ar cheachtar againn ach ag goradh ár mbonnachaí os comhair gríosach bhreá chlochmhóna agus chaon duine againn bíogtha ag an gclár teilifíse a bhí ag ceiliúradh Oíche Chinn Bliana na mílaoise ar fud an domhain.
gan corraí aisti not a stir out of her
" Bhí Sue ina suí ag tábla na cistine anois agus gan corraí aisti.
corraithe stirred, excited
" Bhí siad chomh corraithe agus chomh dáiríre sin is gur thiontaigh siad ar an Bhéarla leis an bhagairt a threisiú.
Ná corraigí don't stir
" "Ná corraigí anois go ndéanfaidh mé cupa tae.
corraithe stirred, worked-up
" Is saineolaithe muid ar fad sna cúrsaí seo agus is breá linn ár dtuairim féin a nochtadh (baineann Des Cahill an-mhíleáiste as seo ar "Sportscall"!) "Fadhbanna" Manchester United ======= Ar an taobh eile den scéal, cuireann sé ionadh orm féin uaireanta cé chomh corraithe is a bhíonn daoine uaireanta agus ábhair spóirt faoi chaibidil acu.
ag meascadh an bhracháin i bpota mór stirring the porridge in a big pot
" Tá cuairteoirí ina suí ar stólta thart fán tine atá i lár an tseomra, agus tá bean ag meascadh an bhracháin i bpota mór.
gríosaitheach stirring
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
foilsceadh stir
" Is fada Balor ag fanacht le corraí bheag ón Fhoraois, le flústar nó le foilsceadh fiú, nó le fuascradh féin.
corraithe stirred, worked-up
" ” Tá mo sháith ráite agam!” Cé go bhfuil a sháith ráite ag Laoch na Litríochta níl a leordhóthain scríofa aige go fóill, nó tá sé chomh corraithe sin faoi thionchar an Bhéarla agus faoi thionchar dhul an Bhéarla ar theanga ársa na hÉireann go bhfuil sé ar tí leabhar gramadaí agus comhréire dá chuid féin a fhoilsiú.
am corraitheach stirring times
" An bhfuil plean B ag an DUP? Nó ar shíl siad go mbeadh “Sinn Féin /IRA” ann go deo na ndeor agus go dtiocfadh leo suí siar agus géarcháineadh a dhéanamh? Má tá an streachailt armtha críochnaithe, ní chiallaíonn sin nach bhfuil am corraitheach romhainn.
mheasc léi she continued stirring
" ” “Idir an bheirt agaibh!” arsa an mháthair agus d’oscail sí an pionta bláiche agus chuir isteach sa bhabhla é agus mheasc léi.
ag cothú na feirge seo stirring up this anger
" Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo? Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút.
óráid spreagúil stirring speech
" Níor cháin siad an “”Dodgy Dossier” a thug sé dóibh agus d’éist siad lena óráid spreagúil sa Pharlaimint.
a chothaigh trioblóid which stirred trouble
" Agus comhráite ar siúl le déanaí chun conradh a chur le chéile a fheidhmeodh in ionad an Bhunreachta Eorpaigh nár éirigh leis, ba í an Pholainn an t-aon tír amháin a chothaigh trioblóid nuair a mhaígh PiS go gcuirfeadh an Pholainn in aghaidh an chonartha mar nach raibh siad sásta le gné amháin de.
am corraitheach stirring times
" ” Meiriceá I ndiaidh cúig bliana a chaitheamh sa Rúis, áfach, bhog Conor agus a bhean, Zhanna Maumova, go Washington agus arís am corraitheach a bhí ann mar bhí an Páirtí Daonlathach, muintir Clinton ach go háirithe, ag cur suime i bpróiseas na síochána ó thuaidh.
suaitheadh stir up
" Meas tú, cén áit? Agus ós ag caint dúinn ar ghuí, beidh Máire Ní Chlochráin ag súil go mór agus ag guí go tréan le héirí as an dá phost atá aici agus go gceapfar í ina hAire na Gaeltachta sa chéad suaitheadh eile a dhéanfaidh Biffo ar an chomhaireacht.
a ladar a chur i meadar to stir things up
" Mar a bheifeá ag súil leis, thapaigh na polaiteoirí an deis a ladar a chur i meadar gan suaitheadh.
Músclaíodh muinín confidence was stirred up
" Músclaíodh muinín sna hoibrithe baile as OR.
spreagúla stirring
" Tugadh aithisc spreagúla sna hArdfheiseanna a leag polasaithe uaillmhianacha amach, ach i ndáiríre ba bheag cluas éisteachta a tugadh dóibh.
gníomh bíogach sin that stirring act
" Ach níor leor an gníomh bíogach sin le foireann Chiarraí a chur de dhroim seoil, agus, ar scór a bhí íseal go maith, 0-12 i gcoinne 1-6, bhí an lá le muintir Chiarraí.
iontach díobhraicthe very inspiring, stirring
ag cothú mioscaise stirring up trouble
" Dúradh go raibh na *“wags”* (mná céile agus cailíní na n-imreoirí) ag cothú mioscaise sa chúlra, go raibh teannas idir Terry agus Gerrard agus go raibh an ghabháil a rinne Terry ar Gerrard ar an bpáirc traenála thar cailc ar fad.
ngríosfadh sé an slua he’d stir up the crowd
" Má tá sé trom, tá aghaidh an bhuachalla óig air, agus go cinnte shíl lucht eagraithe an choinbhinsiúin go ngríosfadh sé an slua lena reacaireacht chroíúil.
ghríosadh faoin gceist stirred up about the matter
" Dá mbeidís naimhdeach go hoscailte faoin nGaeltacht, bheadh sé níos fearr: d’fhéadfaí daoine a ghríosadh faoin gceist.
is mo a d'adhain an tine bheo who more than any stirred up the burning ember
" Ceathrar de Ghaeil na Cathrach a bhronn an achainni ach fágfaimid an focal scoir do Shéamas Mhac Seáin, duine de na daoine is mo a d'adhain an tine bheo i gcuideachta mhuintir eile Bhóthar Seoighe.
ag iarraidh an pobal a ghríosadh trying to stir up the community
" Ní fáidh fear ina dhúiche féin, áfach: is cuimhin lena mhac an uair ar briseadh Pól as a phost mar bhainisteoir ar an gcomharchumann áitiúil, agus go raibh daoine ag scaipeadh bileog ag an séipéal áitiúil agus iad ag iarraidh an pobal a ghríosadh chun fear Dhúrlas Éile a ruaigeadh amach as an áit.
mhúscail sé sin machnamh it stirred up thinking
" Nuair a cuireadh Margaretta isteach ar an bpláta beag, mhúscail sé sin machnamh sna daoine.
ghníomh a chothódh an-chur ina aghaidh an act which would stir up great opposition
" Is cuimhin liom sa tsraith theilifíse thuasluaite gur bhain comhairleoir Hacker, an Ridire Humphrey Appleby, feidhm as na focail, “cinneadh misniúil” le cur síos ar ghníomh a chothódh an-chur ina aghaidh.