Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rialú stoic stock control
" Mar sin de, tá deis curtha ar fáil do chomhlachtaí suíomh lánfheidhmeach ríomhthráchtála a bheith acu, ceann ina bhfuil rialú stoic, ina bhfuil nuashonrú déanta ar phraghsanna ar líne, ina bhfuil cumas ríofa CBL agus costas seachadta atá bunaithe ar mheáchan na n-earraí.
ar na stoic stárthacha blind drunk
" Ní hamháin gur leithscéal maith é gan na dea-rúin a choinneáil má bhí sibh ar na stoic stárthacha ag am a scríofa, ach cuidíonn staid na meisce le *Foinse *a léamh.
luacháil stoic íslithe lowered stock value
" Ansin, dar leis, ceannóidh na hairgeadaithe go saor, leis an airgead a fuair siad ó cháiníocóirí, corparáidí a bhfuil a luacháil stoic íslithe, cuid acu mar gheall ar amhantraíocht na n-airgeadaithe céanna.
hinnéacsaí stoic stock indexes
" Agus na hinnéacsaí stoic ag titim ar fud an domhain, táimid ag teacht ar an eolas de réir a chéile cé a bhí ag infheistiú le hairgead ar iasacht agus ar chreidmheas, agus cé a bhí ag úsáid a chuid airgid féin.
bheatha stoic animal fodder
" Rinneadh an-dochar do na barraí agus díolfar an chuid ba mhó d’fhómhar an arbhair faoina luach mar bheatha stoic.
malartáin stoic stock exchanges
" Beidh sé le feiceáil sna malartáin stoic i dtosach thar thréimhse coicíse nó mar sin.