Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag stróiceadh hurtling
" Nó pléascadh ifreanda, le bladhairí agus srapnal, ag stróiceadh fríd an aer ag dó agus ag scrios a raibh i láthair ag Rásaí na Gaillimhe.
ag stróiceadh na gruaige asainn pulling our hair out
" ES: Ar bhain sibh taitneamh as bheith ag taifeadadh nó an raibh sibh ag troid le chéile uaireanta? BNGP (ag gáire): An fáth go bhfuil mé ag gáire ná go raibh laethanta ann go rabhamar ag stróiceadh na gruaige asainn le frustrachas, mar nach raibh sé ag teacht le chéile go héasca, b'fhéidir amhrán a chanamar go breá beo.
ní libhse le stróiceadh libh not for you to tear off
" Is le gach fear a dhá chois féin má bhronn Dia na Glóire air iad, ní libhse le stróiceadh libh.
stróic thusa leat you work away
" "Ó, stróic thusa leat; tá go leor le déanamh thart anseo," arsa Seán.
Stróic sé cúpla mionna mór he let rip a few curses
" Stróic sé cúpla mionna mór agus chuir sé deireadh le déanamh an tae nó ní chuirfeadh sé cupa tae dubh go dtí an béal aige.
gan mé a stróiceadh without tearing me
" D'fhéadfadh sé a phointe a dhéanamh, cinnte, gan mé a stróiceadh agus a stialladh mar a rinne sé.
stróicthe torn
" Agus is féidir le daoine iarracht a dhéanamh na páipéir bhallóide a scrios - is cuimhin liom oifigeach toghcháin a fheiceáil ag caitheamh cuid mhaith ama ag cur páipéar ballóide stróicthe ar ais le chéile.
Stróic mé I tore
" * Gluais • Glossary mo dhícheallmy best a gheallaim dom féinI promise myself san fhásachin the desert d'fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate don Charghasfor Lent cleastrick chuirfinn dallamullóg orm féinI'd delude myself blastatasty íobairtsacrifice maitheasgood bródúilproud casacht mhór ghroía great big cough tairseachthreshold tanaíthin fiáinwild de shíoralways seanfhaiseantaold-fashioned láchfriendly, pleasant mearbhallconfusion cheapasI thought a bhlas tuaisceartachhis northern accent chloisimis a chasachtwe used to hear his cough bhímis ar bíswe used to be excited/impatient cúbógacollections of Easter eggs scaoilimis gach uile ní uainnwe'd cast everything aside go scafántaspeedily ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it ag iomrascáil lena chéilewrestling one another suachmáneasy-going person gan puth análawithout a puff of breath parlúsparlour, sitting-room deireadh sí linnshe would say to us cur i gcéill iomlántotal pretence thuigeadh siseshe'd understand bheannaímis dówe would greet him d'fhiafraímis dewe'd ask him d'fhreagraímiswe would answer go fuarbhruiteindifferently ag tóraíocht an mhálasearching for the bag nodclue go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them beadaílover of sweet things dá bharras a result d'éalaigh méI escaped cófrapress ag póirseáil thartrummaging about málaí plaisteachaplastic bags doirtealsink de phreabsuddenly go raibh mo chosa nitethat it was all up with me polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north daoine muinteartharelations díospóireachtaí bríomharalively debates a chuairteannahis visits b'annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men ag útamáilfumbling ba ghiorra in aois diclosest to her in age mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me barrúilfunny de shíor dár gcáineadhalways criticizing us ag spochadh as m'uncailteasing my uncle agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her tá sé chomh maith agamI may as well á leanúintfollowing him garda gradaimguard of honour cársánwheeze inchreidtecredible plúchadhasthma ag sméideadh ar m'uncailnodding at my uncle dá mbéarfaí ormif I was caught isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places macalla na nglórthathe echo of the voices tuaromen, sign an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best mealltachenticing bonnánhorn fardoraslintel of door vardúswardrobe bheir mé barróg airI hugged him ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions glicsly caoi a chur ar an áitto tidy up the place margadhdeal a roinntto share Stróic méI tore daitecoloured dúil chráitetorturous desire candaí móra seacláidebig chunks of chocolate blúire ar bhlúirebit by bit giodalachperky bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down smeartha le seacláidcovered in chocolate teipfailure
ag stróiceadh mionnaí móra swearing like hell
" " B'in nuair a thug siad faoi deara go raibh stumpán beag toireach d'fhear ag tarraingt orthu agus é ag stróiceadh mionnaí móra mar a bheadh deireadh an tsaoil ann.
déanfar anam na hAfraice a stróiceadh uaithi Africa's soul will be torn from itself
" Má leantar ar aghaidh ag marú ainmhithe na hAfraice chun a gcinn a chur in airde ar bhallaí daoine sa Ghearmáin, sna Stáit Aontaithe, sa Bhreatain nó san Afraic, déanfar anam na hAfraice a stróiceadh uaithi.
Caithfidh sé gur stróic tú an tóin glan as. You must have gone all out.
" “A Aonghuis, cad é mar a chuir tú isteach an Nollaig? Caithfidh sé gur stróic tú an tóin glan as.
Stróic leat fire away
" Cad é fá sin? “Stróic leat,” arsa Màiri, “ach ná bí ró-throm ar an imir dheargrua.
ag stróiceadh leis gan aitheantas. working away without recognition.
" Is saol uaigneach é a bheith ag treabhadh ghort na Gaeilge scaití agus is iomaí iriseoir a bhraitheann gur fáidh san fhásach é atá ag stróiceadh leis gan aitheantas.
scriosann tú agus stróiceann tú do chuid éadaí. you destroy and tear your clothes.
" Nuair a bhíonn tú ag dreapadóireacht, go minic bíonn tú ag strácáil leat in áiteanna salacha, garbha, contúirteacha agus scriosann tú agus stróiceann tú do chuid éadaí.
stróicfidís an reachtaíocht seo that they would rip this legislation
" Le linn an fheachtais, dúirt urlabhraithe de chuid Pháirtí an Lucht Oibre arís is arís eile go stróicfidís an reachtaíocht seo i na blúiríní bídeacha dá n-éireodh leo san olltoghchán.
stróiceadh mionnaí móra using bad language
" Faoin am a fhaigheann tú a fhad le Páras – nó pé áit a raibh tú ag dúil le bheith nuair a chuir tú an ticéad in áirithe (agus ní mar a gcéanna an dá áit go minic) – is ar éigean a thabharfaidh fear an tacsaí leis sa charr thú, agus sin tar éis neamhiontas agus míthuiscint i dtosach, agus ina dhiaidh sin díospóireacht, troid, búiríl, stróiceadh mionnaí móra agus tarraingt gruaige.
gur stróic a cóirséad that her corset tore
" ” Níor tharla aon rud a bhain tuisle aisti le linn an chláir agus ní raibh deacrachtaí móra teicniúla i gceist ach is cuimhin léi gur stróic a cóirséad agus a gúna á chur uirthi! Chuir Carrie roinnt cláracha eile i láthair tar éis na hEorafíse, an clár sláinte “Pulse”, an clár cócaireachta “Pot Luck” agus an tsraith “Turas Anama” ar TG4 ina measc.
mhatáin stróicthe torn muscles
" Baineann a lán cineálacha gortaithe nach féidir a sheachaint le cluichí páirce dar ndóigh, idir chnámha briste agus mhatáin stróicthe.
stróic oscailte a brollach tore open her breast
" Dúirt Rivera faoi shaothar a mhná gur sampla gan comórtas é d’ealaíontóir a stróic oscailte a brollach agus a croí lena cuid fíormhothúcháin a nochtadh.
ag stróiceadh mionnaí móra cursing wildly
" Cluiche na Fola ======== Cad é an dearcadh a bheadh againn ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad dá mbeadh stáisiúin teilifíse nuachta 24-uair a chloig ann? Cad é a bheadh lucht scairte gutháin a rá le Joe Duffy agus le Marian Finucane dá mba ann dóibh i 1916 nó idir 1921-23? An mbeadh siad ag stróiceadh mionnaí móra agus ag damnú na ndaoine sin as a bhfuil stáisiúin traenach agus sráideanna baiste astu i bpríomhchathair na tíre agus i ngach cathair eile in Éirinn? Cad é a déarfadh Michael McDowell nó coiste Frontline dá mbeadh Sean Mac Eoin, ábhar Uachtaráin dar le Fine Gael, ag seasamh arís? Cad é a déarfadh sé faoi dhúnmharú “neamhúdaraithe” cimí poblachtánacha le linn an Chogaidh Chathartha? (Is cuimhin liom cárta cuimhneacháin Joe McKelvey - arb as Tír Eoghain dó – a bheith sa teach againn agus mé ag fás aníos) ach bhí an bhrúidiúlacht céanna le fáil ó Phoblachtánaithe chomh maith.
ag stróiceadh mionnaí móra ar a cheile shouting abuse at each other
" Thosaigh an dá dhream ag stróiceadh mionnaí móra ar a cheile ach d'éirigh sé níos measa agus d'imigh sé go hiomlán as smacht agus Gearóid Ó hEára i lár an aonaigh.
an saol stróicthe as a chéile life torn apart
" Cad a leanann an gníomh? Conas mar a théann sé i bhfeidhm orthu siúd a bhfuil an saol stróicthe as a chéile go deo na ndeor agus gan faoiseamh ceart le fáil riamh arís acu.