Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Má chuirtear na struchtúir chearta i bhfeidhm if the proper structures are put in place
" Má chuirtear na struchtúir chearta i bhfeidhm, má thugtar neart cluichí dóibh, agus má bhíonn an t-ádh leo, d'fhéadfaidís an bua a fháil ar chontaetha láidre sa chraobhchomórtas.
leis an struchtúr nua seo a riaradh to manage the new structure
" Ach mar chuid den phlean, agus déarfaidh mé seo go neamhbhalbh agus go macánta, bhí i gceist agus thuig mé agus chreid mé go mbeadh, faoin am seo, breis airgid agus dá bhrí sin breis foirne leis an struchtúr nua seo a riaradh.
Struchtúr maoinithe funding structure
" Struchtúr maoinithe an Árais a bhuanú; maoiniú caipitil a bheith faighte d'fhorbairt an chlóis ar chúl an Árais; agus glúin úr a bheith ag plé le himeachtaí agus riar an Árais.
struchtúr na matán the structures of muscles
" Is féidir an t-eolas sin a úsáid mar mhodh céannachta toisc go bhfuil struchtúr na matán ar aghaidh gach aon duine éagsúil.
struchtúr úinéireachta ownership structure
" Níl iomrá ar bith ar Chathaoirleach buan a cheapadh ar an bhord, tá éiginnteacht ann i gcónaí faoi struchtúr úinéireachta na haerlíne agus d'fhéadfadh brabúsacht an chomhlachta a bheith i mbaol, de cheal aon chinneadh faoi mhaoiniú.
struchtúir ghramadaí an-chasta very complicated grammatical structures
" Ba ghearr gur thuig mé go raibh struchtúir ghramadaí an-chasta sa Ghaeilge, nach mbeadh sé éasca í a fhoghlaim agus go dtógfadh sé neart ama agus diongbháilteachta chun mo chuid féin a dhéanamh di.
ag brath ar na struchtúir agus na hinstitiúidí depending on the structures and institutions
" Más fíor an méid sin, cén seans atá ag foireann as Baile Átha Cliath briseadh tríd an doras agus páirt a ghlacadh sa chóisir mhór? Tá a lán ag brath ar na struchtúir agus na hinstitiúidí i mBaile Átha Cliath agus i gCLG i gcoitinne.
na struchtúir bhainistíochta the management structures
" Caithfear athruithe a dhéanamh ar na struchtúir bhainistíochta i gCLG fosta – tá siad seanfhaiseanta faoi láthair.
na struchtúir mhaoinithe the funding structures
" Is iad na dúshláin is mó atá anois ann, dar leis, ná an lucht féachana a mhéadú, na struchtúir mhaoinithe a chur in oiriúint don tseirbhís agus scileanna na seirbhíse a fhorbairt i gcúrsaí reatha agus nuachta.
Ag barr an struchtúir shuntasaigh seo at the top of this prominent structure
" Ag barr an struchtúir shuntasaigh seo tá an abairt Pholainnise “Nasz Los Dla Was Przestroga”, “ár gcinniúint mar rabhadh daoibh”.
chun struchtúr a chur ar a gcuid foghlama. to structure their learning
" Ach bhí sé de mhíbhuntáiste ag na daoine a d’fhreastail ar na ranganna seo nach raibh córas ar bith ann chun aitheantas a thabhairt don dul chun cinn a bhí déanta acu nó chun struchtúr a chur ar a gcuid foghlama.
ar bharr an struchtúir, at the top of the structure
" Bhí duine amháin i mbun gach coise agus triúr ar bharr an struchtúir, a rinneadh sa bhFrainc as cruach agus adhmad.
an struchtúr is airde ar domhan the highest structure in the world
" Tá an chuma ar an scéal, a deir Dáithí Ó Colchúin, go gcuirfear tús leis an obair ar an struchtúr is airde ar domhan i New South Wales gan mhoill, scéim a chosnóidh beagnach billiún dollar.