Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
as a stuaim féin on their own initiative
" Ciallaíonn seo go bhfuil páistí lucht labhartha Gaeilge i dtimpeallacht Bhéarla cuid mhaith, go dtí go sroicheann siad aois scoile - na blianta is tábhachtaí ó thaobh shealbhú teanga! De bharr easpa ama, leis, ní bhíonn fonn rómhór ar thuismitheoirí tabhairt faoi imeachtaí a eagrú as a stuaim féin agus cé gur buntáiste an-mhór don eagraíocht go bhfuil beirt fostaithe go lánaimseartha, ní maith an rud go mbeadh aon eagras deonach ag brath rómhór ar fhostaithe.
a tháinig i dtreis as a stuaim féin self-made
" Dá bharr seo, b'iomaíocht idir dhá phearsantacht a bhí san fheachtas sa deireadh, idir Berlusconi, fiontraí a tháinig i dtreis as a stuaim féin, agus Rutelli, polaiteoir níos óige agus níos plásánta.
as a stuaim féin by his own initiative
" Dá bharr seo, b'iomaíocht idir dhá phearsantacht a bhí san fheachtas sa deireadh, idir Berlusconi, fiontraí a tháinig i dtreis as a stuaim féin, agus Rutelli, polaiteoir níos óige agus níos plásánta.
as a stuaim féin by his own initiative
" Ba chóir don fhoghlaimeoir na focail nua a mharcáil le peann agus iad a chuartú i bhfoclóir Néill Uí Dhónaill, ach thar aon rud eile ba chóir dó a mharana a dhéanamh ar achan struchtúr teanga nó teilgean cainte a thuigeanns sé, siúd is go bhfuil a fhios aige nach dtiocfadh leis a leithéid a rá ná a scríobh as a stuaim féin.
as a stuaim féin by their own initiative
" Feiceann daoine céard atá déanta ag an CLG as a stuaim féin agus nuair a fhéachann duine ar Pháirc an Chrócaigh tuigeann sé/sí gurb é an CLG an eagraíocht spóirt is mó cur chuige agus is fadradharcaí sa tír agus b'fhéidir san Eoraip.
as a stuaim féin by himself
" D'fhoghlaim sé an phíb uilleann as a stuaim féin trí bheith ag éisteacht le téipeanna ríl go ríl de Patsy Touhy, Tom Ennis agus Leo Rowesome.
as mo stuaim féin by my own initiative
" Ceann de na rudaí ba shuimiúla a tháinig as an gcuid seo den chomhrá ná nuair a dúirt sí gurbh é sin an chéad chinneadh riamh a rinne sí di féin, "an chéad uair riamh gur ndeineas aon tsocrú as mo stuaim féin gan díreach ligint le sruth agus glacadh le pé cúinsí a tháinig romham.
as a stuaim féin by its own initiative
" Tá an BBC ag geallstan go mbeidh iarratas ar bith a chuirfear chuig an Chiste Craolacháin sa bhreis ar chláracha ar bith a dhéanfaidh an BBC as a stuaim féin," arsa Aled.
as a stuaim féin by their own initiative
" "Ba mhaith liom go n-imeodh na daoine seo as a stuaim féin má tá siad freagrach as na hionsaithe nó as an drochíde," arsa an Comhairleoir Stoker, abairt a bhí cosúil leis an abairt ag tús an ailt seo.
as mo stuaim féin by my own initiative
" Ar ndóigh, bhí an leabhar ar an tseilf i mo sheomra ar feadh cúpla mí go dtí go ndeachaigh mé ar ais go dtí A Coruña agus bhain mé triail as cúpla ceacht a dhéanamh as mo stuaim féin.
as a stuaim féin by their own initiative
" Fiú má bhíonn muid beirt as láthair, bíonn na mic léinn ábalta leanúint ar aghaidh as a stuaim féin.
stuaim sound character
" Cuireadh tús le scoláireacht bhliantúil ina sheanscoil, Sewenhaka, le bronnadh ar na scoláirí is mó a mbaineann na tréithe leo a bhí go smior i McEneaney: ionracas, macántacht, taise agus stuaim.
dá stuaim féin by her own initiative
" Bhí sé soiléir don saol mór nár thug Joanne an ráiteas do na Gardaí dá stuaim féin ach go rabhthas tar éis brú éagórach a chur uirthi agus go raibh na Gardaí anois ag insint bréag ag iarraidh iad féin a chosaint.
stuaim levelheadedness
" Níos mó ná riamh tá gá le ciall agus stuaim i gCLG agus córas atá soiléir agus atá dian ar lucht calaoise, agus, mar a scríobh Joe Lennon, iarpheileadóir cáiliúil de chuid an Dúin, chuideodh sé go mór le feabhas na gcuichí Gaelacha dá nglacfadh imreoirí leis na rialacha agus dá gcuirfeadh réiteoirí i bhfeidhm iad.
as a stuaim féin by his own initiative
" Is cinnte gur mór is fiú an saothar seo agus tá moladh mór ag dul do Mhícheál Mac Giolla Easpuic, a bhailigh an t-ábhar seo as a stuaim féin sna blianta nuair nach raibh trealamh fóirsteanach ar fáil nó, in amanna fiú, an oiread sin measa ar an obair a bhí ar bun.
as a stuaim féin by his own initiative
" Is cinnte gur mór is fiú an saothar seo agus tá moladh mór ag dul do Mhícheál Mac Giolla Easpuic, a bhailigh an t-ábhar seo as a stuaim féin sna blianta nuair nach raibh trealamh fóirsteanach ar fáil nó, in amanna fiú, an oiread sin measa ar an obair a bhí ar bun.
as a stuaim féin by their own initiative
" Tar éis an tsaoil, tá go leor fianaise a léiríonn nach raibh an Brainse Speisialta ag obair as a stuaim féin le linn na dTrioblóidí agus go raibh siad á dtreorú ag Seirbhísí Rúnda na Breataine, leithéidí MI5.
as a stuaim féin by their own initiative
" Tar éis an tsaoil, tá go leor fianaise a léiríonn nach raibh an Brainse Speisialta ag obair as a stuaim féin le linn na dTrioblóidí agus go raibh siad á dtreorú ag Seirbhísí Rúnda na Breataine, leithéidí MI5.
dá stuaim féin by his own initiative
" Dár ndóigh, d’fhéadfadh sé gur poblachtánach nach bhfuil spéis aige i straitéis Shinn Féin – ag gníomhú dá stuaim féin - a mharaigh Donaldson.
as mo stuaim féin by my own initiative
" ’ ‘B’fhearr liomsa,’ arsa Liam, ‘an mullach a shroicheadh as mo stuaim féin.
obair bhreise as a stuaim féin. extra work by their own initiative.
" Is cinnte go ndéanann imreoirí na gcluichí Gaelacha obair bhreise as a stuaim féin.
as a stuaim féin by itself
" AÓF: An dtagann an t-amhrán chugat as a stuaim féin in aon gheábh amháin nó an mbíonn ort a bheith ag obair air agus ag sracadh leis? ENíC: Bíonn sé difriúil chuile uair.
nach bhfuil pioc stuaime ag baint leis, who hasn't got any cop-on
" Is iomaí rothaí nach bhfuil pioc stuaime ag baint leis, gan amhras, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil gach rothaí ciontach as botúin an mhionlaigh.
as do stuaim dheonach féin of your own free will
" Tagann na páistí ar an saol (altú do Dhia as gach duine acu), tugann tú aire dóibh, cuireann tú oiliúint orthu agus – agus tá seo iontach tábhachtach ag an athair comhaimseartha – caitheann tú am, as do stuaim dheonach féin, ag súgradh leo.
as a stuaim féin all on his own bat
" Agus é fós ar an mbunscoil, rinne sé cinneadh as a stuaim féin go rachadh sé ar Choláiste Iarfhlatha i dTuaim le haghaidh a chuid meánoideachais seachas ar an scoil áitiúil ar an gCeathrú Rua in éineacht lena chairde.
An sup in áit na stuaime a drop too much
" An sup in áit na stuaime Níor luaithe trácht ar an tseiris thart ná go raibh leathghloine de Champagne Pol Roger os mo chomhair amach.
bandia na stuaime the goddess of prudence
" Chlaon bean mheánaosta - bandia na stuaime b’fhéidir! - a ceann i mo leith is dúirt go cneasta, “ní cúrsa ólta fíona é seo ach cúrsa blaiseadh fíona.
as a stuaim féin on their own bat
" “Ag deireadh 2005, bhí na hIosraelaigh díreach i ndiaidh tarraingt amach as Gaza, bhain siad féin na lonnaíochtaí midhleathacha anuas as a stuaim féin agus bhí an dóchas forleathan go raibh réiteach ar na gaobhair.
as a stuaim féin on its own
" Measadh go mbeadh rialtas náisiúnta in inmhe dul i ngleic leis na ceisteanna seo ní b’fhearr ná na coilíneachtaí a bheith ag obair as a stuaim féin.
as a stuaim féin on his own (bat)
" Cheap Ísiltírigh nár aontaigh leis go n-imeodh sé as a stuaim féin, go gcaillfeadh na daoine a d’aontaigh leis spéis ann nó go dtuigfidís gur amadán críochnaithe a bhí ann.
as a stuaim féin on their own bat
" Ná dearmad go bhfuil straitéis fiche bliana againn, níl a leithéid i Nua-Bhrunsuic, deir sé go ndéanann chuile rannóg an méid is féidir leo as a stuaim féin chun an teanga Fraincise agus an tsaíocht a bhaineann léi a fheabhsú, ach níl aon straitéis chomhtháite amháin ann.
a laghad stuaime whatever iota of sense
" Má léim alt eile i nuachtán faoina sciobtha is a bhriseann scéalta nuachta ar Twitter, Facebook is ar YouTube caillfidh mé a laghad stuaime is atá fanta ionam.
stuaim good sense
" Castar gach fonn le dearfacht agus le stuaim– tréithe nach mbíonn ach ag an té a thuigeann idir áilleacht agus chruálacht an tsaoil.
de stuaim good sense, prudence
" Bhí sé chomh fada ó bhí siad i dteach nach raibh sé de stuaim iontu an doras a oscailt agus siúl isteach.
baothchaint gan stuaim nonsensical talk
" Dá n-abródh Robinson go soiléir leis an lucht éisteachta nár cheart dá pháirtí a bheith in éadan Acht Gaeilge, go gcuirfí tithíocht ar fáil do Chaitlicigh, ar mó a n-éileamh ar a leithéid, i gceantracha "Protastúnacha", nár cheart go siúlfadh an tOrd Oráiste áit ar bith nach raibh fáilte rompu, bhuel, sin teachtaireacht ar fiú éisteacht leis, ach ní bhfuair muid ach baothchaint gan stuaim, cnámharlach gan feoil.
stuaim éigin some sense
" Dá dtabharfaí an vóta dóibh, bheadh stuaim éigin leis an tseift seo agus muid ag impí cabhrach orthu, ach muid, ar an láimh eile, in éis an tsúil dall a thabhairt daofa, sin scéal eile!
Ní den Stuaim an Seanscéal an old story is not the wise thing to use
" Ní den Stuaim an Seanscéal =========== Tá ionann is scór bliain ann mar sin ó baineadh Peig den Ardteist.
braon a ól le STUAIM one can drink sensibly
" Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
ag foghlaim as mo stuaim féin learning on my own
" Cheannaigh mé leabhar agus dlúthdhiosca agus thosaigh mé ag foghlaim as mo stuaim féin.
ré na stuaime age of reason
" Má ba ea, ba é an 18ú haois ‘ré na stuaime’ freisin, agus níorbh fhada gur thosaigh feachtais in aghaidh na sclábhaíochta.
as a stuaim féin on their won bat
" Tugann an fhianaise le fios nach n-athróidh na corparáidí móra seo béasaí as a stuaim féin.
mbíonn an stuaim ar iarraidh ina leith where common sense is missing in regard to i
" Ceann de ghnéithe na hÉireann is mó a mbíonn an stuaim ar iarraidh ina leith, b’fhéidir gurb í an teanga seo í, nó go baileach, dearcadh an Bhéarlóra i leith agus i gcoinne na teanga seo, an Ghaeilg.
nach bhfuil stuaim sa deargnaimhdeas that outright enmity ... isn’t sensible
" Ciotaíl Chainte agus Loiceadh na bPáirtithe ============= A bhuí den Uasal Ciotach, gabh mo leithscéal, Chittick, nuair a chuirtear an scéal chun seafóide uilig uilig, feictear do dhaoine, dá ndaille iad an chuid eile den am, nach bhfuil stuaim sa deargnaimhdeas do theanga ar bith seachas a chéile.
As do Stuaim Féin on your own
" As do Stuaim Féin ====== Murar spéis leat dul le cumann ar bith mar oibrí deonach, is furasta do mhaith féin a roinnt ar an dream gan dídean.
stuaim agus samhlaíocht sense and imagination
" Buíochas le Dia, tá stuaim agus samhlaíocht ag scaifte nua na Seanturas, bíodh nach bhfuil acu pingneacha.
easpa stuaime lack of tact, sense
" Bí ag caint ar easpa stuaime.
in ann obair as a stuaim féin able to work on their own bat
" Féadfaidh an obair a bheith saghas uaigneach fosta ach dar léi, is gairm í ar cheart do dhaoine óga pointeáilte atá in ann obair as a stuaim féin, agus atá ag iarraidh a bheith ag cur snas agus feabhas ar a gcuid Gaeilge an t-am uilig a bheith ag smaoineamh uirthi - go háirithe má tá fonn taistil orthu.
as a stuaim féin on their own bat
" Sna ‘seanlaethanta’ d’fhoghlaim leithéidí Harry Bradshaw, Christy O'Connor, Eamonn Darcy agus go leor galfairí eile scileanna an ghailf as a stuaim féin – thosaigh go leor acu amach ina gcodaithe agus iad ina ngasúir, ag iompar málaí gailf an uasaicme ar mhaithe le cúpla pingin a thuilleamh, agus chuir siad suim sa chluiche de bharr na taithí sin.
as a stuaim féin on their own (bat)
" Ó seoladh Slí an Atlantaigh Fhiáin i mí Feabhra seo caite tá comharthaí beaga gorma le feiceáil ó cheann ceann cósta an iarthair chun turasóirí a threorú go céibheanna iargúlta agus go bóithríní beaga uaigneacha nach mbeidís ábalta a aimsiú as a stuaim féin.
as a stuaim féin on their own bat
" Maidir le Tuarascáil Saville, deir sé gur deacair a chreidiúnt, gur tharla sléacht Dhoire mar gheall nár chloigh oifigeach airm amháin le horduithe agus de dheasca saighdiúirí a bheith ag marú as a stuaim féin, rud a thugann Saville le fios.
dá stuaim agus dá héirim uasal of her dignity and her noble instinct
" Mar chloch ar charn Mháire Nic Suibhne-Brugha a scríobh Pat Butler an t-alt seo, alt a léireofas don ghlúin óig aníos blas éigin dá stuaim agus dá héirim uasal.
As a stuaim féin on their own bat
" As a stuaim féin a chuaigh Briotánaigh agus Gailísigh thar lear i mbun na peile gaelaí.