Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a suáilcí her charms
" Admhaím go raibh mé meallta ag a suáilcí ar tús.
suáilce virtue
" Agus céard faoi spórt mar chaitheamh aimsire, mar iomaíocht fhéaráilte, mar iarracht mhacánta chun an bua a fháil, agus cailleadh le honóir agus suáilce.
suáilcí simplí an tsaoil the simple pleasures of life
" "D'imigh an lá a raibh páistí ábalta am a bhaint as suáilcí simplí an tsaoil.
suáilcí virtues
" Ach cá leandálann siad chun pluais éalaithe a bhunú ach ar dhíon tí Roman, áit ina socraíonn siad isteach i bpoball beag oráiste! Tá féith ghrinn ag Neranjo, i dtaca le suáilcí eile, is léir.
suáilce pleasure
" Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin in aitheasc a thug sé do Bhord Údarás na Gaeltachta, ar an 15 Nollaig 2005, gur “beag suáilce nó sochar, sonas nó gradam nach bhfuil bronnta go hoifigiúil ar an teanga seo ar bhealach amháin nó ar bhealach eile agus muid ag tabhairt aghaidh ar na deich mbliana cinniúna seo romhainn amach, idir 2006 agus 2016.
suáilcí delities, goodies
" Is léir nach bhfuil pobal labhartha na Gàidhlige ag maireachtáil ach ar an ghannchuid le hais na suáilcí atá ag pobalteanga na Gaeilge.
thábhacht shuáilce na humhlaíochta the importance of the virtue of humility
" Seoladh an fear bocht isteach i mainistir le machnamh domhain a dhéanamh ar thábhacht shuáilce na humhlaíochta, agus le go mbeadh deis aige breith ar a aiféala.
samhlaítear suáilce pholaitiúil leis an gcur chuige sin ana-mhinic that approach is very often seen to be a political virtue
" Go deimhin, má bhaintear na spriocanna polaitiúla amach trí bhíthin an Tadhg-an-dá-thaobhachais réamhluaite, samhlaítear suáilce pholaitiúil leis an gcur chuige sin ana-mhinic.
na suáilcí is na duáilcí a bhaineann leis an imirce the blessings and failings of emigration
" Téann na suáilcí is na duáilcí a bhaineann leis an imirce i gcion ar gach duine, idir fhir is mhná, ó liath go leanbh, agus is iomaí buntáiste agus míbhuntáiste a roinneann gach duine a thugann faoi thuras thar lear, pé inscne atá i gceist.
Sheacht Suáilce an Rialtais the government’s seven virtues
" Nóta: Cuirfear fáilte roimh mholtaí na léitheoirí maidir le taighde le haghaidh alt eile faoi 'Sheacht Suáilce an Rialtais' i leith na Gaeilge.