Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhionchultúr suaithinseach distinctive minority culture
" Is sampla maith é Meiriceá Apaláiseach de mhionchultúr suaithinseach.
suaithinseach distinctive, unusual
suaithinseach distinctive
" Is iad na tréithe a bhaineann linne mar dhaoine, ár dteanga agus ár gcultúr suaithinseach, a mheallfaidh turasóirí go hÉirinn - ní na cosúlachtaí idir an tír seo agus Las Vegas nó Londain.
shuaithinseach distinctive
" Ina n-intinn siúd, níor deineadh coilíniú orthu riamh - maireann siad trí mheán a dteanga féin, tá siad ceangailte go láidir lena gcultúr agus stair shuaithinseach féin.
atmaisféar seachránach agus suaithinseach a straying and distinctive atmosphere
" Labhraím léi féin agus le Rossa faoin gceol a mbím ag éisteacht leis - ceol domhanda, ceol éadrom rithimeach, ceol dainséarach agus ceol cliste a bhfuil atmaisféar seachránach agus suaithinseach ag baint leis, mar atá i gceol Manu Chao.
suaithinseach distinctive
" Teach suaithinseach is ea Raheem Residency, a bhfuil stair choilíneach ag baint leis: bhí teaghlach rathúil Indiach – a bhí ag gabháil do thrádáil teicstílí – ina chónaí ansin ar feadh na mblianta.
suaithinseach remarkable
" Agus sin mar a thagaimse isteach san scéal!I dteannta le Mick agus bean suaithinseach, an tOllamh Lizbeth Goodman ó SmartLab, táimse tar éis a bheith bainteach le hiarrachtaí an deis seo a chur ar fáil dóibh trí obair leis an My Tobii.
shuaithinseach noticeable
" Is deas an rud é aitheantas a bhaint amach i ngeall ar do chuid buanna – nílim á shéanadh sin – ach nuair a cheapann na páistí bunscoile gur dia beag é Simon Cowell, is follas go bhfuil fadhb ann! Le tamall de bhlianta anuas, tá déithe bréige déanta de mhainicíní, d’aisteoirí, agus fiú de ‘réaltaí’ Big Brother nach bhfuil tallann shuaithinseach ar bith léirithe acu.
shuaithinseach special
" DuaiseannaBeidh cúigear buaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire, a chuimsíonn dhá dhiosca, ó Kíla, dar teideal: The Best of Kíla – Rogha Breis agus fiche bliain de bheith ag bualadh ceoil, seo rogha de na rianta is fearr ón mbuíon shuaithinseach seo.
suaithinseach iconic
" Ba é Coimisineir na hEorpa, An tUasal Johannes Hahn a d’oscail an droichead suaithinseach seo agus dúirt sé go raibh sé mar sprioc ag an Aontas Eorpach tacú le muinitir Thuaisceart Éireann ina n-iarrachtaí chun maireachtáil le chéile ar bhonn síochánta.
an-suaithinseach very remarkable
" Baineann rud éigin an-suaithinseach lena huaigh.
b’uirlisí suaithinseacha remarkable instruments
" Bhraith mé féin nach raibh móran iarrachta déanta agam agus mé ag dul timpeall sna flip fleapanna an t-am ar fad, gan rian de smideadh ar m’aghaidh! Deighilt le Feiceáil ========== Ní ar thóir na siopadóireachta a bhí muid i Singeapór ach b’uirlisí suaithinseacha iad na foirgnimh phoiblí le saíocht agus seandeighilt na cathrach sin a léiriú.
ba shuaithinsí sna drámaí éagsúla most remarkable in the various dramas
" Le linn tréimhse na coimhlinte géire idir foireann peile Átha Cliath agus foireann peile Chiarraí a mhair ar feadh deich mbliana ó 1975 go dtí 1985, bhí Páidí Ó Sé ar na pearsana ba mhó agus ba shuaithinsí sna drámaí éagsúla a thit amach aon uair a casadh an dá fhoireann ar a chéile.
Is é an ghné shuaithinseach seo this phenomenon is
"Is é an ghné shuaithinseach seo, an tsiocair imní ba mhó a bhí ag Chantal Jouanno agus bliain ina dhiaidh, tá seanad na Fraince uile ina aghaidh.