Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
obair shuarach dirty work
" Bás nádúrtha? B'fhéidir é, ach cé chomh nádúrtha is a bhí an saol a chaith sé anseo i measc na milliúnaithe? Is iad na hÁisigh - Indiaigh, Pacastánaigh, Filipínigh - a dhéanann an obair shuarach i nDúbai, a ghlanann suas inár ndiaidh.
Cleas suarach petty trick
" Cleas suarach atá ann, sa gcomhthéacs sin, teacht chun fóirithinte ar dhaoine le bia i bhfoirm GMO amháin, agus úsáid a bhaint as ocras na mbochtán chun an bia nua seo a scaipeadh.
suarach paltry
" An urraíocht atá againn d'Fhéile Bhealtaine tá sí suarach, rud a fhágann gur orainn féin a thiteann na costaisí le haghaidh cuid mhaith de na comórtaisí.
shuarach mean
" Ní raibh agamsa ach mo shreamróg bheag shuarach agus caithfidh mé a rá gur mhór an faoiseamh domh é.
ag saothrú pingneacha suaracha earning bad money
" Bheadh trua agat do na leaidíní beaga a bhíonn ag saothrú pingneacha suaracha ag díol cártaí poist ar an láthair seo.
an saol suarach sclábhaíochta the wretched life of slavery
" Bheadh trua agat do Griet agus an saol suarach sclábhaíochta atá aici.
Suarach contemptible
" "Suarach" agus "masla" a thug daoine eile air, ina measc bean atá ag lorg airgid lena hathair atá anois 75; tógadh óna mhuintir féin é nuair a bhí sé 13 agus chaith trí bliana déag ag obair ar fheilm agus gan pingin pá aige dá bharr.
postanna suaracha lowly jobs
" Ach tá go leor bochtanais sa bhaile chomh maith mar go dtagann go leor daoine a dhéanamh postanna suaracha sna hóstáin agus mar sin de.
pinsean suarach paltry pension
" Beidh orthu a gcuid airgid taisce a chaitheamh sula rachaidh siad ar pinsean suarach nach gceannóidh ticéad don phictiúrlann dóibh fiú.
suarach petty
" Agus ní féidir a shéanadh go gcosnaíonn sé an t-uafás airgid scoileanna a reáchtáil, agus nuair nach bhfuil an t-airgead ansin - cé gur suarach an pá a fhaigheann an fhoireann i scoileanna Caitliceacha na Stát Aontaithe - is gá roghanna deacra a dhéanamh.
pá suarach bad pay
" Ar ndóigh is de bharr fóirdheontas san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe agus pá suarach sa tSín a tharlaíonn a leithéid.
shuarach petty, mean
" Ba shuarach an mhaise é aird a tharraingt ar an scoláire bocht seo nach ndearna a dhath as bealach ach go raibh sé de mhí-ádh air gur mac é le duine de na dúnmharfóirí ba bhrúidiúla i stair na hÉireann.
go suarach in a petty way
" ” Fiafraím di an bhfuil dianiomaíocht idir láithreoirí teilifíse agus an gcaitheann daoine go suarach lena chéile uaireanta dá bharr.
go suarach meanly
" Bhí an dearg-ghráin ag go leor de náisiúnaithe na sé chontae ar an eagras sna nóchaidí de bhrí gurbh é rialtas na Breataine a chuir maoiniú ar fáil dó ag an am agus chaith go leor acu go suarach leis an té a bhí agus atá i gceannas air, an Béal Feirsteach Aodán Mac Póilín.
ón sprionlaitheoir suarach sramach sin from that mean slimy miser
" “Do bharúil anois cén áit, a Bhaloir? Nach n-aithníonn tú do liosta aidiachtaí féin? Ghoid mé iad amach as alt de do chuid ar *Beo Ar Éigean*! Cá háit eile a bhfaighfeá Gaeilge chomh galánta nó chomh snasta? Dála an scéil, tá súil agam go bhfuil tú ag fáil luach do shaothair ón sprionlaitheoir suarach sramach sin Ó Doornail.
an pholaitíocht shuarach sin those petty politics
" ” Agus cén fáth a mbíonn an pholaitíocht shuarach sin i gceist i gcoláistí tríú leibhéal? “Ceist mhaith.
slisín beag suarach a small petty slice
" Ar ndóigh, ní fhaigheann na meáin Ghaeilge ach slisín beag suarach den fhógraíocht a dhéanann Rialtas na hÉireann sna meáin chlóite agus caithfear sin a chur ina cheart fosta.
acmhainní suaracha. mean, slim, petty resources
" Is cinnte gur rith an smaoineamh céanna le Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Néill agus daoine eile nach iad a raibh dlúthbhaint acu le blianta luatha an nuachtáin agus iad ar a mine ghéire á chur amach ar acmhainní suaracha.
lena leithéid de ghníomh suarach? with such a petty act?
" Ar saoradh tír ar bith ón daorsmacht lena leithéid de ghníomh suarach? *Jaw-jaw* duine ar bith? ***************** Anois agus Ian Paisley éirithe as an pholaitíocht – rud a rinne sé ag deireadh na míosa seo caite – tá sé le dírbheathaisnéis a scríobh.
suarach paltry
" Tá iarsmalann bheag ann, agus eolas (suarach go maith, mar a tharlaíonn) ar an Manainnis ach bímis ag súil go gcuirfear leis in imeacht ama.
i gcoinne an chúitimh shuaraigh against the petty compensation
" A gcoir? Lorg siad cead le hagóid a dhéanamh i gcoinne an chúitimh shuaraigh a thug Rialtas na Síne dóibh cúpla bliain ó shin i ndiaidh gur glacadh seilbh ar a dteach le haghaidh forbartha uirbí.
troscán suarach plaisteach shabby plastic furniture
" Bhí an tobar fós scriosta, ach bhí troscán suarach plaisteach curtha thart timpeall na háite – bhí táblaí picnic agus binsí scaipthe timpeall ón charrchlós atá píosa beag suas an cosán.
Is suarach an mhaise é this is atrocious behaviour
" Is suarach an mhaise é seo do stát a bhíonn de shíor ag maíomh faoi ‘gheilleagar eolasbhunaithe na hÉireann’ agus is cinneadh é a íocfar go daor as lá níos faide anonn.
ba shuarach it was contemptible
" Ba thruamhéalach an ráiteas a cuireadh amach gur “comhoibrithe leis an namhaid” a bhí sna fir pizza agus ba shuarach é daoine a mharú in imeacht chomh coitianta sin, ag glacadh le greim gasta.
mbruachbhaile suarach a dilapidated suburb
" Léirmheas na Míosa ‘*Let the Right One In*’ (2008) Kare Hadebrant OskarLina Leandersson EliPer Ragner Hakan Johan Soderqvist CeolHotye van Hoytem Ceamara Tomas Alfredson Stiúrthóir Suite i mbruachbhaile suarach i Stockholm sna luathochtóidí, is scéal fíorshímplí ar shlí amháin é ‘*Let the Right One In*’ faoi bhuachaill óg dhá bhliain déag a thiteann i ngrá leis an chailín nua a bhogann isteach béal dorais.
tuarastal suarach piteous wage
" I dtaca leis an Guinness, is é a deir sé: “Bíonn blas ar an bheagán, go háirid ar an bheagán a bhímse in ann a cheannach ar an tuarastal suarach a fhaighim ó Beo Ar Éigean! ón am ar tháinig Sturmbanfuhrer Josef Mac Slua Muirí mar eagarthóir ar an liarlóg seo.
cheisteanna shuaracha petty questions
" Tá sé thar am freisin go ndéanfaí iarracht an nasc a bhriseadh idir cheisteanna shuaracha áitiúla agus baill an oireachtais.
Ba shuarach an mhaise é it ill became him
" Ba shuarach an mhaise é, áfach, stop a chur le forbairt ionad uathachais trasteorann, de cheal airgid.
suaracha piteous
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
a shuaraí how piteous
" Ní hé a méid a chuirfeadh brón ort ach a dhonacht is a shuaraí is atá an saol iontu.
suarach piteous
" Balor: Bail ó Dhia air mar thuarastal beag baoideach suarach! Ach, inis dom anois cé mhéad de dheontas a fuair tú i mbliana, a eagarthóir.
suarach piteous
" Nuair is in ísle brí ar fad atáim casaim ‘Window To Paris’ le Yuri Mamin (1993) – pléaráca ceart faoi dhornán beag Rúiseach ar féidir leo dreapadh caol díreach isteach i bPáras mealltach na mbrionglóidí trí fhuinneog a n-árasán suarach i gCathair Naoimh Peadar! Mairid idir ganntanas na scuainí vodca sa bhaile agus an rabharta raidhsiúil thar lear.
suarach dirty
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
ba shuaraí most contemptible
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
níos suaraí more despicable
" Scríobh mé faoi ghníomh míchlúiteach Thierry Henry san eagrán deireanach de Bheo, ach le fírinne ní fhaca mé gníomh níos suaraí (seachas an mhéar a shá i súil imreora eile mar a tharlaíonn sa rugbaí) in aon chluiche ná iománaí ag tarraingt nó ag brú clogad a chéile comhraic nó ag scaoileadh smigiris an chlogaid d’aon turas le linn na himeartha le cur as dó.
suaracha contemptible
" Creideann cuid mhór daoine - mé féin ina measc - gur cuspóir uasal é sin ach go bhfuil sé faoi smál ag modhanna suaracha lucht an fhoréigin.
suarach piteous
" Saol faoi Eagla === Fágann an fhíric aonair sin gur suarach an saol a bhíonn ag roinnt mhaith inimirceach neamhrialta.
díoltas suarach piteous revenge
" Ach cén mhaith an díoltas suarach sin má tá an domhan caillte againn?
ba shuaraí most petty
" Dar le McAliskey gur thuig Aontachtaithe sin agus gurb shin é an fáth a raibh siad chomh diongbháilte sin in éadan an leasaithe ba shuaraí.
Árasán suarach a wretched flat
" Árasán suarach, seó cluiche gan dealramh ar an teilifís, eisean ag féachaint air.
shuaracha wretched
" Nach iad go deimhin an drong óigfhear síceapatach scaipthe céanna atá ina scáil dhubh ar shráideanna shuaracha Luimnigh agus Bhleá Cliath againn féin le blianta beaga anuas? Ach tá an mháthairphearsa seo ar scála lasmuigh fiú amháin den mhínádúrthacht choiteann – ise an ais ar a chasann an t-olc breoite uile.
Gníomh suarach a mean deed
scéil shuaraigh piteous matter
" Ach ó thús an scéil shuaraigh seo, theip ar Cowen dul i gceannas ar chúrsaí.
is suarach it’s miniscule
" I ndáiríre, is suarach an tsuim airgid é 25 milliún i ré seo na mbilliún, agus ar aon chaoi, ba chóir nach mbeadh an costas róthábhachtach mar shlat tomhais ar dhearadh ár gcuid foras daonlathach.
suaracha petty
" Bhí gnéasúlacht éigin ag baint le bheith ag tuairisciú ar an uafás is déanaí i súile aicmí áirithe ach anois, le theacht na síochána, ní bheadh le déanamh acu ach a bheith ag scagadh mionchúrsaí suaracha Stormont i bhfad ó bholadh an cordite.
shlumaí suaracha piteous slums
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
suaracha mean, contemptible
" Tá go leor daoine sásta scéalta suaracha faoi dhaoine cáiliúla a léamh, beag beann ar na healaíona dorcha a úsáideadh le teacht orthu.
domhan suarach an bhochtanais desperate world of poverty
" An féidir leis an bhfear truamhéalach seo sparán a chruinniú, ar ais nó ar éigean, a thabharfaidh aire dóibh agus é ar shlí na firinne? Seo domhan suarach an bhochtanais.
gníomh suarach base deed
" Anois, agus Oifig an Choimisinéara Teanga le caitheamh i dtraipisí, tá Balor den bharúil láidir gur peaca an-mhór é an gníomh suarach seo; ach nach bhfuil ann ach mionpheaca, i ndáiríre, i gcomórtas lena bhfuil curtha ina áit.
chúng shuarach narrow, piteous
" I seomra beag cúil ar an dara hurlár de theach beag bídeach i gcúlshráid bheag chúng shuarach i dTuaisceart lár na Cathrach Cois Life, a tháinig Balor ar an Choimisinéir Fiacla.
shuarach contemptible
" Gan amhras, níl ciall ar bith, geilleagrach, cultúrtha nó polaitiúil leis an chinneadh shuarach seo.
Gníomh suarach a mean act
" Gníomh suarach a bhí ann ach bhí sé ar an bheagán mheancóg atá déanta ag an Ardmhéara Sinn Féineach 25-bliana d'aois - an tArdmhéara is óige riamh i stair na cathrach - ach má tá ciall ar bith leis an fhocal "athmhuintearas" is ins na gníomhartha beaga seo a chruthófar iad.
na sonraí suaracha a chíoradh to pore over the dirty details
" Ní gá na sonraí suaracha a chíoradh arís ach chun an scéal a ghiortú, seo mar a tharla.
gcábáin suaracha na móstán bréan piteous cabins in smelly motels
" Taistealaíonn an lucht féachana sa suíochán paisnéara leis ar bhóithrí intíre na gcoillte cúil, agus suímid lena thaobh i gcábáin suaracha na móstán bréan, gan de shócúlacht againn ach caochaíl Obama agus Palin ón teilifíseán sa chúinne.
a fhoclóir suarach ceolmhar his paltry musical vocabulary
" Gineann a fhoclóir suarach ceolmhar (*‘as the dimwit nobility now make reticent’; ‘Don't I yearn for the days when a draw across the throat made fucking resolution?’*) fuinneamh ar leith.
ba shuarach m'aird ar I paid no attention to
" Déanta na fírinne, ba shuarach m'aird ar an gcathair bheag chéanna murach gur thógas an seanghalar úd a chráigh daoine riamh anall, braistint an ghrá, rud a thug anseo mé tamaillín ó shin.
dtithe suaracha pathetic housing
" Áiteanna iad sin a raibh an iomarca daoine i dtithe suaracha, gan uisce reatha agus gan séarachas don chuid is mó.
mhaslach shuarach insulting and contemptible
" Chuir Máire Óg ar shúilibh Myers gur bholscaireacht dhubh Basil Clarke an méid a dúirt sé, agus nár mhaise do Myers ná don *‘Irish Times’* ocsaín na poiblíochta a thabhairt do shíoltheagasc phríomhbhréagadóir Fhaisnéis Mhíleata na Breataine in Éirinn sa bliana 1920, amhal dá mba fhíric na staire a bhí á foilsiú acu, seachas bréag mhór mhaslach shuarach.
ach fo-bholg suarach na cathrach but the dirty urban underbelly
" Ní seo Barcelona Gaudi ná Mesi, ach fo-bholg suarach na cathrach.
ag forbairt teanga le pinginí suaracha develop a language on a pittance
" Tá a fhios ag gach duine atá bainteach le cúrsaí Gaeilge agus le cúrsaí Gaeltachta nach féidir leat a bheith ag forbairt teanga le pinginí suaracha.
tuarastal suarach petty wage
" Is ar éigean atá muid in ann cúpla teach a choinneáil ag dul ar an tuarastal suarach a fhaigheann muid.
nuachtán beag suarach i dteanga mhionlaithe a small unimportant newspaper in a minoritized language
" Má tá teidil cháiliúla, fhadbhunaithe imithe ar shlí na fírinne, cén deis atá ag nuachtán beag suarach i dteanga mhionlaithe atá lonnaithe ar imeall na hEorpa? Nach leochaillí i bhfad iad foilseacháin sainspéise ar nós meáin chlóite na Gaeilge? Ach is míniú falsa é an díothú domhanda ar bhás an nuachtáin Ghaeilge.
de na hiamhbhailte shuaracha a bunaíodh of the piteous townships which were founded
" Tá an chuid is mó de na hiamhbhailte shuaracha a bunaíodh le linn aimsir na cinedheighilte fós ann.
champa suarach mianadóireachta sin this contemptible mining camp
" Ach bhí oilithreacht níos uilí á heagrú ag Langrishe freisin ós rud é gurbh eisean taidhleoir an ardchultúir, an tsiamsa agus an oideachais sa champa suarach mianadóireachta sin.
maslaí suaracha despicable insults
" Na Fo-Ghiolcairí ===== Níl i scéal Bates ach blaisín amháin den gclaonadh chun comhraic atá ag borradh ar líne agus go minic ní bhíonn ach maslaí suaracha le feiceáil sna hargóintí is teasaí.
an cheardlann bheag shuarach seo that small insignificant studio
" Is beag a shíl aon duine ag an am go dtiocfadh oidhreacht chomh saibhir fairsing sin amach as an cheardlann bheag shuarach seo agus mar chuid den oidhreacht sin go mbeadh L'Homme Qui Marche I , a díoladh ag Sotheby's i Londain ar $104.
nithe maslacha, suaracha insulting and petty things
" Nóta ón Eagarthóir: Chuir Beo! cosc ar Bhalor triall ar an Irish Fest i Milwaukee i mbliana mar gheall ar na nithe maslacha, suaracha a bhí le rá aige faoi dhuine mór le rá i saol na Gaeilge in eagrán na míosa seo caite.
an samhradh suarach seo this lousy summer
" Tá cruatan na múinteoirí ag goilliúint ar Bhalor, iriseoir an chroí bhoig mhaoithnigh, óir tuigeann sé go maith gur i muinín árasáin sa Bhulgáir a bheas roinnt acu an samhradh suarach seo.