Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
glan suas le mo bhéal right up to my face
" Dheimhnigh an Cairdinéal Deasóg Ó Conaill liom, glan suas le mo bhéal, nach bhfuil fírinne ar bith sa ráfla go bhfuil Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath ag comhoibriú leis an stáisiún teilifíse, Cainéal 4, sa tsraith úr cláracha atá beartaithe acu sin, sraith dar teideal 'Father Ped'.
glan suas le mo bhéal right up to my face
" Dheimhnigh an Cairdinéal Deasóg Ó Conaill liom, glan suas le mo bhéal, nach bhfuil fírinne ar bith sa ráfla go bhfuil Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath ag comhoibriú leis an stáisiún teilifíse, Cainéal 4, sa tsraith úr cláracha atá beartaithe acu sin, sraith dar teideal 'Father Ped'.
go gcaillfidh muid suas le leath ár dteangacha san aois seo that we'll lose up to half our languages in this century
" Measann sé go gcaillfidh muid suas le leath ár dteangacha san aois seo agus go bhfaighidh tuilleadh teangacha bás sa chéad aois eile, go dtí nach mbeidh fágtha ach 5 nó 10% den líon atá ann anois.
dreapadh suas le chéile, climbing up together,
" Bhain Jamie agus Keith an barr amach ag an am chéanna agus mar sin thosaigh mé féin agus Lyndsay ag dreapadh suas le chéile, agus b'fhéidir cúig mhéadar eadrainn.
Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain it is not unusual for asylum seekers to be waiting for as long as two years
" Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain sula ndéantar cinneadh maidir le cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu.
ceangailte suas le céibh tied in the harbor
" Tá sé chomh seafóideach an méid atá ag tarlú faoi láthair ó thaobh na timpeallachta, gan caint ar aon rud eile: báid ó tíortha eile (An Spáinn ar an gcuid is mó) in ann iascach amach ó chósta na hÉireann in uiscí na hÉireann a fhad is atá báid na hÉireann ceangailte suas le céibh.
Croch suas í le banlaochra eile rank her amongst heroines
" Croch suas í le banlaochra eile an cineama, ar comhchéim le haon cheann díobh.
suas is anuas le in or about
" Nuair a tháinig an t-idirlíon ar an saol, suas is anuas le fiche bliain ó shin, dúirt daoine áirithe go dtarraingeodh sé an cine daonna le chéile ar shlí úrnua – rud atá fíor go pointe is dócha.
cur suas le to suffer
" B’éigean don bhanríon cur suas le go leor i rith a saoil fhada, agus ansin agus í i ndiaidh seasca bliain a chaitheamh ag obair, cuireadh tuilleadh brú ar an bhean bhocht le linn na míosa seo a chuaigh thart.
ag mealladh suas le enticing up to
" Ó bhog muid isteach anseo, ba é an sprioc a bhí againn ná 20 rang agus 400 dalta ach i mbliana tá muid chun tosaigh air sin ag mealladh suas le 450 duine.
thiontaigh mé suas le dlíodóir agus abhcóide I arrived with a solicitor and a barrister
" "Mar sin, i ndiaidh bliana de bheith ag diúltú an chúirt a aithint, thiontaigh mé suas le dlíodóir agus abhcóide, rud a chuir na bleachtairí fríd a cheile ar fad! Cuireadh an cás ar athló agus tugadh chuig na cillíní mé áit ar dúradh liom go dtabharfadh na póilíní le fios go raibh mé ag sceitheadh scéalta ar mo chomrádaithe agus go raibh mé ag comhoibriú leo dá rachainn ar aghaidh leis an chás.
d’fhreastail suas le deich míle duine ar up to ten thousand attended
" I lomchodarsnacht le teirce an scaifte sin, d’fhreastail suas le deich míle duine ar na himeachtaí éagsúla ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne anuraidh – agus bhí an tOireachtas sin iontach pléisiúrtha chomh maith.
Lastar suas an scáileán le gae nó dhó gréine the screen lights up with a ray or a blast of sunlight
" Lastar suas an scáileán le gae nó dhó gréine nuair a thagann Anne ar ais chuici féin ó am go chéile.
tháinig sé suas le he caught up with
" Níor ghá dó ach an cosán dearg a leanúint, cosán a bhí breac le buidéil fholmha Coca Cola, agus níorbh fhada gur tháinig sé suas le Daidí na Nollag agus shuigh an bheirt acu síos cois na tine le tamall a chaitheamh ag bothántaíocht, ag béadán agus ag ráflach go míghreannach.
suas is anuas le something in the region of
" Is é Corn Ryder, ceann de na comórtais foirne is mó ar domhan, suas is anuas le 900 milliún a bhíos ag breathnú air.
inar maraíodh suas le ceathrú milliúin in which up to a quarter million (Guatamalans) were killed
" Mar thoradh ar an coup d’état seo, cuireadh tús le cogadh cathartha i nGuatamala a mhair ó 1960 go 1996 inar maraíodh suas le ceathrú milliúin Guatamalach.
le cúpla punt meáchan a chur suas to gain a couple of pound weight
" Bhí clú agus cáil ar sceallóga agus éisc Leo Burdock fiú in DC féin, agus bhí FLOTUS ag súil go mór le cúpla punt meáchan a chur suas… ar son na cúise.
faoin gcath a chuir sé suas le fanacht ina bheatha about his fight for life
" Bliain is fiche d’aois, 5’11” ar airde agus meáchan breá folláin 10 gcloch ann, ní bheadh a fhios agat ag breathnú ar Simon Metin faoin gcath a chuir sé suas le fanacht ina bheatha.
cur suas le scigireacht bheag chairdiúil suffer a little friendly bit of nagging
" Nach sílfeá go dtuigfeadh An Slua Muirí go dtiocfadh le <ainm ag an eagarthóir> cur suas le scigireacht bheag chairdiúil óna chara carthanach comhbhách Balor Neamhurchóideach Neamhchiontach Neamhchas Naíonda.
suas le sé mhí le coinne up to six months for an appointment
" Ainneoin sin, tá ceantair áirithe ina mbíonn daoine ag fanacht suas le sé mhí le coinne, mar is amhlaidh in Inis Eoghain.
suas is anuas le in or about
" Bhí gach gasúr ina mharcach agus ina chapall in éineacht agus ba iad gáirdíní na gcomharsan, suas is anuas le deich gcinn acu, an cúrsa agus b’iad na fálta a bhí idir na gairdíní na clathacha nó na sconsaí ar an gcúrsa rása.
bíonn orthu cur suas le they have to suffer
" Tá muintir na hAlban go láidir in aghaidh na dTóraithe agus is beag vóta a fhaigheann na Tóraithe sa tír sin, ach mar sin féin, bíonn orthu cur suas le rialtais na dTóraithe.
suas is anuas le close to
" Díoladh suas is anuas le milliún cóip de leabhar nuafhoilsithe sa Bheilg agus sa Fhrainc in imeacht ráithe agus cheannaigh PJ Mac Gabhann a chóip féin.