Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag suirí courting, love-making
" Táim anois i mo shaineolaí ar oifigí Shéarlais, gruagaire Diana, árasán Mohammad Al Fayed inar chaith Diana agus Dodi am ag suirí, cistiní na Banríona, agus seoid an turais - soláthróirí fo-éadaí na Banríona.
chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé he doesn't court with his money anyway
" "Sin an rud fá Frank," arsa sise léi féin, "chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé.
teannas suirí courting tension
" Cuireann an boladh cumhra agus Eau de Cologne leis an teannas suirí, ar ndóigh.
ag suirí leis an SDLP courting the SDLP
" Cé a bheas leis? ======= Tá Bairbre de Brún ag suirí leis an SDLP, ag iarraidh cleamhnas toghchánaíochta a oibriú amach, ag dúil go bhfaighidh beirt náisiúnaithe dhá thrian de na trí shuíochán atá ar fáil.
suirí courting
" Ainneoin áilleacht románsúil chaisleán Leeds, is beag suirí, gan a bheith ag caint ar shuirí phoiblí, a bheas ar siúl taobh istigh, ach tá na téarmaí réamhphósta le feiceáil.
ag suirí lena chéile courting
" Sin an comhartha is mó go bhfuil an DUP agus Sinn Féin ag suirí lena chéile agus go bhfuil socrú beagnach bainte amach, ach tá fadhbanna cruthaithe ag Paisley dó féin mar gur cháin sé David Trimble as an oiread dímhíleataithe a bhí ceannaire an UUP sásta cur suas leis.
shuirí courtship
" Chuir mé tús maith le caidreamh nua freisin agus, tar éis bliana de shuirí, lán de thurais eitleáin agus glaonna teileafóin go mall san oíche, d'fhág mé mo shaol míshásúil i Meiriceá agus bhog mé go Sasana chun mo chomh-Ghaeilgeoir dílis a phósadh.
aicearra na suirí lovers' lane
" Thart ar “aicearra na suirí” ba mhó a bhídís, dar leis.
caidreamh suirí a love affair
" Bhí caidreamh suirí ag *Janis Joplin* ansin fosta, le *Southern Comfort*, chomh maith le *Leonard Cohen.
suirí lovemaking
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
ag suirí making love
" Gealach an Ealaíontóra Bhí baint ag an ghealach le cúrsaí grá agus seirce fosta, agus bhíodh sé go minic le feiceáil i saothar ealaíontóirí ón tréimhse rómánsach sna 1800í agus é ag lonrú ar bhean óg agus ar a leannán ag suirí.
shuirí lovemaking
" Fairigí amach go speisialta do chameo iontach Maggie Gyllenhaal – hipí a cheapann nach ceart a páistí a cheilt ó shuirí na dtuistí.
damhsa suirí courting dance
" Taispeánann an fireannach damhsa suirí faoin uisce chun an bhaineannach a mhealladh ó mhí an Mhárta ar aghaidh.
iníon an tigh ag suirí le ball the daughter was going out with a member
" Tá teoiric eile ann go mbíodh iníon an tigh ag suirí le ball den RIC, rud nach raibh inghlactha ag an am.
ar ais ag suirí lena chéile back courting each other
" In ainneoin nár ghlac Mokryna le tairscint phósta Luigi, atá anois 90 bliain d’aois, nuair a d’iarr sé a lámh uirthi, tá an bheirt acu ar ais ag suirí lena chéile mar a bhí fadó.
sásta dul ag suirí leo happy to flirt with them
" Tá mé lán cinnte, áfach, go mbeadh Fianna Fáil sásta dul ag suirí leo dá dtiocfadh an crú ar an tairne.