Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-suntas a lot of attention, notice
" Chaith na póilíní áitiúla an deich lá ina dhiaidh sin ag lorg fear dubh i gcarr goidte agus beirt pháistí geala in éineacht leis (rud a gcuirfí an-suntas ann, cheapfá, i mbaile deisceartach chomh ciníoch le hUnion, SC).
suntas notice
" Ón mhéid a dúirt sé liom ar an ócáid sin agus amanna eile ar bhuail mé leis, measaim nach maith leis an chaoi a gcuireann daoine suntas i bhfear as an tSúdáin a bheith ag foghlaim na Gaeilge.
suntais notice
" Dá bharr seo, níor cuireadh oiread suntais i scéal eile a raibh baint ag an Ardeaspag Thomas V.
Ábhar suntais eile another matter worthy of notice
" Ábhar suntais eile ná go bhfuil Martin McGuinness i Meiriceá fá choinne cainteanna le Richard Haass, Comhairleoir George W.
suntas prominence
" Briseadh suntasach nóis é grúpa chomh mór seo a bheith ag glacadh páirte sa *Biennale *thar ceann na tíre seo; go dtí seo is duine aonair nó beirt de ghnáth a théadh ann.
cuid suntais something worthy of notice
" Níor mhiste dom a rá gur cuid suntais an tús atá ar leabhar sin Miller féin agus níor mhiste tamall a chaitheamh ag meabhrú a chuid focal, nó is orthu a bhí mé ag brath mo scéal a tharraingt san alt dheireanach sular dhírigh mé ar chás an eagarthóra (*Beo!*, Lúnasa 2004).
cuid suntais something worthy of notice
" Níor mhiste dom a rá gur cuid suntais an tús atá ar leabhar sin Miller féin agus níor mhiste tamall a chaitheamh ag meabhrú a chuid focal, nó is orthu a bhí mé ag brath mo scéal a tharraingt san alt dheireanach sular dhírigh mé ar chás an eagarthóra (*Beo!*, Lúnasa 2004).
Déanaim suntas I notice
" Déanaim suntas arís de a laghad atá ag caitheamh suaitheantas Éireannach ar bith.
is díol suntais it's worthy of notice
" Ba é Kristol arís, nár pholaiteoir é, ach eagarthóir ar iris choimeádach dar teideal an *Weekly Standard*, ceannaire an tionscadail, ach is díol suntais na daoine a tháinig isteach sa ghluaiseacht: leithéidí Dick Cheney, atá anois ina leasuachtarán ar Mheiriceá, John R.
suntas notice
" Bíonn meascán bocht canúintí le cluinstin ann agus thabharfá suntas ach go háirithe don mhéid daoine ó Ghaeltachtaí beaga atá ag cur fúthu anois i gContae na Gaillimhe.
mórán suntais much notice
" Cúis amháin atá leis sin ná an easpa scileanna atá i gcuid de na réimsí oibre anseo, rud nár thug Rialtas na hAstráile mórán suntais dó go dtí trí bliana ó shin.
suntas significance
" Dúirt an Chéad Aire, Morris Iemma, nach dtugann sé mórán airde ar a leithéid agus dúirt ceannaire an fhreasúra, Peter Debnam, gurb é an vóta ar an 24ú den mhí seo an t-aon cheann a bhfuil aon suntas ag baint leis.
díol suntais something worthy of notice
" Is díol suntais an úsáid chruthaitheach a bhain an Riadach as foinn ón traidisiún, leithéidí “A Dhroimín Donn Dílis”, “Boolavogue” agus “An Buachaill Caol Dubh”.
ar chuir mé suntas ann that I noticed
" An gá don Tíogar Ceilteach, cé gur seanchat anois é, droim láimhe a thabhairt le haon rud a bhfuil rian den traidisiún le sonrú air? Rud amháin ar chuir mé suntas ann áit ar bith a raibh mé san Afraic ná an tslí a mbíonn am ag daoine dá chéile.
mórán suntais, a lot of significance,
" Níor cuireadh mórán suntais, mar shampla, in achomharc an dúnmharfóra Bernard Dempsey, a bhí ar siúl i mí Iúil fosta.
díol suntais, something worthy of attention,
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
díol suntais big deal
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
is díol suntais é a big deal, very significant
" Dá bhrí sin, is díol suntais é go bhfuil Penny Wong ina haire sa rialtas náisiúnta.
Thug mé suntas ar leith I paid particular notice
" Thug mé suntas ar leith don mhéid a dúirt sé faoi mhuintir na hÉireann a bheith ciaptha de shíor ag imní faoin tumthéitheoir agus cé acu ar fágadh ar siúl é, nó ar múchadh é! Dar leis, bhí neamhord éigníoch dúghafach ag muintir na tíre ina hiomláine faoi! Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm mar go bhfuil mo thuismitheoirí féin díreach mar sin.
díol suntais something worthy of attention
" Is díol suntais é go raibh daoine den chléir Chríostaí páirteach sa pharáid.
dhíol suntais landmark event
" The Stonewall Riots a thugtar go coitianta ar an eachtra seo a tharla 38 bliain ó shin sa chathair Mheiriceánach agus ba dhíol suntais í mar gheall ar go meastar í go forleathan a bheith ina cor cinniúna i stair na ndaoine homaighnéasacha.
ba dhíol suntais í an tsraith dheireanach cheolchoirmeacha the latest series of concerts were very significant
" Tagann Scullion le chéile gach cúpla bliain, ach ba dhíol suntais í an tsraith dheireanach cheolchoirmeacha i gCorcaigh mar gur eagraíodh í le ceiliúradh a dhéanamh ar an mbanna a bheith tríocha bliain ar an bhfód.
suntas significance
" Ach bíonn suntas ag baint leis na “dea-leabhair” a ainmnítear ar ghearrliosta ghradaim an Oireachtais agus Bisto chuile bhliain agus tugann siad léargas dúinn ar staid na litríochta Gaeilge do dhaoine óga ar bhonn rialta.
chuir mé suntas ann I made note of
" Bhí scéal amháin ar chuir mé suntas ann, scéal faoin gclann seo a bhí ag dul ar ais go dtí an Ísiltír tar éis saoire an tsamhraidh a chaitheamh in ionad campála i ndeisceart na Fraince.
suntas na meán the media attention
" Is dócha chomh maith, nach éasca suntas na meán a fháil nuair is in aon tír atáthar le Aung San Suu Kyi, bean a dtugtar poiblíocht di nuair a thagann drochshláinte uirthi.
suntas ba dhéanaí the newest phenomenon
" Leis an mborradh a tháinig faoin ríomhaireacht le linn blianta an tsaibhris, d’imigh mé féin agus mo chairde - cosúil le chuile dhuine eile - bán i ndiaidh an suntas ba dhéanaí: na ‘gréasáin sóisialta’.
díol suntais a matter of amazement
" An Turlach Mór Is díol suntais é go bhfuil an loch ollmhór seo, an turlach is mó ar domhan, b’fhéidir, le feiceáil faoi láthair i limistéar ina bhfuil triomach ann le blianta anuas.
díol suntais remarkable
" Is díol suntais a rogha – línte cúramacha grástúla an Art Nouveau i gcodarsnacht le pictiúir smeartha Schiele agus tá an chodarsnacht chéanna le brath ina shaothar féin.
Díol suntais a matter of amazement
" Díol suntais go bhfuil formhór na dtagairtí a rinne an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó an Roinn Airgeadais d'Údarás na Gaeltachta scriosta amach sa leagan de Thuarascáil Mheasúnaithe na Roinne atá foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne Airgeadais.
díol suntais a remarkable fact
" Ní hamháin sin, ach díol suntais an oiread téarmaíochta a bhaineann le rugbaí a bheith in úsáid go minic anois ag tráchtairí i gcomhthéacs na peile Gaelaí, téarmaí ar nós ‘athchúrsáil na liathróide’ (recycle ball), ‘seilbh an dara phas’ (second phase possession), ‘liathróid go láimh’ (ball to hand), an ‘cliseadh’ (the breakdown).
Suntas remark/attention given to
" BNC: Íomhá! Amaideach! Suntas na Ruaidhe SMM: Bhí do fholt breá rua ina bhuntáiste mór agat, déarfadh daoine go leor leat é sin, ach an ngoilleann sé ort anois is arís nuair a fheiceas tú an ruaidhe luaite le ‘feisty’, arís, is sna liarlóga a fheicfear a leithéid? BNC: Tá a fhios a’m, ‘feisty red-head’.
lán suntais remarkable
" Doiligh a Thuiscint Tá na híomhánna rúndiamhra seo lán suntais, ach tá sé deacair iad a dhíchódú.
Díol suntais a matter of amazement
" Impleachtaí i bhFad ó na hOileáin Díol suntais ab ea a fhíochmhaire a labhair Uachtarán na Brasaíle, Luiz Inácio da Silva, nó Lula, mar is fearr aithne air, faoin ábhar.
is díol suntais é it's remarkable
" Tá sárobair déanta ag an gCoiste sin agus is díol suntais é go bhfuil tacaíocht traspháirtí faighte againn.
Díol suntais it's remarkable
" Díol suntais ar leith scannánaíocht álainn Morrison ar na séadchomharthaí agus ar an timpeallacht álainn ina bhfuil siad.
suntas notice, attention
" Tharla gur thug duine i mo chomhluadar suntas de ghrianghraf den dealbh cháiliúil don scríbhneoir a bhíodh san Fhaiche Mhór ach ar bogadh go Musaem na Cathrach i dtús an chéid seo mar chuid den athchóiriú a deineadh ar an Fhaiche.
díol suntais a matter of amazement
" Tá go leor scríofa faoi thábhacht an chóras oideachais i leith caomhnú agus cur chun cinn na teanga ach díol suntais é nach bhfuil aon ghealltanas sonrach úr tugtha ina leith sa bhreis ar a bhfuil ar siúl faoi láthair.
suntas faoi leith particular note
" Thug mé suntas faoi leith do roinnt acu, go háirithe na cinn seo a bhaineann leis an gComhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), a raibh deireadh le cur leis faoi mholtaí an Bhord Snip; - (i) Go n-athbhunófaí COGG agus go mbeadh sé ag feidhmiú mar Bhord Oideachais do Scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge.
Is díol suntais é it’s amazing
" Is díol suntais é go bhfuil sé anois le feiceáil i suíomh atá lán d’innill agus d’airnéis chogaidh – b’fhéidir le go dtuigfidh muid níos fearr sa chomhthéacs sin toradh millteanach na cogaíochta.
is díol suntais é it’s an amazing fact
" Is ó bhailiúchán na bpátrún ealaíne Meicsiceach, Jacques agus Natasha Gelman, a thagann an saothar seo agus is díol suntais é go bhfuil roinnt de na píosaí is íocónaí a rinne an bheirt le feiceáil ann, cosúil le, ‘Diego ar M’intinn’, féinphortráid déanta ag Kahlo, agus ‘Díoltóirí Lilí Cala’ le Rivera.
Is díol suntais é it’s a matter of amazement
" Cohen ó Ollscoil Nua-Eabhrac go bhfuil géibheann Ai Weiwei mídhleathach fiú de réir dhlí na Síne féin, agus más féidir duine chomh cáiliúil leisean a ghabháil agus a chur faoi ghlas, cén chosaint atá ag an ghnáthshaoránach Síneach? Is díol suntais é gur osclaíodh an iarsmalann is mó ar an domhan i gCearnóg Tiananmen díreach sular gabhadh Ai Weiwei.
Is díol suntais it’s remarkable
" Is díol suntais chomh maith é an cumhdach i bhfoirm deilbhe de Naomh Baudime a rinneadh i lár an dara haois déag agus a tháinig ón eaglais Marie de Saint-Nectaire in Auvergne na Fraince.
Ba dhíol suntais it was remarkable
" Ba dhíol suntais an saothar poiblí a chruthaigh sé agus tá samplaí de le feiceáil sa chuimhneachán ar Shéamas Ó Conghaile agus An Crann Óir atá suite i gcroílár Bhaile Átha Claith, an dealbh a rinneadh do chomóradh 500 bliain na Gaillimhe ar an Fhaiche Mhór, an cuimhneachán ar an Drochshaol i Westchester, Nua-Eabhrac agus ar an imirce chun an Oileáin Úir i nDoire Cholm Cille.
is díol suntais it’s remarkable
" Tá an teanga ag roinnt seandaoine fós ach is díol suntais an dóigh ar éirigh leis an stát agus a mbaineann leis daonra aonteangach Iodálaise a chruthú.
Thug mé suntas I was struck by
" Thug mé suntas don charachtar a raibh sloinne Éireannach aige, Neal Cassady, (alter-ego Dean Moriarty) mar a tugadh air sna húrscéalta éagsúla a scríobh Kerouac ar luas lasrach.
Thug mé suntas do I noticed
" Thug mé suntas do phlástar a bhí ar snámh go mall i dtreo na claise.
Rinneadh suntas faoi leith it was a matter of remark
" Rinneadh suntas faoi leith de chaighdeán na bpáipéar ag an gcomhdháil.
díol suntais it’s amazing
" Cén t-iontas mar sin gur cuireadh fáilte chroíúil roimh dea-scéala an Aire McGinley gur éirigh leis an Údarás na cosa a thabhairt leis ón tua a bhí ar tí titim? Ach díol suntais gur dhúirt an tAire Stáit McGinley go mbeadh cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta 'ar an Údarás' seachas go mbeadh an eagraíocht ag coinneáil na cúraimí fostaíochta agus fiontraíochta a bhí aige ó am a bhunaithe.
fuaimeanna nár thug mé suntas dóibh cheana sounds I hadn’t noticed before
" Nuair a thagaim abhaile ní chodlaím néal: tá mo chéadfaí ar fad, mo chluasa ach go háirithe, ar bior: cloisim fuaimeanna nár thug mé suntas dóibh cheana.
Is díol suntais atá san it’s a matter of wonder
" Is díol suntais atá san iarsmalann uirlisí ceoil i bPoznań na Polainne, ní hamháin de bharr gur sheas Uachtarán na hÉireann ann, ach de bharr gur iarsmalann náisiúnta atá ann agus gan é suite sa bpríomhchathair i Vársá.
suntas ann notice of it
séadchomharthaí suntais important monuments
" Tá idir cáineadh agus moladh déanta ar an chinneadh a ghlac Comhairle na Veinéise ar na mallaibh séadchomharthaí suntais a ligint amach ar cíos d’fhógróirí ar mhaithe le hairgead a dhéanamh le dul i ngleic leis na costaisí ollmhóra a bhaineann le cothabháil na séadchomharthaí céanna.
cuirim suntas I take an interest
" Ó tháinig meath ar an nGaeltacht lenár linn, cuirim suntas sna pobail seo a bhfuil a dteanga féin acu, ach iad gan stát dá gcuid féin.
go dtabharfar suntas do that acknowledgement be given to
" An tseachtain seo caite, bronnadh achainí ar Ard-Mhéara Bhéal Feirste agus é sínithe ag 400 Gael ag iarraidh aitheantais dá dteanga, dá stair agus dá gcultúir sna himeachtaí comórtha:
 “Molaimid, na Ceithre Chéad Saoránach Feirsteach, Gaelach thíos don Ard-Mhéara reatha agus do chomhairleoirí uilig na Cathrach an Chairt seo, Cairt Bhéal Feirste 400, a chur roimh chruinniú den chomhairle iomlán le go bpléifear é agus go dtabharfar suntas do ról agus do shaibhreas na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh mar chuid shuntasach, bhunúsach d’oidhreacht na Cathrach.
Díol suntais domsa I’m amazed
" Díol suntais domsa, áfach, nach ndeachaigh an Roinn Sláinte chun cainte leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ná go deimhin le haon eagraíocht Ghaeilge faoin cheist.
is mó nach ndearnadh suntas de which most amazed people
" Chomh dona céanna, is cosúil go raibh rialtas Mheiriceá ag bradaíl fud fad córais ríomhaireachta na Síne ag an am ceannann céanna is a raibh Meiriceá ag clamhsán go hoifigiúil agus go hidirnáisiúnta go raibh rialtas na Síne ag déanamh bradaíl orthu! B'fhéidir an rud is mó nach ndearnadh suntas de go fóill ná go raibh an tUasal Snowden ag obair do chomhlacht príobháideach spiaireachta, Booz Allen Hamilton, faoin am a d'fhoilsigh sé an t-eolas rúnda, agus go raibh sé ar dhuine de 0.
is díol suntais fosta it’s remarkable also
" Aontas Eaglaisí ===== Chomh maith leis na cuairteoirí Albanacha seo, is díol suntais fosta go mbeidh an oidhreacht shaibhir seo de cheol diaga na Gaeilge á ceiliúradh i dtrí cinn de mhóreaglaisí na cathrach – eaglais Anglacánach, eaglais Phreispitéireach agus eaglais Chaitliceach.
nár thug suntas do cheird didn’t bother with his profession
" Aghaidh Siar ====== Bhí gnaoi an phobail riamh le Cheiro is léir, fiú iad siúd a bhí amhrasach ina leith agus nár thug suntas do cheird na fáistine trí chéile, an scríbhneoir Samuel Langhorne Clemens (nó Mark Twain mar ab fhearr aithne air) san áireamh.
nár tugadh suntas dóibh cheana which haven’t been taken into account
" Ach ar féidir go bhfuil clocha oghaim ann nár tugadh suntas dóibh cheana? An bhfuil tuilleadh ann gan tuairisc? Bóithrín soir ó thuaidh as Cellan gar do Lampeter a chuir mé romham a shiúl anois.
Ní fhéadfá gan suntas a thabhairt you couldn’t but notice
" Ní fhéadfá gan suntas a thabhairt don chaoi nár labhair éinne amach in éadan fhear na meisce, bíodh gur lean an t-ionsaí ar aghaidh ar feadh i bhfad.
Díol suntais a matter of amazement
" Díol suntais gur chuimsigh ceannródaithe luaithe na scannánaíochta, leithéidí Georges Méliès, Francach, go leor de na modhanna agus cleasa ar baineadh úsáid astu den chéad uair sna fantasmagorie fadó.
an-suntas d'eagarfhocal great attention to an editorial
" Thug meáin chumarsáide na tíre seo an-suntas d'eagarfhocal a bhí ins an nuachtán The Guardian anuraidh a rinne cur síos ar athimirt chraobh iomána na hÉireann: "*As Premier League soccer is again soiled with prima donna antics.
tugadh oiread sin suntais so much attention was paid
" *" Cad tuige gur tugadh oiread sin suntais don eagarfhocal seo? ’Sí freagra na ceiste ná go raibh ríméad orainn deimhniú oifigiúil a fháil ónar gcomharsain béal dorais ar an rud atá soiléir do chách - gur cluiche maith í an iománaíocht! Mar a dúirt an té a dúirt: "*Arise Knocknagoshel, and take your place among the nations of the earth!*" Más Dona Galltacht is Measa Gaeltacht is Lucht Gaeilge ===================== Dá olcas an tír frí chéile, is measa i bhfad cíocras phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta stampa aitheantais a fháil ón taobh amuigh go bhfuil tábhacht ag baint lena n-oidhreacht.
tá suntas chomh mór sin ag baint leis it’s such a matter of remark
" Anois tá suntas chomh mór sin ag baint leis go bhfuil clú agus cáil air mar cheann de na himeachtaí spóirt is mó ar domhan in éineacht leis an Tour de France agus Vuelta d’Espana.
gnéithe suntais a dhealaíonn matters of remark with distinguish
"gnéithe suntais a dhealaíonn scéal agus sléachtadh na bPalaistíneach le ‘trioblóidí’ in áiteanna eile mórthimpeall an domhain.
suntas remark
" Is iomaí nath a thug suntas don fheiceálacht: ‘is mór an chuid súil í’ agus ‘tús seirce an síordhearcadh’ srl.
suntas a thabhairt take note
" Molann sé dúinn suntas a thabhairt don ainm Tahar Rahim anois, nó cloisfear go leor faoi amach anseo.
nach dtugtar suntas dóibh ar an chéad amharc which aren’t immediately obvious
" Chonaic Ciara Nic Gabhann gnéithe fiúntais san Fhéile Phan-Cheilteach i nDoire i mbliana nach dtugtar suntas dóibh ar an chéad amharc.