Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tábhacht spioradálta spiritual importance
" Tá muintir Gungalidda i dtuaisceart na tíre ag iarraidh deireadh a chur leo ar armas oifigiúil na hAstráile mar go bhfuil tábhacht spioradálta ag baint leo ina gcultúr féin agus nár chóir iad a úsáid dá bharr sin.
tábhacht importance
" " Corn Uí Riada ======= Bhuaigh Gearóidín féin an comórtas is tábhachtaí sa sean-nós, Corn Uí Riada an Oireachtais, sa bhliain 1996.
tábhacht importance
" An tábhacht a bhaineann leo ná gurb iad seo an chéad 20 ceirnín a chuir Gael Linn amach agus bhí siad ar luas 78 csn, mar a bhí coitianta san am.
thábhacht na n-ealaíon Gaeilge the importance of Irish language arts
" ” Cé gur dúnadh an tionscadal seo tar éis dó bheith trí bliana ar an bhfód toisc gur chaill siad an deontas a bhí á fháil acu, tá an dearcadh céanna aige go fóill i leith thábhacht na n-ealaíon Gaeilge don phobal ar fad.
tábhacht lárnach central importance
" Bhí tábhacht lárnach ag mná ina shaol, ag tosú lena mháthair.
tábhacht shóisialta social importance
" Is éard atá i gceist le seirbhísí eitleáin OSP ná bealaí nach bhfuil – de réir dealraimh – go leor brabúis le saothrú ag comhlachtaí príobháideacha orthu, ach a bhfuil tábhacht shóisialta ag baint leo (mar shampla, chun gnó a fhorbairt i gceantar iargúlta).
i gceantar a bhfuil an-tábhacht ag baint leis in an area which is full of significance
" Tá Archaeolink suite ar imeall sráidbhaile darb ainm Oyne i gceantar a bhfuil an-tábhacht ag baint leis.
a thábhacht his importance
" Is dócha go dtuigeann lucht na Gaeilge anois a thábhacht mar Aire Gaeltachta, cé go bhfuil duine nó dhó ann a bhíonn de shíor á cháineadh.
tábhacht phraiticiúil practical importance
" Ach, so what? Cad é an tábhacht phraiticiúil atá leis seo in Éirinn an lae inniu? Ní féidir fadhb a réiteach mura dtugann tú aghaidh ar an chomhthéacs as a bhfáisctear grúpaí, smaointe, gluaiseachtaí, is cuma cén taobh.
an-tábhacht great importance
" Bhí an-tábhacht le talmhaíocht sa tír le 150 bliain roimhe sin agus tóir ar bhia “traidisiúnta” – go minic, feoil dhearg agus cúpla cineál glasraí, fataí agus meacain dhearga, b’fhéidir.
tábhacht bhreise added importance
" Mí an-tábhachtach i gcónaí i gcúrsaí spóirt na hÉireann is ea mí an Mheán Fómhair, mar go mbíonn cluichí ceannais na hÉireann san iomáint agus sa pheil ar siúl, ach bhí tábhacht bhreise léi i mbliana de bhrí go raibh Corn Ryder á reáchtáil sa K Club i gContae Chill Dara.
an tábhacht agus na buntáistí the importance and advantages
" Ar nós gach rud eile sa saol seo, caithfear “an t-earra” a dhíol le go bhfeicfidh an custaiméir an tábhacht agus na buntáistí atá ann dó/di.
tábhacht importance
" Ach tá dhá eagraíocht ann a dhéanann é sin ar bhealach an-simplí – ceannaíonn siad talamh a bhfuil tábhacht ag baint leis.
tábhacht importance
" Glacann sé leis an tábhacht a bhaineann leis an saibhreas cultúrtha sin – ach tá sé mar mhisean anois aige an dara leath den idirmhalartú sin a chur i gcrích, agus a chultúr Maorach a thaispeáint do na Pākehā.
tábhacht ar leith special importance
" Ach, dar ndóigh, tá tábhacht ar leith le rugbaí agus sacar i bPáirc an Chrócaigh ar an ábhar gurb iad seo na cluichí “fíor-Ghallda” ar raibh cosc ar a n-imirt i measc bhaill CLG ar feadh i bhfad.
mórán tábhachta much importance
" Níor shíl sé go raibh mórán tábhachta ag baint le cúrsaí spóirt.
Sráidbhaile beag gan tábhacht a small village of no importance
" Sráidbhaile beag gan tábhacht ar abhainn an Mersey ab ea Learpholl go dtí 1207.
tá an-chuid tábhachta a lot of importance
" Dar ndóigh, tá an-chuid tábhachta ag baint le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht fosta.
mórán tábhachta much importance
" Bhí gach ceann acu lán rudaí nach raibh mórán tábhachta ag baint leo den chuid is mó – mionsonraí an tsaoil laethúil atá iontu, ach tugann siad léargas dúinn ar shaol an fhir mhistéirigh seo.
tábhacht faoi leith particular importance
" Ní nach ionadh, tháinig cuid de na ceisteanna céanna chun solais arís: cé aige a mbeadh cead vótála, cén dóigh a n-eagrófaí é agus cén úsáid a bhainfí as an toradh leis an fhadhb a réiteach? Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an phobal vótála ar chúpla cúis.
aon tábhacht any importance
" Cuireadh an bhéim thuas ar mhórimeachtaí na féile, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil aon tábhacht ag baint leis na himeachtaí eile a bheas ar siúl i rith na Seachtaine ar fud na tíre agus thar lear.
an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, how important it is to bring on new talent
" Ach ó mo thaobhse de, ba é ceann de na rudaí ba mhó ina éadan ná nár thuig na daoine a raibh mise ag plé leo an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, a spreagadh agus a thabhairt ar aghaidh.
tábhacht na pleanála corpais the importance of corpus planning
" San aiste “Corpus Planning for Irish – Dictionaries and Terminology”, pléann Caoilfhionn Nic Pháidín stair fhoclóireacht na Gaeilge agus tábhacht na pleanála corpais, agus míníonn sí an phráinn atá ag baint le foclóir oifigiúil amháin a fhorbairt.
maidir le tábhacht na meán clóite don Ghaeilge. with regard to the importance of the print media to the Irish language
" Is é an chéad chéim sa treo sin ná an t-atmaisféar a athrú, agus is cuidiú é an soiléiriú a thug Foras na Gaeilge do na húdaráis ó thuaidh maidir le tábhacht na meán clóite don Ghaeilge.
a thuigeann tábhacht na Gaeilge who understand the importance of Irish
" Is é an dara céim ná go rachaidh na hairí a thuigeann tábhacht na Gaeilge – agus a thuigeann gur gá fógairt go cothrom – i bun gnímh.
faoi thábhacht pholaitiúil about the political importance
" Níl a fhios ag mórán daoine, áfach, faoi thábhacht pholaitiúil na heaglaise céanna.
tábhacht importance
" Cuirfear ar chumas na n-ollscoileanna tabhairt faoin obair seo go proifisiúnta, a bhuíochas seo ar fad d’Éamon Ó Cuív a thuig tábhacht an mhéid atá á bhaint amach thar sáile.
tábhacht idirnáisiúnta ar leith a special international importance
" Comórtas mór le rá atá ann, a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ar leith ag baint leis i dtaca le híomhá na hÉireann thar lear, ó thaobh na turasóireachta de agus, go háirithe, ó thaobh an gheilleagair de.
tábhacht agus fiúntas importance and worth
" Sin an fáth a bhfuil tábhacht agus fiúntas ag baint le saothar Mohammed al-Hamdany agus a leithéid, atá ábalta léargas fírinneach a thabhairt dúinn ar shaol mhuintir na hIaráice, atá ag maireachtáil faoi chrann smola na cogaíochta.
tábhacht ar leith particular importance
" “Measaim go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcartlann sin a bheith ar fáil.
tábhacht importance
" Is mar seo a dhéanann Pádraig Ó Cuinneagáin, príomhoide bunscoile i gContae an Chabháin, cur síos ar a thaithí féin ar an MSc: “Tá buntáistí gairmiúla ag baint leis an gcáilíocht MSc seo agus tá tábhacht ag baint leis an gcúrsa a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge, go háirithe agus mé ag obair in earnáil an Ghaeloideachais.
tábhacht na haontachta the importance of unity
" Súil eileOs a choinne sin, cuirtear formhór na gcarachtar baineann trasna ar an léitheoir mar chait (nó mar mhná) éirimiúla agus uaisle a thuigeann tábhacht na haontachta agus iad i mbun feachtais ar son chaomhnú Lios na gCat.
ag léiriú na tábhachta úire showing the new importance
" **Bogearraí**Táimid dulta i dtaithí ar léarscáileanna a úsáid ar an tslí seo, ach is iad na bogearraí atá ar fáil ar ghléasanna mar an iPhone atá ag léiriú na tábhachta úire a bhaineann le léarscáileanna.
in ord tábhachta: in order of importance
" *CMA: Ach cloisimid an méid sin faoi iomaíochas agus faoi chostais?* DMW: Tá siad sin ann go cinnte ach is mar seo a chuirfinn fadhbanna na tíre in ord tábhachta: ar dtús, margadh na tithíochta, na bainc agus na fiacha; ansin, pá san earnáil phoiblí; ar deireadh, na cuideachtaí ilnáisiúnta.
thábhacht na hithreach the importance of the soil
" ”Cé gurbh é sin an ceacht ba thábhachtaí a d’fhoghlaim mé i mBaile Mhaolmhuaidh, fuair mé saibhreas eolais ar dhomhan na bhfíonta, ó thábhacht na hithreach is na haimsire go buntáistí na stopallán éagsúil a úsáidtear i mbuidéil, ón mbia is fearr a ithe in éineacht le fíonta áirithe go lorg carbóin de chuid thionscal an fhíona.
tábhacht ar leith particular importance
" Is iarsma é Seanad Éireann den dearcadh a bhí coitianta sna 30í a dhearbhaigh go bhfuil tábhacht ar leith ag na gairmeacha agus gur chóir go mbeadh guth acu sa chóras pholaitiúil.
Tábhacht importance
" Tábhacht an Ríomhphoist Ach sreang atá fite trí na forbairtí seo ar fad, ar a ndéantar dearmad go minic i measc na mbreagán lonnracha nua seo go léir ná an r-phost.
tábhacht importance
" Ní bhíonn aon oscailteacht ann gan fháisnéis, agus go minic is í an fháisnéis is fearr atá faoi cheilt a bhfuil tábhacht ag baint léi.
tábhacht importance
" ie/) D’aithin TG4 tábhacht an chumainn nuair a chraol an bealach teilifíse sin sraith mhór deich gclár ag tús na bliana a thug léargas ar bhunú, ar fhás agus ar fhorbairt na heagraíochta.
tábhacht importance
" Tá muid uilig bródúil as an teanga ársa Cheilteach seo agus tuigeann muid an tábhacht a bhaineann léi, chan amháin ar bonn pearsanta don té a labhras í, ach ar bonn áitiúil go sóisialta chomh maith, agus go fiú, ar bonn náisiúnta.
tábhacht importance
" "Leagann Glór na nGael tábhacht nach beag ar chomhoibriú agus ar phleanáil," a dúirt Marcas Mac Ruairí ón eagraíocht linn.
Tábhacht na Clainne the importance of the children
" Tábhacht na Clainne SMM: Ní bhfuair tú deis éalú ó na gasúir, bail ó Dhia orthu, ó thuaidh go Leitir Cheanainn (mar a bhfuil an tOireachtas) i mbliana? BMC: Is é an rud atá ag cur isteach orm faoin Oireachtas i mbliana, Oíche Shamhna! Gasúir ag gabháil amach! Ní féidir a bheith ag imeacht ó ghasúir Oíche Shamhna.
tábhachta importance
" Tá cruóg faoi leith le caomhnú Mau i bhfianaise na tábhachta atá ag baint léi mar dhobharcheantar.
tábhachta of importance
" Leagann na Mandaean an-bhéim ar an saol teaghlaigh agus tá an méid sin tábhachta ag baint le pósadh is le tuismeadh nach gcleachtar aontumhacht.
tábhacht importance
" Is léir go bhfuil tábhacht an chreidimh ag dul i léig - níl le déanamh ach amharc isteach i dteach an phobail maidin Domhnaigh le léargas a fháil go bhfuil an creideamh ag síothlú.
thábhacht importance
" Ina ainneoin an taighde seo, diúltaíodh aitheantas don ghaelscoil do Mheán Fómhair 2010 agus, ar an 17 Nollaig 2010, do Mheán Fómhair 2011! Fás nó Feo? ====== Labhraítear go minic faoi thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge do thodhchaí na teanga agus déantar tagairt leanúnach do ‘fás na ngaelscoileanna’.
tábhacht importance
" Ar ndóigh bhí sé de phribhléid agamsa a bheith mar Aire Stáit agus mar Aire Gaeltachta le beagnach 13 bliain anuas agus rinneadh rudaí san am sin a mbeidh tábhacht leo don teanga go ceann i bhfad.
tábhacht importance
" An Chosmhuintir agus an Sóisialachas ================== Mar mhúinteoir scoile a theagasc i bpríosúin chomh maith, aithníonn Ervine an tábhacht atá leis an litearthacht.
tábhacht importance
" ”* De réir an ailt sin, tá rud éigin briste sna meáin chlóite agus in ainneon tábhacht, gá agus lárnachas na meán céanna, níl aon fhreagra le fáil againn i lár an chlaochló seo, ar an gceist “Céard tá i ndán do na meáin?” Scríobhann sé san alt seo faoin leabhar le Elizabeth Eisenstein faoin tréimhse réabhlóideach nuair a cruthaíodh na meáin chló agus faoin am a mbíodh siad forleathan san Eoraip.
tábhacht ar leith a particular importance
" Agus Balor an Bligeard ag titim thart le teann gáire agus é ag tabhairt Agallamh Bertie ar an chomhrá seo, mhaígh sé go raibh tábhacht ar leith ag baint le cuid freagraí Bhertie: “Cé nach bhfuil tuairisceoir ar bith eile sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar fhear Dhroim Conrach, is mór is fiú a chuid tuairimí a fháil faoi staid an náisiúin, anois go bhfuil an t-olltoghchán thart agus muintir Fhianna Fáil imithe isteach i ndorchacht agus in uaigneas na hoíche polaitiúla.
tábhacht importance
" Go Feiceálach, i Lár an Aonaigh ================== **SMM: An bhfeiceann tú tábhacht le feiceálacht na Gaeilge i saol na Galltachta, nó iar-Ghaeltacht más fearr leat?** BNC: Ceapaim go bhfuil an rud feiceálach, - go mbíonn tionchar an-mhór aige ar an duine, ar an nGaeilgeoir agus ar an té nach labhraíonn í.
thábhacht na n-ealaíon the importance of the arts
" “Ar an drochuair, bhí an Eoraip ag bogadh i dtreo na heite deise agus bhí mise ag dul sa treo eile, mar sin, ní thiocfadh liom an díospóireacht a thionscnamh ar -, mar shampla, cad é ba cheart don Eoraip a bheith a dhéanamh le fórsa a chruthú a bhéarfadh dúshlán fhorlámhas chultúr chósta thiar Mheiriceá?”
 Beith an Duine a Fhorbairt ============ Agus é ag caint i mBéal Feirste an mhí seo caite, labhair Michael D ar thábhacht na n-ealaíon don tsochaí.
tábhacht na margaíochta the importance of the market
" Cé nár fear maith gnó ariamh é, thuig sé tábhacht na margaíochta go rímhaith, agus nuair a theip air ar a chomhlacht forbartha talún sna hochtóidí, d'athraigh sé é féin ó bhun.
thábhacht na hóige the importance of youth
" Tuigimid uilig go bhfuil an tír ina ciseach le fiacha ach ní mór cuimhneamh ar thábhacht na hóige agus a mbaineann leis an sonas is an dearfacht sa mhéid a tharlóidh amach anseo.
tábhacht importance
" Easpa Gutha ====== De réir mar a chuaigh cumhacht agus tábhacht na bhfeirmeoirí i léig, chuaigh ceist na tuaithe ar fad chun fáin.
tabhartas tábhacht fíorneamhghnách an important unusual gift
" ======= Shamhlófá ón méid sin, a chairde chaoin, gur tabhartas tábhacht fíorneamhghnách a bhí romhat thar táirseach Cineama Uimhir a hAon san IFI ar Shráid Eustace, Barra an Teampaill, agus géillim go mbeadh iarracht den cheart agat.
thábhacht na n-ionad pobail the importance of community centres
" **SÓC: Céard faoi thábhacht na n-ionad pobail sna breac-Ghaeltachtaí?** MMGE: Tháinig ísle brí ar an Ghaeilge sna ceantracha seo ar feadh dhá scór bliain ar a laghad.
tábhacht an togra mór the importance of the large project
" ” Léiríonn an obair atá á déanamh in Koutal, tábhacht an togra mór atá á bheartú.
thábhacht shuáilce na humhlaíochta the importance of the virtue of humility
" Seoladh an fear bocht isteach i mainistir le machnamh domhain a dhéanamh ar thábhacht shuáilce na humhlaíochta, agus le go mbeadh deis aige breith ar a aiféala.
Tábhacht agus laigeachtaí na staire the historical weaknesses and importance
" Cibé uair a chloisim an stairí eacnamaíochta Niall Ferguson ag caint os ard, tagann aiste cháiliúil Friedrich Neitzsche chun cuimhne, Vom Nutzen und Nachteil der Historie für das Leben (1872), ’sé sin “Tábhacht agus laigeachtaí na staire ó thaobh shaol an dhuine de”.
tábhacht agus tionchur importance and influence
" ”* Déanfaidh an cur síos sin an chúis agus iarracht á dhéanamh tábhacht agus tionchur Gore Vidal a scagadh.
Ní mionlach gan tábhacht iad they are not an unimportant minority
" Ní mionlach gan tábhacht iad páistí.
an tábhacht chéanna the same importance
" Ní dóigh liom go mbeidh an tábhacht chéanna le heachtra Baumgartner, ach sílim go dtéinn íomhánna den chineál a bhain leis i bhfeidhm ar dhaoine.
ach an tábhacht a bhain lena leithéid but the importance which pertained to such
" Is iad cairteanna agus catalóganna ón Éigipt is ón mBabalóin ón gcúigiú haois déag RC an fhianaise is sine ar marthain, rud a léiríonn ní hamháin an spéis ach an tábhacht a bhain lena leithéid i saol na ndaoine ársa seo.
Aithnítear an tábhacht the importance is recognised
" Aithnítear an tábhacht a bhaineann le slándáil séadchomharthaí agus suíomhanna stairiúla, cosúil le Droichead an Rialto, ach nuair atá cistí poiblí faoi ionsaí, caithfidh an maoiniú teacht ó fhoinse éigin eile.
tábhacht geilleagair agus straitéise economic and strategic importance
" Anuas ar sin, ainneoin cosc ar nuachtóirí i gcuid mhaith den tír faoi láthair, is soiléir go bhfuil smacht caillte ag an rialtas ar cheantair a bhfuil tábhacht geilleagair agus straitéise leo.
Bhí tábhacht le spraoi fun was important
" Bhí tábhacht le spraoi, le gáire, fiú san ionad oibre is leadránaí amuigh.
tábhacht an ghrinn the importance of comedy
" Thuig na sean-Ghaeil tábhacht an ghrinn agus bunús daonna an gháire i bhfad siar.
Tábhacht an Teaghlaigh the importance of family
" Tábhacht an Teaghlaigh ========== CAB: Mar sin, má thugann gach duine aire dá theaghlach féin, agus an Gaeilge a choimeád ina dteaghlach féin, leanfaidh an Ghaeilge.
is tionscal é seo a bhfuil an-tábhacht ag baint leis this is an important industry
" Ós rud é gurb iad na Stáit Aonaithe agus an Bhreatain an dá cheann scríbe is mó a bhfuil tóir orthu i measc mac léinn idirnáisiúnta is tionscal é seo a bhfuil an-tábhacht ag baint leis ó thaobh an gheilleagair de.
Is minic agus tábhacht it’s important and often
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
thábhacht gléas soghluaiste importance of a mobile instrument
" Is minic le cúpla bliain anuas nuair a bhínn ag cur i láthair faoi thábhacht gléas soghluaiste go bhfiafraíodh an cainteoir den lucht féachana, ‘cé a d’imeodh as baile gan fóin póca?’ Ní bhíodh riamh aon duine i láthair a bheadh sásta a leithéid a dhéanamh.
an tábhacht a bhain leis an idirlíon the importance of the internet
" Bord ar Bhord le Chéile ========== Thuig rialtais na hEorpa sa deireadh – agus na comhlachtaí cumarsáide chomh maith – an tábhacht a bhain leis an idirlíon agus cuireadh tús le forbairt an bhonneagair ar a bhfuil an t-idirlíon bunaithe.
gan aon dúnghaois de chuid an rialtais a cháineadh not censuring any policy of the government Tábhacht Dhearcadh an Phobail the importance of public opinion
" Cé gur theip air, bhain sé feidhm as a shaoirse mar chúlbhinseoir le labhairt amach ar ábhair éagsúla, lena ainm a choimeád in airde ach gan aon dúnghaois de chuid an rialtais a cháineadh go poiblí.
an bhfuil tábhacht ann féin is it worthwhile in itself
" An fiú ó thaobh airgeadais an cúrsa seo nó an modúl seo a bheith ar siúl? Ní hé an bhfuil tábhacht ann féin ó thaobh ábhair, fiú mura bhfuil líon ard mac léinn i gceist sa mhodúl.
do mhínigh sí tábhacht she explained the importance
" Toisc gur tógadh le Gaeilge i mBleá Cliath mé agus go raibh dearcadh an-nua-aimseartha agus forfhásach ag mo mháthair ó thaobh na Gaeilge de - ní hamháin gur thóg sí le Gaeilge muid, ach do mhínigh sí tábhacht na Gaeilge dúinn ó thús.
tábhacht agus todhchaí an cheoil the importance and future of music
" Trí shúile ceoltóra a insítear na scéalta seo, faoi na daoine a chuaigh i bhfeidhm air, na heachtraí a bhain dó agus é ag seinm, tábhacht agus todhchaí an cheoil.
tábhacht importance
" Saíocht Splanctha Ár Linne =========== Leagtar an-béim ar chaomhnú na teanga seo, ach baineann tábhacht i gcónaí le hathnuachan na teanga.
tábhacht na bhfocal ina saol the importance of words in their lives
" Cuireann sé béim ar théamaí uilíocha le linn na hinsinte: crógacht na nGiúdach mar mhionlach stairiúil, tábhacht na bhfocal ina saol ó fhoilsiú an Tórah go dtí Díospóireacht Barcelona i 1263 idir Giúdaigh agus Críostaithe na Spáinne, agus an fhéinmhuinín eitneach ársa sin a léiríodh go glinn glé i leabhair nua-aimseartha Theodor Herzl.
Fianaise ar thábhacht an spóirt evidence of the importance of sport
" Fianaise ar thábhacht an spóirt i measc phobal na tíre b’fhéidir.
Ní fios cén tábhacht a bhaineann leis an méid sin God know how important that is
" Ní fios cén tábhacht a bhaineann leis an méid sin, go mothódh an dream atá buailte síos nó sliocht sleachta an dream a buaileadh síos, go gcoipeann an fhuil iontub i gcónaí agus go bhfuil brí agus fuinneamh ina ndúchas.
an-tábhacht go deo leis of extreme importance
" **Colm: Cé chomh tábhachtach is a bhíonn na cluichí?** Ruadhán: “Tá an-tábhacht go deo leis na cluichí.
tábhacht an uimhir the importance of the number
" Díol suime tábhacht an uimhir 3 i mbéaloideas na hÉireann, fiú sa lá atá inniu ann.
tábhacht na coimhlinte the importance of competitiveness
" He is one of us, isn’t he?*” Is féidir príomhthréithe an Fhir Iarainn (nath Yasser Arafat) a bhlaiseadh anseo: an t-easpa íoróine mar aon leis an neamhshuim sa ghreann inti, an míchumas a bhí inti freisin ó thaobh smaoinimh teibí de, agus tábhacht na coimhlinte agus an chomórtais ina haigne.
a thábhacht agus an cúram atá orthu ina leith the importance and responsibility regarding it
" Ach ar an dea-uair, tá daoine eile ann nach bhfuil ar a n-aird ach an ceol mar chuspóir ann féin, daoine a thuigeann a thábhacht agus an cúram atá orthu ina leith.
thábhacht na sainiúlachta the importance of distinctiveness
" I bhFóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain i mbliana cuireadh breis béime aríst ar thábhacht na sainiúlachta i dtaobh oidhreacht chultúr na hÉireann d’fhonn ratha i ngnó idirnáisiúnta a chothú agus a chur chun cinn.
dathanna a dheimnigh tábhacht colours which confirmed high status
" Níos suntasaí arís bhí éadach corcra agus óir, dathanna a dheimnigh tábhacht, thart timpeall ar na cnámha agus inscríbhinn sean-Ghréigise in aice leis an uaigh ag rá Petros eni, rud a chreidtear gur giorrúchán ar Petros enesti a bhí ann, a chiallíonn, tá Peadar anseo.
Is beag tábhacht a bhaineann leis an ábhar a scaoileadh saor the material released is of trifling importance
" Is beag tábhacht a bhaineann leis an ábhar a scaoileadh saor faoin Acht – teachtaireachtaí ríomhphoist faoi amannta cruinnithe srl.
tábhacht nach beag considerable importance
" Cé nach bhfuil ach dornán daltaí i gceist ar bhonn bliantúil, tá tábhacht nach beag ag baint leis an cheist seo do dheoraithe agus do shliocht na n-Éireannach i Sasana atá ag iarraidh a gcultúr agus a teanga a chaomhnú.
luíonn tábhacht importance is
" Anseo a luíonn tábhacht na n-aonad scríbhneoireachta agus go háirithe na tearmainn pinn don lucht acadúil.
ar thábhacht on the importance
" Díol suime is ea an méid blaganna agus leabhar atá á fhoilsiú i láthair na huaire ar thábhacht an tosta agus na diúide sa saol iar-nua-aoiseach seo agus sinn gafa in ascar ina chuid eangacha.
an tábhacht the importance
" Rialú de Dhíth ===== “Thuigeamar i gcónaí an tábhacht a bhain le rialtóir san earnáil seo agus bhí díomá orainn go léir nár cuireadh an bonn faoi go dtí go raibh géarchéim.
tábhacht important
" Tá rud inteacht scáfar ag baint leis; an smaoineamh ar fad, nach mbeadh boladh ag duine inteacht; go bhfuil tábhacht ag baint le chuile chéadfa atá againn.
béim ar thábhacht na saoirse cainte emphasised the importance of freedom of speech
" Chuir Abbott béim ar thábhacht na saoirse cainte i sochaí oscailte chaoinfhulangach fearacht na hAstráile nuair a pléadh an cheist sa pharlaimint.
tábhacht na n-oifigí poist the importance of the post offices
" Ní thuigeann daoine mar sin tábhacht na n-oifigí poist ná na siopaí gnéis ach oiread! An dara rud a dhéanfaidh mé ná deontas a chur ar fáil do dhuine ar bith a bhaineann móin – mo mhóin féin san áireamh, nó beidh mise róghnóthach san Eoraip le móin a bhaint sa bhaile an bhliain seo chugainn.
thábhacht an chultúir the importance of culture
" Dhírigh Marois air siúd – an geilleagar - , ar an gcóras sláinte agus ar thábhacht an chultúir, agus d’fhan sí glan amach ó chaint ar reifreann, cé go raibh ceisteanna á gcur ag an bpobail agus ag polaiteoirí eile.
Tábhacht na Nuála the importance of innovation
" Tábhacht na Nuála ======== Thuig muidne in Oideas Gael ag casadh na mílaoise nach raibh freastal ceart á dhéanamh ar phobal léitheoireachta na Gaeilge.
an tábhacht a bhaineann le Lá Altaithe the importance of Thanksgiving Day
" Míníonn Brian Ó Broin an tábhacht a bhaineann le Lá Altaithe i Meiriceá.
tábhacht ar leith a special importance
" Sin an fáth, dar le Ciara Nic Gabhann, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint le taispeántas speisialta atá ar siúl i Nua-Eabhrac faoi láthair.
tábhachta importance
" Is beag a líon agus ní cosúil go bhfuil oiread tábhachta leo i súile an rialtais is atá lena gcuid tailte foraoise.