Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tánaisteach secondary
" Dar leis féin gurb é an coincheap féin an ghné is tábhachtaí den ealaín agus gur rud tánaisteach é an ealaín féin a chruthú.
tánaistí understudies
" Tá triúr tánaistí aigesean agus deir sé go réitíonn siad go maith le chéile agus go dtugann siad tacaíocht láidir dá chéile i gcónaí.
cúraimí tánaisteacha secondary tasks
" An deacracht is mó atá agamsa leis an bplean, áfach, ná go bhfuil an baol ann go bhfágfar *élite *i mBaile Átha Cliath, go mór mór sa dá roinn rialtais is cumhachtaí, an fhad is atá cúraimí tánaisteacha á ndéanamh thíos fán tír.
fhoireann thánaisteach second team
" Le ceathracha bliain anuas, is iad Loch Garman agus Uíbh Fháilí atá san iomaíocht don stádas mar fhoireann thánaisteach Chúige Laighean (Cill Chainnigh na taoisigh).
bailiúcháin thánaisteacha secondary collections
" Tá rún ag an Taisce bailiúcháin thánaisteacha a chur le chéile ina mbeidh ceol traidisiúnta ó thíortha eile, ní hamháin na tíortha is cóngaraí dúinn – Sasana, Alba agus an Bhreatain Bheag – ach tíortha i bhfad i gcéin fosta.
áit thánaisteach a secondary place
" Ba é sin an chéad uair a leagadh coinníoll dá leithéid in aon tír ar domhan agus d’éirigh leis an scéal áit thánaisteach a bhaint amach ar chéad leathanach *The LA Times* go fiú.
scéal tánaisteach a second lead story
" Breis is coicís sular fógraíodh Cáinaisnéis 2009, bhí tuairisc eisiach mar scéal tánaisteach ar chéad leathanach The Irish Times an tSathairn faoin teideal: “Cost-cutting plan would end medical card deal for over-70s” (27/09/08).
tánaisteach supporting
" Moss), Gene Wilder (Eugene Grizzard), Gene Hackman (Buck Barrow) agus Estelle Parsons (Blanche, bean chéile Buck) a bhain Oscar dá páirt mar aisteoir mná i ról tánaisteach (1968), ’sí mo theachtaireacht duit ná go bhfuil seoid anseo ar fiú féachaint as an nua arís air.
thánaisteach secondary
" Dúradh ag an am go mbeadh an Rannán Seirbhísí Aistriúcháin ag aistriú reachtaíocht thánaisteach ar nós ionstraimí reachtúla agus go leanfadh Rannóg an Aistriúcháin ag aistriú reachtaíocht phríomhúil.
Tánaisteach supporting
" Muna ngnóthaíonn Jacki Weaver ainmniúchán Oscar sa chatagóir ‘Aisteoir Mná i Ról Tánaisteach’, ar a laghad, dá páirt in *‘Animal Kingdom’*, is beag údarás mórálta atá fágtha ag an Acadamh.
sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach in primary and secondary legislation
" Cé go dtugtar cuireadh don phobal i réamhrá eagrán 2012 aiseolas a chur isteach i gcomhair eagráin athbhreithnithe eile i gceann trí bliana, cá bhfágann sé sin lucht scríofa is múinte na Gaeilge san idirlinn? Chun údarás na Rannóige ar fhoilsiú agus athbhreithniú an Chaighdeáin Oifigiúil feasta a dhaingniú, tá Bille (nó leasú ar bhille) ullmhaithe, agus cuireadh faoi bhráid an tSeanaid é ar 18/9/2012, áit a ndeirtear: ciallaíonn ‘‘An Caighdeán Oifigiúil’’ caighdeán oifigiúil na Gaeilge, arna ullmhú ag Tithe an Oireachtais agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais, atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge (An Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2012 (Seanad) <ar fáil ag http://www.