Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
theachtaireachtaí téacs text messages
" Cuirtear sraith ceisteanna chugat mar theachtaireachtaí téacs agus bíonn rogha agat a rá gurb é A, B nó C an freagra ceart.
téacs text
" Feiceann Simon Jones íoróin ag baint le daoine a thugann "dílseoirí" orthu féin a bheith ag déanamh ionsaí ar thaispeántas faoi arm na Breataine ach tá sé seasmhach ina chuid tuairimí faoin téacs atá ann agus ní bheidh sé ag athrú rud ar bith.
teachtaireacht téacs text message
" "What's the craic?" in áit "What's up?"; "lads," ní "guys"; "brilliant" seachas "awesome"; agus an nós atá ag daoine a rá go nglaofaidh siad ort nuair atá sé i gceist acu teachtaireacht téacs a sheoladh chugat.
teachtaireacht téacs text message
" Sa chlár "You're a Star" bíonn deis ag an lucht féachana vótáil ar son amhránaithe agus amhrán trí ghlao gutháin a dhéanamh nó teachtaireacht téacs a sheoladh ar ghuthán soghluaiste.
Dá bhfoilseofaí níos mó ná téacs amháin if more than one text was published
" Dá bhfoilseofaí níos mó ná téacs amháin ag deireadh, teip a bheadh ann.
comhaontaíodh ar an aon téacs amháin one text was agreed on
" Ach comhaontaíodh ar an aon téacs amháin atá le cur in ionad na gconarthaí uile atá ann cheana.
téacs doiléir i lámhscríbhinní indistinct text in manuscripts
" Is féidir na teicnící céanna seo a úsáid chun anailís a dhéanamh ar ghrianghraif atá glactha cheana féin, nó go fiú chun téacs doiléir i lámhscríbhinní a thabhairt chun solais.
téacsanna samplacha sample texts
" Mar shampla, a fhad is atá ceann de na téacsanna samplacha á léamh os ard is féidir cliceáil ar aon fhocal sa téacs sin agus preabfaidh "Bosca Freagra" draíochta lán d'eolas aníos.
teachtaireachtaí téacs text messages
" An rud is mó a stop an turscar ar ghutháin shoghluaiste go dtí seo ná an costas a bhain le teachtaireachtaí téacs a sheoladh.
teachtaireacht téacs text message
" Cén fáth ar gá dúinne, na tomhaltóirí, íoc as na fiacha móra atá ar na comhlachtaí fóin toisc go ndearna siad botúin amaideacha fadó?! A chairde Gael, tá an réabhlóid ag tosú anseo! Tá muid chun an fód a sheasamh i gcoinne na nguthán siúil ainnis! Anois, fan nóiméad go seolfaidh mé teachtaireacht téacs chun an scéal a scaipeadh … Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
téacs text
" Chuir sé téacs chugam i lár an chluiche ag déanamh tagartha d’eachtra a tharla roinnt soicindí roimhe sin sa chluiche céanna.
téacsanna ársa ancient texts
" “Ba é an dearcadh a bhí aigesean ná gur gá an bhéim a chur ar shochaí nua-aimseartha a chruthú ina bhfuil an bhéim ar chearta daonna agus chan ar Bhíoblaí agus téacsanna ársa mar níor scríobhadh lenár linn féin iad , agus d’aontóinn leis sin.
Maíonn an téacs the text ... states
" Maíonn an téacs atá an Pharlaimint Chatalónach i ndiaidh a rith gur náisiún í an Chatalóin, ach ní ghlacann Bunreacht na Spáinne ó 1978 leis an bhféidearthacht seo in aon chor.
Maíonn an téacs the text ... states
" Maíonn an téacs atá an Pharlaimint Chatalónach i ndiaidh a rith gur náisiún í an Chatalóin, ach ní ghlacann Bunreacht na Spáinne ó 1978 leis an bhféidearthacht seo in aon chor.
Maíonn an téacs the text ... states
" Maíonn an téacs atá an Pharlaimint Chatalónach i ndiaidh a rith gur náisiún í an Chatalóin, ach ní ghlacann Bunreacht na Spáinne ó 1978 leis an bhféidearthacht seo in aon chor.
seolaim téacsanna I send texts
" Agus, ar ndóigh, seolaim téacsanna i nGaeilge chuig mo dheartháireacha agus mo dheirfiúracha in Éirinn beagnach gach lá.
téacsanna graosta lewd texts
" Bhris scannal ollmhór amach i lár mhí Dheireadh Fómhair, nuair a tugadh le fios go raibh an Teachta Mark Foley ó Florida ag seoladh téacsanna graosta chuig cúntóirí óga fireanna sa Chomhdháil.
mar theachtaireacht téacs. as a text message.
" Níos measa fós, aistrítear na scéalta go foirm scríofa, agus tig le cairde nó comhghleacaithe iad a léamh ar an idirlíon nó mar theachtaireacht téacs.
deich dteachtaireacht téacs ten text messages
" “Ach an tsíocrothnóidh muid ar fad rchanbhasáil: deich dteachtaireacht téacs sa lá ar feadh dhá mhí; deich dteachtaireacht idirlín; deich scairt ghutháin .
níl de dhifear idir an dá théacs there is no difference between the two texts
" Go deimhin, níl de dhifear idir an dá théacs ach deich gcinn den 250 alt a bhí sa Bhunreacht.
téacs leadránach boring text
" Ní thagann ach téacs leadránach chun cinn de ghnáth, agus go minic ní bhaineann na torthaí le hábhar.
ag aistriú an téacs translating the text
" Níor thángthas ar an leabhar nó ar na plátaí, agus b'éigean do Smith éalú as Nua-Eabhrac go Pennsylvania, áit ar lean sé ar aghaidh ag aistriú an téacs go Béarla (mhaígh sé go raibh an bunleagan scríofa i dteanga ar thug sé “Reformed Egyptian” uirthi).
líon na dteachtaireachtaí téacs the amount of text messages
" B'fhéidir, mar sin, go dtiocfaidh fás tapa ar líon na dteachtaireachtaí téacs a sheolfar as Gaeilge an samhradh seo – agus tá a fhios agam féin cad é an chéad cheann a scríobhfaidh mé: "GRMMA Samsung".
teachtaireachtaí téacs, text messages,
" (Paragraf 4) Léiríonn torthaí an taighde go mbíonn páistí scoile chomh hóg le dhá bhliain déag d’aois á gciapadh ag na bulaithe trí ghlaonna gutháin, teachtaireachtaí téacs, teachtaireachtaí ríomhphoist, fóraim idirlín, seomraí cainte agus suíomhanna greasánaithe shóisialta mar Bebo, Facebook agus MySpace.
córas iomlán téacs-go-hurlabhra Gaeilge a fhorbairt to develop a whole text-to-speech in Irish system
" ie) is teideal don tionscadal seo, agus d'éirigh leo siúd atá ina bhun córas iomlán téacs-go-hurlabhra Gaeilge a fhorbairt, chomh maith le Cabóigín, ar ríomhchainteoir (nó guth sintéiseach) í a labhraíonn Gaeilge Uladh, a thabhairt ar an saol.
téacsanna thuarthacha predictive texts
" Bhainfeadh Russell Brand agus Jonathon Ross an-leas as an fhón tocca le go bhféadfaidís seanfhondúirí Chumann Merriman a mhaslú le téacsanna thuarthacha faoi fhilíocht na seachtú haoise déag.
slám téacsanna a load of texts
" Tá sé chomh dona sin go ndeirim ar an aer nuair a bhím ar Today FM, ‘sula mbeidh an clár seo istigh gheofar slám téacsanna ó tuairim is fiche duine a leanann mé timpeall is a bheidh ag scríobh ‘Eoghan Harris made a balls out of Twink, Eoghan Harris got f***** everything wrong.
Téacs aimrid barren text
" Téacs aimrid don chuid is mó a bhí i gceist san idirlíon ag an am, le corrphictiúr, chun triomacht an fhásaigh a éascú agus a bheochan.
téacsanna texts
" Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig ceanncheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme.
ní miste leat téacs text doesn’t bother you
" Gan amhras, má tá tú ag léamh an ailt seo, ní miste leat téacs.
téacs text
"téacs comhthreomhar Béarla ag dul le gach scéal a chuideoidh leis an léitheoir cleachtadh agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna sa teanga gan a bheith ag síorthagairt don fhoclóir.
mionsonraí téacs an achta the textual definitions of the act
" Léigh Henchy mionsonraí téacs an achta agus tháinig sé ar an ainmfhocal *“transformation”*, agus dhearbhaigh sé nach raibh cead faighte ag an Rialtas fén tríú leasú aon *“transformation”* a chur i gcrích trí chonradh gan reifreann.
idir léaráidí agus théacs in both graphics and text
" An bhfeicfidh sí arís go deo í? Scéal corraitheach a insítear, idir léaráidí agus théacs, go lom tuisceanach.
fóirsteanacht an téacs a fhéachaint to check the text’s suitability
" Ins an aighneacht a sheol an Cumann Cógaisíochta agus Cúram Leighis (IPHA) chuig an Roinn, cuirim i gcás, dúradh go gcosnódh sé €10,000 in aghaidh na bliana ar gach táirge, fóirsteanacht an téacs a fhéachaint, nó mar a thugann siad féin air, 'user readability testing'.
théacsanna ársa éagsúla various ancient texts
" Tuairiscíonn Cheiro gur thug Brámain agus lucht léinn an cheantair sin cead dó staidéar a dhéanamh ar théacsanna ársa éagsúla, téacsanna a bhain leis an asarlaíocht agus leis an draíocht ar feadh tréimhse dhá bhliain.
lipéidí téacs text labels
" Séard atá iontu ná lipéidí téacs ar líonra a cheanglaíonn píosaí ábhar scaipthe le chéile.
léitheoir téacs uathoibritheach automatic text reader
" Tá sé 66 anois, rud a ciallaíonn gur ghlac sé leis an bpost úd ag am dá shaol ina mbíonn an chuid is mó againn ag smaoineamh faoin áit ar chóir duinn ár gcóisir scoir a shocrú! Kurzweil, Mac na nAthruithe ============ Le cúlra tionscantach i gcórais aithint optúil carachtar (OCR an Bhéarla) agus téacs go teanga (chruthaigh sé an chéad léitheoir téacs uathoibritheach sna seachtóidí!) ní raibh ach líne amháin i sainchuntas a phoist i nGoogle: “*to bring natural language understanding to Google*”.