Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Rachaimid i dtaithí ar an euro we'll get used to the euro
" Rachaimid i dtaithí ar an euro gan mhoill.
chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar Nuala he greatly influenced Nuala
" Ní raibh mo mhuintir aon phioc sásta ach bhíos ag rá liom féin 'Cad ina thaobh go gcaithfinn mo shaol le rud nach bhfuil suim dá laghad agam ann?'" Bhí an file Seán Ó Ríordáin ag obair san ollscoil ag an am agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar Nuala agus ar mhic léinn eile de chuid na Gaeilge, leithéidí Michael Davitt agus Liam Uí Mhuirthile, agus spreag sé iad le dul i mbun na scríbhneoireachta.
a chuaigh i gcion ar mo shamhlaíocht who caught my imagination
" ó na seascaidí agam freisin, ach b'iad na hiománaithe ach go háirithe a chuaigh i gcion ar mo shamhlaíocht.
chuaigh dhá ghrianghraf de Collins i bhfeidhm go mór ar McEvoy two photos of Collins struck a deep chord with McEvoy
" Cé gur dhírigh an t-ábhar sa phacáiste ar Eamon de Valera den chuid is mó, chuaigh dhá ghrianghraf de Collins i bhfeidhm go mór ar McEvoy.
chuaigh sí amach ar a cos she twisted/turned her ankle
" Leis an iarracht a rinne sí í féin a choinnéail ar a bonnaí chuaigh sí amach ar a cos.
chuaigh na fir ar a dteitheadh the men fled
" De réir an tseanchais, nuair a chonacthas na saighdiúirí ag teacht isteach, chuaigh na fir ar a dteitheadh amach fríd na hoileáin bheaga agus amach go tír mór.
a théann i gcion ar an lucht éisteachta which makes an impression on the audience
" Nuair a éiríonn le duine é sin a dhéanamh bíonn croí agus mothú san amhrán a théann i gcion ar an lucht éisteachta.
téim ar thóir leaganacha den amhrán I go looking for versions of the song
" Tugaim taitneamh d'amhrán a chloisim agus téim ar thóir leaganacha den amhrán.
dá rachaidís sa tóir ar dhaoine if they went after people
" "Nach fearrde muid go mór dá uireasa?" Aniar de phreab le Balor an tEachtraí: "Nach fearr é ná cuid de na bolaithe a cheileann sé san am i láthair? Bheadh na boic mhóra i mBaile Átha Cliath i bhfad níos fearr as dá rachaidís sa tóir ar dhaoine a bhíonn ag caitheamh rudaí eile seachas tobac sna dtithe tábhairne.
rachainn ar seachrán I'd go astray
" Ní miste liomsa é sin mar rachainn ar seachrán agus ar fálróid ar fud na háite, mar sin é an dóigh a scríobhaim.
théinn ar ais I used to go back
" Is é seo an modh féinteagaisc a chuir mé romham: tar éis gach ceacht a chur de ghlanmheabhair, théinn ar ais chun na ceachtanna uile a tháinig roimhe a athdhéanamh sula dtosaínn ar cheann eile.
chuaigh 60,000 ballód neamhláithreach ar iarraidh 60,000 absentee ballots went missing
" An tseachtain seo caite, go díreach, in Florida, chuaigh 60,000 ballód neamhláithreach ar iarraidh i gcontae ar Daonlathaigh iad formhór na vótóirí, agus níltear ag tabhairt deise ach do chuid de na daoine sin vóta a chaitheamh arís.
chuaigh Eilís amach ar a murnán Eilís sprained her ankle
" Sula raibh siad fá chúpla céad slat, chuaigh Eilís amach ar a murnán.
Ní dheachaigh sé i bhfeidhm rómhór ar an bhord he didn't make much of an impression on the board
" Marc: B- *Seán (Jackie) Ó Droighneáin (AMICUS)* Ní dheachaigh sé i bhfeidhm rómhór ar an bhord ó ceapadh anuraidh é le teacht i gcomharbacht ar Phól Ó Foighil.
a chuaigh go mór i bhfeidhm ar do chuid ceoil féin who greatly influenced your own music
" An bhfuil aon fhidléir ar leith a chuaigh go mór i bhfeidhm ar do chuid ceoil féin? BNicG: D'fhoghlaim mé mo chuid ceoil sa bhaile ó m'athair.
théimis ar ais we used to go back
" Níor labhair duine ar bith sa bhaile í agus díreach tar éis imeacht ón scoil gach lá théimis ar ais go dtí an Béarla.
ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl one only has to look at how the standard of Irish went down in schools
" Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl one only has to look at how the standard of Irish went down in schools
" Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
nuair a théinn ar ais when I used to go back
" Sular tháinig mé go dtí an Nua-Shéalainn, bhí neart failleanna agam cumarsáid as Gaeilge a dhéanamh, ach ó tháinig mé anseo ba bheag seans a bhí agam sin a dhéanamh, ach amháin nuair a théinn ar ais go hÉirinn ar laethanta saoire.
a rachaidh i gcion ar go leor daoine that will make an impression on a lot of people
" Is cinnte gur albam é a rachaidh i gcion ar go leor daoine.
nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne when John Paul II died
" Ina fhianaise sin go léir ní ionadh gurb iontach an brón a tháinig ar mhuintir na Polainne nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne ag 21.
nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne when John Paul II died
" Ina fhianaise sin go léir ní ionadh gurb iontach an brón a tháinig ar mhuintir na Polainne nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne ag 21.
a chuaigh i gcion go mór ar go leor daoine who had a great impact on a lot of people
" Ba léir, ón dóigh ar labhair sí mar gheall ar Mhícheál, gur fear faoi leith a bhí ann a chuaigh i gcion go mór ar go leor daoine.
a rachaidh i gcion ar an Scéim which will affect the Scheme
" Tuartar sa scéim faoin gceannteideal “Rudaí a rachaidh i gcion ar an Scéim” go ndéanfar slad ar fhoireann na Roinne má leantar leis an phróiseas mar atá beartaithe ag an rialtais: “Má thagann toradh ar na figiúirí a foilsíodh ón tSaoráid Lárnach Iarratais beidh athrú de 90% ar fhoireann na Roinne.
a théann i bhfeidhm ar chreimeadh teanga nó ar neartú teanga which impact on language decline or language strengthening
" ” An fhaillí is mó a fheiceann sé ná nach raibh aon phleanáil teanga ar siúl, nach raibh aon phlean comhtháite le tabhairt faoin speictream iomlán de rudaí a théann i bhfeidhm ar chreimeadh teanga nó ar neartú teanga.
eachtra a chuaigh i bhfeidhm ar thuismitheoirí Jones an event that left its mark on Jones' parents
" Rugadh Jones i 1913, nuair a bhí Learphollach eile de bhunadh Éireannach, Jim Larkin, ina cheannaire ar an fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath, eachtra a chuaigh i bhfeidhm ar thuismitheoirí Jones.
Chuaigh sé mhilliún Polannach ar shlí na fírinne de dheasca shléacht an Dara Cogadh Domhanda. Six million Poles died as a result of the Second World War.
" Chuaigh sé mhilliún Polannach ar shlí na fírinne de dheasca shléacht an Dara Cogadh Domhanda.
go ndeachaigh an Ghaeilge i gcion ar an Ultais that Irish influenced Ulster Scots
" Dúradh ar go leor suíomh gréasáin go ndeachaigh an Ghaeilge i gcion ar an Ultais agus spreag sé seo suim sa Ghaeilge ionam.
a chuaigh ar an drabhlás who went on the tear
" Beidh siad míshásta go bhfuil an mac eile a chuaigh ar an drabhlás ag fáil duaiseanna nach bhfuair siadsan.
go ndeachaigh sé ar scor until he retired
" ” Chaith Risteard beagnach tríocha bliain san Institiúid ar fad go dtí go ndeachaigh sé ar scor trí bliana ó shin.
a chuaigh ar iarraidh which went missing
" An bhfuil cuimhne agaibh ar an *six iron* sin de chuid Tiger a chuaigh ar iarraidh le linn Chorn Ryder? Thángthas air cúpla lá ina dhiaidh sin in Otharlann an Mater i mBaile Átha Cliath, i ndiaidh do cheathrar máinlianna sé huaire an chloig a chaitheamh ag iarraidh é a bhaint amach as tóin iriseora.
Chuaigh seo sa muileann ar go leor daoine. This baffled a lot of people.
nuair a théann siad ar thóir an airgid mhóir when they go looking for the big money
" Tá an chuma ar an scéal nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh nuair a théann siad ar thóir an airgid mhóir i bhfoirm urraíochta agus fógraíochta.
an té a mheabhraíonn ar na pictiúir seo, the person who reflects on these pictures,
" An duine a léiriú ón taobh istigh, b’in a theastaigh uaidh a dhéanamh, agus an té a mheabhraíonn ar na pictiúir seo, cuireann sé aithne ar dhaoine ina gcáilíocht féin, idir a mbuntréithe marthanacha agus a mianta díomuana.
is mó a chuaigh i gcion ar dhomhan na hiomána that made the biggest impression on the world of hurling,
" Ina theannta sin, nuair a bhuaigh Tiobraid Árann Craobh na Mumhan i 1987 tar éis 14 nó 15 de bhlianta gan í, d’fhógair a gcaptaen go raibh an gorta thart! Laethanta órga cinnte! Le filleadh ar na nóchaidí, ba iad Uíbh Fhailí agus an Clár na foirne is mó a chuaigh i gcion ar dhomhan na hiomána agus a spreag spéis san iomáint i measc daoine a bhí neodrach.
Chuaigh Krauss ar scor óna phost Krauss retired from his job
"Chuaigh Krauss ar scor óna phost mar stiúrthóir Ionad Theangacha Dúchasacha Alasca seacht mbliana ó shin ach tá oifig aige ansin go fóill agus caitheann sé go leor ama san ionad.
chuaigh sí go mór i gcion ar amhránaithe óga. she greatly influenced young singers.
" Agus í sna daichidí, bhain sí clú agus cáil amach mar amhránaí agus chuaigh sí go mór i gcion ar amhránaithe óga.
conas mar a chuaigh na leabhair i bhfeidhm ar dhaoine, how the books impacted on people,
" ) “Is é ábhar na n-imleabhar uilig ná: stair na foilsitheoireachta agus an cúlra atá leis an fhoilsiú sin; conas mar a chuaigh na leabhair i bhfeidhm ar dhaoine, ar a smaointe agus ar a saol inmheánach; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an margadh; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an staid pholaitíochta; conas mar a léigh daoine na leabhair.
toisc go ndeachaigh an Bhreatain go mór i bhfeidhm ar an dá thír; because Britain had a big impact on both countries;
" ” Ní hamháin sin ach tá stair ag an dá chultúr ar fiú iad a chur i gcomparáid lena chéile toisc go ndeachaigh an Bhreatain go mór i bhfeidhm ar an dá thír; go ndeachaigh an Béarla i bhfeidhm go mór orainn beirt; gur tharla críochdheighilt sa dá thír agus go bhfuil tábhacht leis an stailc ocrais sa dá thraidisiún.
nach dtéann ar imirce. that don't emigrate.
" “Tá an ceart agat maidir le Polannaigh a fhanann sa bhaile agus nach dtéann ar imirce.
a chuaigh ar imirce go Londain who emigrated to London
" “Is féidir liom a rá go macánta gurb í an obair a bhíonn ar siúl ag an tionscadal Aisling a thug an spreagadh dom an scannán Kings a dhéanamh,” a dúirt an stiúrthóir, Tom Collins, agus é ag caint faoina scannán nua, a tháinig amach ar na mallaibh, agus faoin dea-obair a dhéanann Aisling i measc na nÉireannach a chuaigh ar imirce go Londain blianta ó shin agus atá anois fágtha gan dídean nó aon cheangal leis an bhaile.
Chuaigh an dráma go mór i bhfeidhm ar Collins the play had a big impact on Collins
" Chuaigh an dráma go mór i bhfeidhm ar Collins nuair a chonaic sé é sa Tricycle ar Kilburn High Road agus thosaigh sé ag iarraidh na cearta a cheannach ón scríbhneoir le scannán a dhéanamh de.
a chuaigh ar imirce who emmigrated
" Tá siadsan ag iarraidh rud iontach simplí a dhéanamh – daoine a chuaigh ar imirce a thabhairt ó Londain le bualadh lena dteaghlach ar ais in Éirinn.
Téann siad sa tóir ar chontúirt, they go looking for danger
" Téann siad sa tóir ar chontúirt, agus taitníonn aon ghníomhaíocht leo a bhfuil baint aici le téististéarón – bíodh sé gnéas nó bagairt ar shaol.
fear nach ndeachaigh ar chúl sceiche riamh lena chuid tuairimí a man who never balked at giving opinions
" Easpa fiontraitheChuir iar-Eagarthóir *The Sun*, Kelvin MacKenzie – fear nach ndeachaigh ar chúl sceiche riamh lena chuid tuairimí nó nach bhfuil cáil na ceartaiseachta polaitiúla air – olc ar go leor Albanach i mí Dheireadh Fómhair nuair a chuir sé ina leith nach raibh aon spiorad fiontraíochta sa tír agus go raibh níos mó scile acu i gcaitheamh airgid ná á ghiniúint.
an té nach gcoinníonn a chos ar an troitheán, he who doesn't keep his foot on the pedal
" Dúirt Jacques Delors, tráth, go raibh Aontas na hEorpa mar a bheadh rothar ann – an té nach gcoinníonn a chos ar an troitheán, titfidh sé as.
Cén chaoi a dtéann a leithéid de sceideal i bhfeidhm ar dhuine? How does such a schedule impact on a person?
" Cén chaoi a dtéann a leithéid de sceideal i bhfeidhm ar dhuine? Agus an mbíonn impleachtaí i gceist ó thaobh an tsaoil phearsanta de?“Tá mé i gcaidreamh agus bíonn sé deacair a bheith as baile an t-am ar fad.
áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga. a place where he went about intensive study on the language
" ”Seal sa Ghaeltacht I mí an Mhárta anuraidh chuir Bishop faoi i dTír an Fhia i Leitir Móir, i nGaeltacht Chonamara - áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga.
a rachadh i bhfeidhm ar an phobal trí chéile which would make an impression on the public in general
" Bhí Hirst bainteach leis an ghrúpa YBAs (Young British Artists), grúpa a raibh sé mar chuspóir aige ealaín gháifeach a chruthú a rachadh i bhfeidhm ar an phobal trí chéile.
chuadar ar stailc. they went on strike.
" Níor thaitin na rialacha leis na himreoirí agus chuadar ar stailc.
chuaigh mé ar scoil chuig na Bráithre Críostaí. I went to a Christian Brothers school
" An dtig leat tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoi d’óige, le do thoil? Ian: Bhuel, níl a fhios ag mórán daoine é seo, ach chuaigh mé ar scoil chuig na Bráithre Críostaí.
ní théadh misinéirí de chuid na heaglaise go dtí áit ar bith san Afraic church missionaries used not go to anywhere in Africa
" Mar sin, ní théadh misinéirí de chuid na heaglaise go dtí áit ar bith san Afraic taobh amuigh den Afraic Theas agus Namibia, áiteanna a raibh cónaí ar dhaoine geala.
is léir go ndeachaigh Ahern i bhfeidhm ar na hÉireannaigh. it is clear that Ahern affected the Irish
" Bíodh sin fíor nó ná bíodh, is léir go ndeachaigh Ahern i bhfeidhm ar na hÉireannaigh.
go mbeadh muid an-bhuíoch de dá rachadh sé i gcomhairle linn faoi seo ar fad. that we would have been very grateful to him if he had consulted with us first
" Ag féachaint siar anois, tá mé den tuairim go mbeadh muid an-bhuíoch de dá rachadh sé i gcomhairle linn faoi seo ar fad.
chuaigh siad beirt treo nua ar fad ó thaobh an cheoil de. and the two of them went in a whole new direction in terms of the music
" Ní bhfuair sé deis é sin a dhéanamh ach ag tús na n-ochtóidí bhunaigh sé féin agus Christy Moore an grúpa Moving Hearts agus chuaigh siad beirt treo nua ar fad ó thaobh an cheoil de.
go bhfuil seans go rachadh an ceol treo eile ar fad, that there is a chance that the music would have gone in another direction altogether
" Deir sé dá mbeadh níos mó ama aige nuair a tháinig an grúpa le chéile an chéad lá riamh go bhfuil seans go rachadh an ceol treo eile ar fad, treo a bheadh níos sásúla.
a théadh ar aghaidh which used to take place
" Próiseas ab ea é a théadh ar aghaidh i ngach contae eile, nach mór, ag tús na bliana.
a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine which really made an impression on people
" Fear físe ab ea é Dónall Ó Móráin, duine de lucht bunaithe na heagraíochta sin, a bhí in ann daoine eile a spreagadh agus a thabhairt leis, mar aon le rudaí a bhaint amach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine agus a raibh tionchar inbhraite acu ar chur chun cinn na Gaeilge.
Chuaigh Seán i gcion go mór ar a chuid foghlaimeoirí agus ar a chomh-mhúinteoirí Seán had a big impact on his learners and his fellow students
" Chuaigh Seán i gcion go mór ar a chuid foghlaimeoirí agus ar a chomh-mhúinteoirí agus cronófar gó mór é.
Chuaigh sé ar imirce he emigrated
" Chuaigh sé ar imirce agus é fós ina dhéagóir.
an dóigh a dtéann sí i bhfeidhm ar dhaoine a shamhlú to imagine how it affects people
" Ar an dea-uair, ní cuid dár saolna í an chogaíocht agus is deacair dúinn, dá bhrí sin, an dóigh a dtéann sí i bhfeidhm ar dhaoine a shamhlú.
Téann muid ar foscadh we shelter
" Téann muid ar foscadh faoi chrann agus eagla orainn go ndéanfar damáiste don charr atá glactha ar cíos againn.
go rachaidh an clár go mór i bhfeidhm ar dhaoine that the programme will really affect people
" Ba gheall le breith clainne é an próiseas ar fad: bhí giniúint i gceist, tréimhse iompair agus faoin Déardaoin, beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn ar scáileáin na tíre!Súil an fhir ceamara “Tá jab iontach déanta ag Jim Fahey agus táim cinnte go rachaidh an clár go mór i bhfeidhm ar dhaoine.
an dóigh a rachaidh sé i gcionn ar the way it shall effect
" Tugtar gaoth an fhocail d’iriseoir éigin faoin phlean chonspóideach atá ar na bacáin le tástáil a dhéanamh ar an dóigh a rachaidh sé i gcionn ar an phobal.
chuaigh i bhfeidhm ar affected
" Tionchar an chultúir An leabhar fá Mheiriceá ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar O'Clery, '*What’s the Matter with Kansas'* an teideal a bhí air.
nach ndeachaigh ar chúl sceiche ariamh that never hid
" Bheifeá ag súil lena leithéid ó fhoilseachán nach ndeachaigh ar chúl sceiche ariamh lena dímheas ar an teanga a chur in iúl.
chuaigh ar shlí na fírinne died
" Agus smaoiním ar na cairde agus gaolta liom a chuaigh ar shlí na fírinne.
chuaigh ar shlí na fírinne who died
" Is féidir le matamaiticeoirí dul i ngleic leis an saghas áilleachta seo de bharr shaothar fear amháin thar aon duine, fear a chuaigh ar shlí na fírinne i lár na míosa seo caite.
théann ar seachrán wanders
" Is ábhar magaidh i measc go leor de mhuintir na Brasaíle go dtí an lá inniu, caint thútach a n-uachtaráin, caint a théann ar seachrán ón ngramadach go minic.
chuaigh i bhfeidhm ar affected
" Thosaigh siad amach le 30 gnó agus chuaigh i bhfeidhm ar thrí bhealach le comharthaíocht inmheánach agus seachtarach, stáisiúnéireacht agus le cumarsáid leis na custaiméirí.
Téann siad i bhfeidhm ar they affect
té ar suim leis person who is interested in
" Fóirfidh an bailiúchán seo don fhoghlaimeoir agus don té ar suim leis an litríocht agus ar mhaith leis cur lena thuiscint ar shaothar scríbhneoirí na Nua-Ghaeilge.
té ar mian leis who wishes
" Dá bhrí sin, ní mór don té ar mian leis smacht a chur ar ghunnaí sna Stáit Aontaithe a bheith glic.
chuaigh ar imirce emigrated
" Cerbh í féin? Rúiseach ab ea Rachel Bluwstein (1890 -1931) a chuaigh ar imirce go dtí an Phalaistín sa bhliain 1909.
sula dtéann sé amach ar féarach before he retires
" Beidh ar an chréatúr dhá mhí dhéag eile a chur isteach ag obair sula dtéann sé amach ar féarach.
chuadar in airde ar cheann acu they got up on one of them
" ” Agus dúirt an cailín liom í féin ina dhiaidh san go raibh sí sa champa seo agus an obair a bhí ar siúl acu, í féin agus fear eile, ná grágáin mhóra de chrainn a chur síos go dtí an abhainn agus iad a fhágaint go rachaidís síos agus oíche amháin, chuadar in airde ar cheann acu agus d’éilíodar amach agus sin an tslí a tháinig sise go dtí *America*.
chuaigh sé thart iontach gasta ar fad it passed really quickly
" An Gaillimhigh iad do chlann faoi am seo nó an Conallaigh iad?** ENíCh: Má chuireann tú an cheist ormsa an Gaillimheach nó an Conallach mé, is Conallach mise! (gáire) Táimid anseo le hocht mbliana agus chuaigh sé thart iontach gasta ar fad.
an té a chuir ar bhóthar the person who put (me) on the road (to publishing)
" Dhá bhliain? Féinfhoilsiú mar sin! Tá an leabhar amuigh anois (cé nach bhfuil gléas a léite ceannaithe agam go fóill!) agus é tiomnaithe do Mhícheál Ó hAodha, an té a chuir ar bhóthar na féinfhoilsitheoireachta leictreonaí an chéad lá mé.
chuaigh cúrsaí chun tubaiste ar fad matters became disastrous entirely
" Trí lá ina dhiaidh sin, ar 22 Meán Fómhair 2010, chuaigh cúrsaí chun tubaiste ar fad nuair a chuir Tyler lámh ina bhás féin trí léim amach ón *George Washington Bridge*.
chuaigh sé i gcion chomh mór sin ar he so influenced
" Chonaic Fuller go raibh féidearthachtaí gnó agus sóisialta san fhoirgneamh áirithe sin áfach – ba dhornálaí agus iomrascálaí maith é Fuller agus é ina fhear óg – agus chuaigh sé i gcion chomh mór sin ar an gceannaire póilíneachta ceantair gur lig sé dó an Buffalo a atógáil.
théann i gcion ar affects
" Tá an bhagairt seo ar na rudaí is mó a théann i gcion ar shaol na n-inimirceach lasmuigh den dlí agus le barr eagla roimh ordú díbeartha, is minic a dhéanann na daoine seo cinneadh nach bhfuil chun a leasa.
a chuirfeadh stró ar an té ba mhó gus which would stress out even the best of us
" Ach is léir go bhfuil éiginnteacht ag baint leis seo a chuirfeadh stró ar an té ba mhó gus.
ar an té gan ainm on the nameless person
" ) Chas Rossa an cúiseamh trom faoi ‘chinedheighilt’ thart ar fad, go snasta agus i mbeagán focal, ar an té gan ainm a scríobh an t-alt san IT.
dá rachainn ar aghaidh leis an chás if I were to proceed with the case
" "Mar sin, i ndiaidh bliana de bheith ag diúltú an chúirt a aithint, thiontaigh mé suas le dlíodóir agus abhcóide, rud a chuir na bleachtairí fríd a cheile ar fad! Cuireadh an cás ar athló agus tugadh chuig na cillíní mé áit ar dúradh liom go dtabharfadh na póilíní le fios go raibh mé ag sceitheadh scéalta ar mo chomrádaithe agus go raibh mé ag comhoibriú leo dá rachainn ar aghaidh leis an chás.
le cinntiú go rachaidh na leasuithe ar aghaidh to ensure that the reforms proceed
" Measann sé go bhfuil coimhlint inmheánach ag dul ar aghaidh sa PSNI idir an dá aicme agus go bhfuil ról le himirt aige féin agus ag an Bhord le cinntiú go rachaidh na leasuithe ar aghaidh.
Don té nach mbeadh a mhalairt ar eolas aige to those who wouldn’t know otherwise
" Don té nach mbeadh a mhalairt ar eolas aige shílfeá go bhfuil an saol ar a dtoil ag pobal na Gaeltachta mar gur leo a thit an t-airgead.
ní théim ar Aifreann I don’t attend mass
" (Nuair a deirim sin, ní théim ar Aifreann, níl mórán suime agam sa pholaitíocht ach i dtuaisceart Éireann, tá na lipéid i bhfad níos tábhachtaí ná na fíricí.
a chuaigh ar scoil iomlánaithe who attended an integrated school
" Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas =============== Ach cad é an bhaint atá aige seo liomsa agus leis an ghasúr a bhfuil mé ag siúl amach leis? Cé a fheicfidh an crá croí a bheas ann más éigean dúinn scaradh mar gheall ar an aineolas atá ar a chairde - a chuaigh ar scoil iomlánaithe, dála an scéil.
a chuaigh ar iarraidh that went missing
" Deir daoine eile gur scéith a mháthair, Margaret, eolas chuig na húdaráis faoin láthair i Loch Measca inar caitheadh coirp beirt bhall foirne le tiarna talún a chuaigh ar iarraidh go gairid roimhe sin.
Ar son an té nach bhfuil a fhios aige for anyone who doesn’t know
" Ar son an té nach bhfuil a fhios aige faoin scríbhneoir, ba mháistir le ceird na haoire é Ó Nualláin, gan amhras ar bith.
sula dtéann siad ar camchuairt before they go on circuit
" Is iondúil go n-úsáideann complacht drámaíochta deis an dráma a léiriú ina mbaile féin sula dtéann siad ar camchuairt.
gan focal ar bith i mo cheann a rachadh leis without having a word in my head to go with it
" ” “Bhí fonn i mo shamhlaíocht (tosaíonn Julie ag úúúúú-áil ag an bhomaite seo) gan focal ar bith i mo cheann a rachadh leis, ach an lá seo bhí mé i mo shuí sa teach i lár ceann de na sceidil mhire seo a chleachtaim.
a ndeachaigh an Béarla ar gcúl ann where English receded
" Málta an t-aon áit san Eoraip a ndeachaigh an Béarla ar gcúl ann idir 2000 agus 2010.
a chuaigh ar an bhád bhán who emigrated
" Deir sé nach raibh aon deacracht aige féin an teanga a fhoghlaim nuair a bhí sé ag teacht i méadaíocht i dTiobraid Árann ach gur beag tairbhe a bhí sa Ghaeilge dá chomhscoláirí a chuaigh ar an bhád bhán go Sasana.
Chuaigh mé ar cuairt I paid a visit
" ” An Fuinneamh Céadach ====== Chuaigh mé ar cuairt chuig an áit a bhfuil sé le bliain, áras na seandaoine.
le hais an té a d'fhreastail ar bhunscoil Bhéarla as against a person who attended an English medium national school
" I bhfocail eile, ní gá go dtabharfadh freastal ar bhunscoil lán-Ghaelach buntáiste iontrála do dhalta le hais an té a d'fhreastail ar bhunscoil Bhéarla ach a bhfuil cónaí air sa cheantar máguaird.
a chuaigh go mór i bhfeidhm ar who really affected
" Tionchar mór ar chur chuige liteartha Wallace ab ea an tÉireannach cinnte, cé go raibh scríbhneoirí eile cosúil le DeLillo a chuaigh go mór i bhfeidhm ar stíl an ghaiscigh liteartha seo.
díluacháil ar an té a chailleann a devaluation of the one who loses
" Ní lia duine ná tuairim agus ní thaitníonn sé liom go ndéantar díluacháil ar an té a chailleann.
an dóigh a ndeachaigh an tréimhse sin i bhfeidm ar how that period affected
" "Thuig mé riamh anall agus mé ag fás aníos go raibh nasc idir an athbheochan pobalbhunaithe teanga a bhí againn i mBéal Feirste, a raibh mé féin mar chuid agus mar dhéantús de, agus streachtailt na teanga sa Cheis Fhada agus an dóigh a ndeachaigh an tréimhse sin i bhfeidm ar an chlaochlú phobail a tharla i ndiaidh na stailceanna ocrais,” a dúirt sé liom.
an tslí a dtéann an inimirce seo i gcion ar how this immigration affects
" Is minic go mbíonn caint ar chúrsaí imirce dírithe ar na daoine a bhaineann tír nua amach agus an tslí a dtéann an inimirce seo i gcion ar an tír athbhaile.