Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
téann na daoine seo le báiní these people become furious
" Chuile uair a bhíonn comhscór ann téann na daoine seo le báiní ar fad toisc go gcreideann siad, ní hea ach go bhfuil a fhios acu go maith, go líontar pócaí daoine áirithe leis an airgead a chaitheann gnáthmhuintir na hÉireann agus iad ag tabhairt tacaíochta dá gcontae dúchais.
cé acu a théann léine ghlas le briste gorm whether a green shirt goes with blue trousers
" Bhí an saol ag dul thairis aniar agus níor mhian le Fiachra é a chaitheamh á bhuaireamh féin fá cé acu a théann léine ghlas le briste gorm.
a théann i dteagmháil le which makes contact with
" Bíonn glacadóir sa ghléas loingseoireachta ar an talamh a théann i dteagmháil le trí shatailít ar a laghad, agus a thomhasann an méid ama a thógann sé ar na comharthaí éagsúla an glacadóir a shroichint.
Is mairg don té a ligeann a mhaidí le sruth. Woe to him who lets things drift.
" Is mairg don té a ligeann a mhaidí le sruth.
ní théitear i ngleic le mórcheisteanna éagsúla various big issues are not tackled
" Ina áit sin, cleachtann siad Tadhg an dá thaobhachas agus, mar gheall air sin, ní théitear i ngleic le mórcheisteanna éagsúla.
chuaigh a n-áit chónaithe le thine. when their living quarters went on fire.
" ” Lena chois sin, tá Craobh Phádraig Mhic Phiarais ag obair i gcomhar le Coiste Áitiúil Oileán Acla le cuimhneachán a eagrú ar an tragóid a tharla i gCathair Cheann Tulaich ar 16 Meán Fómhair 1937, áit ar maraíodh deichniúr de mhuintir Acla nuair chuaigh a n-áit chónaithe le thine.
go rachaidís i ngleic le fadhb na caimiléireachta that they would get to grips with the probolem of corruption
" Gné amháin de pholasaithe PiS a thaitin le formhór na bPolannach thiar in 2005 ná an gealltanas a thug siad go rachaidís i ngleic le fadhb na caimiléireachta i saol na tíre.
Chuathas i dteagmháil le daoine éagsúla various people were contacted
" * Nóta ón eagarthóir: Chuathas i dteagmháil le daoine éagsúla i rith na míosa seo caite le cuireadh a thabhairt dóibh alt a chur ar fáil do *Beo!* ina ndéanfaí argóintí ar son dhaingiú an chonartha a chur chun cinn.
le go rachfar i mbun gnímh so that action will be taken
" Tá maoirseacht de dhíth le go gcoimeádfar súil ghéar ar chúrsaí agus le go rachfar i mbun gnímh chomh luath agus a dhéantar gearáin.
Chuaigh sé rite mar sin le (players) found it difficult
" Chuaigh sé rite mar sin le hiománaithe Chois Fharraige scóranna a fháil sa chéad leath sin agus dá bhrí sin bhí fir na hAlban chun tosaigh ag leath ama leis an scór seacht gcúilín i gcoinne a trí.
rachadh a bhformhór le harm most of them would take up arms
" Más ann do lucht cúise i gcónaí i measc na bpeileadóirí seo, ní móide go rachadh a bhformhór le harm ar son na cúise céanna.
Chuaigh sé rite le found it difficult
" Chuaigh sé rite le Katie an lámh in uachtar a fháil ar an Rúiseach agus bhí an toradh éiginnte ag an deireadh.
le cinntiú go rachaidh na leasuithe ar aghaidh to ensure that the reforms proceed
" Measann sé go bhfuil coimhlint inmheánach ag dul ar aghaidh sa PSNI idir an dá aicme agus go bhfuil ról le himirt aige féin agus ag an Bhord le cinntiú go rachaidh na leasuithe ar aghaidh.
go rachaidís i mbun idirghabhála le that mediation be entered with
" Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú.
nach rachadh sé i gcleamhnas le he wouldn’t team up with
" Cá háit a bhfaighinnse clog draíochta? Tá an húr sin ag iarraidh lámha an chloig a chur siar breis agus bliain chun go mbeadh breith ar a aiféala aige agus nach rachadh sé i gcleamhnas le Fine Gael.
a thug le fios don té a cheap a mhalairt which let it be known to anyone who thought the opposite
" Agus bhí focal eile a úsáideadh go minic leis, cineál eireabaillín leis an méid a chuaigh roimhe, is é sin ‘rógaire’, focal a thug le fios don té a cheap a mhalairt nár naomh amach is amach a bhí i bPáidí Ó Sé.
ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic le French planes attacked
" ’ Siúd é ag cur síos dom ar an saol ina bhaile dúchais san Afraic, tamall ó dheas den cheantar a ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic le hAl Qaida mí Eanáir seo caite.
a chuaigh le Béarla which turned to English
" “Éirinn an chéad tír a chuaigh le Béarla os cionn céad bliain ó shin.
ualach na freagrachta a théann le cumhacht a iompar to carry the burden of responsibility that goes with it
" Le bheith fírinneach, ba caitheamh aimsire an-taitneamhach an agóidíocht: bhí taobh sóisialta ag baint leis agus ba dheas an mothúchán a cheapadh go bhfuil tú ag seasamh don rud atá ceart, dar leat féin agus ní raibh aon ghá ualach na freagrachta a théann le cumhacht a iompar.
le hais an té a d'fhreastail ar bhunscoil Bhéarla as against a person who attended an English medium national school
" I bhfocail eile, ní gá go dtabharfadh freastal ar bhunscoil lán-Ghaelach buntáiste iontrála do dhalta le hais an té a d'fhreastail ar bhunscoil Bhéarla ach a bhfuil cónaí air sa cheantar máguaird.
le fáil don té ar spéis leis available to anyone interested in
" Is ar éigean atá slí suí do cheithre scór sa seoimrín seo, ach ba anseo a bhí seoda beaga gleoite le fáil don té ar spéis leis an ealaín a dhéantar ar bheagán airgid gan mórán cainte.
téigh i dteagmháil le contact
" Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil faoin fhéile agus faoi na ceardlanna ceoil, téigh chuig ‘Féile Patrick Byrne’ ar Facebook nó téigh i dteagmháil le Finian McCluskey ar +(353) 87 2396665.
le go rachaidh sé faoi scian to be operated on
" Ta sé ag fanacht anois le glaoch ón otharlann le go rachaidh sé faoi scian agus cromán nua saorga a fháil dó féin.
rachfaí i ngleic le would be tackled
" **CMacS: Cad leis a mbeidh tú ag súil ón gCoimisinéir nuacheaptha Rónán Ó Domhnaill?** AÓC: Bheinn ag súil, de bharr sheasamh Sheáin Uí Chuirreáin, go mbeadh náire ar dhaoine áirithe agus go rachfaí i ngleic le rúibricí agus le gealltanais atá tugtha faoi na scéimeanna teanga.
Chuaigh sé i dteagmháil le he contacted
" Chuaigh sé i dteagmháil le Breandán Mac Lua agus d’eagraigh seisean maoin don togra,” a dúirt Daniel Mulhall linn.
sula dtéann siad thar fóir le fuath before they go over the top with hatred
" Ní oibríonn stát mar sin ach ar feadh tamaill sula dtéann siad thar fóir le fuath ar an dream atá thíos.
chuaigh na Naitsithe le gealtachas when the Nazis took that type of madness
" Nuair a chuaigh na Naitsithe le gealtachas den chineál sin, ag iarraidh a reacht chur os cionn gach daorchine nár den fhuil Airianach.
ndeachaigh mé i dtaithí le saol I got into the swing of things
" Ag tús na seachtaine, cheap mé go raibh an gnáthcholáiste, a reáchtáiltear sa Ghalltacht, i bhfad níos éasca, ach níorbh fhada go ndeachaigh mé i dtaithí le saol is le caint na Gaeltachta.
nuair a chuaigh sé i ngleic le when he got to grips with
" Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús.
nuair a chuaigh sé i ngleic le when he got to grips with
" Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús.
théann thar fóir le beartais uaillmhianacha go over the top with big plans
" Coimhéad na daoine a théann thar fóir le beartais uaillmhianacha, nó seolfaidh siad Elvis féin as MacDonalds ar chúrsaí Gaeilge.