Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sna tíortha Lochlannacha in the Nordic countries
" Caitheann an compántas a bhfuil Breandán ann an chuid is mó den am sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Bhreatain agus sna tíortha Lochlannacha ach bhí siad san Astráil, sa Nua-Shéalainn, sa tSeapáin agus i mBeijing chomh maith.
tíortha Moslamacha an Mheánoirthir the Moslem countries of the Middle East
" De bharr pholasaí neodrachta an stáit seo, agus go háirithe an seasamh a ghlacamar ar cheist na bPalaistíneach thar na blianta, bhí tíortha Moslamacha an Mheánoirthir agus thuaisceart na hAifrice ní ba thoilteanaí earraí Éireannacha a cheannach seachas earraí ó thíortha eile.
dornán tíortha handful of countries
" Ceist amháin a bheadh agam orthu ná seo: cén fáth a bhfuil RTÉ ag sárú a chuid rialacha féin lá i ndiaidh lae maidir le fógraíocht do pháistí? De réir tuarascála de chuid na Náisiún Aontaithe tá Éire ar cheann den dornán tíortha a chuireann srianta fógraíochta áirithe i bhfeidhm, mar dhea, maidir le cláracha do pháistí.
sna tíortha atá i mbéal forbartha in developing countries
" "Caitear na billiúin punt le hairm a cheannach a d'fhéadfaí a chaitheamh ar otharlanna agus ar scoileanna anseo, agus ar leigheas agus uisce glan agus talmhaíocht sna tíortha atá i mbéal forbartha," a deir sí.
tíortha tearcfhorbartha underdeveloped countries
" Tá go leor cainte le roinnt blianta anuas ar dheiseanna oideachais a chur ar fáil do pháistí sna tíortha tearcfhorbartha ach níl na spriocanna a leagadh síos á mbaint amach.
tíortha impiriúla imperial countries
" Cosúil le neart áiteanna eile sa domhan, cuireadh tús le fadhbanna móra na tíre nuair a ghlac tíortha impiriúla de chuid na hEorpa seilbh ar an Nua-Ghuine sa 19ú haois.
bíonn na feirmeoirí sna tíortha sin thíos go mór leis the farmers in those countries suffer a lot as a result of it
" Cuireann an dumpáil sin na margaí áitiúla as a riocht ar fad, agus bíonn na feirmeoirí sna tíortha sin thíos go mór leis.
ceann de na tíortha ba thábhachtaí sna meánaoiseanna one of the most important countries in the middle ages
" Ainneoin go bhfuil saibhreas mór mianraí sa tír, ainneoin gurbh í ceann de na tíortha ba thábhachtaí sna meánaoiseanna nuair a bhí sí faoi riail ag na Spáinneach, is í an Bholaiv an dara tír is boichte i Meiriceá Theas sa lá atá inniu ann.
sna tíortha Lochlannacha in the Scandinavian countries
" 2012: Triomach agus fuacht mór sna tíortha Lochlannacha.
tíortha neamhfhorbartha underdeveloped countries
" Gnás é seo a úsáidtear go minic sna tíortha neamhfhorbartha agus in áiteanna eile ina mbíonn amhras ar dhaoine faoin gcóras daonlathach ann.
as tíortha ar fad na hEorpa of all the countries in Europe
" Tógann muidne isteach an líon is lú d'inimircigh as tíortha ar fad na hEorpa.
tíortha neamhfhorbartha undeveloped countries
" Bíonn an-tionchar ag na comhaontaithe sin ar chúrsaí eacnamaíochta sna tíortha neamhfhorbartha, agus ar fheidhmiú na seirbhíse poiblí iontu.
tíortha forbartha developed countries
" Is é an rud a rinne an teilifís ná gach cineál cluiche agus spóirt a thabhairt isteach sa seomra suite agus daoine a mhealladh de réir a chéile (sna tíortha forbartha go mórmhór) isteach i ndomhan mór spóirt de gach cineál.
ar na tíortha ba mhó, ba chumhachtaí agus ba shaibhre among the biggest, most powerful and richest countries
" Ba thír bheag í Éire riamh nach raibh cumhacht ná gustal mór le maíomh aici ach i rith an 16ú haois déag, mar shampla, bhí an Pholainn ar na tíortha ba mhó, ba chumhachtaí agus ba shaibhre san Eoraip.
go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad that other countries of the world would see them
" Agus bhí an oiread sin measa ar an saothar sin san Ostair féin ag an am gur beag nach raibh sé ina léiriú ar an dóigh ar mhian leis na hOstaraigh go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad – sofaisticiúil, maisiúil, nua-aoiseach.
sna tíortha i mbéal forbartha in the developing countries
" Tá an fás seo ag tarlú ar fud an domhain, ach go háirithe sna tíortha i mbéal forbartha mar an tSín agus an Ind.
as tíortha i gcéin is i gcóngar from countries far and near
" Tagann daoine – go háirithe daoine óga – as tíortha i gcéin is i gcóngar le páirt a ghlacadh inti.
na tíortha is cóngaraí dúinn the countries nearest to us
" Tá rún ag an Taisce bailiúcháin thánaisteacha a chur le chéile ina mbeidh ceol traidisiúnta ó thíortha eile, ní hamháin na tíortha is cóngaraí dúinn – Sasana, Alba agus an Bhreatain Bheag – ach tíortha i bhfad i gcéin fosta.
na tíortha coilíneacha eile, the other colonial countries,
" Má thosaigh na Sasanaigh níos déanaí ná na tíortha coilíneacha eile, ámh, ghlacadar talamh maith, leathbhealach idir geimhrí sioctha Québec, agus samhraí brothallacha Florida.
ceannairí tíortha eile leaders of other countries
" Tagann ceannairí tíortha eile ar cuairt go fóill, ach bíonn drochnuacht leo.
tíortha eile na Meánmhara, the other Mediterranean countries,
" Is breá le muintir Melbourne cultúr an chaife agus is dócha gur thug muintir na Gréige, agus daoine as tíortha eile na Meánmhara, an stíl seo mhaireachtála leo go Melbourne.
go tíortha eile to other countries
" Agus is muidne an náisiún a chuir ár n-aos óg féin go tíortha eile sna seascaidí, sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
dornán beag tíortha a small amount of countries
" Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach dornán beag tíortha a bhfuil sé d’acmhainn acu dúshlán láidir a thabhairt do na hAstrálaigh.
ar rialtais iad atá eagraithe díreach mar a bheadh tíortha beaga iontu which are governments organised exactly as if they were small countries
" Ar an gcéad leibhéal eile – leibhéal an stáit – toghtar ionadaithe chun rialtais na stát, ar rialtais iad atá eagraithe díreach mar a bheadh tíortha beaga iontu sa chaoi is go bhfuil gobharnóirí – a fheidhmíonn mar uachtaráin – seanadóirí agus teachtaí comhdhála i gceist.
ó na tíortha Áiseacha from the Asian countries
" Níor ceadaíodh do dhaoine ó na tíortha Áiseacha teacht ar imirce chun na hAstráile go dtí lár na seachtóidí, tráth a cuireadh deireadh leis an mbeartas inimirce ar tugadh “White Australia Policy” air.
tíortha atá i mbéal forbartha developing countries
" De bhrí go bhfuil an brú aerthráchta ag méadú de shíor – i dtíortha atá i mbéal forbartha (an tSín, an India agus an Indinéis, cuir i gcás) agus i measc na n-aerlínte a bhfuil samhail ísealchostais á húsáid acu (Ryanair, mar shampla) – mura dtagann laghdú faoin ráta tionóiscí níos tapúla ná mar a thagann méadú faoin mbrú aerthráchta, tarlóidh sé go mbeidh tubaistí ag titim amach sa tionscal seo níos minice – tubaistí ar tragóidí do na híospartaigh iad agus tubaistí a chothóidh drochíomhá i leith na n-aerlínte agus i leith an tionscail trí chéile.
caithfimid dul i bpáirt le tíortha eile. we must do it in conjuntion with other countries
" Tá costais mhóra ag baint le satailít a chur sa spás agus, mar sin, caithfimid dul i bpáirt le tíortha eile.
tíortha is saibhre richest countries
" Tá timpeall 500,000 Bundúchasach ina gcónaí san Astráil, atá ar cheann de na tíortha is saibhre ar domhan.
tíortha cumannacha communist countries
" Le héiric a bhaint amach ar na Meiriceánaigh, níor fhreastail go leor de na tíortha cumannacha ar na cluichí a bhí ar siúl in Los Angeles sa bhliain 1984.
tíortha saibhre de chuid an Domhain Fhorbartha rich countries of the Developed World
" É sin ar fad ráite, d’fhéadfaí cur i leith cuid mhór tíortha eile – tíortha saibhre de chuid an Domhain Fhorbartha ina measc – nach mbeidís in ann an fhís Oilimpeach a fhíorú.
tíortha máguaird surrounding countries
" Sa bhliain 1996, chuir an rialtas iar-Apartheid san Afraic Theas fiosrúchán cúirte ar bun a chruthaigh gur úsáid an rialtas Apartheid brabús a tuilleadh as díol eabhair agus acmhainní eile póitseáilte mar fhoinse maoinithe le tíortha máguaird a dhíchobhsú, cogaí inar maraíodh thart ar 1.
tíortha countries
" Níor chuir dúnadh ionad lóistín na ndídeanaithe i Sangatte i mí na Nollag 2002, ionad a bhunaigh Cumann na Croise Deirge, deireadh leis an bplódú daoine isteach i gceantar Calais as an Iaráic, an Chordastáin, an Afganastáin, an tSomáil agus as tíortha eile nach iad.
as tíortha eile isteach imported
" B’fhearr liom díriú ar láimhseáil an eolais atá ar fáil cheana féin, eolas as tíortha eile isteach san áireamh, sa chaoi go mbeimis in ann eolas a cheannach nuair a theastódh uainn eolas a cheannach, ach an t-eolas go léir a tháthú agus a nuálú, a chur ar an margadh, nó a chur chun tráchtála, nó commercialize mar a deir an Béarla.
tíortha countries
" Tagann na céadta míle mac léinn as tíortha éagsúla san Áis chun na hAstráile gach bliain le freastal ar chúrsaí oideachais.
tíortha countries
" Gealach an Bhéaloidis Tá tagairt déanta don ghealach i mbéaloideas tíortha éagsúla chomh maith len í a bheith ina híomhá choitianta i saothar ealaíne.
tíortha glactha recipient countries
" Dar le Minority Rights Group go mba cheart go socródh tíortha glactha eatarthu féin go ligfí formhór na dteifeach Mandaean isteach san aon tír amháin d’fhonn cultúr is féiniúlacht an mhionlaigh bhig eitnigh a chaomhnú.
Tíortha fo Thoinn lands below the waves
" Tíortha fo Thoinn ====== Tá dlús á chur leis an luas ina bhfuil oighear á chailliúint ag an nGraonlainn, agus tá eolaithe áirithe buartha go sroichfear pointe iompaithe taobh istigh den fiche nó den tríocha bliana beaga amach romhainn.
tíortha countries
" ”* Imeachtaí deireanach? Fír gnó ag baint úsáid as CP Learphoill ar a son féin, argóint faoi bhogadh go páirc imeartha úr, cáin faoi cheangal le grúdlann, conspóid faoi bhainisteoir agus faoi imreoirí as tíortha eile.
tíortha an domhain the world’s nations
" De ghnáth bíonn an t-imeartas polaitíochta á imirt ag tíortha an domhain faoi cheilt uainn, ach tugann an sceitheadh is déanaí ó WikiLeaks sracfhéachaint dúinn ar conas a fheidhmíonn saol rúnda na taidhleoireachta.
tíortha feidearálacha federal states
" Oibríonn thart ar leathchuid de phairlimintí daonlathacha an domhain ar chóras an aon seomra amháin, ach iad siúd a bhfuil an dara seomra acu is tíortha feidearálacha a bhformhór.
tíortha atá inchomórtais le countries which are comparable to
" Tharla go bhfuil roinnt taighde déanta ar ghné den ábhar cheana féin agus gur cuireadh torthaí, as tíortha atá inchomórtais le hÉirinn, i láthair i mBaile Átha Cliath 22-24 Aibreán 2004, gur fhoilsigh Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, an t-eolas sin sa bhliain 2006 faoin teideal *‘Voces Diversae: Lesser-Used Language Education in Europe*’, níor mhiste aird léitheoirí BEO a tharraingt ar bhlaisín den eolas sin.
roinnt tíortha some countries
" Is é an t-iontas go mbeadh Taoiseach nó aon Tadhg an mhargaidh in Éirinn – agus bíonn – ag súil le rath ar a leithéid de chóras, ní hionann is roinnt tíortha thar lear mar a bhfuil ciall acu.
tíortha countries
" Ar chúiseanna éagsúla, a dúradh linn: an chíor thuathail pholaitíochta sna tíortha Arabacha, an Éigipt agus an Túinéis go háirithe, agus an ghéarchéim i ngeilleagar na hEorpa na fáthanna ar shocraigh daoine an tsaoire a chaitheamh sa bhaile.
tíortha countries
" Ach más rud é go raibh go leor i gcoitinne ag Wellington agus Tristan, ní fhéadfadh codarsnacht níos mó a bheith idir tíortha na beirte acu ó thaobh na reachtaíochta maidir le húinéireacht arm tine.
láimhseáil tíortha éagsúla various countries handled
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
tíortha thall countries over there
" Bíonn ionsaithe ar léirsitheoirí ar son daonlathas sa Libia agus sa tSiria go mór sa nuacht sa lá atá inniu ann, ach ní dhearna meáin chumarsáide na tíre seo, Sasain, aon chomórtas idir iompar na bpóilíní i Londain agus iompar na bhfórsaí slándála sna tíortha thall.
tíortha countries
" ”* Bheadh Meiriceá ag cur comhtháthú geilleagair chun cinn idir na tíortha iad féin agus idir iad agus an geilleagar domhanda — ag tosnú leis an Túinéis agus an Eigipt.
tíortha móra an Iarthair the large western countries
" Ón Iodáil go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe, tá tíortha móra an Iarthair ag streachailt le fiacha móra.
tíortha forbartha developed countries
" Léiríonn torthaí PISA 2009 go bhfuil droch-chaighdeán oideachais againn i gcomórtas le tíortha forbartha eile.
tíortha countries
" ** D’inis muid dó faoinár gcuid tíortha agus bailte dúchais.
tíortha ollchumhachtacha éagsúla various powerful countries
" Bhí an tSeicslóvaic faoi chois ag tíortha ollchumhachtacha éagsúla ar chaon taobh i rith an chéid seo caite: an tríú Reich ó 1939 go 1945, agus an tAontas Sóivéadach ó dheireadh na 1940í go dtí 1989, agus ar feadh cúpla céad bliain roimhe sin, anuas go dtí an chéad chogadh mór, Impireacht Hapsburg.
i gcomórtas le tíortha eile compared to other countries
" Bhí praghsanna in Éirinn fós íseal i gcomórtas le tíortha eile.
tíortha countries
" Tá Féile na Meán Ceilteach ar cheann de bhuaicphointí na bliana do chraoltóirí agus do lucht na meán as na tíortha Ceilteacha go léir agus ba chuig Cultúrlann Uí Chanáin agus an *Playhouse* i nDoire Cholmcille a tháinig maithe agus móruaisle na meán ó gach cearn den domhan Ceilteach i mbliana le freastal ar an tionól rathúil seo.
an-chuid tíortha very many countries
" I gcás leithidí Game of Thrones nó Madmen, tá siad ag díol in an-chuid tíortha.
tíortha móra big countries
" An Deis Chéanna ag Cách ======== Cén seans atá ag foireann Phoblacht na hÉireann sa chomórtas seo ar aon chaoi? Freagra amháin ar an gceist sin ná an deis chéanna is atá ag gach foireann eile ach tuigimid ar fad gur ag na tíortha móra (an Spáinn, an Iodáil agus an Ghearmáin, a bhfuil seacht gcinn de chraobhacha buaite acu eatarthu as na trí cinn déag ó bunaíodh an comórtas i 1960), atá an buntáiste maidir le togha agus rogha na n-imreoirí.
Tíortha an Iarthair the West
" Tíortha an Iarthair ====== Rinne an tAE agus Stáit Aontaithe Mheirceá araon, chomh maith le roinnt grupaí cearta laistigh agus lasmuigh den Úcráin, cáineadh fíorláidir ar an triail agus ar an gcinneadh cúirte seacht mbliana ar an leaba chláir a ghearradh ar Tymoshenko anuraidh.
in go leor tíortha in many countries
" Déarfainn gurb é Cian an t-aon láithritheoir raidió in go leor tíortha atá ag déanamh an tseóirt sin chláir agus ag craoladh an chineáil sin cheoil.
tíortha cumannacha communist countries
" Measadh faoi thús an chéid seo gur chomharthaigh easpa páipéar leithris, i measc earraí eile, sna tíortha cumannacha deich mbliana roimhe sin, ag tús na nóchaidí, nárbh fhada go mbeadh an córas thoir ag tabhairt na gcor.
I nGrá le Roinnt Tíortha in love with some countries
" I nGrá le Roinnt Tíortha =========== **SMM: An mbeidh tú ag obair i réimse na dteangacha faoi cheann fiche bliain, meas tú?** BL: Ní bheidh.
tíortha go leor eile many other countries
" Tá dúnghaois inimirce na hAstráile ar mhórcheist chonspóideach íogaire abhus le fada an lá, fearacht tíortha go leor eile sa Chéad Domhain.
go dtugann tíortha eile uchtach other countries encourage
" Sa réamhrá a scríobh an tSiúr Stanislaus Kennedy leis an tuairisc deir sí go dtugann tíortha eile uchtach d’inimircigh saoránacht a lorg le gur fearr a roinnfidh na saoránaigh nua luachanna na dtíortha sin.
as tíortha éagsúla from various countries
" Is dócha, nuair a bhí mé i mo chónaí i Los Angeles go mór mór, gur bhuail mé le daoine as tíortha éagsúla agus bhíodar ag labhairt a dteanga féin, Spáinnis mar shampla, agus is dócha gur mhothaigh mé go mba cheart go mbeinn in ann Gaeilge a labhairt.
tíortha teo na Saiheile hot countries of the Sahel
" Is intuigthe má leagtar béim áirithe ar athrú aeráide leis an té a shiúil tailte agus campaí seasca na Somáile nó tíortha teo na Saiheile, an chuid sin den domhan ba mheasa buailte ag triomach agus ag leathnú an ghaineamhlaigh dá réir.
sna tíortha is mó a bhfuil the countries which mostly
" Agus smaoiním ar na córais chánach sna tíortha is mó a bhfuil an caipitleachas Angla-Shacsanach i réim iontu, mar atá, Sasana, na Stáit Aontaithe agus, ar ndóigh, Éire.
tíortha a scriostar countries are destroyed
" Is cuma leis an fhear ar an chnoc cé as a dtagann amhábhar, cé as a dtagann luach diamhrach an dollair agus cén líon daoine a mharaítear nó cé méid tíortha a scriostar leis an luach sin a choinneáil ann.
Tíortha ECAT a bhí sáite sa chuid is mó acu NATO countries were in the middle of most of them
" Tíortha ECAT a bhí sáite sa chuid is mó acu.
pá íseal sna tíortha atá faoi fhorbairt low pay in the developing countries
" Tuigimid go bhfuil ceangal éigin idir na léinte fíorshaora agus pá íseal sna tíortha atá faoi fhorbairt.
cuidiú leis na tíortha eile help the other countries
" Ba chóir do rialtais an iarthair cuidiú leis na tíortha eile an t-olc seo a chur ina cheart.
líon beag tíortha small number of countries
" Cás-Staidéar a 1: Guatamala ============== Bhí Guatamala ar an líon beag tíortha i Meiriceá Laidineach a raibh tréimhse dhaonlathach ann i ndiaidh an dara cogadh domhanda.
i mórán tíortha eile in many other countries
" Maidir le ceart vótála, dúirt sé go raibh an scéal millteanach – “cailleann na hÉireannaigh a vótaí chomh luath a fhágann siad an tír; ní tharlaíonn sin i mórán tíortha eile.
rud beag ar gcúl ar na tíortha eile a little behind the other E. countries
" Is cosúil go bhfuil Éire fós rud beag ar gcúl ar na tíortha eile Eorpacha – léirigh tuarascáil ó Akamai Technologies go bhfuil Éire san 15ú áit ó thaobh luas na gceangal idirlíon.
bhóithre tíortha éagsúla eile ar fud na cruinne roads of many other countries world wide
" Is féidir brath ar an Avensis – agus is léir seo ón méid acu atá le feiceáil ar bhóithre na tíre seo agus ar bhóithre tíortha éagsúla eile ar fud na cruinne.
i roinnt tíortha saibhre in some rich countries
" Tá bunús maith leis seo nó tháinig méadú mór ar an choiriúlacht sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí i roinnt tíortha saibhre, agus ar ndóigh, tugadh suaitheadh láidir do gheilleagair na dtíortha seo le linn na tréimhse úd.
atá déanta nó á ndéanamh ag tíortha athbhaile is cúis le which are done or being done by the host/receiving countries which cause
" Tá a fhios againn gur minic rudaí atá déanta nó á ndéanamh ag tíortha athbhaile is cúis le himircigh aghaidh a thabhairt ar na stáit sin.
tíortha bochta agus gné na hinscne poor countries and the gender aspect
" Cé go bhfuil plé polasaí déanta ar cheisteanna áirithe atá curtha chun cinn ag na NA cosúil le cosaint imirceach, imirce idir tíortha bochta agus gné na hinscne den imirce, níl an tsuim chéanna ag tíortha móra glactha sa togra go ligfí do níos mó oibrithe dul ar imirce go dtí na tíortha sin, oibrithe ar bheagán oiliúna san áireamh.
tíortha daonlathacha democratic countries
" Ina leabhar cáiliúil “*The Myth of the Rational Voter*”, mhaígh Bryan Caplan gurb í míréasúnacht an vótálaí an tsiocair is mó le drochpholasaithe sna tíortha daonlathacha (in áit na brústocaireachta nó na caimiléireachta cuirim i gcás).
tíortha dealbhaithe impoverished countries
" Is tír shaibhir í an Astráil atá go maith in ann lámh chúnta a sholáthar do na tíortha dealbhaithe seo.
de mhian ag na tíortha cumhachtacha the powerful countries don’t intend
" Léiríonn sé nach bhfuil sé de mhian ag na tíortha cumhachtacha deireadh a chur leis na hairm uafásacha sin ach oiread.
náisiúnaigh tríú tíortha third country nationals
" Tá an tAontas Eorpach (AE) ag iarraidh comhbheartas inimirce a fhorbairt ó 1999 nuair a bhronn Conradh Amsterdam cumhacht reachtach ar an Aontas sa ghort seo, is é sin, teacht isteach san AE daoine nach saoránaigh de chuid an AE iad, nó náisiúnaigh tríú tíortha mar a thugtar orthu go hoifigiúil.
sonraí na náisiúnach tríú tíortha 3rd country citizens’ details
" Faoin gcóras isteach / amach chlárófaí go leictreonach sonraí na náisiúnach tríú tíortha a thagann isteach san AE ar bhonn gearrthéarmach agus chuirfí na húdaráis ar an eolas dá bhfanfaí san Aontas níos faide ná mar ba cheart.
ngearrfadh tíortha eile other countries would cut
" Dá dtarlódh sé, bheadh an baol ann go ngearrfadh tíortha eile ráta úis níos airde ar an tír d'iasachtaí as seo amach, agus go dtarraingeofaí amhras ar an Dollar mar airgeadra cúltaca idirnáisiúnta.
tíortha saibhre rich countries
" I gcás tíortha saibhre an Aontais Eorpaigh tá srianta suntasacha ar an údarás atá acu chun gluaiseacht daoine, earraí is capitil trasna teorainneacha laistigh den Aontas a rialú.
tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh to free the underdeveloped countries of the world
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
ar cheann de na tíortha is éagothroime ar domhan one of the most unjust in the world
" Aibhléis agus Uisce ========= Faoi láthair tá an Afraic Theas ar cheann de na tíortha is éagothroime ar domhan.
tíortha is boichte ar domhan poorest countries in the world
" Luaigh an Dr Moyo Patrick Henry, rialtóir Virginia a dúirt i 1765: “*Give me liberty or give me death*” ach tá daoine sna tíortha is boichte ar domhan compordach leis an diabhal ‘saoirse’ má chiallaíonn sé go mbeidh siad níos fearr as ó thaobh mhaoin shaolta de.
tíortha Béarla English countries
" “Thit luach na holna agus fuair Éireannaigh amach gur mhó na deiseanna le hairgead a dhéanamh i gCeanada nó sna Stáit Aontaithe nó san Astráil féin agus chomh maith le sin, bhí sé de bhuntáiste ag na tíortha sin gur tíortha Béarla iad.
tíortha countries
" uk agus is léir go bhfuil nascanna idir ceolteóirí sna tíortha Ceilteacha ag fás an t-am uilig.
tíortha countries
" com/tracks/143329126&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Ceann de na rudaí is suimiúla maidir le taisteal ná foghlaim faoi na traidisiúin a leantar sna tíortha ina bhfuil tú.
tíortha daonlathacha an Iarthair the western democracies
" Feictear domsa go bhfuil tíortha daonlathacha an Iarthair leath ina gcodladh, ag suansiúl i dtreo na tubaiste.
na tíortha the countries
" Tugann an fhéile deis comóradh a dhéanamh ar an chultúr Cheilteach chomh maith leis an nasc saíochta idir na tíortha Ceilteacha, Éire, Alba, an Bhreatain Bheag (Cymru), Corn na Breataine (Kernow), an Bhriotáin (Breiz) agus Manainn (Mannin) a threisiú.
Cén líon tíortha what number of countiries
" com/#!baile/mainPage) An Cheist ===== **Cén líon tíortha atá i gceist ag earraí BRÓG do na haosaigh?** Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
na tíortha a bhíonn san áireamh the countries which are in the reckoning
" Áibhéil, dar ndóigh, ach nach minic an áibhéil agus an spórt i dteannta a chéile? Buaiteoirí ===== Maidir le cén fhoireann/tír a bhuafas an comórtas, níl aon tuairim agam féin ach amháin go measaim go mbeidh dhá cheann de na tíortha láidre, na tíortha a bhíonn san áireamh de ghnáth, sa chluiche ceannais: An Bhrasaíl, an Airgintín, An Ísiltír, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil.
as tíortha eile from other countries
" Is as Éirinn a thagann tuairim is 70% de na cuairteanna seo agus is as tíortha eile ar fud an domhain an 30% eile.
cé mhéad tíortha how many countries
" Deir siad go bhfuil difríochtaí cinnte idir Albain agus Sasana ach sa deireadh cé mhéad tíortha atá chomh cosúil lena chéile agus a bhfuil a stair chomh fite fuaite lena chéile.
na tíortha ar maos le the countries soaked in
" An easpa Críostaíochta agus spioradáltachta atá go forleathan san Iarthar – na tíortha ar maos le pornagrafaíocht, caimiléireacht stáit, mímhacántacht agus leatrom leanúnach á dhéanamh ar mhná agus ar pháistí - is fearr dóibh fanacht mar atá siad san iargúil, fiú más bochtaineacht, aineolas agus sceon atá mar thoradh air.
tíortha countries
" Is céad míle fáilte faoi choinníollacha áirithe an fháilte a fhearaimid roimh an duine isteach sa tír as tíortha eile an domhain.
tíortha countries
" An fear ceart san ionad ceart ag am toghcháin, tá Alex Hijmans sa Bhrasaíl agus tá cur amach cruinn aige ar thoghadh Dilma Rousseff ina hUachtarán ar cheann de na tíortha is mó ar domhan.
tíortha go leor many countries
" An cineál saoil a d’éalaigh ar throigh gan tuairisc as tíortha go leor ó lár an chéid seo caite le meath na dtithe ceann tuí, tá sé beo bisiúil go fóill sa Rómáin dar le Diarmuid Johnson.
Is ar scáth a chéile a mhaireann na tíortha countries are all interdependent
" Is ar scáth a chéile a mhaireann na tíortha agus athróidh an tSín, bealach amháin nó eile, le himeacht ama dar le Ciarán Mac Aonghusa.
tíortha lasmuigh den AE countries outside of the EU
" Míníonn Alan Desmond go bhfuil Éire cáinte ag an Aontas Eorpach mar gheall ar idirdhealú neamhdhleathach a dhéanamh ar oibrithe a thagann as tíortha lasmuigh den AE.