Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tionchair cheoil, thíreolaíochta, chultúrtha agus shóisialta the musical, geographical, cultural and social influences
" Dhírigh mé mo chuid taighde ar a stíl seinnte agus ar ghnéithe dá shaol, mar a tógadh é, agus ar na tionchair cheoil, thíreolaíochta, chultúrtha agus shóisialta a imríodh air agus a raibh mar thoradh orthu gur éirigh leis barr feabhais a bhaint amach sa cheol agus go ndeachaigh sé féin ar aghaidh le bheith ina thionchar mór ar cheol dúchasach na hÉireann.
claontacht tíreolaíochta geographical bias
" Dar ndóigh, d’fhéadfadh muintir *Lá Nua* claontacht tíreolaíochta den chineál céanna a chur i leith *Foinse*; go bhfeictear dóibh gur ar mhuintir na Gaillimhe go príomha atá sé dírithe.
ag déanamh staidéir ar an tíreolaíocht studying geography
" Nuair a bhí mise ag déanamh staidéir ar an tíreolaíocht sa mheánscoil in Éirinn fadó, bhí léarscáileanna na hAstráile agus na Nua-Shéalainne ar an dá leathanach dheireanacha den atlas scoile.
thíreolaíocht na bhFritíortha. geography of the Antipodes
" Más buan mo chuimhne, níor chríochnaigh muid an leabhar sin riamh agus, dá bharr sin, ní raibh mórán eolais againn mar gheall ar thíreolaíocht na bhFritíortha.
ó thaobh na tíreolaíochta geographically speaking
" Ní fada uainn Manainn in aon chor ó thaobh na tíreolaíochta – dhá uair an chloig ar an mbád, 35 nóiméad san eitleán – ach is mó ár suim na laethanta seo i gcríocha tarraingteacha carbónbhunaithe i bhfad i gcéin uainn.
tíreolaíocht geographic
" Aithníonn an stát an ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht agus – bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch – moltar sainmhíniú i bhfad níos dinimiciúla den Ghaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar úsáid rialta na Gaeilge seachas ar an tíreolaíocht stairiúil.
Cumann Tíreolaíochta geographical association
" Bhí siad go léir bailithe ag “Fóram an Artaigh”, a bhí eagraithe ag Cumann Tíreolaíochta na Rúise, agus ní raibh ábhar níos conspóidí ar an gclár ná ceist acmhainní mianracha an réigiúin.
tíreolaíochta geographical
" An tAire Turasóireachta agus Ealaíona: Deirdre Clune ====================== Beidh ar Fhine Gael cothromaíocht inscne agus tíreolaíochta a chur san áireamh nuair a bheas an chreach á dáileadh.
tíreolaíocht geography
" An bhfuil aon cheannaire in Éirinn a ghlacfas an seasamh sin agus a chuirfeas an scéal ní ba fhaide? Ní leithscéal ar bith an tíreolaíocht.
Tíreolaíocht geography
" Ollamh le Corpeolaíocht, le Tíreolaíocht agus le hEolaíochtaí um Shláinte Imshaoil is ea é.
tosca aiceanta, tíreolaíochta natural geographic conditions
" Cuireann sé an-bhéim ar na tosca aiceanta, tíreolaíochta a raibh tionchar acu ar na céimeanna nó ar na hathruithe ar nós tosca aeráide, ithreach agus fásra agus tosca cultúir ar nós na scríbhneoireachta agus an chreidimh.
tíreolaíochta geographic
" **SÓC: Le hAcht na Gaeltachta ar na bacáin, an bhfeiceann tú aon dóchas sa bhreac-Ghaeltacht, nuair nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga an phobail ann?** MMGE: Bheadh súil agam nach ceantar tíreolaíochta a bheadh sa Ghaeltacht, ach gur do theaghlaigh go mbeadh Gaeilge ar a gcumas acu go mbeadh siad sa Ghaeltacht; cuma cá háit a raibh cónaí orthu.
tíreolaíocht geography
" Tharla feidhmchláirín ar fáil uathu don iOS, Android agus don Blackberry, ní bheidh ort oiread is leathanach a chasadh arís go brách! Beimid ag tabhairt *GPS* linn freisin - éiríonn go geal liom gan an uirlis seo in Éirinn tharla go bhfuil tíreolaíocht na tíre seo ar mo thoil agam.
tré thimpist tíreolaíochta by geographic accident
" Roimhe seo is tré thimpist tíreolaíochta a bhí aitheantas Gaeltachta ag na eastáit tithíochta i dTír Oileáin, i mBaile an Bhriotaigh agus i gCnoc na Cathrach agus vótaí i dtoghchán an Údaráis dá réir.
tíreolaíochta geographic
" Alt cothrom go maith a bhí ann, measaimse: an locht is mó a fuaireas air ná gur shlog an t-údar an bhréag mhór siar go raibh Acht na Gaeltachta 2012 tar éis sainmhíniú úr a dhéanamh ar an nGaeltachta, bunaithe ar critéir teangeolaíochta seachas critéir tíreolaíochta.
gcaithfidh teorainneacha tíreolaíochta a bheith ann there has to be geographic boundaries
" ” An chiall atá leis seo, dar liom, ná go gcaithfidh teorainneacha tíreolaíochta a bheith ann más mian leat smacht a bheith agat ar spás/cheantar/thír/phobal.
glacadh le scoláirí ar bhonn tíreolaíochta accept pupils on a geographic basis
" Ina áit sin, beidh orthu glacadh le scoláirí ar bhonn tíreolaíochta.
tíreolaíocht na Nua-Shéalainne geography of New Zealand
" D'fhoghlaim Ruth Nic Giolla Iasachta níos mó le gairid faoin nasc idir tíreolaíocht na Nua-Shéalainne agus seanchas na Maorach.
tíreolaíochta geography
" Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfuil ilghnéitheacht saíochta, tíreolaíochta agus eile go léir ag imoibriú ar an óige i gcontaetha áirithe le sárimreoirí a chur chun páirce bliain i ndiaidh bliana.