Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thórraimh funerals
" Smaoinigh ar an tocht agus ar an fhearg a bhí ort ag breathnú ar thórraimh íobartaigh bhuama na hÓmaí méadaithe faoi dheich.
Thiontófá tórramh You'd turn a funeral, again a long face but desperately so
" "Thiontófá tórramh," arsa sí.
tórramh wake
" Tá an nós ann bia a roinnt le daoine eile ag tórramh nó sochraid, in ainneoin duine a rabhthas ceanúil air a bheith marbh, chun cur i gcuimhne do gach duine go bhfuil an dream atá i láthair fós beo, agus gur gá iad a chothú.
tórramh funeral
" Bhuel, ní haon rinceoir mise (seachas ag bainis nó tórramh), ach thugas faoi le fuinneamh agus le croí mór maith.
ceann dubh a d'fhóirfeadh go breá do thórramh a black one that would do for a funeral
" Ceann dearg a bhainfeadh an dá shúil asat, ceann dubh a d'fhóirfeadh go breá do thórramh agus ceann dúghorm a dhéanfadh gnaithe breá.
agus nach bhfuil tórramh ort and that you don't have a funeral to go to
" "Bhuel, ó tharla nach bhfuil aon duine marbh go fóill agus nach bhfuil tórramh ort áit ar bith, mholfainn an ceann dúghorm.
ag tórramh faoin tuath at a rural funeral
" Bhí fógartha ag lucht eagraithe na Feise go raibh Íochtarán na hÉireann, Íosa Mhic Ghiolla Mháire le cuairt a thabhairt ar an *Fest*, agus bhí lucht Sheirbhís Dúrúnda Stáit Aontaithe Mheiriceá ag rith thart ar nós scaifte polaiteoirí ag tórramh faoin tuath ag iarraidh duine le cosaint.
thórramh funeral
" I ndiaidh dhúnmharú Jameson Lockhart, maraíodh Craig McCausland i dteach a chailín ar an 12 Iúil mar gur creideadh (go contráilte) go raibh sé ar thórramh Lockhart.
tórramh funeral
" Bhí na bréagíocóin dhiamhaslacha amuigh ar an Satharn an 18 Márta ag tórramh Milosevic i mBelgrade.
leithéidí bainiseacha nó tórramh like weddings and funerals
" Tá mise sásta daoine a dhílárú go Cúige Mumhan agus go Cúige Uladh fosta, agus tá mé sásta roinnt daoine a chur chuig áiteanna áirithe i gCúige Laighean fiú – Biorra, mar shampla – má fhaighim gealladh docht daingean ó na daoine sin nach mbeidh siad ag pilleadh abhaile fá choinne mionócáidí, leithéidí bainiseacha nó tórramh.
le freastal ar thórramh seanmhúinteora dá cuid to attend the funeral of an old teacher of hers
" Ach tarlóidh sé fós, b’fhéidir!” **Múinteoir faoi leith** Nuair a bhuail mé le Muireann, bhí sí díreach i ndiaidh pilleadh as Ciarraí, áit a ndeachaigh sí cúpla lá roimhe sin le freastal ar thórramh seanmhúinteora dá cuid ón bhunscoil, Mícheál Ó Dubhshláine.
i ndiaidh an tórraimh after the funeral
" Bhí muid ag smaoineamh air i ndiaidh an tórraimh ach tháinig sé isteach inár gcloigeann arís roimh an Nollaig.
Maireann an tórramh trí lá. The wake lasts three days.
socruithe tórraimh funeral arrangements
" Mhol na dochtúirí do mo mhuintir dul abhaile agus socruithe tórraimh a dhéanamh.
tórramh funeral
" Ar ceann de na radhairc ab aistí in 2003, bhí Gerry Adams agus é i measc an tslóigh ag tórramh iar-bhaill den UVF in oirthear Bhéal Feirste.
an tórramh the funeral
" Shíl Máirtín go mbeadh an tórramh ar siúl Dé Sathairn i mBéal Feirste.
tórraimh funerals
" Scéalta a mháthar, Charolette, faoi na tórraimh i mBaile Shligigh le linn a hóige sise sa bhliain 1832 a spreag é chun pinn i dtreo Drácula i dtosach báire.
thórramh funeral
" D’fhreastail mé ar thórramh Ian McKeane ag Hamilton Memorial Church, Penbedw, Glannau Merswy ar an 9ú Meán Fómhair i mbliana.
thórramh funeral
" Tá a thórramh féin le feiceáil sa scannán, leis an fhoireann ag tógáil carn cloch ina urraim is ina chuimhne ag Cuan Grytviken.
tórraimh funerals, wakes
" Cloistear a lán cainte faoi 'crógacht' agus 'onóir' agus feictear na tórraimh nó saighdiúirí ag Buckingham Palace ag fáil bonn ón bhanríon.
thórramh funeral
" Ghlac an t-aisteoir agus scríbhneoir Tom McLennan páirt Robert Noonan ansin agus rinne sé féin agus aisteoirí eile dráma beag bunaithe ar an leabhar agus ar thórramh Noonan, sular chaith an slua rósanna dearg ar an leacht cuimhneacháin.
a thórramh his wake
" Ag a thórramh a d'fhoghlaim mé don chéad uair an méid obair charthanachta a rinne sé.
tórraimh funerals
" “Measaim gur físí (*a visionary*) nó fáidh atá in Gerry Adams sa mhéid is, an t-am b'uafásaí anseo agus muid ag déileáil le marú, le huafás, le tórraimh, bhí seisean ag smaoineamh ar bhealach amach as an duibheagán a aimsiú.
thórraimh wakes
" D’fhreastail oifigigh an airm ar thórraimh agus ar shochraidí seanóirí sna sráidbhailte mórthimpeall, agus ní sa chulaith chogaidh a théidís ann, ach sa ‘full dress no.
freastal ar thórramh a n-athar to attend their father’s burial
" Sé mhí roimhe sin, cháin polaiteoirí ó go leor páirtithe éagsúla cinneadh údaráis na Breataine gan cead a thabhairt daofa freastal ar thórramh a n-athar, Ownie a' Ghabha, ar an Bhun Beag.
reáchtáladh a thórramh a funeral was held
" Músclaíodh an chonspóid seo faoin gCeallach arís ar na mallaibh nuair a reáchtáladh a thórramh i dtuaisceart Victoria, an ceantar a thugann lucht na turasóireachta Kelly Country (dúiche Uí Chadhla is dócha, nó arís Uí Chaollaí, mar ba le Tiobraid Árann iad, nó arís ar ais, Uí Cheallaigh).
lá an tórraimh the day of the removal
" Is cuimhin liom féin lá an tórraimh agus an dúscaifte de dhaoine óga, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh a d'fhreastail air, bhí oiread sin geana ag daoine ar Terry Óg ach cad é mar a chuaigh de i bhfeidhm ar Fheargal? "Bhuel, le linn na tréimhse sin, chonaic mé daoine a bhí ag obair ar son an phobail, m'athair agus mo dhearthair agus nuair a chonaic mé an dlúthphairtíocht i mo theaghlach i ndiaidh an dúnmharaithe, dhaingnigh sé sin an dearcadh a bhí agam ar cad is pobal ann.