Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tútach crude, awkward
" De léim leamh, lúfar thug gadhar Ghascair fén bhfathach tútach, onóir agus beatha a mháistir á gcosaint aige.
dhá chos thútacha two awkward feet
" Mar a dúirt sé féin: "Is Béalfeirsteach mé, buíochas le Dia; mar sin, tá dhá shúil agam - agus dhá chos thútacha chomh maith.
daoine tútacha stupid people
" Tuige a mbeidís agus an-mheas acu ar James Brown (nach maireann) nó Michael Jackson? Cinnte, níl an ciníochas brúidiúil a léiríodh daoine tútacha trí leasainmneacha garbha ar nós *nigger* a thabhairt ar dhaoine dubha chomh forleathan is a bhí.
agus mé fós i mo dhéagóir tútach, when I was still an awkward teenager,
" Agus ar eagla go measann tú, mar a mheas mise agus mé fós i mo dhéagóir tútach, nach bhfuil bun ná barr lena chuid scannán, go bhfuilid róthrom agus ródhuairc, nach bhfuil aon scéal iontu, gurbh léachtóir fealsúnachta go bunúsach é, seachas fear scannán, ní fíor sin, ná baol air.
iarrachtaí tútacha awkward efforts
" Lean muid eile ar scoil linn lenár n-iarrachtaí tútacha ar an bhfeadóg stáin.
tútaigh plebs
" Fiú más tútaigh amach is amach iad na faighteoirí, beidh siad buíoch díom mar táim cinnte go mbreathnóidh *Aniar *go hiontach ar a mbord íseal!Tá tuilleadh eolais i dtaobh *Aniar* ar fáil ag http://www.
bord tútach a lay board
" ” Thaitin tuismitheoirí na ndaltaí go mór le Liam agus deir sé gur faoiseamh a bhí ann a bheith saor ó thionchar na cléire – bord tútach a bhí ag rith na scoile agus ceapann sé go ndearna sé sin an-difríocht.
caint thútach awkward speech
" Is ábhar magaidh i measc go leor de mhuintir na Brasaíle go dtí an lá inniu, caint thútach a n-uachtaráin, caint a théann ar seachrán ón ngramadach go minic.
tútach awkward
" Tá an scéal ag teacht as an tSualainn go hiomlán trína chéile, gan an leagan cruinn ag aon duine fós – ach taispeánann sé ar a laghad gur duine tútach é, agus seans go dtaispeánann sé tréithe i bhfad níos measa fós aige.