Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thug sé comhartha go mbeadh sé ag dul ar chlé he indicated left
" Rinne Cian mar a iarradh air agus thug sé comhartha go mbeadh sé ag dul ar chlé.
tugadh neamhaird ar an ngéarchéim the crisis was ignored
" Go deimhin, mhol Schröder "polasaí na láimhe ciúine", sin le rá tugadh neamhaird ar an ngéarchéim agus dúradh go raibh gach rud i gceart.
áit ar tugadh air where he was made to
" "Tchím," arsa an garda agus threoraigh sé an fear anonn chuig carr na ngardaí, áit ar tugadh air suí isteach sa chúl.
thug mé neamhaird ar an leas-phríomhoide I ignored the vice-principal
" Tar éis comhairle a fháil ó na ceardchumannaithe eile, thug mé neamhaird ar an leas-phríomhoide.
Thug sé neamhaird ar he ignored
" Thug sé neamhaird ar chomhaontaithe sollúnta idirnáisiúnta ar nós Koyoto agus lean sé air go meidhreach ag cabhrú lena chuid cairde sna comhlachtaí ola a réitigh an tslí chun an Tí Bháin dó.
níor thug siad aird ar bith orainn they paid no attention to us
" Cúpla bomaite roimh thús an chluiche a bhí ann agus bhí na mílte ag scairteadh leis na póilíní, ag rá go raibh siad i mbaol báis, ach níor thug siad aird ar bith orainn.
níor thug siad aird ar bith orainn they paid no attention to us
" Cé gur scairt muid le daoine gan dul síos, níor thug siad aird ar bith orainn.
a thabharfadh neamhaird ar who would ignore
" B’fhalsa an staraí a thabharfadh neamhaird ar a leagan athbhreithnithe siúd d’imeachtaí na tréimhse brónaí sin.
ar an gcaoi a dtugtar neamhaird ghlan ar an iomáint of how hurling is totally ignored
" An cinneadh a tógadh i dtaobh phionós na Purgóide an léiriú is fearr ar an gcaoi a dtugtar neamhaird ghlan ar an iomáint sa chumann uaireanta.
Tugtar iad ar láimh they are handed over
" Tugtar iad ar láimh do phóilíní rúnda na dtíortha seo agus deirtear lena ngaolta gur imigh siad gan tásc ná tuairisc.
Tugadh neamhaird ar achainíocha na n-íospartach the victims' pleadings were ignored
" Tugadh neamhaird ar achainíocha na n-íospartach agus caitheadh go suarach leo.
ar tugadh an bóthar dóibh who were sacked
" Bhí an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Ivor Callely, i measc iad siúd ar tugadh an bóthar dóibh anuraidh.
Thug sí na cosa léi ar éigean. She barely escaped.
" ceardcorner chinn orthuthey failed scáthfear muinínconfidence leitheadachconceited praiseachmess samhlaíochtimagination cuartaíochtvisiting marach chomh súpláilte is bhí síif it wasn't for her fitness diabhal fata a changlódh sí choidhchindevil the potato she would ever chew Thug sí na cosa léi ar éigean.
nuair a tugadh ar lámh é when it was handed over
" Ceann de na cúiseanna go bhfuil an tseirbhís chomh heasnamhach sin ná nuair a rinneadh príobháidiú ar Eircom, agus nuair a tugadh ar lámh é d’úinéirí a raibh níos mó spéise acu sa bhrabús ná i soláthar seirbhíse, cailleadh an deis oibleagáid shóisialta a choinneáil san áireamh.
thug mise aghaidh ar mo phluais bheag uaigneach I headed for my little lonely cave
" Oíche a shochraide, nuair a bhí lucht glanta glún ag dul siar ar bhóithrín na smaointe agus ag caoineadh isteach ina gcuid piontaí, thug mise aghaidh ar mo phluais bheag uaigneach agus scríobh mé a fheartlaoi.
nach dtugann aghaidh ar reilig who doesn't head for a cemetery
" Ar an lá seo dírítear lánaird ar Pholannaigh nach maireann agus is beag duine nach dtugann aghaidh ar reilig le coinnle a lasadh nó bláthanna a chur ar uaigh.
thugadh sé cuairt ar dhaoine daibhre he used to visit poor people
" Ní bhíodh sé sa bhaile Lá Nollag, thugadh sé cuairt ar dhaoine daibhre chun bia agus éadaí a thabhairt dóibh.
tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar they'll head again for the stony wilderness in the west
" Agus fágfaidh muintir Ráth Cairn Glas na Mí talamh méith an chontae sin agus tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar a dtáinig siad siúd as.
nach dtugann sé mórán airde ar a leithéid that he doesn't pay much heed to such a thing
" Dúirt an Chéad Aire, Morris Iemma, nach dtugann sé mórán airde ar a leithéid agus dúirt ceannaire an fhreasúra, Peter Debnam, gurb é an vóta ar an 24ú den mhí seo an t-aon cheann a bhfuil aon suntas ag baint leis.
thug sí aghaidh ar Ghlaschú. she headed to Glasgow.
" ” Sular fhág sí an mheánscoil, rinne sí staidéar ar an Ghaeilge don Ardleibhéal agus nuair bhí na scrúduithe déanta aici thug sí aghaidh ar Ghlaschú.
Cén chaoi ar thug sibh faoin tionscadal? How did you go about the project?
" ***AÓF: Mar sin, ba rud nádúrtha é, is dóigh, an pacáiste seo de dhioscaí a chur amach am éigin le cur leis na leabhair, ach an raibh mórán trioblóide ag baint leis seo a eagrú? Cén chaoi ar thug sibh faoin tionscadal?*** TMU: Bhí cuid mhaith i gceist leis an tionscadal a chur i gcrích.
cleas ar a dtugtar a trick which is called
" Baineann polaiteoirí úsáid as cleas ar a dtugtar “*pork-barrelling”,* agus tá an cleachtas seo faoi lán seoil san Astráil le tamall anuas.
ar a dtugtar, which was called
" “Léigh mé rud suimiúil tráth ar a dtugtar, ‘The Hedgehog Principle’.
Tugadh neamhaird fosta ar fhianaise evidence was also ignored
" Tugadh neamhaird fosta ar fhianaise atá ag Gaelscoileanna fadbhunaithe a léiríonn, dar leo féín, nach raibh aon cheist faoi chaighdeán an Bhéarla atá ag a ndáltaí – ach a mhalairt.
ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, which the company TNS MRBI undertook recently
" Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobal – de réir pobalbhreithe ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, tá Fine Gael beagnach cothrom le Fianna Fáil i measc na vótóirí.
ar tugadh faoi which was undertaken
" Ba é sprioc an taighde ar tugadh faoi ná meastachán a dhéanamh maidir le cé chomh minic is a bhíonn duine fliuch báite má théann sé chun a oifige gach lá ar rothar.
mar a thugadh muid ar an mbreac geal. as we used to call the sea trout.
" Bhí an abhainn seo an-tábhachtach mar bhíodh sí lán bradán agus liocán, mar a thugadh muid ar an mbreac geal.
a thugann siad ar camchuairt which they bring on tour
" Bíonn sé mar aidhm acu trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana – ceann amháin atá dírithe ar pháistí bunscoile, a thugann siad ar camchuairt idir mí Eanáir agus mí an Aibreáin; ceann eile (a bhíonn rud beag níos *risqué*) atá dírithe ar dhéagóirí, a thugann siad ar camchuairt go scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí uilig i rith an tsamhraidh; agus ceann eile arís a léiríonn siad go speisialta le haghaidh na bhféilte drámaíochta a bhíonn ar siúl i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair.
go dtabharfaí aird ar a dtuairim. that attention will be given to their opinions
" Tá guth á thabhairt do na daltaí scoile féin agus an chosúlacht ar an scéal go dtabharfaí aird ar a dtuairim.
is ar éigean a thabharfaidh fear an tacsaí leis sa charr thú, the taxi man will just about take you in the car
" Faoin am a fhaigheann tú a fhad le Páras – nó pé áit a raibh tú ag dúil le bheith nuair a chuir tú an ticéad in áirithe (agus ní mar a gcéanna an dá áit go minic) – is ar éigean a thabharfaidh fear an tacsaí leis sa charr thú, agus sin tar éis neamhiontas agus míthuiscint i dtosach, agus ina dhiaidh sin díospóireacht, troid, búiríl, stróiceadh mionnaí móra agus tarraingt gruaige.
ar thug tú faoi deara riamh did you ever notice
" Ach mar sin féin, do dhream a bhíonn ag dréim le Fraincis fhoirfe ó achan duine eile, ar thug tú faoi deara riamh an chaint a bhíonn ag na Francaigh in Éirinn? Tá an tír seo lán eachtrannach, as achan chearn den domhan.
Thug mé suntas ar leith I paid particular notice
" Thug mé suntas ar leith don mhéid a dúirt sé faoi mhuintir na hÉireann a bheith ciaptha de shíor ag imní faoin tumthéitheoir agus cé acu ar fágadh ar siúl é, nó ar múchadh é! Dar leis, bhí neamhord éigníoch dúghafach ag muintir na tíre ina hiomláine faoi! Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm mar go bhfuil mo thuismitheoirí féin díreach mar sin.
ar tugadh fúthu which were undertaken
" Pléann sé cúlra stairiúil na meán Gaeilge agus déanann sé cur síos ar na feachtais éagsúla ar tugadh fúthu agus Raidió na Gaeltachta – agus ní ba dhéanaí, Teilifís na Gaeilge – á mbunú.
is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte. it is through the music that an insight is gio ven on the feelings of the two people
" Úsáideann siad ceol mar mhodh cumarsáide agus is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte.
faoin gcaoi ar tugadh faoi na ruathair. about the way the raids were conducted.
" An lá dár gcionn, tháinig oifigigh chun leithscéal a ghabháil le *kaumātua* (seanóirí) na *Tūhoe* faoin gcaoi ar tugadh faoi na ruathair.
thug mé labhair ar iasacht dó I lent him a book
" Leabhar ar iasachtBhí suim ag Seán sa stair, mo dhála féin, agus thug mé labhair ar iasacht dó agus sinne i bhFána Bhuí, *The Fenians in England 1865-1872*, le Patrick Quinlivan agus Paul Rose (John Calder, 1982).
thug an comhphobal idirnáisiúnta neamhaird ar a chinneadh. the international community ignored his decision
" Rinne Bruguière Kagame a dhíotáil sa bhliain 2006, ach thug an comhphobal idirnáisiúnta neamhaird ar a chinneadh.
ar a thug Bush which Bush called
" Bhí timpeall 2,000 saighdiúir Astrálach páirteach sa chomhfhórsa ar a thug Bush *Coalition of the Willing*.
an ceann ar ar thugamar ár n-aghaidh. the one towards which we headed
" Is é an Borgata an ceann is mó agus is clúití, agus an ceann ar ar thugamar ár n-aghaidh.
thug sí a haghaidh ar aistear nua corraitheach dúshlánach she faced a new dramatic challenging journey
" Ghlac sí le hiomarcaíocht dheonach ansin, agus sa bhliain 1977, thug sí a haghaidh ar aistear nua corraitheach dúshlánach ina saol: an feachtas Éireannach ar son dí-armála núicléiche.
mar nár thug sé aird ar because he did not pay attention to
" Sa díospóireacht tar éis na léachta, dúirt fear amháin go raibh caint McNamara lochtach mar nár thug sé aird ar ról an stáit sna Trioblóidí, mar shampla M15 ag spreagadh na ndílseoirí agus grúpaí mar an UVF .
ar a dtugtar which is called
" D’fhógair Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, i mí Lúnasa anuraidh go gcuirfear tús le togra treorach, ar a dtugtar an Pacific Islands Guest Worker Scheme (PIGWS).
ar a tugadh which was called
" Cailleadh 47 duine sna tinte móra ann sa bhliain 1983, ar an lá ar a tugadh Céadaoin an Luaithrigh.
tugadh ar láimh handed over
" Gabhadh agus tugadh ar láimh don CIA go leor daoine neamhurchóideacha agus cuireadh ar longa SAM amach ó chósta na Somáile iad le haghaidh ‘ceistiúcháin.
thug aghaidh ar faced up to
" Neartaigh sí gluaiseacht na poblachta, ba í ba chúis le dul chun cinn Shinn Féin sna toghcháin, ba í an chéad Phríomh-Aire í a thug aghaidh ar Aontachtaithe.
tugadh aghaidh ar went/ headed for
" Ach, don chuid eile den daonra, is é tús an tsamhraidh é agus cuireadh cúraimí an tsaoil i leataobh ar feadh scathaimhín agus tugadh aghaidh ar na tránna.
ar a dtugtar which is called
" Thit báisteach an mhonsúin sa cheantar in aice le Murascaill Carpentaria ar chósta thuaidh na hilchríche, ach rith an t-uisce ó dheas tríd an limistéar fíorthirim sa lár ar a dtugtar an Channel Country - Tír na Srúillí.
ar a dtugtar which is called
" Chuala mé an traonach don chéad uair i mbliana ar Í Cholm Cille, an t-oileán beag ar chósta thiar na hAlban ar a dtugtar ‘Iona’ de ghnáth.
ar a dtugtar called
" Tugtar communities ar na háiteanna seo sa chanúint ar a dtugtar ‘Béarla na mBundúchasach’, agus tá an chuid is mó acu sna ceantair is iargúlta faoin tír, go háirithe sa tuaisceart agus sa lár.
nach dtugann rud ar bith ach a sheal all is ephemeral
" Imríonn an tEarrach, an Samhradh, agus an Fómhar ar shaol an duine ar bhealaigh éagsúla agus múineann siad a gceachtannaí féin dúinn faoi thimthriail an tsaoil, ach is é an geimhreadh a chuireann in iúl, go crua cinnte, nach dtugann rud ar bith ach a sheal.
ar a dtugtar called
" php?page=ar_na_saolta_seo&content_id=737) Mholfainn ‘The Great American Bubble Machine’ le Matt Taibbi san iris Rolling Stone d’éinne atá in amhras faoi chumhacht an bhainc ar a dtugtar ‘Government Sachs.
ar a dtugtar who is called
" Tá ráflaí ar na meáin faoi láthair go ligfear saor mí na Samhna seo chugainn Aung San Suu Kyi, an bhean ar a dtugtar ceannaire na gluaiseachta ar son an daonlathais i Maenmar, nó Burma mar is fearr aithne ar an áit.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin (An tSiopa Ghaeilge)(http://www.
thugaidís ar they used to call
" *Hanley’s House of Happiness* a thugaidís ar phub amháin i Siceagó.
ar a dtugtar which is called
" Tá dhá theach parlaiminte abhus agus bíonn an páirtí a bhfuil móramh aige sa teach íochtarach, ar a dtugtar Teach na nIonadaithe, i gcumhacht.
ar a dtugtar which is called
" Nuair a rugadh an tAthair Mallin ar an 13ú Meán Fómhair 1913, bhí an Stailc mhór ar siúl ar a dtugtar 'An 1913 Lockout’.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" Tabhair cuairt ar bhlag Chois Life agus caith súil ar an fhíseán ann (sa nasc anseo thíos) chun freagra na ceiste seo a aimsiú: Céard “a bhí in intinn” an údair, Liam Ó Muirthile, “seachas who dunnit” san úrscéal ‘Sceon na Mara’? ======================================== Nasc anseo: (Blag Cois Life)(http://blagcoislife.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" Tabhair cuairt ar shuíomh (Chló Iar-Chonnacht )(http://www.
ar a dtugtar which is called
" Is sa sliabhraon seo atá foinse fhormhór mór na n-aibhneacha a sceitheann amach san abhainnchóras is mó sa tír, ar a dtugtar an Abhantrach Murray-Darling.
ar ar tugadh which was called
" Idir 1895 agus 1902 a bhí an triomach is measa i luathstair na nEorpach san Astráil, ar ar tugadh An Federation Drought, agus chonaic an cailín óg an tionchar uafásach a bhí aige ar na feirmeacha timpeall ar Gunnedah.
thug muid aghaidh ar we headed for
" Bhuail Faoi Ceann ar Aghaidh =============== Ní dhearna muidne mórán taighde ar na hOileáin Mhic Cùga thar óstán a chur in áirithe sular thug muid aghaidh ar an gceann scríbe seo.
Tugtar aird ar leith particular attention is paid
" Miorúiltí Mórchostais ========== Tugtar aird ar leith sna meáin chumarsáide d’aon ghortú a bhaineann le sárimreoir.
thugann sainmhíniú ar defines
" Is é an péintéir Sasanach Derek Hill a thug an chéad spreagadh do na péintéirí seo, nuair a thosaigh sé sna 1960í ag caitheamh tréimhsí fada istigh san oileán ag cur faoi i mbothán beag lom scoite amach ón phobal – nós maireachtála a mheabhródh duit díthreabhaigh in Éirinn na luath-Chríostaíochta - i ndlúthchaidreamh le fiántas farraige agus fairsinge spéire, a chuimsíonn agus a thugann sainmhíniú ar an oileán beag scoite seo agus ar a mhuintir.
ar a dtugtar which are called
" Ba gheall le galar ar nós ailse a bheith ag creimeadh na heagraíochta an íocaíocht mhídhlisteanach seo a dúirt an tUachtarán Ó Cuana go neamhbhalbh leis na baill agus tá sí á cothú ag easpa agus ag droch-cheannaireachta agus bíonn sí á stiúradh go grinn trí dhreamanna ar a dtugtar ‘clubanna tacaíochta’ agus ‘cairde an CLG’.
ar a dtugtar an chuairt who is paid the visit
" “Sa deireadh thiar, ní chuireann sé stró ar bith ort mar tá daoine compordach agus cruthaíonn sé caidreamh níos eiticiúla idir an cuairteoir agus an duine ar a dtugtar an chuairt.
thug muid aghaidh ar we headed for
" Trá na hÍonghlaine ========== Bhí gloine seaimpéine againn san fharraige sular thug muid aghaidh ar an gcéad cheann scríbe eile, Trá Whitehaven ar Oileán Cincíse, an t-oileán is mó sa ghrúpa sin.
ar tugadh called
" Bhí aicmí eile in Éirinn agus ar tugadh neamhaird orthu freisin, ar ndóigh, ó thaobh na staire de, an Lucht Siúil ina measc.
ar a dtugtar which is called
" Tá an fearas cearrbhachais, ar a dtugtar an meaisín pócair, ar an tslí is coitianta le geall a chur abhus.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" **Tabhair cuairt ar shuíomh idirlín an (tIontaobhas Ultach)(http://www.
Ní tugtar aird ar there’s no heed paid
" Ní tugtar aird ar an chomhairle a thugann muid d'fhostóirí, ar na seimineáir ar chúrsaí earcaíochta agus fostaíochta atá an-tábhachtach, ach, ní bhíonn an pobal mór ag caint orthu.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" Tabhair cuairt ar an tsuíomh idirlín (Vicipéid)(http://ga.
Is ar éigean go dtabharfadh sé uchtach it'd hardly encourage
"Is ar éigean go dtabharfadh sé uchtach d’aon duine breathnú ar an staid ina bhfuil an Ghaeilge sa Ghaeltacht i láthair na huaire.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" Tabhair cuairt ar an tsuíomh idirlín (Gael Linn)(http://www.
ar a dtugtar called
" 2 faoin gcéad den olltáirgeacht intíre, i gcomórtas le meán na náisiún tionsclaithe ar a dtugtar na tíortha G8, atá ag 80 faoin gcéad dá n-olltáirgeacht intíre.
drong ar tugadh gang called
" Thompson é go minic agus deir sé go mba bhall é Cassady den drong ar tugadh na *“Merry Pranksters”* orthu, dream a bhíodh i gcuideachta an scríbhneora Ken Kesey, fear a mbíodh cóisirí móra aige – na *“Hells Angels parties”* – ag a mbíodh an t-uafás drugaí le fáil.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo (Pádraic Breathnach)(http://ga.
nár tugadh aon aird ar a fholáireamh no attention was paid to his warning
" Is cosúil, de réir na tuairisce, go raibh oifigeach léirsteanach i Roinn an Airgeadais a mhaígh go raibh géarchéim ag drannadh linn, gur scríobh sé faoi, ach nár tugadh aon aird ar a fholáireamh.
thug mé neamhaird ar I didn’t heed
" Dhírigh mé féin ar an bhfocal ‘samhradh’ agus thug mé neamhaird ar an aidiacht ‘Éireannach’, rud a chiallaigh gur chaith mé an chéad lá i Christchurch ag dul timpeall na siopaí ar thóir cóta báistí agus péire bróg seachas na cuaráin a thóg mé liom! Chaith muid cúpla lá i gcathair Christchurch sular thug muid aghaidh ar an gcuid eile den Oileán Theas.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" Tabhair cuairt ar an nas seo (Bábógbaby)(http://www.
thug cuairt ar paid a visit to
" William Dampier ab ainm don chéad Sasanach a thug cuairt ar an Astráil, thiar sa bhliain 1688, cuirim i gcás.
ar shála na raiméise a thug sé uaidh because of his rant
" ’Bhfuil seans ann gurb í sin ba chúis lena bheart sáraithe domhaite ag Cannes, áit inar tugadh bata agus bóthar dó, ar shála na raiméise a thug sé uaidh faoi Hitler i bpreasagallamh místuama, dána, danartha, Von-Triarach.
Tugadh feallmharfóir ar was called assassin
" Tugadh feallmharfóir ar Gillard sna meáin, a mhaígh gur sháigh sí Rudd sa droim.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo (Focail.
ar tugadh ardú céime promotion was given
" Ina leabhar *‘Voices and the Sound of Drums’* cuireann Patrick Shea síos go beacht ar an mbealach ar tugadh ardú céime do chuile dhuine roimhe ach dóibh siúd a bhí *‘completely incompetent’*, mar go mba Chaitliceach eisean, cé go raibh sé chomh dílis don stát is a bhí aon duine eile.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo <http://www.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo (An Gum)(http://www.
ar a dtugtar which is called
" Foilsíodh tuarascáil, ar a dtugtar an Gonski Report, ar na mallaibh, ámh, a mholann athruithe do mhaoiniú scoileanna na tíre a réiteodh an cheist achrannach seo – dá gcuirfí i bhfeidhm iad.
thabharfaí borradh ar leith don intleacht náisiúnta the national intellect would be uplifted/grow
" De réir an chreathlaigh chéanna, tagann an fhéiniúlacht ón stair, tagann luachanna an tsaoránachais as conspóidí stairiúla, agus dá bhféadfaí an réimse stairiúil a leathnú, thabharfaí borradh ar leith don intleacht náisiúnta.
thugtaí ar used to be called
" Sa bhreis air sin, táthar le fiosrúchán eile á dhéanamh ar an “Banphrionsa Gáis”, mar a thugtaí ar Tymoshenko tráth, i ngeall ar choireanna a rinne sí, mar dhea, agus í fós i mbun comhlacht mór fuinnimh i lár na 1990í; ina measc siúd tá claonchasadh agus baint a bheith aici le hiarracht Theachta Parlaiminte de chuid na hÚcráine a mharú, fear a bhí in iomaíocht léi i saol an ghnó.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" **Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo (Cois Life)(http://www.
thug an éirim léamh críonna ar her intellect provided a wise reading of
" Má thug an chuimhne cead isteach dúinn san am atá caite, thug an éirim léamh críonna ar an am i láthair.
thug aghaidh ar headed towards
" Lánúin mheasctha de Pholannach mná agus Éireannach fir, móide clann, a thug aghaidh ar an Pholainn i mbliana le casadh le teaghlach na mná.
a thugtar ar seo this is called
" (Cue: Louis Armstrong ag ceol What a Wonderful World) Mol pobail a thugtar ar seo, ina mbeidh áiseanna sláinte, tograí oideachais agus oiliúna, mol idirlín gan sreang, gáirdin pobail agus caife.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo (Gael Linn)(http://www.
thug aghaidh ar went to
" Ní hamháin gur féidir linn cuardach a dhéanamh chun eolas oifigiúil a fháil ar cheantar ar leith ach is féidir linn eolas a fháil ónár líonraí sóisialta féin agus ó ghnáthdhaoine a thug aghaidh ar na háiteanna céanna.
tugadh ar used to be called
" Chuir siad suas a bpuball i láithreán campála in aice le Uluru, nó *Ayers Rock* mar a tugadh ar an gcarraig cháiliúil um an dtaca sin.
thugtar ar na daoine seo they’re called
" Inimircigh neamhdhleathacha a thugtar ar na daoine seo go coitianta, ach, ar chúiseanna éagsúla, is fearr liom féin an téarma inimircigh lasmuigh den dlí.
Tabhair cuairt ar pay a visit to
" Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo (An Gúm)(http://www.
Thug mé cuairt ar I visited
" Thug mé cuairt ar Oileán Thoraí an mhí seo caite.
thug siad neamhaird iomlán ar they paid absolutely no attention to
" * (liomsa an bhéim) Ghlac staraithe eile abhus le seasamh O Farrell agus thug siad neamhaird iomlán ar an teanga, dá bhíthin sin.