Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Thug Tomás agus Áine faoi Thomas and Áine set about
" " Thug Tomás agus Áine faoi na bocsaí agus ní raibh siad i bhfad ag dul dó gur lig Áine scread.
Tugadh faoi deara it was noticed
" Tugadh faoi deara go raibh bua speisialta ag Derek nuair a bhí sé an-óg.
a thabharfaidh tú faoi deara that you'll notice
" An t-aon difríocht a thabharfaidh tú faoi deara ná an costas níos ísle! Agus, má tá do chóras leathanbhanda ag feidhmiú thar cábla na teilifíse nó thar seirbhís gan sreang, is féidir leat fáil réidh le do ghnáthlíne theileafóin go hiomlán.
thugadar faoi fheirmeoireacht they started farming
" Bhraith na hinimircigh seo go rabhadar ar ais sa Ghearmáin arís, agus thugadar faoi fheirmeoireacht díreach mar a thug a n-aithreacha fúithi sa “tseantír.
is annamh a thugtar faoi deara é it's seldom noticed
" Fiú amháin má dheinimse botún agus mé ar an stáitse, is annamh a thugtar faoi deara é mar tá an tuiscint sin idir na *lads* ar fad.
cén chaoi a dtugann tú faoi? how do you go about it?
" An bhfuil sé deacair amhrán a chumadh nó cén chaoi a dtugann tú faoi?* ENíC: Táim fós ag iarraidh freagra na ceiste sin a fháil! Ní fheadar cén chaoi a dtarlaíonn sé.
Tugaim comharthaí faoi deara dár dtreorú I notice signs directing us
" Tugaim comharthaí faoi deara dár dtreorú go h**Eaglais Santa María de Eunate**, teampall ochtagánach atá thart ar dhá chiliméadar ón g*Camino *ar thaobh na láimhe clé.
nach dtabharfaí faoi deara that wouldn't be noticed
" Bhí ceolmhaireacht iontach i gceol Shéamuis go mb'fhéidir nach dtabharfaí faoi deara gan dul isteach go mion ann.
thug mé faoi Chonair Janet Frame I set out on the Janet Frame Trail
" Ba é Oamaru dúiche an scríbhneora Janet Frame, agus mar nach raibh mórán eile le déanamh sa bhaile beag sin, thug mé faoi Chonair Janet Frame – dhá chiliméadar trí shráideanna agus páirceanna.
a thug mé faoi deara I noticed
" Ba é an chéad rud a thug mé faoi deara sa scoil nua ná gur dhream galánta meánaicmeach iad na daltaí, in áit gasúr de chúlra lucht oibre mar a bhí sa scoil náisiúnta den chuid is mó.
thug siad faoi na háitritheoirí Giúdacha a locadh. they started to shut in the Jewish inhabitants.
" Agus forlámhas glactha ag na Naitsígh ar an gcathair i Meán Fómhair 1939, thug siad faoi na háitritheoirí Giúdacha a locadh.
thug mé faoi deara I noticed
" Bhí sé uilig as Gaeilge! Ansin, thug mé faoi deara gur chuir siad aistriúchán Béarla chugam ar dtús!” Tá línte Béarla ag Meaney agus tá sé soiléir gur éirigh go breá leis an charachtar, Joe, thall.
ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, which the company TNS MRBI undertook recently
" Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobal – de réir pobalbhreithe ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, tá Fine Gael beagnach cothrom le Fianna Fáil i measc na vótóirí.
ar tugadh faoi which was undertaken
" Ba é sprioc an taighde ar tugadh faoi ná meastachán a dhéanamh maidir le cé chomh minic is a bhíonn duine fliuch báite má théann sé chun a oifige gach lá ar rothar.
is é an chéad rud a dtugann tú faoi the first thing that you undertake
" Agus garchabhair á cleachtadh agat, is é an chéad rud a dtugann tú faoi ná measúnú a dhéanamh ar a bhfuil tarlaithe, gan do bheatha féin a chur i mbaol.
ar thug tú faoi deara riamh did you ever notice
" Ach mar sin féin, do dhream a bhíonn ag dréim le Fraincis fhoirfe ó achan duine eile, ar thug tú faoi deara riamh an chaint a bhíonn ag na Francaigh in Éirinn? Tá an tír seo lán eachtrannach, as achan chearn den domhan.
faoin gcaoi ar tugadh faoi na ruathair. about the way the raids were conducted.
" An lá dár gcionn, tháinig oifigigh chun leithscéal a ghabháil le *kaumātua* (seanóirí) na *Tūhoe* faoin gcaoi ar tugadh faoi na ruathair.
nuair a tugadh faoi thurgnamh when an experiment was conducted
" Ach nuair a tugadh faoi thurgnamh chun a leithéid a thriail, thóg an próiseas deich mbliana nó mar sin.
gur chóir go dtabharfaí faoi phróiseas dhá chéim that a two step process should be undertaken
" Mhol na rannpháirtithe sa ghrúpa áirithe a bhí ag plé cúrsaí rialachais gur chóir go dtabharfaí faoi phróiseas dhá chéim leis an sprioc seo a bhaint amach.
ní thugann tú faoi deara you don't notice
" Mar sin féin, ní thugann tú faoi deara go bhfuil tú ag caitheamh ama – go dtí go dtagann aon choinne mhór amháin agus baineann an choinne mhór amháin geit asat; músclaíonn tú as suan na gcéadta mionchoinne pléisiúrtha agus feiceann tú go bhfuil níos mó ama caite agat ná mar a shíl tú.
nach dtugann faoi deara don't notice that
" Tuismitheoirí nach dtugann faoi deara go bhfuil duine de na páistí in easnamh go dtí go bhfuil an stáisiún seirbhíse fágtha acu.
Tugadh faoi deara it was noticed
" Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr, ní haon léim mhór é ón tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.
thug mé faoi deara I noticed
" Corrigan sa leabhar *The Irish in the New Communities* (Patrick O Sullivan, eagarthóir 1992) agus thug mé faoi deara na cosúlachtaí atá ann idir an scéal sna Stáit Aontaithe agus an scéal i Learpholl.
thug sí faoi she attacked
" Nuair a tháinig sí sa dara háit sa chomórtas damhsa, agus Labhrás sa chéad áit, léirigh sí a cumas i gcúrsaí ólacháin chomh maith, agus i gcúrsaí maslaithe, nuair a thug sí faoi na moltóirí cionn is nach bhfuair sí an chéad áit.
dtabharfaí faoi deara it'd be noticed
" I ngeall nach raibh fuinneog ar bith sa seomra folctha, ní raibh de rogha aici ach bualadh ar na píobáin uisce ag súil go dtabharfaí faoi deara go raibh sí i sáinn.
go dtugtar iad faoi deara they’re noticed
" Is ar éigean go dtugtar iad faoi deara nó go dtuigtear gur ann dóibh fiú.
Tugaigí faoi deara take note
" ” **Balor: “Ach ní bheidh Gaeilge ag múinteoirí ón iasacht!”** Enda: “Agus an bhfuil Gaeilge ag múinteoirí na hÉireann, a Bhaloir? An bhfuil?” (Nóta ón eagarthóir: Tugaigí faoi deara, a léitheoirí, nár fhreagair Balor an cheist.
thug mé faoi deara I noticed
" Ag tiomáint trasna na teorann le cairde, thug mé faoi deara go bhfuil fógra breá mór ann anois: "Welcome to Scotland/ Fàilte gu Alba," a deir sé, le brat na hAlban mar chúlra.
Tugaimid faoi deara we notice
" Tugaimid faoi deara in éis na mblianta go bhfuil na daoine ag dul i dteangmháil linne anois.
Thug mé faoi deara I noticed
" Thug mé faoi deara go raibh geataí an tsuímh dúnta go docht daingean agus glas orthu.
Thug mé sin faoi deara I noticed that
" Thug mé sin faoi deara nuair bhí muid i New Jersey fá choinne deireadh seachtaine Gaeilge.
thug faoi fhear attacked a man
" Beirt ghníomhaire de chuid Sheirbhís Rúnda SAM a thug faoi fhear a bhí ag ceannach ticéid agus a dúirt go raibh sé “going to Kilbarrack”.
nár thug mé faoi deara I didn’t notice
" Tharla sé chomh tapaidh is nár thug mé faoi deara fiú.
thug mé faoi deara I noticed
" Tar éis sé mhí a chaitheamh ag taisteal tríd an Afraic, thug mé faoi deara go raibh formhór mhuintir na háite ag taisteal lena gcearca féin.
tugaim faoi deara I notice
" ’* Bunadh na hÉireann ======= Níl a fhios agam an bhfuil ealaín Lowry ina shean-saobhshamhail agus sin an fáth nach bhfuil sé féin ar an líosta thuas, ach ar scor ar bith, tá an Duais Ealaín Thuaisceart Shasana (NAP) ina cúigiú bliain anois agus tugaim faoi deara go bhfuil ealaíontóirí de bhunadh Éireannach go láidir ann.
thug duine éigin faoi deara iad someone noticed them
" Agus beirt fhear ag éalú ó robáil bhainc i gcathair Eisenach in Oirthear na tíre, is amhlaidh gur thug duine éigin faoi deara iad agus chuir fios gan mhoill ar na póilíní.
tabharfar faoi deara it’s noticeable
" Cuireann Crumley i gcuimhne don léitheoir an mana a bhí ag Bill Clinton agus é i mbun toghchánaíochta i 1992: Is é an geilleagar an mhórcheist, a phleidhce! Má bhíonn tréimhse cúig bliana Sarkozy san Elysée le hiniúchadh go fuarchúiseach, dar le Crumley, tabharfar faoi deara go bhfuil méadú ollmhór tar éis teacht ar an bhfiachas náisiúnta ó 2007 i leith agus gur íslíodh rátáil chreidmheasa na Fraince ar na margaí airgeadais aon chéim i mí Eanáir seo caite.
thugadar faoi they started
" D’aimsigh Séamus teach dísirt cois locha tamall beag as Toronto a d’oirfeadh go maith dá leithéid agus thugadar faoi.
tugaim faoi deara I notice
" Mar shampla, mhol mé dóibh an cosán a choinneáil ar imeall na haille nuair a bheas siad á dheisiú, agus tugaim faoi deara go bhfuil na cipíní a chuir siad síos chun an tslí a leagan amach, go bhfuil siad san áit cheart, go dtí an t-ardchlár roimh Chosán an Aon Fhir agus an mullach.
ar thug siad faoi which they commenced
" Is é an pobal féin a scríobhann na hailt seo, ag déanamh cur síos go minic ar thogra ar thug siad faoi chun inneallra nó rud éigin ina saol féin a dhéanamh níos fearr nó níos gaire don rud atá uathu ná an fearas olltáirgthe as áit éigin i bhfad thar lear.
thug ionsaithe fíochmhara faoi made fierce attacks at
" Faraor do Mitt Romney, is cosúil gur roghnaíodh é, ní de bharr a bhuanna oráidíochta ná a éirimiúlacht polaitiúil, ach de bharr gurbh é an t-iarrthóir ab fhearr as baicle iarrthóirí antoisceacha, ina measc Newt Gingrich, a thug ionsaithe fíochmhara faoi Romney sular ceansaíodh é, agus Rick Santorum, Caitliceach a sheasann go láidir in aghaidh aerachais agus frithghiniúna.
tabharfaidh mé faoi I’ll set about
" Beidh mé sa Bheilg ina dhiaidh seo agus tabharfaidh mé faoi na teangacha eile a chleachtadh, an Fhraincis, an Ghearmáinis srl.
thug sé faoi he attacked
" In earrach na bliana seo, le cúnamh an Tea Party, thug sé faoi Richard Lugar, seanadóir Poblachtánach an stáit sin ó 1977 amach, a raibh cáil an mheasarthaigh air.
tugtar urraim faoi leith do lúthchleasaithe a n-éiríonn leo successful athletes receive particular respect
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt agus tugtar urraim faoi leith do lúthchleasaithe a n-éiríonn leo i gcomórtais spóirt idirnáisiúnta, sna Cluichí Oilimpeacha ach go háirithe.
thug scaifte fir ruathar faoi theach comharsan leo a group of men attacked a neighbour’s house
" Ar an 17 Lúnasa 1882 thug scaifte fir ruathar faoi theach comharsan leo, John Joyce, agus thug siad faoina raibh ann go fíochmhar agus go brúidiúil le gunnaí glaice agus le maidí.
Tugadh an galar faoi deara the disease was noticed
" Mura mBíonn ach Galar Agat, Bí i Lár an Aontais Eorpaigh Leis ============================== Tugadh an galar faoi deara ar dtús sa Pholainn i 1992 ach ní dhearnadh cur síos ceart eolaíoch air go dtí 2006.
Thug mé faoi deara I noticed
" Agus tá imirce ciorclach ann fosta; is é sin na himircigh agus a gclann ag filleadh ar ais go Éirinn: “Thug mé faoi deara cé chomh tábhachtach a bhí imirce ciorclach nuair a bhí mé ag Ollscoil Manchain,” a dúirt sé linn.
faoi chlé agus thug fogha faoi left and attacked
" Ar an 29ú, faoi thionchar na stoirme geimhridh eile, chas Sandy faoi chlé agus thug fogha faoi Nua-Gheirsí agus faoi Cheantar Nua-Eabhrac.
Ar thug siad faoi deara fiú amháin did they even notice
" Ní scríobhaim féin ar a gclár plé agus ní scríobhfainn, bíodh nach acu atá an clár plé is gangaidí a bhfaca mé i saol na Gaeilge, ach cén fáth a scríobhfainn isteach faoi m’ainm féin agus mórchuid na peannaireachta ag daoine eile faoi ainmneacha cleite? Ar thug siad faoi deara fiú amháin gur moladh do scríbhneoir dá gcuid cúpla bliain ó shin, lámh a chur ina bhás féin.
Tugtar faoi deara it’s noticeable
" Tugtar faoi deara go raibh an scríbhneoir Mark Steyn mar aoi-láithreoir ag Rush Limbaugh ar an 26ú Nollaig, duine nach bhfuil blas ar bith coimhthíoch ar éinne a léann an *Irish Times.
a dtugann daoine faoi which people embark on
" Foilsíodh figiúirí le déanaí ó dhaonáireamh 2011 Shasana is na Breataine Bige ar cúis ardaithe meanman iad do dhaoine a cheapann gur rud dearfach é an imirce a dtugann daoine faoi dá ndeoin féin.
thug tú faoi deara you noticed
" Lá Breithe Bhanlacha Chorn na Breataine ============ Cú Chulainn: B’fhéidir gur thug tú faoi deara nach raibh muid ag léirsiú Déardaoin seo a chuaigh thart, a Bhaloir? Thug cinnte.
tugadh faoi deara it was noticed
" Le himeacht aimsire, de réir mar a bhí ag teip go tiubh ar chruthúnais bhunsifíneacha na saineolaithe cás Tholamaeis a chosaint, tugadh faoi deara go raibh cruthúnais an aosa eagna ag éirí níos aduaine agus níos áiféisí sa tslí go mba léir don saineolaí, don sraceolaí agus don aineolaí araon, faoi dheireadh, nárbh fhada go mbuailfí an chreill ar theoiric Tholamaeis.
thug sí faoi deara she noticed
" Is é an dóigh go ndearna sí staidéar ar an mhéid a bhí le rá ag na meáin chumarsáide agus ar pholaiteoirí agus thug sí faoi deara go raibh na Moslamaigh curtha le chéile in aon dream amhrais amháin, d’ainneoin a gcúlraí difriúla.
thug drong bithiúnach faoi a gang of thugs attacked him
" Mar bharr ar an olc, thug drong bithiúnach faoi tar éis dó socrú síos i Rabat, príomhcathair Mharacó.
Thug mé faoi deara alt I noticed an article
" 
 In Áit na Garaíochta ======= “Thug mé faoi deara alt a bhí scríofa fúm, agus thuig mé go raibh seo nuachtúil agus go raibh spéis ag daoine ina raibh ar siúl agam.
Tabharfar faoi deara it’s to be noted
" Tabharfar faoi deara nach ionann go baileach na gnéithe a bhéimnigh an tUachtarán Mícheál D.
thug drong faoi féin a gang attacked him
" Dar leis gur thug drong faoi féin is faoina pháirtí nuair a thángthas orthu agus iad i ngreim póige.
nár thug mé faoi ariamh I never climbed
" Romhainn amach bhí ‘Mám Toirc an Tuaiscirt’, raon sléibhe nár thug mé faoi ariamh cheana.
ag iarraidh go dtabharfadh sé faoi oibríocht amháin eile dóibh wants him to do one more operation for them
" net/uk/use-of-weapons/> Tá cruth casta ach soléite ar an úrscéal seo atá dírithe ar fhear a bhfuil a “Contact” ag iarraidh go dtabharfadh sé faoi oibríocht amháin eile dóibh.
Thug mé faoi deara I noticed
" Thug mé faoi deara ag an am go mba nós leis an gcuid is mó de na siopadóirí agus ag cuid de na múinteoirí scoile i gConamara Béarla a labhairt lena gcuid gasúr.
tugaim faoi deara I notice
" Cé go mbím ag obair mar threoraí sléibhe sa Spáinn le comhlachtaí mar Ramblers Holidays, tugaim faoi deara go mbíonn níos mó ‘siúlóirí neamhspleácha’ amuigh ar na cnoic sa tír sin le roinnt bliana anuas.
Dea-chleachtas eile a thug mé faoi deara another good thing I noticed
" Dea-chleachtas eile a thug mé faoi deara sa limistear seo ná dúnghaois an dátheangachais atá ag Comunidad Valenciana.
thug tú faoi deara you noticed
" (Caith do shúil ar Alan Greenspan sna naisc ar dheis: ní shéanfaidh páipéar dúch) Más san AE atá tú á léamh seo, thug tú faoi deara an nóta úr €5 ar na mallaibh.
tugadh fogha faoi was attacked
" Cuir i gcás an lá cheana, tugadh fogha faoi Pat Rabbitte i dteach tábhairne ar rud éigin maidir le geilleagar agus bhí sé réchúiseach mar gheall air.
thug mé faoi deara I noticed
" Nuair a d’amharc mé ar A-Z Londain, thug mé faoi deara gur bruachbhaile i ndeisceart Londain atá ann.
a thugann léargas faoi leith which give a distinct insight
" Tá seoid ceilte sna nuachtáin seo a thugann léargas faoi leith ar shaíocht, ar thraidisiúin agus ar chúrsaí reatha na hÉireann nach mbeifeá ag dréim le léamh i mórnuachtáin Bhéarla na tíre.
thug sé fear óg faoi deara he noticed a young man
" Tearmann an Dá Loch ======== I ndáiríre, níl againn ach garbhfhíricí scéal Trayvon Martin, ó tá na sonraí ceilte i dteanga na n-aturnaetha, ach an méid atá againn, téann sé mar seo: bhí George Zimmerman ar a bhealach tríd an gceantar tithíochta "geataithe" ina raibh cónaí air, “The Retreat at Twin Lakes”, nuair a thug sé fear óg faoi deara a raibh cuma agus geatsaíochtaí amhrasacha air.
Tabhair faoi deara take note
" Tabhair faoi deara gurbh é seo an tréimhse roimh an Drochshaol.
thug mé faoi deara I noticed
" Sílim gur i gceantar Brooklyn a bhí mé ag taisteal tráthnóna Domhnaigh nuair a thug mé faoi deara go raibh trí chluiche cruicéad ar bun in áiteanna éagsúla.
Tugann siad faoi they attempt it
" Tugann siad faoi ar mhaithe le sásamh pearsanta, glóir nó cáil, b’fhéidir duais agus ceisteanna sláinte.
Tabharfaidh tú faoi deara you’ll notice
" Ná tabhair airgead dóibh am ar bith! Tabharfaidh tú faoi deara nach gcuirfidh siad ceist ort arís faoi shíneadh láimhe nuair atá diúltaithe agat cheana féin.
Thug mé faoi deara I noticed
" Thug mé faoi deara an méid breochloiche a bhí le feiceáil i Norfolk- baineadh feidhm as roinnt mar mhaisiúchán ar bhallaí eaglaisí agus bhí cnapáin mhóra ina luí thart san ollscoil a chuir an ceann ón séadchomhartha, Cnóbha sa Mhí, i gcuimhne dom.
Ní thabharfar faoi deara shall not be noticed
" Ní thabharfar faoi deara an duine atá ró-umhal is róbhéasach, is dócha.
Tugaim faoi deara I notice
" (Tugaim faoi deara go bhfuil an triúr FPE de chuid Sinn Féin a bheas ag freastal ar an Eoraip ag iarraidh go gcuirfear airgead poiblí amú ag aistriú gach cáipéisíocht go Gaeilge sa mBruiséil, ach nach fiú dóibh airgead a chaitheamh ar bhileogaí beaga dhá theangacha a dháileadh sa Ghaeltacht.
dtugann ruaig faoi a foray
" Is amhlaidh nach ag fanacht taobh leis an stiúideo atá an clár ach go dtugann ruaig faoi fhéilte ealaíne is pobail fud fad na tíre le blianta gairide anuas.
thug sé faoi Treme a cheapadh he set about shooting T.
" Tugann moill meabhair, nó is cosúil gur an-tomhasta a chas ceamaraí David Simon, fear The Wire, nuair a thug sé faoi Treme a cheapadh i New Orleans.