Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tugadh faoi deara it was noticed
" Tugadh faoi deara go raibh bua speisialta ag Derek nuair a bhí sé an-óg.
a thabharfaidh tú faoi deara that you'll notice
" An t-aon difríocht a thabharfaidh tú faoi deara ná an costas níos ísle! Agus, má tá do chóras leathanbhanda ag feidhmiú thar cábla na teilifíse nó thar seirbhís gan sreang, is féidir leat fáil réidh le do ghnáthlíne theileafóin go hiomlán.
is annamh a thugtar faoi deara é it's seldom noticed
" Fiú amháin má dheinimse botún agus mé ar an stáitse, is annamh a thugtar faoi deara é mar tá an tuiscint sin idir na *lads* ar fad.
Tugaim comharthaí faoi deara dár dtreorú I notice signs directing us
" Tugaim comharthaí faoi deara dár dtreorú go h**Eaglais Santa María de Eunate**, teampall ochtagánach atá thart ar dhá chiliméadar ón g*Camino *ar thaobh na láimhe clé.
nach dtabharfaí faoi deara that wouldn't be noticed
" Bhí ceolmhaireacht iontach i gceol Shéamuis go mb'fhéidir nach dtabharfaí faoi deara gan dul isteach go mion ann.
a thug mé faoi deara I noticed
" Ba é an chéad rud a thug mé faoi deara sa scoil nua ná gur dhream galánta meánaicmeach iad na daltaí, in áit gasúr de chúlra lucht oibre mar a bhí sa scoil náisiúnta den chuid is mó.
thug mé faoi deara I noticed
" Bhí sé uilig as Gaeilge! Ansin, thug mé faoi deara gur chuir siad aistriúchán Béarla chugam ar dtús!” Tá línte Béarla ag Meaney agus tá sé soiléir gur éirigh go breá leis an charachtar, Joe, thall.
ar thug tú faoi deara riamh did you ever notice
" Ach mar sin féin, do dhream a bhíonn ag dréim le Fraincis fhoirfe ó achan duine eile, ar thug tú faoi deara riamh an chaint a bhíonn ag na Francaigh in Éirinn? Tá an tír seo lán eachtrannach, as achan chearn den domhan.
ní thugann tú faoi deara you don't notice
" Mar sin féin, ní thugann tú faoi deara go bhfuil tú ag caitheamh ama – go dtí go dtagann aon choinne mhór amháin agus baineann an choinne mhór amháin geit asat; músclaíonn tú as suan na gcéadta mionchoinne pléisiúrtha agus feiceann tú go bhfuil níos mó ama caite agat ná mar a shíl tú.
nach dtugann faoi deara don't notice that
" Tuismitheoirí nach dtugann faoi deara go bhfuil duine de na páistí in easnamh go dtí go bhfuil an stáisiún seirbhíse fágtha acu.
Tugadh faoi deara it was noticed
" Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr, ní haon léim mhór é ón tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.
thug mé faoi deara I noticed
" Corrigan sa leabhar *The Irish in the New Communities* (Patrick O Sullivan, eagarthóir 1992) agus thug mé faoi deara na cosúlachtaí atá ann idir an scéal sna Stáit Aontaithe agus an scéal i Learpholl.
dtabharfaí faoi deara it'd be noticed
" I ngeall nach raibh fuinneog ar bith sa seomra folctha, ní raibh de rogha aici ach bualadh ar na píobáin uisce ag súil go dtabharfaí faoi deara go raibh sí i sáinn.
go dtugtar iad faoi deara they’re noticed
" Is ar éigean go dtugtar iad faoi deara nó go dtuigtear gur ann dóibh fiú.
Tugaigí faoi deara take note
" ” **Balor: “Ach ní bheidh Gaeilge ag múinteoirí ón iasacht!”** Enda: “Agus an bhfuil Gaeilge ag múinteoirí na hÉireann, a Bhaloir? An bhfuil?” (Nóta ón eagarthóir: Tugaigí faoi deara, a léitheoirí, nár fhreagair Balor an cheist.
thug mé faoi deara I noticed
" Ag tiomáint trasna na teorann le cairde, thug mé faoi deara go bhfuil fógra breá mór ann anois: "Welcome to Scotland/ Fàilte gu Alba," a deir sé, le brat na hAlban mar chúlra.
Tugaimid faoi deara we notice
" Tugaimid faoi deara in éis na mblianta go bhfuil na daoine ag dul i dteangmháil linne anois.
Thug mé faoi deara I noticed
" Thug mé faoi deara go raibh geataí an tsuímh dúnta go docht daingean agus glas orthu.
Thug mé sin faoi deara I noticed that
" Thug mé sin faoi deara nuair bhí muid i New Jersey fá choinne deireadh seachtaine Gaeilge.
nár thug mé faoi deara I didn’t notice
" Tharla sé chomh tapaidh is nár thug mé faoi deara fiú.
thug mé faoi deara I noticed
" Tar éis sé mhí a chaitheamh ag taisteal tríd an Afraic, thug mé faoi deara go raibh formhór mhuintir na háite ag taisteal lena gcearca féin.
tugaim faoi deara I notice
" ’* Bunadh na hÉireann ======= Níl a fhios agam an bhfuil ealaín Lowry ina shean-saobhshamhail agus sin an fáth nach bhfuil sé féin ar an líosta thuas, ach ar scor ar bith, tá an Duais Ealaín Thuaisceart Shasana (NAP) ina cúigiú bliain anois agus tugaim faoi deara go bhfuil ealaíontóirí de bhunadh Éireannach go láidir ann.
thug duine éigin faoi deara iad someone noticed them
" Agus beirt fhear ag éalú ó robáil bhainc i gcathair Eisenach in Oirthear na tíre, is amhlaidh gur thug duine éigin faoi deara iad agus chuir fios gan mhoill ar na póilíní.
tabharfar faoi deara it’s noticeable
" Cuireann Crumley i gcuimhne don léitheoir an mana a bhí ag Bill Clinton agus é i mbun toghchánaíochta i 1992: Is é an geilleagar an mhórcheist, a phleidhce! Má bhíonn tréimhse cúig bliana Sarkozy san Elysée le hiniúchadh go fuarchúiseach, dar le Crumley, tabharfar faoi deara go bhfuil méadú ollmhór tar éis teacht ar an bhfiachas náisiúnta ó 2007 i leith agus gur íslíodh rátáil chreidmheasa na Fraince ar na margaí airgeadais aon chéim i mí Eanáir seo caite.
tugaim faoi deara I notice
" Mar shampla, mhol mé dóibh an cosán a choinneáil ar imeall na haille nuair a bheas siad á dheisiú, agus tugaim faoi deara go bhfuil na cipíní a chuir siad síos chun an tslí a leagan amach, go bhfuil siad san áit cheart, go dtí an t-ardchlár roimh Chosán an Aon Fhir agus an mullach.
Tugadh an galar faoi deara the disease was noticed
" Mura mBíonn ach Galar Agat, Bí i Lár an Aontais Eorpaigh Leis ============================== Tugadh an galar faoi deara ar dtús sa Pholainn i 1992 ach ní dhearnadh cur síos ceart eolaíoch air go dtí 2006.
Thug mé faoi deara I noticed
" Agus tá imirce ciorclach ann fosta; is é sin na himircigh agus a gclann ag filleadh ar ais go Éirinn: “Thug mé faoi deara cé chomh tábhachtach a bhí imirce ciorclach nuair a bhí mé ag Ollscoil Manchain,” a dúirt sé linn.
Ar thug siad faoi deara fiú amháin did they even notice
" Ní scríobhaim féin ar a gclár plé agus ní scríobhfainn, bíodh nach acu atá an clár plé is gangaidí a bhfaca mé i saol na Gaeilge, ach cén fáth a scríobhfainn isteach faoi m’ainm féin agus mórchuid na peannaireachta ag daoine eile faoi ainmneacha cleite? Ar thug siad faoi deara fiú amháin gur moladh do scríbhneoir dá gcuid cúpla bliain ó shin, lámh a chur ina bhás féin.
Tugtar faoi deara it’s noticeable
" Tugtar faoi deara go raibh an scríbhneoir Mark Steyn mar aoi-láithreoir ag Rush Limbaugh ar an 26ú Nollaig, duine nach bhfuil blas ar bith coimhthíoch ar éinne a léann an *Irish Times.
thug tú faoi deara you noticed
" Lá Breithe Bhanlacha Chorn na Breataine ============ Cú Chulainn: B’fhéidir gur thug tú faoi deara nach raibh muid ag léirsiú Déardaoin seo a chuaigh thart, a Bhaloir? Thug cinnte.
tugadh faoi deara it was noticed
" Le himeacht aimsire, de réir mar a bhí ag teip go tiubh ar chruthúnais bhunsifíneacha na saineolaithe cás Tholamaeis a chosaint, tugadh faoi deara go raibh cruthúnais an aosa eagna ag éirí níos aduaine agus níos áiféisí sa tslí go mba léir don saineolaí, don sraceolaí agus don aineolaí araon, faoi dheireadh, nárbh fhada go mbuailfí an chreill ar theoiric Tholamaeis.
thug sí faoi deara she noticed
" Is é an dóigh go ndearna sí staidéar ar an mhéid a bhí le rá ag na meáin chumarsáide agus ar pholaiteoirí agus thug sí faoi deara go raibh na Moslamaigh curtha le chéile in aon dream amhrais amháin, d’ainneoin a gcúlraí difriúla.
Thug mé faoi deara alt I noticed an article
" 
 In Áit na Garaíochta ======= “Thug mé faoi deara alt a bhí scríofa fúm, agus thuig mé go raibh seo nuachtúil agus go raibh spéis ag daoine ina raibh ar siúl agam.
Tabharfar faoi deara it’s to be noted
" Tabharfar faoi deara nach ionann go baileach na gnéithe a bhéimnigh an tUachtarán Mícheál D.
Thug mé faoi deara I noticed
" Thug mé faoi deara ag an am go mba nós leis an gcuid is mó de na siopadóirí agus ag cuid de na múinteoirí scoile i gConamara Béarla a labhairt lena gcuid gasúr.
tugaim faoi deara I notice
" Cé go mbím ag obair mar threoraí sléibhe sa Spáinn le comhlachtaí mar Ramblers Holidays, tugaim faoi deara go mbíonn níos mó ‘siúlóirí neamhspleácha’ amuigh ar na cnoic sa tír sin le roinnt bliana anuas.
Dea-chleachtas eile a thug mé faoi deara another good thing I noticed
" Dea-chleachtas eile a thug mé faoi deara sa limistear seo ná dúnghaois an dátheangachais atá ag Comunidad Valenciana.
thug tú faoi deara you noticed
" (Caith do shúil ar Alan Greenspan sna naisc ar dheis: ní shéanfaidh páipéar dúch) Más san AE atá tú á léamh seo, thug tú faoi deara an nóta úr €5 ar na mallaibh.
thug mé faoi deara I noticed
" Nuair a d’amharc mé ar A-Z Londain, thug mé faoi deara gur bruachbhaile i ndeisceart Londain atá ann.
thug sé fear óg faoi deara he noticed a young man
" Tearmann an Dá Loch ======== I ndáiríre, níl againn ach garbhfhíricí scéal Trayvon Martin, ó tá na sonraí ceilte i dteanga na n-aturnaetha, ach an méid atá againn, téann sé mar seo: bhí George Zimmerman ar a bhealach tríd an gceantar tithíochta "geataithe" ina raibh cónaí air, “The Retreat at Twin Lakes”, nuair a thug sé fear óg faoi deara a raibh cuma agus geatsaíochtaí amhrasacha air.
Tabhair faoi deara take note
" Tabhair faoi deara gurbh é seo an tréimhse roimh an Drochshaol.
thug mé faoi deara I noticed
" Sílim gur i gceantar Brooklyn a bhí mé ag taisteal tráthnóna Domhnaigh nuair a thug mé faoi deara go raibh trí chluiche cruicéad ar bun in áiteanna éagsúla.
Tabharfaidh tú faoi deara you’ll notice
" Ná tabhair airgead dóibh am ar bith! Tabharfaidh tú faoi deara nach gcuirfidh siad ceist ort arís faoi shíneadh láimhe nuair atá diúltaithe agat cheana féin.
Thug mé faoi deara I noticed
" Thug mé faoi deara an méid breochloiche a bhí le feiceáil i Norfolk- baineadh feidhm as roinnt mar mhaisiúchán ar bhallaí eaglaisí agus bhí cnapáin mhóra ina luí thart san ollscoil a chuir an ceann ón séadchomhartha, Cnóbha sa Mhí, i gcuimhne dom.
Ní thabharfar faoi deara shall not be noticed
" Ní thabharfar faoi deara an duine atá ró-umhal is róbhéasach, is dócha.
Tugaim faoi deara I notice
" (Tugaim faoi deara go bhfuil an triúr FPE de chuid Sinn Féin a bheas ag freastal ar an Eoraip ag iarraidh go gcuirfear airgead poiblí amú ag aistriú gach cáipéisíocht go Gaeilge sa mBruiséil, ach nach fiú dóibh airgead a chaitheamh ar bhileogaí beaga dhá theangacha a dháileadh sa Ghaeltacht.