Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tugadh neamhaird ar an ngéarchéim the crisis was ignored
" Go deimhin, mhol Schröder "polasaí na láimhe ciúine", sin le rá tugadh neamhaird ar an ngéarchéim agus dúradh go raibh gach rud i gceart.
thug mé neamhaird ar an leas-phríomhoide I ignored the vice-principal
" Tar éis comhairle a fháil ó na ceardchumannaithe eile, thug mé neamhaird ar an leas-phríomhoide.
Thug sé neamhaird ar he ignored
" Thug sé neamhaird ar chomhaontaithe sollúnta idirnáisiúnta ar nós Koyoto agus lean sé air go meidhreach ag cabhrú lena chuid cairde sna comhlachtaí ola a réitigh an tslí chun an Tí Bháin dó.
a thabharfadh neamhaird ar who would ignore
" B’fhalsa an staraí a thabharfadh neamhaird ar a leagan athbhreithnithe siúd d’imeachtaí na tréimhse brónaí sin.
ar an gcaoi a dtugtar neamhaird ghlan ar an iomáint of how hurling is totally ignored
" An cinneadh a tógadh i dtaobh phionós na Purgóide an léiriú is fearr ar an gcaoi a dtugtar neamhaird ghlan ar an iomáint sa chumann uaireanta.
Tugadh neamhaird ar achainíocha na n-íospartach the victims' pleadings were ignored
" Tugadh neamhaird ar achainíocha na n-íospartach agus caitheadh go suarach leo.
Tugadh neamhaird fosta ar fhianaise evidence was also ignored
" Tugadh neamhaird fosta ar fhianaise atá ag Gaelscoileanna fadbhunaithe a léiríonn, dar leo féín, nach raibh aon cheist faoi chaighdeán an Bhéarla atá ag a ndáltaí – ach a mhalairt.
thug an comhphobal idirnáisiúnta neamhaird ar a chinneadh. the international community ignored his decision
" Rinne Bruguière Kagame a dhíotáil sa bhliain 2006, ach thug an comhphobal idirnáisiúnta neamhaird ar a chinneadh.
thug mé neamhaird ar I didn’t heed
" Dhírigh mé féin ar an bhfocal ‘samhradh’ agus thug mé neamhaird ar an aidiacht ‘Éireannach’, rud a chiallaigh gur chaith mé an chéad lá i Christchurch ag dul timpeall na siopaí ar thóir cóta báistí agus péire bróg seachas na cuaráin a thóg mé liom! Chaith muid cúpla lá i gcathair Christchurch sular thug muid aghaidh ar an gcuid eile den Oileán Theas.
thug siad neamhaird iomlán ar they paid absolutely no attention to
" * (liomsa an bhéim) Ghlac staraithe eile abhus le seasamh O Farrell agus thug siad neamhaird iomlán ar an teanga, dá bhíthin sin.
dtugann cuid mhór acu neamhaird ar many don’t heed
" Díobh siúd a théann ar Aifreann, tá a fhios agam féin go dtugann cuid mhór acu neamhaird ar theagasc na hEaglaise maidir le cúrsaí collaí nó le pleanáil clainne.
thugadar neamhaird ar fhorbairtí nua ealaíne the paid no attention to new art developments
" Formhór bhaill an Acadaimh an uair úd, thugadar neamhaird ar fhorbairtí nua ealaíne a raibh an Fhrainc mar bhunús ag a bhformhór acu, forbairtí dála an Réalachais, an Impriseanachais agus nuálaíocht Cézanne agus an Chiúbachais ina measc.
thug an t-údar neamhaird ar na foinsí Gaeilge. the author ignored Irish language sources.
" Measann Tony Birtill go bhfuil leabhar nua faoi na hÉireannaigh i Learpholl, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, an-lochtach de bhrí gur thug an t-údar neamhaird ar na foinsí Gaeilge.