Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tabhairt amach bileog handing out flyers
" Bhí daoine ag tabhairt amach bileog ag achan uile choirnéal, ag fógairt ceolchoirmeacha.
ag tabhairt amach agus ag magadh ar giving out about and mocking
" Thosaigh sé ag tabhairt amach agus ag magadh ar an Ghaeilge.
an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach a visit to the distant relations
" Tá lucht an drogaill i ndiaidh an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach, agus tá gach aon duine i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste leis na neasghaolta sa bhaile maidir le hiaróga dhúluachair na bliana.
a rabhas ag tabhairt amach anseo faoi which I was complaining about
" Ach anois, i bhfianaise uisce-faoi-thalamh pragmatach Abe Naofa Uachtaráin, caithfead athbhreithniú a dhéanamh ar nath Giulio Andreotti, a rabhas ag tabhairt amach anseo faoi le deireannas: *‘You sometimes have to do evil in order to do good’*.
thosaigh siad ag tabhairt amach láithreach they started giving out immediately
" Bhí brón is scanradh orthu faoi na hionsuithe uafásacha i mBostún, níos lú ná 100 ciloméadar ón gcampas againne, ach fós féin thosaigh siad ag tabhairt amach láithreach faoi na meáin chumarsáide sa tír agus an tslí ar mhaith leo sceimlitheoir eachtrannach a ainmniú chun an foréigean a scaradh ó shochaí Mheiriceá.
déantán ársa a thabhairt amach as tír to remove an ancient artefact from a country
" Cé leis an Ealaín Oidhreachtúil? ============== Tacaíonn EOECNA leis na dlíthe cultúrtha oidhreachtúla atá anois i bhfeidhm sa chuid is mó de thíortha an domhain inniu, a dheimhníonn gur coir é déantán ársa a thabhairt amach as tír gan chead.