Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tacú le gnólachtaí support businesses
" An bhfuil sé in am ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn EOGO laghdú a dhéanamh ar dheontais do chomhlachtaí agus fiontair nach ndéanann a ngnó i nGaeilge? Má tá comhlacht ag feidhmiú i mBéarla, nár cheart dó a chuid tacaíochta a éileamh ó Enterprise Ireland nó ó fhoinse eile? Ar cheart go mbeadh sé mar pholasaí ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn gan ach tacú le gnólachtaí atá i ndáiríre faoi fhostaíocht agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge? Tá feachtas láidir leathan de dhíth le taispeáint do mhuintir na Gaeltachta gur fiú dóibh an Ghaeilge a úsáid.
ag tacú leis an argóint seo supporting this argument
" Deir na múinteoirí agus an Roinn Oideachais nach bhfuil fianaise ar bith ann ag tacú leis an argóint seo.
ag tacú le supporting
" Is díospóireacht shuimiúil agus chasta í - an fíorealaín é saothar a chruthaítear go speisialta do chomhlacht idirnaisiúnta le táirge dá chuid a dhíol agus íomhá a chruthú dó? An gcailleann an saothar agus an t-ealaíontóir creidiúint de bharr go bhfuil siad ag tacú le fógraíocht nó an bhfuil an dá thaobh ag baint tairbhe as? D'fhéadfá a rá gurb é Andy Warhol an saineolaí ó thaobh sochar a bhaint as cúrsaí tráchtála lena shaothar féin a chur chun tosaigh.
ag tacú supporting
" Tá an eite chlé ag tacú go láidir leis na hinimircigh, ag iarraidh go mbronnfaí cearta áirithe orthu (an cead vóta a chaitheamh, mar shampla) agus ag léiriú an-bhá leo.
ag tacú le chéile supporting each other
" " Is léir mar sin go bhfuil an ailtireacht, an cultúr agus an teanga ag tacú le chéile i mBéal Feirste agus go bhfuil cúrsaí faoi lán seoil anois agus an chathair ag súil le bheith mar chathair chultúrtha na hEorpa sa bhliain 2008.
ag tacú le feilméaraí supporting farmers
" Tá eagraíocht amháin tosaithe ag dream daoine, a bhfuil taithí acu ar chúrsaí gnó sna cathracha, ag tacú le feilméaraí.
ag tacú leis supporting it
" Fuair Simon Crean, ceannaire an fhreasúra, é sin amach nuair a labhair sé leis an slua i mBrisbane, daoine nach raibh mórán measa acu ar pholasaí an Lucht Oibre - go mbeadh cogadh ceart go leor dá mbeadh na Náisiúin Aontaithe ag tacú leis.
chun tacú le to support
" Léiríonn an clár "You're a Star" go bhféadfaí leas a bhaint as gutháin shoghluaiste chun tacú le tráchtáil leictreonach agus "m-ghnó", mar a thugtar air, a chruthú.
tacú leis na trúpaí supporting the troops
" " Le linn chéad deireadh seachtaine an chogaidh, chun cur i gcoinne na léirsithe móra frithchogaidh, bhí cúpla teacht le chéile ann ag "tacú leis na trúpaí".
ag tacú leis an ionradh supporting the invasion
" Tá an *Canberra Times *agus an *Sydney Morning Herald *ina choinne agus tá an *West Australian *ag fanacht le toradh an chogaidh go bhfeicfidh siad an raibh an cinneadh ceart nó mícheart! Dúirt an freasúra sa bparlaimint go bhfuil na heagarthóirí agus tráchtairí i chuile cheann de pháipéir Rupert Murdoch ar fud an domhain, 174 acu, ag tacú leis an ionradh.
ag tacú leo supporting them
" " Tógáil meanman a bhí ann dóibh siúd atá ar aon intinn le Finucane go raibh an chuma ar an scéal go raibh an Méara Bloomberg ag tacú leo.
le tacú leis an fhianaise to support the evidence
" De réir an Ollaimh le Dlí in Ollscoil Uladh, Fionnuala Ní Aoláin, bhí trí ghné ag baint leis na trialacha ollbhrathadóra a chothaigh deacrachtaí: de ghnáth, ní raibh aon fhinné eile ann le tacú leis an fhianaise a thug na brathadóirí, agus chaith an tslí ar mealladh daoine le fianaise a thabhairt, mar aon le carachtar na mbrathadóirí féin, amhras ar an fhianaise a thug siad.
ag tacú leis an bhille supporting the bill
" " Cén fáth a dtógann sé níos faide ar na mná an beart a dhéanamh? Bhuel, sin ceist atá ag cothú easaontú idir iad siúd atá ag tacú leis an bhille agus iad siúd a fheiceann é mar ábhar magaidh.
ag tacú supporting
" " Dar leis an Teachta Eamon Gilmore, arís níl aon agóid á déanamh ag an aire i gcoinne na bhforbairtí seo agus cén fáth a mbeadh? Nach é an t-aire céanna atá ag tacú leis an bpolasaí tógála? Deir Frank McDonald, arís san alt thuasluaite, agus é ag caint ar chinneadh an Bhoird Phleanála ar an M3: "Though the M3 corridor contains 141 archaeological sites and is located just 1km from the Hill of Tara, the board specified no conditions relating to the treatment of these sites.
ag tacú go príobháideach supporting privately
" Dermot Fitzpatrick TD, ó dháilcheantair an Taoisigh féin, ag tacú go príobháideach.
ag tacú supporting
" Is fada na gnólachtaí móra ag tacú leis an Pháirtí Poblachtánach - chonacthas an Páirtí Daonlathach mar pháirtí na haicme oibre, na ngnáthdhaoine.
ag tacú le supporting
" “Bhí Johnny Geoghegan (athair Mháire Geoghegan-Quinn) ag seasamh d’Fhianna Fáil ann, agus bhí ráfla scaipthe ag cuid de na feachtasóirí a bhí ag tacú le Peadar go raibh Johnny Geoghagan básaithe an oíche roimh an toghchán, rud nach raibh! "Mar gheall gur tharla a leithéid de rud cheana i gConamara ag deireadh na gceathrachaidí, chreid go leor an scéal.
ag tacú liom supporting me
" Tá craobh an-láidir de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann anseo, chomh maith le Cumann Lúthchleas Gael, mar sin bhíodar ar fad ag tacú liom.
go mbeidís ag tacú leis that they would be supporting
" Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, ag Ardfheis speisialta, d’fhógair Sinn Féin go mbeidís ag tacú leis an Chomhaontú.
ag tacú go tréan supporting strongly
" Mar shampla, siocair go mbíonn Ó Caoimhnis ag tacú go tréan le Contae na Gaillimhe sa pheil agus san iomáint, agus siocair go mbíonn sé ag caint faoi mhuintir na Gaillimhe sa chéad phearsa uimhir iolra, tá Baile Átha Cliath méadaithe go mór ar an léarscáil, agus in ionad ainm na cathrach tá scríofa *Áit Bhreithe Éamoin Úi Chaoimhnis* – ar eagla go ndéanfadh sé dearmad, mar a dhéanann go minic is léir.
tacú linn to support us
" Bhí an bheirt againn sa rang comhrá sa daonscoil i Victoria, agus bhí muintir na daonscoile lántoilteanach tacú linn.
tacú leis na pobail to support the communities
" B’fhiú cuimhneamh, áfach, nach gcuirfeadh atheagrú ar theorainneacha na Gaeltachta aon bhac ar Fhoras na Gaeilge tacú leis na pobail a chaithfí amach as an Ghaeltacht.
tacú leis an NDP to support the NDP
" In ionad a míshásamh leis na Liobrálaigh a thaispeáint trí vótáil do na Coimeádaigh, b’fhearr le go leor daoine tacú leis an NDP, a bhain deich suíochán de bhreis ar a raibh acu cheana.
ag tacú supporting
" ” Tá Colmán ag tacú go láidir fosta leis an fheachtas atá ar bun ag Cúigear Ros Dumhach, an grúpa fear a thug dúshlán an chomhlachta Shell agus a chaith tréimhse sa phríosún an bhliain seo caite mar gur dhiúltaigh siad gan cosc a chur ar Shell píblíne gháis a thógáil fríd a gcuid talún.
ag tacú le supporting
" Tá an bheirt acu ag tacú le Romano Prodi.
tacú leis an tionscadal support the project
" AÓF: An féidir leis an bpobal tacú leis an tionscadal ar aon bhealach nó ábhar a thairiscint don chartlann? DdeB: Fáiltíonn muid i gcónaí roimh gach cúnamh agus tá an-spéis againn cloisteáil ó éinne a bhfuil ábhar cartlainne aige, nó fiú seoltaí daoine ar cheart dúinn teagmháil a dhéanamh leo.
ag tacú libh supporting you
" Tiocfaidh an lá agus beidh go leor de na daoine atá ag gearán fúibh anois, beidh siad ag tacú libh agus ag rá gur iad féin an chéad dream a mhol an stáisiún.
tacú ón taobh amuigh le rialtas mionlaigh de chuid Fhianna Fáil to support a minority Fianna Fáil government from the outside
" Corrlach Paddy Power: 7/2 FF (ag fáil tacaíochta ó Shinn Féin agus Teachtaí neamhspleácha dá bpór féin) Is ar éigean go mbeadh Sinn Féin sásta tacú ón taobh amuigh le rialtas mionlaigh de chuid Fhianna Fáil.
ag tacú le daoine supporting people
" Ach tá daoine ag rá gur airgead amú atá i gcuid de sin agus nach bhfuil sé ach ag tacú le daoine atá ag feilméaracht in áiteacha nach bhfuil aon mhaith ann.
sa gcaoi nach mbeadh aon ghá tacú leo arís so that there would be no need to support them again
" Deir siad go bhfuil ar a laghad 10% d’fheilméaraí na tíre gur chóir airgead a thabhairt dóibh ar choinníoll go n-éireoidís as sa gcaoi nach mbeadh aon ghá tacú leo arís faoi cheann cúig bliana nó deich mbliana eile.
chun tacú le foilsitheoireacht Mhaorach to support Maori publishing
" Caithfear a thuiscint nach raibh foilsitheoirí Maoracha ná aon eagraíocht chun tacú le foilsitheoireacht Mhaorach ann, ná foilsitheoirí a bhí báúil leis na *nuances* polaitiúla sin.
nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga, that no revolution would manage to support twenty languages,
" Is cinnte nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga, cuid acu nach bhfuil ach níos lú ná 200 duine á labhairt.
tacú le comhpháirtíochtaí áitiúla to support local partnerships
" Braitheann muid go bhfuil dualgas ar údaráis áitiúla, Comhairle Chontae Loch Garman sa chás seo, tacú le comhpháirtíochtaí áitiúla chun cabhrú leo feidhmiú go héifeachtach.
ag tacú leis na daoine backing the people
" Bhí mná an cheantair sin chun tosaigh in agóidí i gcoinne díshealbhaithe, agus bhí roinnt mhaith poiblíochta ann, cuid di ag tacú leis na daoine agus cuid di ina gcoinne.
ag tacú leis supporting
" Ach tá sé fíor a rá fosta go raibh Iontaobhas fadálach ag tacú leis an Chultúrlann.
ag tacú leo. supporting them.
" Bhí bá faoi leith aige le healaíontóirí agus ba mhinic é ag tacú leo.
cén páirtí polaitíochta a mbíonn sé ag tacú leis. which political party he supports.
" PionósAnois, tá pionós á chur ar gach Gaeilgeoir ó thuaidh, is cuma cén páirtí polaitíochta a mbíonn sé ag tacú leis.
ag tacú leis an Aire, supporting the Minister,
" Bhí MLA amháin i láthair a thug tacaíocht dóibh roimhe seo ach a bhí anois ag rá go raibh sé ag tacú leis an Aire, Caitríona Ruane.
a mbíonn siad ag tacú leo. which they advocate, support
" Tháinig an t-ábhar chun cinn sna comhráite ar fad mar gheall ar an gceist chéanna a bheith curtha orm: *“Have you heard about Des Bishop learning Irish?*”Is cuma cé acu smideadh, púdar níocháin, bróga spóirt nó teanga atá i gceist, níl aon dabht ach gur féidir le daoine cáiliúla aird an phobail a tharraingt ar na rudaí – idir tháirgí agus chúiseanna – a mbíonn siad ag tacú leo.
tacú le feachtas éigin, to support some campaign
" Nuair a bhíonn achainí ar an gcéad leathanach go rialta ag tathaint ar léitheoirí tacú le feachtas éigin, braithim go gcailleann an nuachtán cuid dá údarás iriseoireachta.
le tacú leis an bhfoghlaim ghníomhach to support active learning
" Cothaítear díospóireacht agus comhphlé i measc na mac léinn le tacú leis an bhfoghlaim ghníomhach sna ranganna.
ag tacú go hiomlán supporting completely
" Ó shin i leith, cinntíonn ceannairí na bpáirtithe nach mbíonn le feiceáil ag na coinbhinsiúin ach daoine dearfacha atá ag tacú go hiomlán le hiarrthóir amháin.
ag tacú supporting
" Ach níor míníodh cé a bhí ag tacú leis an réabhlóid gan mharú seo, ná cén fáth.
tacú supporting
" Gnó brabúsach an chogaidh Dhá bhliain i ndiaidh tacú go láidir leis an ionradh ar an Iaráic mar gheall ar na hairm ollscriosúla, nárbh ann dóibh, agus mar gheall ar na nascanna, mar dhea, idir Saddam agus an sceimhlitheoireacht, d’éirigh Marc Grossman as a phost i Roinn an Stáit.
tacú leis supporting
" An Spéis ina Leithscéal Tá iontas le feiceáil ar aghaidheanna na gcuairteoirí agus iad ag siúl thart go ciúin machnamhach ag grinniú na marbhán agus na mball coirp éagsúil atá ar taispeáint agus is mar gheall ar an spéis ollmhór seo a chosnaíonn Premier Exhibitions iad féin ón ghearán go bhfuil siad ag teacht i dtír ar na mairbh agus ag tacú leis an sárú atá á dhéanamh ar chearta daonna sa tSín.
ag tacú leis supporting
" Mar chuid lárnach den ullmhúchán intinne, bhí John McCain agus Joseph Lieberman, beirt sheanadóirí a mhol an tAcht um Shaoradh na hIaráice i 1998, ag tacú leis an Iarácach corbtha Ahmad Chalabi mar chomharba ar Saddam Hussein ó 1991 ar aghaidh.
tacú le to support
" Le cumannachas san Afraic a chloí, ní raibh an dara rogha acu, is cosúil, ach tacú le Marxach amháin sa tSomáil i gcoinne Marxach eile, Mengistu, san Aetóip! Ainneoin tacaíocht mhíleata fhlaithiúil SAM, ní raibh Barre in ann a chuid namhad intíre a choinneáil faoi chois go deo, agus treascraíodh é i 1991.
ag tacú supporting
" Sa bhliain 2001-2002, ba é Saban an bronntóir maoinithe ba mhó a bhí ag na Daonlathaigh, nuair a bhí cinnireacht an pháirtithe ag tacú le hionradh ar an Iaráic.
tacú supporting
" Luaigh sé an Iaráic, an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh mar stáit a bhí ag tacú le sceimhlitheoireacht agus a bhí ag lorg airm ollscriosúla.
tacú support
" html) Thug Noel Pearson agus Galarrwuy Yunipingu, duine de na ceannairí bundúchasacha is tábhachtaí sa Chríoch Thuaidh, tacú don tionscadal, áfach.
tacú le supporting
" ” Nuair a cheap lucht faisnéise SAM na teachtaireachtaí, mar a bheadh súil leis, chreid siad go raibh Libia ag tacú le sceimhlitheoireacht.
tacú supporting
" html) Fórsaí Míleata na hIndinéise sa Tíomór Thoir Cé gur thuig na húdaráis abhus go ríléir cad a bhí ag tarlú ann, bhí beartas eachtrach dépháirteach ag gach rialtas Astrálach sa tréimhse sin a thug tacú do shláine críche na hIndinéise, beag beann ar mhianta na muintire sa Tíomór Thoir.
tacú support
" Is moladh é ar cheart d’achan Ghaeilgeoir agus Éireannach tacú leis mar go mbeifeá ag súil go mbeadh a leithéid ag príomhchathair na tíre seo leis an chlú atá orainn ó thaobh meas a bheith againn ar ár gcultúr dúchais idir cheol, litríocht, rince, bhéaloideas, mhiotaseolaíocht agus theanga.
tacú support
" Idir Dhá Cheann na Meá ============ Nuair nach raibh tromlach ag aon mhórpháirtí sa teach íochtarach bhí an rogha ag an seisear feisirí eile ann tacú le ceann amháin acu le móramh a bhunú.
tacú leis to support
" ó Shligeach-Liatroim, Jimmy Devins agus Éamonn Scanlon, nach dtagann faoi aoireacht Fhianna Fáìl ach a vótáileann leis an rialtas i gcónaí; - sa bhfreasúra tá 75 vóta idir FG (51), LO (20) agus SF (4); - tá ochtar neamhspléach ann, triúr acu a mbíodh sé de nós acu vótáil i gcónaí leis an rialtas de bharr socruithe speisialta a bhí déanta leo, ’siad san, Jackie Healy-Rae, Michael Lowry agus Noel Grealish ach tá Grealish, tar éis a thacaíocht a tharraingt siar de bharr na giorruithe atá déanta ag an HSE i réigiún an Iarthair; - tá triúr easantóirí eile de chuid Fhianna Fáil atá ag bagairt vótáil in aghaidh an rialtais, ’siad san, Mattie Mc Grath, Joe Behan agus James Mc Daid; - Tá beirt neamhspléach eile ar thaobh na heite chlé, Finian Mc Grath agus Maureen O Sullivan, nach mbeidh in ann tacú leis an gcéad Cháinaisnéis eile.
chun tacú to support
" Deir sé gurb é “an t-oideachas an tseirbhís phoiblí is tábhachtaí a d’fhéadfadh Stát a chur ar fáil, chun tacú le tuismitheoirí agus leis an bpobal a dteanga mhionlaithe a chaomhnú”.
tacú support
" Ach ba chuma cé mba as na himreoirí, bhí a lucht leanúna tagtha as Londain go Manchain le tacú lena laochra agus thug na laochra neart údair dóibh le bheith ag canadh is ag gleo le linn an cluiche.
tacú le to help
" Cinnte, táim sa phríomhchathair le fada an lá anois agus bhí de phribhléid agam tacú le muintir Bhaile Átha Cliath Thiar, an Dáilcheantar úd, ar feadh deich mbliana, agus ansin, a bheith curtha isteach i bPairlimint na hEorpa, ag an daonra ar fad abair, idir chathair agus chontae.
ag tacú leis supporting
" Bhí forais na heaglaise ag tacú leis an gcogadh.
tacú cuí sufficient support
" Bíodh is go bhfuil an feachtas i bhfabhar phósadh comhghnéis ag bailiú nirt i bPáirtí an Lucht Oibre, níltear ag súil go mbeidh an tacú cuí ann ag an gcomhdháil náisiúnta i mbliana le dúnghaois i bhfabhar an pósadh comhghnéis a ghlacadh.
ag tacú le supporting
" Níl aon dualgas ar an Lucht Oibre, seachas mar atá ar Fhianna Fáil, a bheith ag tacú le rialtas faoi chinnireacht Enda Kenny.
ag tacú le supporting
" Níl aon dualgas ar an Lucht Oibre, seachas mar atá ar Fhianna Fáil, a bheith ag tacú le rialtas faoi chinnireacht Enda Kenny.
is mó atá ag tacú le who are mostly helping
" Is beag duine nach gcreideann go mbeidh Iosrael thíos leis na muirthéachtaí atá ag réabadh an Mhéanoirthir ó thús na bliana seo — in ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurb iad lucht Iosrael is mó atá ag tacú le heasaontóirí an taoibh sin domhain le roinnt blianta anuas.
ag tacú le supporting
" Tá Comhdháil SAM chun cistí fiontair a bhunú ar nós na cistí a cuireadh ar fáil in Oirthear na hEorpa i ndiaidh titim Bhalla Bheirlín; agus beidh an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha ag tacú le nuachóiriú geilleagair sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh mar a rinne siad san Eoraip.
ag tacú leis supporting him
" Tá ealaíontóirí agus dánlanna ar fud an domhain ag múscailt feachtais le haird a tharraing ar a scéal agus i measc na suíomhanna éagsúla idirlín atá ag tacú leis, déanann an láithreán atá cruthaithe ag a chairde, freeaiweiwei.
tacú le to support
" Ba é Coimisineir na hEorpa, An tUasal Johannes Hahn a d’oscail an droichead suaithinseach seo agus dúirt sé go raibh sé mar sprioc ag an Aontas Eorpach tacú le muinitir Thuaisceart Éireann ina n-iarrachtaí chun maireachtáil le chéile ar bhonn síochánta.
tacú le to assist with
" ”* Chuir siad i bhfios go láidir go mbeadh leas ag Iosrael tacú le gníomhartha na Tuirce agus na hIordáine i gcoinne na Siria, cuir i gcás, *“securing tribal alliances with Arab tribes that cross into Syrian territory and are hostile to the Syrian ruling elite.
tacú le support
" Tapaíodh an deis i mBaile na hAbhann chun tacú le clár faisnéise den scoth, a insíonn scéal tubaisteach Thuaisceart Éireann trí agallaimh le banghníomhaí polaitiúil géarintinneach.
Níl aon fhianaise ag tacú leis there’s no proof to support
" Níl aon fhianaise ag tacú leis na bhfigúirí seo, áfach, agus ardaíonn sé ceist maidir le bunús an áitimh i gcoinne an fheachtais.
Ba mhaith liom tacú leis I’d like to support
" Ba mhaith liom tacú leis an rud a dúirt tú féin ar ball.
tacú leis support
" An mór an baol dóibh má fhanann siad dílis do réimeas Al-Assad? Nó an ceart dóibh tacú leis trodairí an fhreasúra, nó an tír a fhágáil má tá ar a gcumas é sin a dhéanamh? Catacóm San Lorenzo di Beffi ============ Saoithiúil go leor - agus roinnt de na pobail Chríostaí is sine sa Mheán-Oirthear i mbaol a ndíothaithe, fuaireamar léargas nua ar luathstair na Críostaíochta san Eoraip nuair a thángthas ar na mallaibh ar iarsmaí seandálaíochta a bhaineann le cuid de na pobail Chríostaí is luaithe san Iodáil.
Is beag an tacú dóibh poor support they receive from
" Is beag an tacú dóibh Eva, an iníon pósta ceoltóra (Isabelle Huppert).
bhí sásta tacú le who were happy to help
" Cé nach léir dúinn fós cén chuma a bheas ar chúrsaí na tíre sin go hinmheánach, tá pictúir níos soiléire againn anois ar an seasamh a thógfaidh iar-chomhghuaillithe na Siria (seasamh iad siúd a bhí sásta tacú le al-Assad go nuige seo ar mhaithe lena leas féin sa réigiún, ba chirte a rá) an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe, abair.
ag déanamh a dhíchill ag tacú le doing its best to assist with
" Bhí sé beagáinín seafóideach a bheith ag súil go mbeadh RTÉ ag déanamh a dhíchill ag tacú le haidhm náisiúnta maidir leis an nGaeilge, nach raibh an Rialtas riamh dáiríre faoin aidhm náisiúnta céanna.
chun tacú leis an gcraolachán tráchtála to assist commercial broadcasting
" Braithim go bhfuil rud éicint mícheart ansin: airgead an cheadúnais á úsáid mar a bheadh fordheontas chun tacú leis an gcraolachán tráchtála.
tacú leis support it
" Tá siad lárnach agus caithfidh siad tacú leis, ach bhí eagla orm, agus tá fós, eagla orm gur cineál státseirbhíseachais a bheadh i gceist.
gan tacú leis an moladh not to assist the motion
" Tá Fianna Fáil agus Sinn Féin ar son Seanad Éireann a choinneáil is a athnuachan agus beidh a gcuid urlabhraithe ag iarraidh ar a lucht tacaíochta gan tacú leis an moladh.
as siocair iad a bheith ag tacú le because of their support for
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
ba chóir dúinn tacú leis we ought to assist with
" Céim bheag eile san obair atógála a bheidh ina thuras agus ba chóir dúinn tacú leis san obair sin.
ag cruthu nó ag tacú leis an tsíocháin creating or supporting peace
" Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libhse uilig atá ag tabhairt aire dár muintir i gcaitheamh na saoire agus tríd an gcuid eile den bhliain freisin go deimhin – áirim orthu san An Garda Síochána, an tSeirbhís Príosúin, iomlán na bhfoirne inár n-ospidéil agus inár seirbhísí éigeandála, agus comhaltaí na bhFórsaí Cosanta atá ag cruthu nó ag tacú leis an tsíocháin thar lear.
ag tacú leis supporting
" Is léir ó mheamram rialtais ón 25 Feabhra, go raibh an tAire Ó Tuathail, ina chadhain aonair mar nach raibh duine ar bith eile sa rialtas ag tacú leis an phlean.
nó tacú leo or to assist them
" Bíonn siad ag caint ar bhealaí le daoine a chur ag scríobh na Gaeilge nó tacú leo: bhí sé seo déanta lena aghaidh mar bhí ceartúcháin ann, bhí aistriúcháin ann, bhí tacaíocht ann, agus d’oibrigh sé thar cionn.
ag tacú leis go fóill still supporting him
" Cé go gceaptar go bhfuil Ford ag snámh in aghaidh an easa, tá go leor ag tacú leis go fóill.
tacú leo assist them
" Nuair atá iarracht ar bun arís ag muintir oirthear Bhéal Feirste a n-aithne féin a chur ar chúlra na Gaeilge thart orthu, ba cheart dúinn mar lucht Ghaeilge tacú leo.
tacú le to support
" Smaoinigh, tá an Conradh ag iarraidh ar na iarrthóirí tacú le éileamh ar aitheantas don Ghaeilge san AE nach bhfuil ar fáil ón Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath.
ag tacú leis supporting
" Baineadh geit as an bpobal, agus as Marois í féin is cosúil, agus thosaigh dóibh siúd nach raibh cinnte faoina vótaí ag tréigean an pháirtí, ag tacú leis an dara páirtí ba chumhachtaí, na Liobrálaigh.
tacú teicneolaíochta technological assistance
" ) Samhlaigh mura mbeadh ar na ceadta céimí ollscoile ag tabhairt faoi dhíol is tacú teicneolaíochta in ionaid glaonna ar fud na cruinne.
Ar cheart duit tacú le should you support
" Shílfeadh daoine i mBéal Feirste go raibh mé glan as mo mheabhair a bheith ag iarraidh dul go príosún! (gáire croíúil) Prionsabal Nuremburg ========= **SMM: Ar cheart duit tacú le páirtí polaitíochta in ionad fanacht neamhspleách?** NFarrell: Bhí mé le Páirtí Cumannach na hÉireann ar feadh i bhfad, bheadh sé fiche bliain ó shin anois.
ag tacú le héileamh supporting the demand
" Bhí rún ar an gclár ag tacú le héileamh an Chonartha maidir le Gaeilge a bheith ina hábhar riachtanach le fáil isteach san Ollscoil nua.
tacú leis to support
" Tá fonn mór ar Phríomh-Aire na hAstráile, John Howard, tacú leis na Stáit Aontaithe má dhéantar ionsaí ar an Iaráic, ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, níl an pobal chomh díocasach céanna.
tacú support
" Tá bá ag muintir na hÉireann leis na Stáit Aontaithe le fada ach ní hionann sin is a rá gur cheart dúinn tacú lena gcogadh i gcoinne na hIaráice.
ag tacú le supporting
" Tá go leor de phobal na hAstráile i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach tá formhór na nuachtán ag tacú le polasaí an rialtais, a deir Dáithí Ó Colchúin.
ag tacú leis supporting
" Tá an baol ann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, go n-éireoidh tíortha Arabacha as earraí Éireannacha a cheannach má bhraitheann siad go bhfuil muid ag tacú leis na Stáit Aontaithe agus leis an Bhreatain sa chogadh in aghaidh na hIaráice.
ag tacú le taispeántas nua supporting a new exhibition
" Tá rialtas na cathrach i mBeirlín ag tacú le taispeántas nua ansin de shaothair a ceannaíodh le hairgead Naitsíoch.
ag tacú le supporting
" Níl Brian Ó Broin ag tacú le ‘cogadh’ eile san Iaráic, ná le fad a bhaint as an bhforéigean a thosaigh airm ‘an Iarthair’ sa tír chéasta sin ag deireadh na mílaoise.