Pota Focal Intergaelic
taca | tana | tapa | tara | ad
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ní raibh tada de sin there was none of that
" Ní raibh tada de sin ann le mo linnse.
ní bhíonn tada eile déanta nothing else is done
" Agus nuair a thagann nuachtáin an Domhnaigh isteach sa teach ní bhíonn tada eile déanta an chuid eile den lá! Tharla go raibh mé ag déanamh ceardlainne sna Sceirí i gContae Átha Cliath ar lá an olltoghcháin i mí na Bealtaine anuraidh, agus caithfidh mé a admháil gur chaith mé formhór an deireadh seachtaine sa leaba ag faire ar na torthaí agus iad ag teacht isteach.
ná habair tada saying nothing
" Ag breathnú air ón taobh amuigh cheapfá gurb é an sean-nós Gaelach i gcónaí acu é: ná habair tada, agus nuair a chuirtear ceist "leochailleach" - faoi BSE, abair - tarraing anuas na seanráitis chéanna a mbaintí úsáid astu nuair a bhí an galar sin i mbéal an phobail.
amhail is nár tharla tada as if nothing had happened
" Bhíodh breabanna beaga aige - úlla, toitíní nó slisní aráin - do bhuachaillí eile i ndiaidh na n-ionsaithe, agus deireadh sé leo ansin leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre amhail is nár tharla tada.
ní tada é it's nothing
" Cibé atá déanta ag na Stáit Aontaithe le príosúnaigh san Iaráic ní tada é i gcomparáid leis an mhéid a rinne sagairt agus mná rialta ar feadh na mblianta fada ar pháistí, gníomhartha a choinnigh an cliarlathas Caitliceach faoi cheilt.
ní dúirt sé tada he said nothing
" D’ardaigh sé a chluas, ach ní dúirt sé tada.
nach bhfuil tada eile iontu ach bia Áiseach which contain only Asian food
" Bhí spíosraí dá gcuid féin acu agus cé nach raibh siad le fáil go héasca ar dtús tá sé sin athraithe anois agus bia Áiseach le fáil sna hollmhargaí agus, sna cathracha, siopaí nach bhfuil tada eile iontu ach bia Áiseach.
ní dhearnadh tada faoi. nothing was done about it.
" Agus cé go raibh gníomhartha an imreora sofheicthe don lucht féachana agus iad ag breathnú ar an gcluiche ar an teilifís, ní dhearnadh tada faoi.
is léir nach bhfuil tada le gnóthú it is clear that there is nothing to be gained
" Diaidh ar ndiaidh, is léir nach bhfuil tada le gnóthú ó fhanacht leis an uachtarán, nach bhfuil cumhacht ar bith fágtha aige agus go bhfuil sé ag caitheamh níos mó ama ar a rainse in Texas, de cheal oibre.
ní raibh tada ann, there was nothing,
" Fadó, ní raibh tada ann, coincheap a dtugann na Maoraigh *Te Kore* air.
níor tharla tada ó shin nothing has happened since then
" D’fhéachamar chun cinn an mhí seo caite agus chuireamar ar an taifead é go gceapaimid go mbuafaidh Ciarraí Craobh na hÉireann sa pheil agus go mbuafaidh Cill Chainnigh craobh na hiomána, agus níor tharla tada ó shin (bua Aontroma agus iad ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh san áireamh) chun sinn a chur ar mhalairt tuairime! Murab ionann agus cluichí na nGael, áfach, is deacair a rá cén chaoi a n-éireoidh le foirne agus le lucht spóirt na hÉireann i gcoitinne in 2008.
sciorta uirthi nár chlúdaigh tada a skirt on her which didn't cover anything
" Agus mo bhean imithe isteach go dtí an leithreas i gceann de na hóstáin, tháinig beag chugam, sciorta uirthi nár chlúdaigh tada agus blús ar an easpa clúdaigh chéanna.
as tada from nothing
" Ba mhinic le roinnt blianta anuas a chloisteáil nach raibh ann níos mó don "bhrionglóid Mheiriceánach" - go bhféadfadh duine fás aníos as tada chun ardoifige nó airgead mór a bhaint amach.
gan tada a rá nothing to say
" Ba nós leis na húdaráis fáil réidh leis na coirp ar an toirt i reiligí thart timpeall ar an gcathair gan tada a rá fiú lena muintir faoi cén áit ar cuireadh iad.
tada anything
" Ceantar álainn ach ní fhaca muid tada, óir bhíomar uilig inár gcodladh ar an mbus.
tada nothing
" Níl tada níos measa ná Domhnach fliuch fadálach i lár Lúnasa.
tada faoi nothing about it
" SMM: An cuma leat labhairt faoi chlár ar leith nuair a chuirfeadh duine, cosúil liomsa taobh amuigh de RTÉ, ceist ort agus b’fhéidir go bhfuil aithne de chineál agat ar an duine nó ar an dream den fhoireann a chaith obair is allas leis an gclár? Fágaim - céard a mhothaigh tú le clár na hoíche aréir, Anonymous? Ar cuireadh machnamh go leor isteach sa gclár sin meas tú? BNC: Ní raibh a fhios a’msa tada faoi.
mura mbeadh tada eile ann were it for no other reason
" Ba dheas an rud é dá dtabharfadh siad tacaíocht dá chéile agus dá gceannódh siad gach leabhar nua Gaeilge a thagann amach le fiosracht mura mbeadh tada eile ann.
tada sa bhreis anything extra
" Mhothaigh sé nach raibh tada sa bhreis ann a dtiocfadh leis a chur le hoidhreacht s’acusan.
tada nothing
" Ar an dtaobh eile den scéal, tá fhios agam teaghlach amháin thart ormsa, nach bhfuil tada sa mbaile acu ach Gaeilge agus diúltaíodh an deontas iomlán orthu.
Tada nothing
" “Cad a thig leo a dhéanamh dom? Tada.
ní fiú tada iad seo these are worth nothing
" Tá an clár LEADER ann, atá á mhaoiniú ag an AE, agus a bhfuil sé mar chuspóir aige dreamanna aicsin áitiúla um fhorbairt tuaithe a bhunú; tá na ranna rialtais a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, Tuaithe, Iascaireachta, Fuinnimh, agus Talmhaíochta ann; tá Gréasán Náisiúnta na Tuaithe ann fosta; tá roinnt mhaith eagraíochta eile ann nach iad, ach ní fiú tada iad seo do na pobail bheaga imeallacha nach bhfuil aon ghuth acu.
tada a dhéanamh to do anything
" Agus ní raibh saoire agam fiú amháin, mar sin, tá mé ag iarraidh cúpla seachtain nach mbeadh orm tada a dhéanamh.
tada mícheart leis nothing wrong with it
" Níl tada mícheart leis, ach fós tá spás ar TG4 do rudaí ar nós Cré na Cille.
nár mhair tada thar that didn’t last more than
" Chonaic mo dhá shúil féin lánúin ag íoc €45 as eachtraíocht bheag turasóireachta nár mhair tada thar 25 nóiméad.
Níor fágadh tada acu they were left with nothing
" Níor fágadh tada acu le tine cheart a chur síos nó le bád measartha maith a dhéanamh agus tháinig meath millteanach orthu dá bharr.
níl srian dlí ar bith ná tada orthu there’s no legal limit whatsoever on them
" Maireann muintir an Chultúir gan gabháil in aois munar mian leo (nó murab é sin an faisean is déanaí gur mian leo), is féidir leo smacht a choinneáil ar gach uile chóras ina gcorpanna, is féidir leo a ngnéas fiú amháin, a roghnú nuair is mian leo: níl srian dlí ar bith ná tada orthu mar níl ganntanas ar bith ann.
amhail is nach mbíonn tada eile ar bun sa Seanad as if the Senate has nothing better to do
" Ar an gclár teilifíse faoin Oireachtas, ní theaspáintear de ghnáth ach an cuid is spraoiúla agus is bladhmannaí agus is seafóidí den chur agus cúiteamh a bhíonn ann faoi ‘Order of Business’, amhail is nach mbíonn tada eile ar bun sa Seanad.
gan tada fiúntach without anything worthwhile
" Dul ar gcúl ab ea deireadh a bheith curtha le Scéim Labhairt na Gaeilge gan tada fiúntach a bheith curtha ina áit, cé gur gealladh go gcuirfí.
ndéanann tú tada eile ach ar éigean you hardly do anything else
" Diansmacht agus Aigne An-Dírithe ============== Ach gnó amháin is ea é a bheith ag siúl nó ag rith ar do luas nó ar do chompord féin ar maithe le bheith aclaí nó meáchan a chailliúint, ach rud eile ar fad is ea é a bheith lándáiríre faoin ngnó agus a bheith chomh tiomanta sin is nach ndéanann tú tada eile ach ar éigean.
nach mbíodh tada ar siúl nothing used to be going on
" Cheaptaí nach mbíodh tada ar siúl sna ceantair Ghaeltachta ach bás seanchaillí is mná óga ag pósadh.
sula ndéarfadh sí tada eile ar an ábhar before she’d make any other comment on the matter
" Aire na Leanaí, Frances Fitzgerald ================ Dúirt Aire na Leanaí, Frances Fitzgerald, le Coiste Sláinte an Oireachtais ag an am go bhfanfadh sí go dtí go mbeadh athbhreithniú déanta ag an Gharda Síochána ar na líomhaintí atá déanta in aghaidh Dhomhnall Uí Lubhlaí sula ndéarfadh sí tada eile ar an ábhar.
nach bhfuil tada tarlaithe that nothing has happened
" ach tá an chuma ar an scéal ó chuile dhuine ar labhair mise leo nach bhfuil tada tarlaithe sa sé mhí sin agus go bhfuil súil ag daoine go bhfaighfidh an scéal seo bás mar a déarfá; nach leanfaidh daoine a bheith ag caint ar an ábhar agus ag brú na ceisteanna seo.
tada faoi shióg na bhfiacla nothing about the tooth fairy
" Ní chloisfeá tada faoi shióg na bhfiacla ag na comórtais seo mar níl rud ar bith aiceanta faoi! Dé réir suíomh an chomórtais, tá go leor aoisghrúpaí ann agus tabharfar cead do pháistí atá díreach saolaithe in aois cúpla mí páirt a ghlacadh ann.
nach ndearna tada ach olc which did nothing but annoy
" Chun bille sláinte Obama a stopadh, chaith sé 23 uair an chloig ag caint gan stad sa Seanad, rud nach ndearna tada ach olc a chur ar an teach go léir.
mara mbeadh mórán tada eile liom agam were I not to have much more along with me
" Rud a thugaim liom an-mhinic áfach, mara mbeadh mórán tada eile liom agam, ná leabhar nótaí a bhféadaim smaointe fáin agus blúirí eolais a bhreacadh ann de réir mar is gá.
Tada eile anything else
" Tada eile ina dhiaidh sin is bónas é.
tada a jot
" Cé go bhfuil teicneolaíocht an rothair linn le beagnach 200 bliain is mór an chuid súl é an rothar i gcónaí agus níor laghdaigh dúil an ghadaí sa rothar tada le linn an ama.
is annamh a chloisimid tada eile we seldom hear anything else
" Is ait an mac an saol ach cé go n-admhaíonn an dornán dearthóirí slachtaíochta is clúití ar domhan agus na réaltaí scannánaíochta a mbíonn siad ag dearadh éadaí dóibh go mba é Balenciaga an dearthóir slachtaíochta Eorpach is fearr san fhichiú haois, is annamh a chloisimid tada eile faoin bhfear ciúin seo a raibh iascaire mar athair agus bean fuála mar mháthair aige.
tír nach ndearna tada a country which had done nothing
" **SMM: Cén fáth is mó a bhfuil tú in aghaidh na cogaíochta?** NFarrell: Shíl muid sa bhliain 2001 go raibh sé uafásach, nó *obscene*, go ngairmfí cogadh in aghaidh tír nach ndearna tada.
Ní fhaca siad tada we saw nothing
"Ní fhaca siad tada is níor chuala siad tada’ a bhain leis an tSionainn.
Ní raibh tada sa saol acu they had nothing in life
" Ní raibh tada sa saol acu, na créatúir.
gan tada a dhéanamh faoi dhriopás not to rush matters
" Is í a chomhairle feasta gan tada a dhéanamh faoi dhriopás, go háirithe ag 6000m.