Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taighdeoirí researchers
" Bhí sé ait leabhar a léamh a d'úsáid focail ar nós "Negros", agus "non-whites", agus léamh go raibh taighdeoirí áirithe den tuairim go ndéanann cuid de na mná infheistíocht ina n-oideachas le deis níos fearr a thabhairt dóibh bualadh le fear céile le hoideachas maith, fear a bheadh saibhir amach anseo! Ní haon scéal nua a bhí ann dom go raibh ioncam na bhfear bán ardaithe níos mó ná ioncam na "mionlach" eile.
taighdeoir researcher
" Caitríona Ní Chathail - taighdeoir agus múinteoir Gaeilge ag freastal go speisialta ar dhaoine fásta.
taighdeoir researcher
" Mar a dúirt an taighdeoir Begona Aretxaga: "I dtuaisceart Éireann, tuigtear an stair i dtéarmaí eisíocha - mar chruachás a thugann ciall dá saol, a fhíoraíonn a bpolaitíocht agus a thugann cumhacht chorraitheach dá n-eachtra.
thaighdeoir researcher
" Chaith sé cúpla mí ag obair mar fhreastalaí i stáisiún peitril tar éis na hollscoile, agus ansin d'éirigh leis post a fháil mar thaighdeoir i Rannóg na gClár Raidió in RTÉ.
thaighdeoir researcher
" " Ag lorg poist ======= Nuair a tháinig post chun cinn mar thaighdeoir leis an chlár teilifíse "Cúrsaí Ealaíne" ar RTÉ chuir sé isteach air, de bharr go raibh an-spéis aige sa réimse sin.
taighdeoir researcher
" Tháinig a lán altanna suimiúla chun tosaigh, ina measc altanna le Godfrey Cheshire, criticeoir scannán sna Stáit Aontaithe, le Ziba Mir-Hosseini, taighdeoir ag Ollscoil Londan, agus le Dr Jamsheed Akrami, léachtóir sa Stáit Aontaithe.
taighdeoirí researchers
" Dar leis na taighdeoirí Schema, beidh láimhdeachas de €15 milliúin san earnáil gheallghlacadóireachta idirghníomhach ina hiomláine san Eoraip faoi 2005.
taighdeoirí researchers
" Caithfidh sé féin agus Áine a bheith go síoraí ag cuartú scéalta mar nach bhfuil taighdeoirí ar bith ag an chlár.
thaighdeoir researcher
" Roimh dhul go dtí an BBC, chaith sé tréimhse ag obair mar thaighdeoir, mar léiritheoir agus ansin mar eagarthóir i rannóg cúrsaí reatha HTV.
taighdeoirí researchers
" "Tá cloiste ag na meáin faoi agus bhí taighdeoirí an *Late Late Show *i dteangmháil linn faoi cheana féin! Tá roinnt aisteoirí Éireannacha ann: iar-Miss Ireland, Olivia Treacy, Susan Lynch agus Catherine Farrell, deirfiúr le Colin.
taighdeoir researcher
" Bíonn sí ag obair le hIsabel ón mhúsaem agus le Caitríona Ní Chathail, atá ina teagascóir agus taighdeoir.
taighdeoir researcher
" Mheas an taighdeoir go raibh breis is $500 milliún ag dul do dhúchasaigh an stáit.
taighdeoirí researchers
" Is iad na léiritheoirí agus na taighdeoirí a bhíonn ag obair i rith an lae san oifig agus tagann an láithreoir isteach ar feadh uair an chloig de ghnáth.
taighdeoir researcher
" Bailíonn an taighdeoir leaganacha stairiúla de na hainmneacha as réimse leathan foinsí scríofa; is iad na cáipéisí oifigiúla stáit agus eaglasta na príomhfhoinsí a is mó a úsáidtear; cáipéisí na Suirbhéireachta Ordanáis ón 19ú céad, ionchoisní agus suirbhéanna talún den 16ú - 17ú céad, rollaí éagsúla den 13ú - 14ú céad, anáidí eaglasta ón 15ú céad.
taighdeoir researcher
" Measann Work at Home Success, eagraíocht teileachomaitéireachta Mheiriceánach, gur seo na postanna is oiriúnaí: cuntasóir, colúnaí, scríbhneoir scripteanna fógraíochta, eagarthóir, taighdeoir, scríbhneoir teicniúil, athscríobhaí, aistritheoir, teicneoir seirbhísithe ríomhairí, riarthóir bunachar sonraí, ealaíontóir grafach, dearthóir suíomh gréasáin, gníomhaire eastáit, agus gníomhaire taistil.
thaighdeoir researcher
" “Bhí mé anseo ag obair mar thaighdeoir ar feadh bliana, agus bliain den scoth a bhí ann, ach bhí brú laethúil i gceist cionn is nach mbíonn ann ach taighdeoir amháin leis na hagallaimh agus na míreanna uilig a eagrú.
mar thaighdeoir as a researcher
" Chuir sí isteach ar phost mar thaighdeoir agus d’éirigh léi é a fháil.
taighdeoir researcher
" Dúirt an taighdeoir an Dr John Collomosse ó Ollscoil Bath go ndearna an grúpa taighde ar íomhánna ó thaobh na síceolaíochta de chun teacht ar thuiscint níos fearr ar an dóigh is fearr le cur síos a dhéanamh ar staid mhothúchánach.
taighdeoir researcher
" Bhí taighdeoir eile ag taispeáint sheomra trealaimh *TaiFM *dom (a bhí ar nós áiseanna Raidió na Life), agus go tobann bhí DJ Ikanui (“Iasc Mór”) ag iarraidh agallamh a dhéanamh linn beirt.
na taighdeoirí the researchers
" Dar leis an Ollamh James Wickham, duine de na taighdeoirí a bhfuil baint aige leis an moladh seo, tá bealaí eile aimsithe acu cheana féin do na busbhealaí a théann thar Fhaiche an Choláiste faoi láthair.
taighdeoirí researchers
" Ach beifear in ann airgead a mhealladh le haghaidh a leithéid de thionscadal má dhíríonn ár dtaighdeoirí agus ár bhfiontraithe a n-aird ar theicneolaíocht agus ar sheirbhísí satailíte den scoth a chruthú.
tuarastal taighdeora a researcher's salary
" Fuarthas amach go raibh Paisley *père* ag íoc tuarastal taighdeora lena mhac, anuas ar an phá a bhí sé a fháil mar MLA agus mar Aire Rialtais.
taighdeoir ón tSualainn a researcher from Sweden
" Is taighdeoir ón tSualainn é (a bhfuil Gaeilge aige!) agus tá sé i mbun na hoibre teicniúla ar abair.
thaighdeoirí researchers
" Caithfidh gach rialtas gníomhú laistigh de chóras polaitiúil a bhfuil an comhghéilleadh ina chuid bhunúsach de ach ní chuirtear na laincisí céanna ar thaighdeoirí acadúla.
thaighdeoirí researchers
" Deir Hughes fosta san agallamh a thug sé do thaighdeoirí i gColáiste Bhostúin go raibh lámh ag Adams i sléacht ‘Aoine na Fola’ mar a tugadh ar 21ú Iúil 1972 nuair a phléasc 22 bhuama i mBéal Feirste a mharaigh naonúir agus a ghortaigh 130 duine eile.
taighdeoirí researchers
" Thug na taighdeoirí a bhí páirteach sa tuarascáil faoi deara go raibh tacaíocht láidir le haireachtáil sna comhphobail bhundúchasacha, ní hamháin le teangacha a chaomhnú, ach le teangacha a d’éag a athbheochan arís.
thaighdeoirí researchers
" Níl aon amhras faoi sin: is ann atá na hollscoileanna is mó cáil ó thaobh innealtóireachta de, cuir i gcás MIT, Berkeley, agus Stanford; is ar thaighdeoirí Meiriceánacha freisin a bhronntar bunús na nduaiseanna Nobel, agus ar ndóigh, i measc na gcomhlachtaí móra teicneolaíochta, tá a bhformhór bunaithe sna Stáit.
thaighdeoirí researchers
" Ag deireadh Mhí Mheán Fómhair tháinig 300 duine le chéile, idir thaiscéalaithe, thaighdeoirí, pholaiteoirí, agus lucht gnó, i Moscó chun todhchaí an Artaigh a phlé.
thaighdeoir researcher
" Sular thug sí faoin scríbhneoireacht chruthaitheach, chaith Anna Heussaff tamall maith de bhlianta ag obair le raidió agus teilifís RTÉ, mar thaighdeoir agus mar léiritheoir/stiúrthóir ar chláir fhaisnéise.
taighdeoirí researchers
" Gheobhaidh 14 TD pháirtí Adams maoiniú ón stát le foireann taighdeoirí a fhostú a chuirfidh lena gcumas airgeadais, beidh siad in ann ceisteanna a chur ar Airí i dTeach Laighean agus má leanann siad ar aghaidh leis an teachtaireacht phobalach is féidir go gcuirfidh siad go mór lena líon suíochán ó dheas.
taighdeoir researcher
" “Moill” “Qu’est-ce qui se passe?” arsa an firín buí liomsa, an taighdeoir fuinnimh i rialtas na Tuinéise.
taighdeoir i bhforais éagsúla researcher(s) in various institutions
" Is brateagraíocht í an *Koala Research Network*, a labhraíonn ar son corradh is 60 taighdeoir i bhforais éagsúla fud fad na tíre, agus thug an tOllamh Clive McAlpine fianaise don choiste thar ceann an Líonra.
taighdeoirí neamhspleácha independent researchers
" Míshásamh an Phobail ====== Ghoill gníomhartha seo na buíne go mór ar go leor de lucht leanúna na hEaglaise Ceartchreidmhí agus de réir meastúcháin, a rinne na taighdeoirí neamhspleácha, Levada, is léir go raibh níos lú ná 6% den phobal Rúiseach báúil lena raibh déanta ag na mná agus mhothaigh 51% den phobal neamhshuim, cantalacht nó fiú naimhdeas ina leith.
nach mbreathnóidh taighdeoirí in aon aird lasmuigh researchers will not turn outside
" Bheadh eagla orm nach bhfuiltear ag leagan oiread béime is ba chóir ar ghnóthaí teanga, cailleadh teanga nó ar easpa teanga agus an cailleadh dúchais dá réir, i dtaighde sna réimsí seo, mar nach mbreathnóidh taighdeoirí in aon aird lasmuigh de dhearcadh cúng Bhéarla na hÉireann.
taighdeoir researcher
" Ceapscaoileadh ina Cheap Tuisle ============== Tháinig an taighdeoir Sasanach seo ar fhear ghorm a bhí thar a bheith cróga agus a thuill boinn chrógachta agus a raibh scéal iontach suimiúil aige.
taighdeoir/oifigeach researcher, official
" “Éacht ollmhór” a thug Martin Collins, taighdeoir/oifigeach ó Westminster ar an chomhaontú.
taighdeoirí ar fud an domhain researchers world wide
" Léiríonn Kahneman tríd a chuid turgnamh féin agus na céadta eile a rinne taighdeoirí ar fud an domhain a lochtaí is atá réasúnaíocht, nó eagna, an duine.
de réir tuarascáil a d'fhoilsigh an taighdeoir according to a report published by the researcher
" I gceantar uirbeach i mBaile Átha Cliath 10, tá fiacha fóntais ag 60% dá gcliaint, formhór na ndaoine sin ag fanacht i dtithe nach bhfuil morgáistí ar bith acu, de réir tuarascáil a d'fhoilsigh an taighdeoir Dr Stuart Stamp i Mí Iúil 2013.
taighdeoir acadúil a non academic researcher
" An méid atá ar an téip, níor taifeadadh é faoi rabhadh mar is gá má tá ráitis phóilíní le cur os comhair na cúirte; ní ráiteas faoi mhionn (a sworn statement) atá ann ach agallamh a rinne taighdeoir acadúil, ní ceisteoir de chuid an PSNI; agus níl fianaise tacaíochta ann, fianaise fhóiréinseach nó fianaise balaistíoch.
na taighdeoirí ionramháil ar shruth nuachta the researchers managed the news-stream
" Sa triail seo rinne na taighdeoirí ionramháil ar shruth nuachta úsáideoirí ionas nach bhfeicfeadh siad ach scéalta brónacha nó áthasacha.