Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan trua gan taise without pity or compassion
" Deich lá agus oíche gan trua gan taise.
taise humidity
" Bhí na coinníollacha ar fad atá riachtanach ar fáil - teocht ard, taise íseal, gaoth láidir agus dalladh breosla.
braon taise a drop of moistness
" Tá ar a cumas braon taise a shú as plandaí nuair a bhíonn chuile cheo eile spalptha leis an tart.
tais damp
"taispeántas ann, cuir i gcás, faoi na dóigheanna le múirín a dhéanamh.
taise compassion
" Cuireadh tús le scoláireacht bhliantúil ina sheanscoil, Sewenhaka, le bronnadh ar na scoláirí is mó a mbaineann na tréithe leo a bhí go smior i McEneaney: ionracas, macántacht, taise agus stuaim.
tais humid
" ” An stíl nuachlasaiceach ======= Tá bealach isteach go gairdíní Villa Reale tais, duilleogach.
tais damp
" Bhí péire bróg leathair snasta fir chomh dubh le pic le feiceáil ag gobadh amach faoi bhun ghúna an aingil, chomh maith le heirbeall sútáin le cúpla cnaipe corcra; bhí grua an aingil tais le deora aithreachais, agus bhí craiceann snasta blagaide ag lonrú faoin lampa sráide san áit nach raibh an folt gruaige ag clúdach iomlán na baithise.
ar an gcré thais on the damp clay
" ” Chuir mé mo mhála síos ar an gcré thais in aice liom agus thóg amach m’fheadóg stáin Francach.
ar an gcré thais on the damp clay
" ” Chuir mé mo mhála síos ar an gcré thais in aice liom agus thóg amach m’fheadóg stáin Francach.
taise dampness
"taise san aer agus tá an fómhar ag teacht.
gan taise gan trua without pity or compassion
" Tá an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart.
tais humidity
" Ní hamháin go bhfuil an teas níos airde ná 90 céim F (32 chéim C), fiú i lár na hoíche, tá sé tais an t-am ar fad.
taise dampness
" Bhí alltacht ar lucht na hUltaise gur baineadh úsáid as Soiscéal le buille a bhualadh ina n-aghaidh, ach is léir go bhfuil na rotha ag titim de *bandwagon* na Albainise Uladh.
boladh tais na teipe the damp smell of failure
" Ach thar aon ní eile, dúirt sé go raibh oifig thruamhéalach acu – í leathfholamh agus boladh tais na teipe inti.
tais humidity
" Tá SPNF ina cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus tá sé curtha de chúram ar an tSeirbhís raon gnáthóg agus speiceas in Éirinn a chaomhnú.
taise humidity
" Bhí an teocht suas go 47 céim Celsius in áiteanna ar an lá sin féin, bhí an taise an-íseal agus d’éirigh an ghaoth ní ba láidre san iarnóin.
gan taise mercilessly
" com/watch?v=rUUuD0oh81o) Tá seanrá ag na Sínigh - ‘Go mairir an céad d’fhonn díoltas a imirt ar do pháistí’, ach i ndomhan an auteur Ostaraigh áirithe seo, ’s iad na páistí a imríonn díoltas gan taise ar thuistí is ar shochaí atá seasc, brúidiúil, ina bhfuil an ghangaid in áit an ghrá.
dhúnmharaíonn gan taise murder in cold blood
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
tais moist
" Cosúil leis an gcnádán, caithfidh an t-aosach an-chuid ama ar an talamh agus má fheiceann tú an tEarc Luachra ag taisteal nó ag bogadh, mar lapadán, bíonn sé ag lámhacán.
gan taise relentlessly
" Teilgtear chugainn gan taise iad, cóta aibhléise á gcoimeád beo don chéad ghlúin eile.
d’iompaigh ina shladaire gan taise turned into a merciless thief
" Ach más duine ardnósach thú a ghlacann suíochán, tóg ceann de na hadhairteanna ar chips, nó gheobhaidh cruas an tsuíocháin adhmaid an ceann is fearr ar bhriathra an bhaird! I mBrí Chualann ========= Cé a dhearmadfas Tom Courtenay i bpáirt Pasha Antipov, an réabhlóidí tiomanta a d’iompaigh ina shladaire gan taise i ‘Dr.
gan trua gan taise merciless
" Bhí na Sealadaigh ar a raibh Martin McGuinness mar cheannaire orthu tráth (ní fios cá fhad) gan trua gan taise.
gan trua gan taise mercilessly
" Tabharfaidh Uachtarán Obama, Príomh-Aire Cameron agus Uachtarán Sarkozy le fios, go luath san athbhliain, go gcaithfidh “an comhphobal idirnáisiúnta” muintir na Siria a chosaint óna deachtóir brúidiúil, Bashar al-Assad, atá ag marú a phobail féin gan trua gan taise agus atá ar tí ár níos measa a dhéanamh ar “na hagóideoirí síochánta” ansin.
leis an taise due to the damp
" B’fhéidir gur chlúdaigh na gúnaí éadroma a gcuid náire, ach leis an taise níor cheil siad morán rud ar bith eile.
thais damp
" Má fhéachaimid ar scéal na hiomána a imrítear don chuid is mó (a) in Éirinn nó i measc Éireannach lasmuigh den tír agus (b) go fairsing i gceantair áirithe agus go tearc i gceantair eile, de réir teoiric na dtosca aiceanta a tháinig an iománaíocht chun cinn i réigiún ina raibh (i) neart den ábhar cuí, fuinseog, ar fáil (ii) aeráid thais, mheasartha agus ithir dhomhain, thorthúil a chuidigh le fás na fuinseoige agus le fás féir ó cheann ceann na bliana geall leis agus (iii) dálaí aimsire a chuidigh le himirt an chluiche ar feadh formhór na bliana.
Ní taise do leithinis it’s no different in the case of the peninsula
" Ní taise do leithinis A Coruña é, gona calafort seanbhunaithe iascaireachta agus tráchtála.
taise, mhífhollaine damp, unhealthy
" Don 2427 duine atá ar an liosta feithimh agus iad ina gcónaí i dtithe nó in árasáin fhuara, taise, mhífhollaine, is beag an fháilte a chuirfidh siad roimh pháirc peile.
seomra dorcha tais a dark damp room
" Is sa gcomhthéacs sin a iarradh ar *Stillwater Communications* (Cillian agus Natasha Fennell) tuarascáil a réiteach don ‘landlady’ chun tíocht aníos le bealach leis an lóistéir a bhogadh isteach i seomra dorcha tais ar chúl an tí, mar go bhfuil custaiméir eile eagraithe aici don seomra deas ina bhfuil sé faoi láthair.
a bruasa taise teo her warm moist lips
" a bhí ag damhsa, chan na sciatháin!) Agus iad ag válsáil go bog agus ag cogarnach go ciúin le chéile i gcoirnéal an tseomra mhóir ghalánta, shleamhnaigh Aingeal a bruasa taise teo in aice le cluas chlé Bhaloir agus labhair go ciúin leis: ‘A Bhaloir, a thaisce, tá a fhios ag an saol mór go bhfuil mo chroí istigh ionat, agus níor mhaith liom thú a bheith ar lár chomh hóg seo i do shaol.
ballaí taise, easpa leabhar damp walls, lack of books
" Bhain mé sult as cuimse as an Bhunscoil,” ar sí, “cé go raibh go leor fadhbanna le sárú - ballaí taise, easpa leabhar, ach dá mbeinn ag iarraidh scoil a chruthú nuair a bheadh páistí agam féin, sin an scoil a dhéanfainn.
gan trua, gan taise mercilessly
" Deineadh láimhseáil ábhairín níos fearr ar an phróiseas a tháinig sna sála air ach bhí sé mar thoradh air go raibh go leor daoine a shaothraigh go díograiseach ar son na teanga ar feadh na mblianta fada fágtha ar an trá fholamh, gan trua, gan taise.
taise dampness
" Níl aon toradh ar na milliúin a thug an rialtas do lucht na hUltaise ó thuaidh.
gan taise mercilessly
" Daoine á bhfuadach, á gcéasadh is á gcartadh marbh i dtalamh gan taise.
Ní taise do is no less affected
" Ní taise do PJ Mac Gabhann é mar tá sé faoi dhraíocht na coille gar don áit a bhfuil sé ag cur faoi, St.
ní taise do is no exception
" Ní lia tír ná córas míchothromaíochta agus ní taise do chóras oideachais na hAstráile é dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
ní taise do cheoltóirí musicians (and composers) none the less
" Is mó ná riamh rian an ríomhaire ar shaol achan duine agus ní taise do cheoltóirí is do chumadóirí ár linne é.
ní taise do is just the same
" Tá muintir Oirialla ag cur spéise i nduine dá gcuid cruitire ó dhá chéad bliain ó shin agus ní taise do Ghráinne Campion é mar chuaigh sí féin ag fiosrú an scéil.
gan Taise merciless
" Is é tuairim mheáite Bhaloir gur ag caint trína mhóin atá Ming gan Taise agus gur píobaire an aon phortaigh é fosta.