Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taiscéalaithe Sasanacha English explorers
" Níor thriail Sasanaigh le cur fúthu san Oileán Úr arís go dtí mí na Bealtaine 1607, nuair a chuaigh trí bhád ar ancaire i Jamestown (ainmnithe, ar ndóigh, as Rí Séamas) sa talamh ar thug taiscéalaithe Sasanacha "Virginia" uirthi, i gcuimhne na Banríona Éilís I, a fuair bás i 1603.
taiscéalaí Sasanach English explorer
" Ar feadh cúpla uair an chloig is féidir leat a shamhlú gur taiscéalaí Sasanach thú i dtír úrnua gan timpeall ort ach foraois agus treibheanna Indiacha.
an taiscéalaí the explorer
" Trí Taipa linn, an áit inar tháinig an taiscéalaí Kupe intíre den chead uair, i mbád ar a tugadh Matahourua.
taiscéalaithe amaitéaracha amateur prospectors
" Ní hamháin sin, ach thosaigh taiscéalaithe amaitéaracha ag tochailt go rúnda ar a fheirm agus iad ar thóir an leabhair úd.
taiscéalaí explorer
" “Blianta fada ó shin nuair a cuireadh ceist ar an taiscéalaí mór Sasanach, George Mallory, a bhí le bás a fháil ar Shliabh Everest, cén fáth a raibh sé ag iarraidh an sliabh a dhreapadh.
taiscéalaí explorer, surveyor
" William Gosse ab’ ainm don taiscéalaí a bhí ar an gcéad fhear geal a chonaic Uluru, thiar sa bhliain 1873.
thaiscéalaithe explorers
" Ag deireadh Mhí Mheán Fómhair tháinig 300 duine le chéile, idir thaiscéalaithe, thaighdeoirí, pholaiteoirí, agus lucht gnó, i Moscó chun todhchaí an Artaigh a phlé.
taiscéalaí spáis space explorer
" Fiú iontaisí ar de dhéantús an duine iad – an t-ilstórach is airde, nó an taiscéalaí spáis is faide in imigéin uainn, is matamaitic bhreá ghalánta a dhéanann cur síos orthu, agus déarfadh matamaiticeoir leat go bhfuil a áilleacht féin ag baint le gach aon cheann acu.
taiscéalaí explorer
" Cnuasach de 150 grianghraf le Frank Hurley atá ann, agus insíonn sé scéal éachtach an taiscéalaí Ernest Shackleton agus é ar turas go dtí an tAntartach 1914-1916 ar bord na loinge Endurance.
taiscéalaithe discoverers
" Bhain Gammage feidhm as foinsí fíoriontaofa arís ina leabhar is déanaí: na cáipéisí agus an ealaín inar chuir coilínigh agus taiscéalaithe síos ar thírdhreach na hAstráile sula ndearna na hEorpaigh aon athrú air.