Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
phróiseas taiscéalaíochta agus fionnachtana a process of exploration and discovery
" Nuair a léimid abairtí tosaigh "Bullaí Mhártain" leanaimid ord na bhfocal go dtuigimis a gciall agus, ag an am chéanna, cuirimid ceann ar phróiseas taiscéalaíochta agus fionnachtana a osclaíonn réaltacht "Bullaí Mhártain" dúinn diaidh ar ndiaidh.
taiscéalaíocht exploration
" Deirtear, mar shampla, gur beag brabach a rinne Marathon óna gcuid taiscéalaíochta ar thobar Chionn tSáile.
taiscéalaíocht exploring
" Chuaigh mé thart ar go leor cairteacha dramhaíola eile, chuardaigh i bhfoirgnimh thréigthe, cúl-lánaí agus a leithéid, boscaí carntha os cionn a chéile taobh thiar de shiopaí agus rinne mé taiscéalaíocht ar shráideanna i bhfad ó bhaile—ar rothar, seanrothar meirgeach ar tháinig mé air sa chéad chairt dramhaíola sin, tar éis braon ola a chur ar an slabhra ní raibh caill ar bith air, an roth tosaigh a athrú, caoi a chur ar na coscáin chúil, na boinn, na cáblaí agus ruainne péinte—síos cnoc, trasna na habhann, suas cnoc, faoin tuath beagnach a bhí mé sula raibh mo dhóthain piléar agam, péire agus cúpla ceann le spáráil.
ag taiscéalaíocht exploring
" Thógadar pailis i gcruth triantáin timpeall ar an mbailtín (bhí sé níos tapúla fál trí-rinn a thógáil ná ceann ceithre-rinn), agus ghlacadar seilbh oifigiúil ar an talamh nua seo in ainm a gcomhlachta (an Virginia Company, a bhí ag taiscéalaíocht in ainm Shasana), agus an Rí.
ag taiscéalaíocht exploring
" Chinn mé ar lá a chaitheamh le cara ag taiscéalaíocht an oileáin ar an ngréasán rothaíochta seo agus Nua-Eabhrac a fheiceáil ar shlí nua: ón diallait.
ar thuras taiscéalaíochta on a journey of exploration
" Bhí sé ar thuras taiscéalaíochta thar cósta thoir na hAstráile ag an am.
taiscéalaíocht exploration
" Is fíor go bhfuil rogha na mbeoracha i Méiriceá méadaithe go mór le déanaí, go háirithe mar go bhfuil tá an t-óltóir sásta taiscéalaíocht a dhéanamh agus triail a bhaint as tábhairní nua atá á n-oscailt ar fud na háite.
ag taiscéalaíocht exploring
" Tá Gormaigh mar chuid de shochaí Mheiriceá ó aimsir na sclábhaíochta i leith, is é sin, ó thosaigh na hEorpaigh ag taiscéalaíocht sa Domhan Nua.
turas taiscéalaíochta exploratory journey
" ”Bhí King ag plé leis an raidió ag an am, agus chinn sé ar iarratas a chur faoi bhráid an BBC le maoiniú a fháil chun clár a dhéanamh faoin turas taiscéalaíochta seo i Meiriceá.
taiscéalaíocht exploration
" Níl aon deis go mbainfidh stát na hÉireann pingin ar bith as an gCorrib, ar an gcaoi ar réitigh Bertie Ahern an tAcht Airgeadais ’92 agus ar an gcaoi ar fhoilsigh Bobby Molloy an bhliain chéanna na coinníollacha nua faoin taiscéalaíocht don ola is don ghás.
taiscéalaíocht exploration
" Chruthaigh a chomhlacht iQContent cúig phrionsabail is iad ag cruthú suíomh do pháistí: - Dearadh atá aoisoiriúnach - Dearadh le teorainn soiléir nach ligeann don pháiste gabháil amú ar líne - Dearadh a áisíonn taiscéalaíocht is fionnachtain - Dearadh a áisíonn idirgabháil sóisialta sábháilte - Dearadh a áisíonn forbairt is le luach intreach Dúirt sé leis muna mbíonn muinín ag tuismitheoir i suíomh agus san UX dá bpáistí, teipfidh air chomh maith céanna.
amharclann taiscéalaíochta an exploratory theatre
" cearnach ina mbeidh naoi ndánlann idirghníomhacha, athchruthuithe de dheiceanna agus de chábáin na loinge, amharclann taiscéalaíochta faoi uisce chomh maith le hionad comhdhála agus féastaí a fhreastalóidh ar 1000 duine in aon am amháin.
taiscéalaíocht mhíleata military exploration
" Tá an t-uafás acu ann faoi láthair agus cuireann siad seirbhísí fiúntacha ar fáil, cuirim i gcás, an CSD, an teileachumarsáid, agus taiscéalaíocht mhíleata.
as cearta taiscéalaíochta gáis is ola a dhíol from selling the oil and gas exploration rights
" Maítear go minic gur beag sochar a bhain an stát as cearta taiscéalaíochta gáis is ola a dhíol le comhlachtaí ilnáisiúnta i gcaitheamh na mblianta.
i mbun taiscéalaíochta exploring
" Is iomaí fíoras iontais a foilsíodh dó ansin faoin dream a chuaigh chun farraige lena mbealach a threabhadh go dtí an tOileán Úr nó a thug aghaidh ó dheas i mbun taiscéalaíochta.