Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
úinéirí na talún the landowners
" Go dtí tús an 19ú céad, ní raibh daonra mór sa pharóiste agus is cosúil go raibh cumann maith idir na daoine agus úinéirí na talún.
maidhmeanna talún landslides
" De bharr galú, bíonn báisteach thubaisteach, tuilte agus maidhmeanna talún i bPeiriú, in Eacuadór agus i Veiniséala.
réimse mór talún a large tract of land
" Bhí siad seo ina dtaoisigh ar réimse mór talún in oirthear Dhún na nGall.
crith talún earthquake
" Deirtear leat cad is ceart a dhéanamh má bhíonn crith talún ann.
tiarnaí talún landlords
" Cad é an dóigh ar ith daoine anseo sa tseanam agus an talamh chomh bocht sin? Cén saghas daoine ab iad na tiarnaí talún a bhí toilteanach cíos a ghearradh ar mhuintir na háite? Bhí bean óg dheas in aice liom ar an bhus.
tiarnaí talún landlords
" Cén fáth nach féidir le tír bheag mar seo a cuid gnóthaí a eagrú go hionraic agus go cothrom? An é go bhfuil leithéidí John Waters (*The Irish Times*) ceart nuair a deir sé nach bhfuil éirithe linn imeacht, fiú fós, ó thionchar an choilíneachais, ar chaith muid na céadta bliain faoi, agus go gcaithfidh muid fós a bheith ag cleasaíocht agus a bheith mímhacánta mar a bhí orainn a bheith leis na tiarnaí talún fadó!
fan talún on the ground
" Dá leanfadh contaetha agus foirne eile a sampla agus an iomáint a imirt mar ba chóir, leis na bunscileanna i réim, an sliotar á imirt fan talún níos sciobtha agus an camán á úsáid mar ba chóir (seachas síor-rith agus teagmháil throm chorp, cuir i gcás), b'fhéidir gurbh fhearrde an cluiche.
shúnna talún strawberries
" Tá gairdín ann do pháistí, a bhfuil torthaí ag fás ann is féidir leo a ithe, mar shúnna talún agus súnna craobh.
tiarna talún landlord
" Má chreidimid na leabhair staire, chinntigh feachtas Michael Davitt agus Chumann na Talún in 1879, agus na hachtanna a lean é, gur aistríodh úinéireacht thalamh na hÉireann ón tiarna talún go dtí an tionónta.
éifeacht creatha talún earthquake effect
" In iMovie, mar shampla, is féidir mír físe a chur ag croitheadh chun éifeacht creatha talún a chruthú agus na dathanna a athrú go *sepia *chun go bhféachfadh an íomhá níos sine.
maidhmeanna talún avalanches
" Go fadtéarmach, de réir Fitzgibbon, déanfaidh an t-athrú seo a lán damáiste don gheilleagar, agus beidh tuilte, maidhmeanna talún, agus mar sin de, ann.
crith talún earthquake
"crith talún ======= Bhí stailc ghinearálta ar siúl agus mé i Lucca – ní rud neamhchoitianta é sin san Iodáil – agus bhí crith talún ann freisin, a mhothaigh mé i lár na hoíche.
tiarna talún áitiúil a local landlord
" "* Chuir Richard White, tiarna talún áitiúil, eolas faoin chabhlach chuig an Ghinearál Dalrymple agus Arm Shasana i gCathair Chorcaí agus d'eagraigh sé cúpla céad mílíste áitiúil mar thaispeántas nirt ar an trá.
mianaigh talún landmines
" Ansin, b'éigean dóibh bealach a ghlanadh trí na mianaigh talún do na *Royal Winipeg Rifles*.
ach nach raibh na húinéirí talún ag fáil faic na ngrást but that the landowners were getting absolutely nothing
" Dúirt sé go raibh óstáin, tithe lóistín agus tithe leanna ag baint an-sochair as an tionscal seo ach nach raibh na húinéirí talún ag fáil faic na ngrást.
i bhfeighil na talún in charge of the land
" Rinne an fhondúireacht a bhí i bhfeighil na talún achomharc chuig an Chúirt Uachtarach agus chaith siadsan breith na hArd-Chúirte i dtraipisí i mí Feabhra na bliana seo.
dul in urrús ar na húinéirí talún to go security for landowners
" Ar dtús báire, ba cheart don Stát dul in urrús ar na húinéirí talún in aghaidh aon chúiseamh dlí a d’eascródh as timpiste ar a gcuid talún.
Conradh na Talún the Land League
" Dála go leor acu siúd a bhí gníomhach i gConradh na Talún, níl taithí ag an chúigear fear Gaeltachta seo ar bheith ag sárú an dlí.
creathanna tobanna talún sudden earthquakes
" Ní hiad spéirlingí fíochmhara Mheiriceá ná creathanna tobanna talún sa Phacastáin ná an cogadh fuilteach, barbartha san Iaráic atá i gceist agam ach an oiread, ach domhan an spóirt anseo in Éirinn.
na hAnáidí Bliantúla Talún the Land Annuities
" Níor íocadh na hAnáidí Bliantúla Talún leis an gCoróin; fearadh cogadh trádála, ní cogadh tine ar an mBreatain.
faoi chúram na dtiarnaí talún under the responsibility of the landlords
" Ón bhliain 1690 bhí an séipéal faoi chúram na dtiarnaí talún, agus i lár an 18ú haois tógadh seomra speisialta, an Laird’s Loft, inar shuigh an tiarna talún agus a theaghlach le linn na seirbhísí, a mhair uaireanta lá iomlán.
tionchar na dtiarnaí talún the influence of the landlords
" D’imigh a lán duine ó Eaglais na hAlban, mar ní raibh siad sásta le tionchar na dtiarnaí talún ar ghnóthaí na heaglaise.
ná ó shaothrú na talún than from the working of the land
" I gceantair eile ar chósta an iarthair is mó i bhfad an teacht isteach a bhíonn ag feirmeoirí anois ó dhíol suíomh ná ó shaothrú na talún.
líonadh talún landfill
" Is é an líonadh talún an t-aon réiteach atá againn ar fhadhbna dramhaíola in ainneoin an mhéid meatáin agus CO2 a thagann astu.
an oiread talún is atá in Éirinn. the same amount of land as there is in Ireland.
" Is ionann é sin agus 7 milliún heicteár nó an oiread talún is atá in Éirinn.
gabháltais mhóra talún large holdings of land
" Anois tá oifigí acu i Melbourne, 40 oibrí lánaimseartha, buiséad gur fiú na milliúin é, agus gabháltais mhóra talún ar fud na hAstráile.
cúrsaí forbartha talún, land development matters,
" De réir smaoineamh an tAire, ní bheadh baint ar bith ag an Údarás le cúrsaí forbartha talún, ach amháin i gcás cúrsaí iompair.
maidhm talún. a landslide.
" D’fhágfadh sin nach é amháin go mbeadh an ALP i mbun rialtais arís ach go mbeadh cúpla suíochán breise acu – maidhm talún.
saothraítear sútha craobh agus sútha talún raspberries and strawberries are cultivated
" Gach samhradh, thagadh scata mór daoine le chéile ag Blàr Gobharaidh le sméara a bhaint – saothraítear sútha craobh agus sútha talún agus torthaí eile sa cheantar sin – agus an-deis a bhíodh ann le céilithe a chur ar siúl agus ceol a sheinm.
faoi sheilbh tiarnaí talún móra. under the ownership of big landowners.
" Ó na meánaoiseanna ar aghaidh, bhí an talamh uilig faoi sheilbh tiarnaí talún móra.
faoi bholcáin, creatha talún agus faoin gcultúr Maorach. about volcanoes, earthquakes and the Maori culture.
" Tá neart taispeántas idirghníomhach ann agus ranna éagsúla faoi bholcáin, creatha talún agus faoin gcultúr Maorach.
cumhacht na dtiarnaí talún the power of the landlords
" Bhí gluaiseacht mhór ann a raibh sé mar aidhm aici stop a chur le cumhacht na dtiarnaí talún i ngnóthaí na heaglaise.
crith talún, earth quake
" Ní hamháin go bhfuil siad tábhachtach ó thaobh loingseoireachta agus ó thaobh threorú carranna de, ach is mór an cuidiú é an córas satailíte má tharlaíonn éigeandáil – tuile nó crith talún, cuir i gcás – aon áit ar domhan.
díshealbhú talún land eviction
" Ar an 15 Deireadh Fómhair, tháinig 50-70 póilín agus chuir bloic bhóthair in aice na líne *autaki* (áit ar tharla díshealbhú talún san am atá caite).
coigistíodh a gcuid talún. their land was confiscated.
" I ndiaidh do na hEorpaigh iad a ionsaí as misinéir a dhúnmharú (rud nach ndearna siad), d’éirigh na *Tūhoe* amach in Ōrākau in 1864, agus coigistíodh a gcuid talún.
mar gheall ar líon na mianach talún because of the number of landmines
" Bíonn idir fhrídíní agus phléascáin – más fíor do chur síos Cowen i dtaca leis an Roinn Sláinte a bheith cosúil le hAngóla mar gheall ar líon na mianach talún atá scaipthe ar fud na háite – á crá.
crith talún earth quake
" Thit margadh na foirgníochta as a chéile mar a bheadh crith talún ann.
gabháltas talún holding (of land)
" An gabháltas talún, a choinnigh greim le béal na nglúnta san am a caitheadh, breathnaítear air anois mar shuíomhanna ar a bhféadfaí tithe a thógáil, más féidir bealach timpeall ar an gcóras pleanála a aimsiú.
úinéar na talún the land owner
" Breathnaítear ar an gComhairleoir Contae áitiúil mar dhuine, a bhfuil sé mar phríomhdhualgas air, an cead pleanála ar na suíomhanna a éascú do úinéar na talún.
mianaigh talún landmines
" Ní bhíonn oideachas ná seirbhísí stáit le fáil ina n-áiteanna dúchais trí mheán a dteanga féin, díshealbhaítear iad, dóitear a mbailte is a mbarra, baintear úsáid astu mar oibrithe éagantais chun mianaigh talún a ghlanadh, déantar éigniú agus foréigean gnéis eile orthu.
dtiarnaí talún landlords
" An fear a thug ‘Kathy Come Home’ dúinn, dráma don mBBC faoi dhúshaothrú na dtiarnaí talún ar a dtionóntaithe sna plódtithe cathrach.
Úsáid Talún land usage
" Ba i 1978 a achtaíodh an Forógra um Úsáid Talún a thug úinéireacht is cearta talún don rialtas agus tugadh an Forógra isteach sa Bhunreacht an bhliain dár gcionn.
luach na talún the price of land
" Agus Asunción ag dul i méid, cuireadh le luach na talún i gCambacuá.
Gannchuid Talún little land
" Gannchuid Talún, Mórchuid Bochtaineachta Ba bheag an sólás a bhain muintir Chambacuá as, áfach, go raibh éagóracha á ndéanamh ar mhionlaigh eile, leis.
sciorradh talún landslide
" ” Comharlaítear do dhaoine dul ar mhalairt slí cionn is gur tharla trí sciorradh talún ann le chor a bheith bliain anuas.
talún land
" ” Comharlaítear do dhaoine dul ar mhalairt slí cionn is gur tharla trí sciorradh talún ann le chor a bheith bliain anuas.
talún land
" Is fiú a lua chomh maith go bhfuil an dearcadh ann gur gránna an radharc iad go feiceálach ar dhroim na talún agus go gcuireann an torann a dhéanann na muilte isteach ar dhaoine agus ar ainmhithe araon.
ag díol sú talún selling strawberries
" Is cuimhin liom nuair a bhí na páistí óg go ndeirimis leo gur ag díol sú talún a bhíodar.
crith talún earthquake
" I bhfad ó bhaile chonaic muid uafás an tsunami agus crith talún Háítí.
crith talún earthquake
" Tharla crith talún faoin bhfarraige san Aigéan Indiach 26 Mí na Nollag 2004 ba chúis leis an saoiste báite, nó an súnámaí, is mó a bhfuil cur amach ag domhan mór an lae inniu air.
crith talún earthquake
" In ainneoin an dochar a rinne crith talún agus creachadóirí ar an fhoirghneamh, maireann sé go fóill ina chomhartha de chumhacht Impireacht na Róimhe.
gníomhais talún land deeds
" Tá dalladh eolais le nochtadh go fóill as na gníomhais talún in Óstaí an Rí go deimhin, chomh maith leis na lámhscríbhinní ginealais in Acadamh Ríoga Éireann, ach ní bhfuair an obair sin a líon ceart scoláire go sea.
Cogadh na Talún the Land War
" Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh a fhios againn céard a thug sinn go dtí an pointe seo, go dtuigfimis an Drochshaol, Cogadh na Talún, Éirí Amach na Cásca, Titim Gheilleagair 1929 agus 1999.
Aire Talún Minister for Lands
" Dreatháir le Seán Flanagan, Aire Talún fadó, uncail le Dermot Flanagan, sílim, imreoir peile.
deireadh na talún land’s end
" Ar nós an dá thaobh a mhaítear ar gach scéal, is cosúil go bhfuil dhá dhearcadh (ar a laghad) ar thíreolas iarthar na Briotáine, áit a tugtar ‘Finistère’, nó ‘deireadh na talún’ uirthi i bhFraincis, ach ‘Penn ar Bed’, a chiallaíonn focal ar fhocal ‘ceann an bheatha’, nó 'deireadh an domhain’ atá ar an áit sa mBriotáinis.
íochtar talún lowland
" Bhí na bailte sábháilte sa tuile, cé go raibh ar chorradh is 2,000 duine a dtithe a athlonnú as áiteanna in íochtar talún a bhí i mbaol.
a gcuid talún their land
" Ag croílár an scannáin tá pobal Ros Dumhach agus cúigear fear a chaith 94 lá sa phríosún toisc gur dhiúltaigh siad gan cur isteach ar an ollchomhlacht idirnáisiúnta ola Shell agus iad ag iarraidh píplíne gháis ardbhrú a leagan ar leic an dorais acu, go deimhin, an píopa a leagan tríd a gcuid talún.
úinéireacht na talún of land ownership
" Tá fréamhacha na faidhbe chomh fite fuaite le ceist chonspóideach úinéireacht na talún sa tír, áfach, gur dóichí ná a mhalairt gur de réir a chéile a rachfar i mbun leigheas an scéil.
chomhlacht forbartha talún land development company
" Cé nár fear maith gnó ariamh é, thuig sé tábhacht na margaíochta go rímhaith, agus nuair a theip air ar a chomhlacht forbartha talún sna hochtóidí, d'athraigh sé é féin ó bhun.
dul ós cionn talún go above ground
" Caocháin na Dúluachra ============= Titfidh an teocht i bhfad faoin reophointe sa gheimreadh scaití ach ní gá duit dul ós cionn talún.
crith talún earthquake
" Dúirt sé gur tháinig an smaoineamh chuige an píosa seo a chruthú i ndiaidh an crith talún a tharla i Sichuan i 2008 agus chonaic sé scoil a bhí i ndiaidh titim isteach uirthi féin.
teacht chun talún coming to earth
" Bheadh scileanna scannáin Leni Riefenstahl de dhíth ar an té a léireodh teacht chun talún an tsaorspioraid eisceachtúil áirithe seo.
crith beag talún a small earthquake
" Ar éirigh leo? Anseo i Nua-Eabhrac bhí crith beag talún againn an tseachtain seo caite.
breis talún more land
" Glanadh na coillte móra sléibhe ann chun breis talún a fháil agus b’éigean do dhaoine a raibh cónaí orthu ann cheana, imeacht agus socrú in áit eile ar fad.
bainistíocht úsáide talún land-usage management
" Faoi Athmheas ======= Foilsíodh leabhair agus staidéir go leor thar na blianta a chuir faoi bhráid an phobail an cruthúnas go mbíodh bainistíocht úsáide talún ar siúl ag an mhuintir dhúchais ar feadh mílte bliain sular cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus.
creimeadh na talún land erosion
" Thuig sé trí rud: cuireann na préamhacha srian le creimeadh na talún; bíonn foscadh faoi chraobh ó sceo na gaoithe agus ó dhó na gréine; agus is leasú créafóige atá sa duilliúr a sceitheann an choill sa bhfómhar.
ngiodán talún plot of land
" Faoin am seo, is oileán glas, craobhach atá sa ngiodán talún atá ag Kiri Mayere.
Cogadh na Talún the Land War
" Dream Buailte nó Dream a Buaileadh? ================== Deir seanfhocal linn, ‘an madadh a bhuailtear sa chloigeann, cuimhníonn sé!’ B’fhéidir gur ag cuimhneamh le fada a bhí muintir na hÉireann agus gurb ’in é an fáth a raibh na coiscéimeanna malltriallach le breis is céad bliain anuas: Cogadh na Talún, Cogadh na Saoirse as ar glacadh le mionn ‘don Rí’ le ‘Saorstát’ a bhaint amach.
thiarnaí talún landlords
" Bhí siad ag tabhairt dúshláin do thiarnaí talún a bhí ag iarraidh stop a chur lena gcuid fánaíochta.
Chogadh na Talún The Land War
" Is coimhlint í seo a théann go smior i bpobal na hÉireann de thairbhe an dearcadh fadbhunaithe atá againn i leith úinéireacht talún, dearcadh a d'eascair cuid mhaith ón Drochshaol, ó Chogadh na Talún agus ónár n-oidhreacht iarchóilíneach.
Leasuithe Talún land amendments
" In Albain, mar shampla, chuir go leor feirmeoirí go fíochmhar in éadan an Acht um Leasuithe Talún a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 2005.
an crith talún the earthquake
" Rinne an crith talún a tharla ansin ar an 6ú lá de mhí Aibreáin 2009 dochar mór don séipéal beag áitiúil ansin – Séipéal San Lorenzo.
cumann rúnda a bhí sáite i gcaismirtí talún a secret society enmeshed in land disputes
" Maíonn daoine áirithe gur chúbláil an Seoigheach airgead ó na Ribíní – cumann rúnda a bhí sáite i gcaismirtí talún.
tiarna talún a land lord
" Deir daoine eile gur scéith a mháthair, Margaret, eolas chuig na húdaráis faoin láthair i Loch Measca inar caitheadh coirp beirt bhall foirne le tiarna talún a chuaigh ar iarraidh go gairid roimhe sin.
na n-uiscebhealaí agus na talún ar fud na tíre of the land and waterways nationally
" D’fhógair an rialtas coiméadach anseo, le Stephen Harper mar Phríomh-Aire aige, gur mhaith leo athruithe suntasacha a thabhairt isteach sa bheartaíocht, go háirithe maidir le cumhacht agus pleanáil na n-uiscebhealaí agus na talún ar fud na tíre.
Chogadh na Talún the Land War
" Chuimhnigh sé ar laochra na peile agus ar laochra na polaitíochta agus ar laochra Chogadh na Talún agus chonaic sé iad ar fad le súile a chuimhne, agus bhí a fhios aige go raibh inteacht as ord.
na tiarnaí talún i réim the landlords in power
" San áit a raibh talamh phríobháideach ann, agus na tiarnaí talún i réim, bhí na daoine bocht dearóil agus iad ar beagán deise chun cultúir.
réim na seantiarnaí talún the old landlord ruling system
" In 1898 a fuair Gladstone bás, agus le linn na dtrí sheal a thug sé ina Phríomh-Aire, chuir sé deireadh nach mór le réim na seantiarnaí talún agus tús le seilbh na cosmhuintire ar an talamh.
tiarnaí talún i réim landlords in power
" Ó bhí na Tóraithe agus na tiarnaí talún i réim ar feadh cuid mhór den naoú haois déag, bhí an drochshaol ar na daoine bochta, agus gan deis acu an talamh a shaothrú.
na talún the land
" Tréimhse lenár linn féin nuair a thosaigh lucht an Bhéarla ag cur fúthu inár measc agus ag ceannacht na dtithe agus na talún.
ar theanga talún on a strip of land
" Tá sé ann mórán i ngan fhios don tsaol mhór An Fhealsúnacht ====== Mhúscail fear an chreidimh ar theanga talún idir autobahn agus bóthair iarainn.
ar na sútha talún on to the strawberries
" Bhí mé ag dréim leis an tseacláid dhubh leáite anuas as na Flaithis ar na sútha talún mar a bhí againn anuraidh.
an tsú talún gan the strawberries are without
" Is mór an leas freastal ar na Gradaim Chumarsáide (fiú amháin má bhíonn an tsú talún gan a culaith seacláide).
Acht um Leasuithe Talún the land reform act
" com* faoin Acht um Leasuithe Talún 2003: “*Potentially gives Scotland the best framework for access in Europe.
an crith talún the earthquake
" Tharla an crith talún nuair a bhí muid insa Tuirc, 1999.
an-chuid sútha talún a lot of strawberries
" com/watch?v=R6WuHzE-1fk> Is ag scríobh faoi rudaí a ghearradh tá an-chuid sútha talún gearrtha agam i rith an tsamhraidh seo - táim pósta le Carmannach.
gur chóir dom bainteoir gais sú talún a fháil that I ought to get a strawberry stem remover
" Sin ráite, níor smaoinigh mé riamh gur chóir dom bainteoir gais sú talún a fháil ach táthar ann má tá siad uaitse.
chíos talún ground rent
" Tá drogall ar an Rialtas deireadh a chur leis an chíos talún, rud a fhágann go bhfuil an baol i gcónaí ann go ndéanfar tionóntaí áirithe a dhíshealbhú.
de dhroim na talún of the face of the earth
" Is dream iad atá sáinnithe ag drong mhíleata Maenmar a imríonn gach feall is féidir lena ndíothú de dhroim na talún.