Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tallainne talent
" Agus déanann siad ar fad an iarracht chéanna! I ndeireadh na dála is í an cheist mhór atá á cur ná an bhfuil íocaíocht tuillte ag na himreoirí sin agus ar cheart dóibh bheith gairmiúil agus a gcuid fuinnimh agus tallainne go léir a chaitheamh leis an mbua atá tugtha ag Dia dóibh.
thallann talent
" D'éirigh mé tuirseach róluath den pheann agus lig mé mo thallann le sruth.
tallann fit, impulse
" Bhí an chisteanach teolaí sochmar agus cibé tallann a bhuail Lillian agus í ag péinteáil an halla, bhí sé curtha thairsti fán am a dtáinig sí a fhad leis an chisteanach.
tallann talent
" Ar na láidreachtaí, dar liom, tá tallann, samhlaíocht, díograis agus fuinneamh na foirne - is iontach an méid agus an réimse rudaí a dhéanann siad; tá an t-ádh linn chomh maith go bhfuil daoine iontacha againn mar chomhfhreagraithe nó a mbíonn páirt rialta acu sna cláracha.
tallann ar leith special talent
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann dá laghad that a novelist with no talent whatsoever would write
" Tá cuid de ghníomhartha an PSNI mar a bheadh eachtraí ann a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann dá laghad i leabhar bleachtaireachta gan mhaith.
tallainne talent
" Bhí súil Peter Reid i gcónaí ar an Eircom League ag cuartú tallainne eile mar seo agus tá cúig Éireannach déag eile ag Sunderland.
leis an tallann atá aici a fhorbairt to develop the talent that she has
" Tuigeann sí go bhfuil ceird na filíochta aici, ach deir sí go bhfuil aiféala uirthi anois nár oibrigh sí níos crua leis an tallann atá aici a fhorbairt.
tallann úr a fhorbairt to develop new talent
" Níl mórán deiseanna ann tallann úr a fhorbairt.
bhuail tallann inteacht é some fit hit him
" Agus nuair a bhí deireadh dúile bainte dó, is léir gur bhuail tallann inteacht é agus chuir sé chun tosaigh béile Síneach uirthi don Aoine seo.
beidh an oiread sin de thallann uirthi she'll have such a fit
" "Caithfidh sí í féin síos ar an urlár, agus beidh an oiread sin de thallann uirthi go dtabharfá mionna go raibh sí sna smeachanna deireanacha.
tallann chruthaitheach creative talent
" Bhain sí úsáid as a tallann chruthaitheach scór bliain ina dhiaidh sin, le linn di a bheith i mbun scríobh Mo Leabhar ABC, leabhar oideachasúil do pháistí atá ag cur eolais ar litreacha na haibítre.
tallann ar leith special talent
" Togha na filíochta agus an cheoil Éireannaigh agus Albanaigh, deis casadh le daoine a bhfuil tallann ar leith acu, agus deis feiscint cé chomh beo is atá teanga agus traidisiúin ár gcol ceathracha Ceilteacha.
tallann talent
" Teastaíonn uaim gach tallann, gach páiste le smaoineamh nua, gach duine a bhfuil spéis aige, fiú, a bhogadh i dtreo na n-ealaíon.
tallann talent
" Is léir fosta gur fear é atá sásta lena ghairm bheatha, cé go maíonn sé go modhúil nach bhfuil “cumas speisialta nó tallann aige”.
a gcuid tallainne féin their own talent
" Beckham agus araile i bPáirc an Chrócaigh is a chuirtear rompu féin is dóigh liom go mbeidh siad ag súil le níos mó ná cupán tae agus cúpla ceapaire tar éis dóibh a gcuid tallainne féin a léiriú os comhair 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh.
cur amú thallann na n-aistritheoirí a waste of the translators' talent
" "Ní hamháin gur cur amú airgid é seo,” a deir Donncha, “ach is cur amú thallann na n-aistritheoirí atá freisin ann.
tallann talent
" (f) Chun seans a thabhairt do dhaoine a dtallann agus a gcruthaitheacht féin a aimsiú agus a fhorbairt agus seans a thabhairt dóibh cur lena gcuid scileanna trí cheardlanna oiliúna a eagrú dóibh, sa gcaoi is go mbeidh seans níos fearr acu obair fhiúntach a fháil sa gceantar.
thallann talent
" Is ardán é do thallann óg na cathrach.
tallann anó agus éadóchais a bout of misery and hopelessness
" Bhuail tallann anó agus éadóchais Tomás agus é ina shuí ag barr an staighre ag éisteacht leis an racán a bhí thíos.
de bharr na tallainne a bhí aige because of the talent he had
" Is fear é a raibh go leor trioblóidí agus fadhbanna aige ina shaol pearsanta, ach de bharr na tallainne a bhí aige níor mhaith le héinne go dtiocfadh droch-chríoch air, rud a bhí i ndán dó agus é in umar na haimléise de bharr drugaí, óil, etc.
do thallann óg na cathrach for the young talent of the city
" Ainneoin na gconstaicí leanúnacha agus na mbuillí atá buailte ar an stáisiún ó tháinig sé ar an bhfód, tá forbairt ag teacht ar an tseirbhís chraolta i gcónaí, tá daoine nua á mealladh chuig an nGaeilge agus tá ardán á chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge agus do thallann óg na cathrach.
d'éagsúlacht thallann na n-ealaíontóirí of the variety of the talent of the artists
" Ós rud é gur éirigh leis cheana féin, tá deis iontach ag IMRAM líon na ndaoine a bheidh ag glacadh páirte san fhéile a leathnú ionas go mbeidh taispeántas cruinn ann d'éagsúlacht thallann na n-ealaíontóirí i saol liteartha na Gaeilge.
de réir mar a bhuaileann an tallann tú. as the fit takes you.
" I rith na féile, is féidir an-sult a bhaint as a bheith ag fálróid thart, de réir mar a bhuaileann an tallann tú.
ag cothú tallann cheoil áitiúil. developing local music talent.
" Thosaigh sé ionad ceoil, The Flying Picket, san ionad do lucht dífhostaithe i lár na cathrach sna 1980í, áit a ndearna sé sárobair ag cothú tallann cheoil áitiúil.
neart tallainne ceoil áitiúil plenty of local musical talent
" "Tá neart tallainne ceoil áitiúil ann faoi láthair agus cuireann muid chun cinn é ar shuímh ghréasáin mar (www.
cúthail faoi mo thallann féin shy about my own talent
" Bhí mé cúthail faoi mo thallann féin agus scríbhneoirí mar Patricia Grace, Keri Hulme (a bhuaigh Duais Booker) agus Apirana Taylor ag saothrú leo.
tallann talent
" Is léir go bhfuil misneach agus dóchas ar leith acu, go gcreideann siad iontu féin agus an tallann atá acu.
an tallann áitiúil the local talent
" Dhéanadh siad a gcuid scannán, ach ní bhaineadh siad úsáid as an tallann áitiúil ó thaobh aisteoirí nó foirne.
tallann shuntasach significant talent
" Is cinnte go bhfuil tallann shuntasach ag baint leis an fhear ciúin cúthail seo Shaun Greenhalgh, agus b'fhéidir i ndeireadh na dála nár cuireadh tús leis an tionscal ar mhaithe leis an airgead.
a dtallann their talent
" Gan an cúnamh luachmhar sin, céard atá ceoltóirí agus bannaí óga a dhéanamh? B’fhéidir ag déanamh a gcuid ceoil agus a dtallann níos cúinge chun go mbeadh siad feiliúnach do *Pop Idol*, *X-Factor*, nó cláracha uafásacha, frithealaíne eile mar iad.
tallann talent
" Umar na haimléiseMaidir le foireann sacair na tíre, níl le rá ach go bhfuil sí in umar na haimléise le cúpla bliain anuas agus dar liom gur chuma cé a bheas ina bhainisteoir sna blianta gearra atá romhainn - níl an tallann ar fáil faoi láthair ó thaobh na n-imreoirí de le dul chun cinn a dhéanamh.
tallann ceoil. musical talent
" Tugann muid popcheol tráchtála dóibh agus smaoiníonn siad go bhfuil rud éigin rúndiamhrach ag baint le tallann ceoil.
bhíothas sa tóir ar thallann úr new talent was being sought
" Bhí tús agus deireadh maith i gceist, ach bhí an chuid sa lár cineál *shit*!” Ag an am sin – sa bhliain 1997 – bhíothas sa tóir ar thallann úr i mBaile Átha Cliath mar go raibh ráchairt as cuimse i ndiaidh a bheith ar fhuirseoirí Éireannacha sa Bhreatain.
an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, how important it is to bring on new talent
" Ach ó mo thaobhse de, ba é ceann de na rudaí ba mhó ina éadan ná nár thuig na daoine a raibh mise ag plé leo an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, a spreagadh agus a thabhairt ar aghaidh.
as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí. in his talent as a musician to play with him publicly
" ”**Ag seinm le hAndy Irvine** Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Andy Irvine sna seascaidí i mBaile Átha Cliath ach ní raibh go leor muiníne aige as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí.
Ní de bharr tallainne amháin It is not by talent alone
" Ní de bharr tallainne amháin a bhuaitear duaiseanna agus craobhacha sa spórt, ach trí obair chrua agus uaireanta fada an chloig caite i mbun cleachtaidh agus traenála.
tallann ar leith a special talent
" Ba charachtar conspóideach é Johnson áfach, a raibh féinmhuinín, aigne agus tallann ar leith aige nár thaitin le cuid mhór de mhuintir gheal Mheiriceá ar an ábhar go mba ghormach é.
tallann thar barr tons of talent
" Ba fhimíneach den chéad scoth é, ach bhí tallann thar barr aige mar chraoltóir agus chuireamar suas le gach rud toisc go raibh sé chomh maith sin mar chraoltóir.
tallann talent
" De réir a chéile, tháinig an scéal amach faoin tallann a bhí ag Séamus agus rinne sé CD aonar 'The Road to Glenlough' chomh maith le 'The Brass Fiddle' le Con Ó Caiside, Vincent Mac Ailín agus Proinsias Ó Beirn.
seó tallainne talent show
" ‘Bhí imní orm go mbeadh an togra ina chinéal seó tallainne, ní hionann is léiriú éirime, mar sin, níl mé ag dul a bheith ag ceol nó ag damhsa – a mhalairt ar fad.
neart tallainne plenty of talent
" Bhí an ceart agam mar sin – neart tallainne (’s é sin – dóighiúlacht!) mar gheall ar mhaireachtáil shláintiúil.
tallann talent
" Is deas an rud é aitheantas a bhaint amach i ngeall ar do chuid buanna – nílim á shéanadh sin – ach nuair a cheapann na páistí bunscoile gur dia beag é Simon Cowell, is follas go bhfuil fadhb ann! Le tamall de bhlianta anuas, tá déithe bréige déanta de mhainicíní, d’aisteoirí, agus fiú de ‘réaltaí’ Big Brother nach bhfuil tallann shuaithinseach ar bith léirithe acu.
tallainne of talent
" Chomh maith lena n-easpa tallainne a ghlóiriú as cuimse, bíonn na hirisí is na nuachtáin breac le pictiúir áille díobh chuile lá.
a oiread sin tallainne so much talent
" Mhínigh Ó Tuairisg gur thapaigh siad an deis le bheith ag obair le beirt atá chomh oilte leo agus a bhfuil a oiread sin tallainne acu agus gur thug an nasc deis dóibh leathnú amach mar chompántas chomh maith le lucht féachana níos mó a aimsiú.
tallainne talent
" Is tubaiste é chomh maith don phobal Giúdach a chomhthoghadh ag na Síónaigh lena chuid fuinnimh, tallainne agus dóchais a chur amú ar thionscadal nár chóir dóibh glacadh mar chúram orthu féin sa chéad áit, agus *“whose only chance of success lay in obliterating the hopes of another people.
tallann talent
" Is iad Pat ‘The Chief’ O Donnell, iascaire agus Willie Corduff, feirmeoir, an ‘tallann’ sa scannán.
tallainne talent
" - Bhí, ag an am céanna, neart cur chuige, tallainne agus acmhainní a bhféadfaí tarraingt astu ar fáil sa chontae.
cur amú tallainne a waste of talent
" Dar le fear na sráide gur tubaiste a bhí os a chomhair: cur amú tallainne, ídiú sárchumas peile, diomailt bua ó Dhia cothaithe ag ragairne agus ragús.
tallann eisceachtúil peile an exceptional football talent
" Ba léir do chách go raibh tallann eisceachtúil peile aige ach, ní ar fhoireann shinsir Átha Cliath a thug Jim aghaidh, ach ar Astráil na gréine agus na *Melbourne Demons*.
gur tallann dhúchasach faoi deara a natural talent allowed
" Ach, cé nach n-aontódh liom má deirim gur tallann dhúchasach faoi deara Bolt a bheith in ann rith níos mire ná aon fhear nó bean eile ar domhan ach gur de thoradh obair chrua, cruatan, fulaingt agus cur chuige fíochmhar a bhuaigh an tIfearánach Craobh an Domhain.
tallann den scoth exceptional talent
" Tá an-chuid ceoltóirí óga a bhfuil tallann den scoth acu ag seinnt ceoil traidisiúnta agus gach saghas ceoil in Éirinn faoi láthair agus mórán de na ceoltóirí seo, is ón iasacht a thánadar an chéad lá riamh.