Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
laistigh de thamall gearr within a short period of time
" Anois is arís cloisfidh tú daoine freisin ag rá nach mbeidh in oscailt Pháirc an Chrócaigh ach an tosach agus, laistigh de thamall gearr, go mbeidh áiseanna uile an CLG ar fud na tíre á roinnt le lucht sacair agus rugbaí.
Shuigh sí fúithi tamall she sat down for a while
" Shuigh sí fúithi tamall nuair a bhí sin déanta aici agus chaith sí greim bí.
go ceann tamaill ar aon nós for a while at any rate
" De bharr na monaplachta atá acu, fágann sin nach mbeidh aon chruithneacht as an Astráil á cheannach ag an Iaráic go ceann tamaill ar aon nós.
Thost sé tamall beag. He was quiet for a little while.
agus cé go raibh mé fuar orthu ar feadh tamaill, and though I didn't warm to them for a while,
" I ngach teach bhí aisteoir éigin a raibh scéal suimiúil le n-insint aige nó aici faoin saol mar a bhí, agus cé go raibh mé fuar orthu ar feadh tamaill, d'éirigh leo teacht timpeall orm lena mblúirí beaga staire.
Tar éis tamall an-fhada After a very long time
" Tar éis tamall an-fhada dar liom, cé go bhféadfaí nach raibh ann ach tríocha soicind nó mar sin, d’éirigh siad díom agus tháinig mé chugam féin.
Tar éis tamaill, after a while
" Tar éis tamaill, d’fhiafraigh Séamus de mo thuismitheoirí an mbeadh suim agamsa tosú ar an bhfidil.
ag fanacht le tamall anuas waiting for a while
" Bhí daoine ag fanacht le tamall anuas ar thuarascáil teangeolaíochta dar teideal *Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
tógann sé tamall orm it takes me some time
" Ní bhíonn ord ar bith ar an liosta agus tógann sé tamall orm eolas a fháil maidir leis an bpost atá ag an duine, an comhlacht a bhfuil sé bainteach leis agus, fiú amháin, an seoladh ríomhphoist atá aige.
le tamall anuas for a while now
" Aicíd eile atá ag éirí coitianta le tamall anuas ná an Easpazheimers.
ar na bacáin le tamall anuas, being prepared for some time
" Tá na jócanna ar na bacáin le tamall anuas, agus is amhlaidh go bhfuil comhairleoir teanga anois ag cabhrú le Des le cinntiú nach gcaillfear an ghramadach sa ghreann.
go ceann tamaill fhada eile for another long while
" Tá an choinne marcáilte ar an fhéilire ar an bhalla; is eol duit go bhfuil an choinne ann; ní bhíonn eagla ar bith ort roimh an choinne nach bhfuil le tarlú go ceann tamaill fhada eile ná faitíos ort go dtiocfaidh an choinne aniar aduaidh ort agus, ansin, go tobann, pléascann an choinne gan choinne agus sin tú ag streachailt amach an doras le málaí spóirt agus cótaí agus páistí agus gach “Beidh muid mall.
Tar éis tamall a chaitheamh sa chathair after spending a while in the city
" Tar éis tamall a chaitheamh sa chathair agus greim a ithe ansin, ar aghaidh liom go Cizur Minor.
le tamall anuas for some time now
" Tá an cúlra eacnamaíochta agus airgeadais agam ach tá spéis níos mó agam san oideachas agus sa nuálaíocht, agus tá mé tar éis imeacht le sruth an oideachais níos mó le tamall anuas.
Tamall de bhlianta some years
" Tamall de bhlianta beaga ó shin shíl muid gur mhór an méid é milliún, ach is beag an méid anois é.
tamall a while
" org/) agus an National Cowboy Hall of Fame, ach thógfadh sé tamall ar an mbóthar, mar gheall ar bhroidtráth.
tamall gairid de bhlianta a short few years
" Tá le feiceáil ar youtube inniu na 'saineolaithe', mar dhea, a bhí ag magadh faoi Peter Schiff tamall gairid de bhlianta ó shin.
tamaill bhig a short while
" Sa ruaille buaille a tháinig de thoradh air, d’imigh ceannaire an pháirtí, Dawn Purvis, agus tháinig an Dr Jack Kyle mar chomharba uirthi ar feadh tamaill bhig go dtí gur toghadh Ervine i mí Dheireadh Fómhair 2010.
tamall ó shin some time ago
" Cinnte nár chuala mé féin fúthu go dtí go raibh mé féin agus m’fhear céile ag cur turas an domhain in áireamh tamall ó shin.
Tamall gearr a short while
"Tamall gearr sular fhág mé, dúirt mé le fear amháin, ‘oh, Caitlicigh agus Protastúnaigh’ agus dúirt seisean: “Caitríona, cá mhéad trúpa Breataineach atá ansin? Ní chuireann mórchumhacht trúpaí go tír ar bith mura bhfuil sé lena leas.
tamall a while
" Sheas mé tamall ag breathnú air.
le tamall anuas for a while now
" Thosaigh an Ghearmáin, gan amhras ar bith, ag tochras ar a ceirtlín féin le tamall anuas agus tá sí ag déanamh neamhaird dá ról traidisiúnta i stiúradh na hEorpa.
tar éis tamaill after a while
" An rud a chuireann ionadh orm faoi ná nuair a mhúineann tú don bhfeidhmchlár gurb é sin Seán, gurb shin í Máire, gur siúd Liam tar éis tamaill aithníonn an clár aghaidheanna is cuirtear an lipéad ceart le gach duine i ngach griangraf nua.
le tamall anuas for a while now
" Mheabhraigh an maíomh seo dom an sainmhíniú a thug an Dochtúir Samuel Johnson ar thírghrá: *“the last refuge of the scoundrel”*! B’fhearr le lucht na meaisíní go leanfaí ar aghaidh leis an gcóras *self-exclusion*, nó féintoirmeasc, atá i bhfeidhm acu le tamall anuas.
tamall gearr a short while
" "* Fuair sé bás tamall gearr ina dhiaidh sin.
Tamall ó dheas a bit to the south
" Tamall ó dheas de bhaile Łódż a bhí muid an oíche áirithe seo.
Thugamar tamall we spent a while
" Thugamar tamall ag plé na nua-aoisithe clasaiceacha – go háirithe Thomas Mann, Dostoevsky agus Proust.
tamall fada long time
" Tá Séamus McSherry as Béal Feirste ag múineadh Gaeilge i gceantar Toronto le tamall fada anois, agus idir an dá linn tá Allyson agus Michelle Reid, deirfiúracha óga as Toronto, ar bord mar fhoghlaimeoirí ardleibhéal agus gníomhairí, chomh maith le Pádraig de Róiste, dlíodóir óg a d’fhás suas i dToronto agus i mBaile Átha Cliath.
Folúntais nár líonadh le tamall vacancies which weren’t filled for a while
"Folúntais nár líonadh le tamall” a ba chúis le tarraingt na gcos an iarraidh seo ach gealladh go mbeidís i dteagmháil leo arís roimh dheireadh na seachtaine sin.
tréigthe le tamall fada de bhlianta deserted for many years
" Tá sé tréigthe le tamall fada de bhlianta, diomaite de choimeádaithe theach an tsolais, ach tá sin uathoibríoch anois fosta.
go ceann tamaill eile ar aon nós for another while at any rate
" Chomh maith leis sin is cosúil nach bhfuil aon rún ag Henry Ó Seibhleáin éirí as a bheith ag crá freasúraí i bhfad is i ngearr go ceann tamaill eile ar aon nós.
le tamall a chaitheamh ag bothántaíocht to spend a while chatting
" Níor ghá dó ach an cosán dearg a leanúint, cosán a bhí breac le buidéil fholmha Coca Cola, agus níorbh fhada gur tháinig sé suas le Daidí na Nollag agus shuigh an bheirt acu síos cois na tine le tamall a chaitheamh ag bothántaíocht, ag béadán agus ag ráflach go míghreannach.
tamall ó dheas a bit to the south
" ’ Siúd é ag cur síos dom ar an saol ina bhaile dúchais san Afraic, tamall ó dheas den cheantar a ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic le hAl Qaida mí Eanáir seo caite.
le tamall anuas over the last while
" Is minic le tamall anuas an feachtas agóide “*Idle No More*”, a throideann ar son cearta polaitiúla agus cumhachta na nDúchasach i gCeanada (atá mar bhunchloch na bunreachta i gCeanada) i mbéal an phobail- go háirithe anseo i bpríomhchathair na tíre Ottawa.
le lucht cinsil ar feadh tamaill on the elite for a while
" Oibreoidh an caoineadh os comhair ceamara agus an chaint mheáite le lucht cinsil ar feadh tamaill, tamall gairid! Is bean í Mhic Róibín a chas leis na scoláirí.
Le tamall anuas for a while now
le tamall de bhlianta anuas for some years now
" Thit mé i ngrá léi ar an bpointe! Cé go bhfuil triail bainte agam as an-chuid carranna le tamall de bhlianta anuas, tá mé anois den tuairim go bhfuil an Yeti ar cheann de na feithiclí is fearr dar shuigh mé isteach iontu riamh.
fad is gur ghlac sé tamall ar thíortha na hEorpa while it took a time for the E. countries
" D’fhás an t-idirlíon go gasta i Meiriceá sna nóchaidí fad is gur ghlac sé tamall ar thíortha na hEorpa an bonneagar idirlín a thógáil.
le tamall anuas for a period now
" Tá taighde déanta agam féin ar an T250 le tamall anuas agus bhí sé deacair teacht ar fhadhbanna coitianta a bhaineann léi, ach seo chugaibh roinnt de na fadhbanna ar tháinig mé orthu (ar fhaitíos go mbeadh spéis agat ceann a cheannach).
dtógann sé tamall rófhada dínéalú a dhéanamh ar it takes too long to demist
" An chéad fhadhb choitianta a bhaineann léi ná go dtógann sé tamall rófhada dínéalú a dhéanamh ar na fuinneoga.
Chaith sé tamall he spent a while
" Chaith sé tamall ag Scoil Samhraidh Odious Gael i nGleann Cholm Cille.
a foilsíodh le tamall de bhlianta which were published for some years now
" na leabhair spéisiúla a foilsíodh le tamall de bhlianta ar chúlra Gaelach na Beatles, Morrissey, Oasis agus eile i Sasana, fágaim - “*Irish Blood, English Heart”: Second Generation Irish Musicians in England* le Seán Campbell) is beag nár ligeadh don sean-nós dul i ndísc.
tamall gairid tar éis bás bhunaitheoir a short while before the death of the founder
" Rinne siad na hagallaimh le mo chomhghleacaí Sorcha Ní Mhonacháin tamall gairid tar éis bás bhunaitheoir Choláiste na bhFiann.
le tamall anuas for some time now
" Tá mé ag fáil carranna lena bhféachaint ar an mbóthar le tamall anuas agus caithfidh mé a rá mar dhuine a bhíonn ag scríobh go minic faoi charranna, is iontach an taithí a fhaighim as a bheith á dtiomáint.
ar feadh tamaill for a while
" Agus cé chomh minic is a tharlaíonn sé go mbuaileann tú le strabhsachán ar an bhfíorshaol, go labhraíonn tú leis nó léi ar feadh tamaill agus ansin go gceapann tú gur mhaith leat an chuid eile de do shaol a chaitheamh leis an strabhsachán céanna? Ní tharlaíonn.
le tamall anuas for a while now
" com/tracks/123675191&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Tá an feachtas le pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach san Astráil ag bailiú nirt le tamall anuas.
le tamall anuas for a while now
" Feicfimid Linn faoi na Bratacha ============== Chuir sé mo sháith iontais orm nuair a léigh mé gurbh í ceist na brataí an ceann ba chasta san idirbheartaíocht atá á stiuradh ag na toscairí Meiriceánacha, Richard Haass agus Meghan O Sullivan, le tamall anuas.
le tamall anuas for a while now
" An mhí seo chugainn cuirfear tús le sraith físeán ar TG Lurgan ina mbeidh seisear foghlaimeoir fásta ag tabhairt faoi dhúshlán ar leith: an Ghaeilge a fhoghlaim agus iad ag baint úsáide as an áis nua ‘Oide’ atá á forbairt ag Coláiste Lurgan le tamall anuas.
tamall níos faide longer (period)
" An tsráid lán le páistí agus comharthaí acu: "Ar Aghaidh Leat, a Dhaidí!"; "Táimid Bródúil Asat, a Mhichíl!" Mall ag Tosnú, Mall ag Rathú =========== An chéad mhíle éasca go leor, ach m'anam thóg an dara míle sin tamall níos faide.
chaith Pádraig tamall P. spent a while
" Mhínigh Annie Carroll gur chaith Pádraig tamall i Sasana agus in Albain mar chláirseoir cheapaithe in áiteanna éagsúla leis na huaisle.
ar aon scáileán go ceann tamall fada on any screen for a long time
" Mo ghreidhn thú Paul Dano! Murab é ‘John Tibeats’, príomhshiúinéir Ford, an slíomaire lag is déistiní a fheicfidh tú ar aon scáileán go ceann tamall fada, ní mise Pat Butler.
tamall de bhlianta ó shin a few years ago
" B’in mar a shocraíomar ar albam teaghlaigh a dhéanamh lena chéile tá tamall de bhlianta ó shin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shainiúil dar díobh muid, an traidisiún áirithe ceoil sin a chaomhnú agus é a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.
le tamall anuas for a while now
" Is breá le hOisín an traenáil ach le tamall anuas bíonn sé spíonta go minic, chomh spíonta sin gur thit ina chodladh cúpla uair i rith léachtaí sa choláiste le déanaí.
tamall siar ón dúiche a little west of the area
" Is i gceantar an Chaisleáin Dheirg atá muid, láimh leis an teorainn idir Dún na nGall agus Doire, tamall siar ón dúiche arbh as Séamas Heaney agus a mhuintir.
mairfidh an cadhnra tamall fada the battery will last a long time
" An fhadhb atá ann de réir dealraimh, cé go mairfidh an cadhnra tamall fada nuair atá sé ‘ag míogarnach’ teipfidh sé taobh istigh de chúpla uair an chloig nuair atá sé ag eisiúint teachtaireachtaí faoina stádas.
le tamall anuas for a while now
" ” Don chuid is mó áfach, fíoraíonn siad an méid atá tugtha faoi ndeara ag eagraíochtaí neamhbhrabúis le tamall anuas.
Le tamall de bhlianta anuas for some years now
" Le tamall de bhlianta anuas, bhí mé nach mór cinnte dearfa go raibh scaireanna ag an irisleabhar ‘The Economist’ i gcomhlacht cló 3D.
le tamall anuas for a while now
" Is stíl Airgintíneach é an alpagarta atá an-choitianta i measc an aosa óig fhaiseanta le tamall anuas.
le tamall anuas for a while now
" Bhí scéal na n-ionad um chúram príomhúil, agus, le tamall anuas, an dóigh ar caitheadh le daoine tinne a raibh cárta leighis acu.
chaith siad tamaill in áiteanna eile they spent periods elsewhere
" Cuid mhór scríbhneoirí, chaith siad tamaill in áiteanna eile.
go ceann tamaill for awhile
" Tá ladrainn Mheiriceá armtha san aer os cionn Bagdad faoi láthair, agus is ar éigean a thiocfaidh siad anuas go ceann tamaill, ó is mó is dóichí go mbeidh siad ag teilgean na n-arm sin sar i bhfad muna gcuirfear stop le hionsaí na bhfórsaí Sunnaíocha san Iaráic.
ar feadh tamaill bhig ar a laghad ar bith for a while at least
" Tá níos mó mná sna páirtithe anois ag an leibhéal is airde - ba í Arlene Foster an Chéad Aire - ar feadh tamaill bhig ar a laghad ar bith.
ar feadh tamaill for a while
" Ní raibh mórán eile ag dul dó agus, ar feadh tamaill, déarfainn gur shíl roinnt daoine nach raibh ann ach nach raibh an rince céime tugtha liom i gceart! (gáire) Nuair a chonaic daoine ar ball go raibh gasúir go leor múinte ar an ealaín chéanna agam, thuig siad maith go leor ansin gur aicme ar leith ealaíne a bhí ann mar shean-nós.
le tamall anuas for a while now
" Tá Roseanne Smith ag caitheamh súil le tamall anuas ar thoradh taighde a rinneadh don leabhar treorach ‘Join the Conversation: The Guide to Blogging for Business’.
tamall fada a long time
" Is geal leo féin an téarma sin anois ach níor geal a saol le tamall fada anuas, nó is lag a seasamh go fóill i measc a gcomharsana.
agus gealladh fúithi le tamall anuas while on the up
" Chas Robert McMillen le cumadóir, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil díolamaí seolta aici agus gealladh fúithi le tamall anuas ar dhá bhruach na teiscinne, Julie Feeney as Achréidh na Gaillimhe.
le tamall anuas recently
" Cad é a chiallaíonn sé a bheith faoi riail an bhunreachta? Bhí Robert McMillen ag breacadh roinnt de na smaointe a rith leis le tamall anuas.
le tamall de bhlianta for some years now
" Chas Robert McMillen le bean óg as Indreabhán, Conamara, atá ag saothrú i saol an aistriúcháin le tamall de bhlianta.
le tamall anuas for a time now
" Tá drochmheas léirithe le tamall anuas ar dhíoltóirí madraí ar líne gur beag a machnamh ar leas na gcoileán.