Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taobhú leis to side with
" I rith na mblianta sin, bhí an rialtas níos mó ná sásta taobhú leis an bhFrainc agus leis an nGearmáin, tíortha a mhol go mór ballraíocht na Spáinne san Aontas Eorpach, rud a bhain sí amach sa bhliain 1986.
taobhú linne to side with us
" Thug an tUachtarán le fios gur chiorraigh sí a tuarastal sise, rinne an rialtas amhlaidh agus chuideodh sé go mór le sinne, atá ag saothrú chuid Pháidín den mheacan, a thuiscint go bhfuil dream an tuarastail áiféisigh in ann taobhú linne in Éire Inc.
taobhú leis an tseoinínteacht to side with toadyism
" Leis na Trioblóidí ag dul in olcas ag an am, is dócha go raibh rogha ag 'An Nuachtán Éireannach' i Sasana: an cloigeann a choinneáil síos agus taobhú leis an tseoinínteacht, nó an fód a sheasamh ar son an daonlathais agus ar son chearta na ndaoine.
taobhú le resort to
" Google Wave Samhlaigh freisin gur ceann de na comhlachtaí móra teicneolaíochta thú (lig dom taobhú le roinnt cruthaitheachta anseo!) agus go bhfuil tú ag tairiscint seirbhísí r-phoist cheana féin.
ag taobhú aligning
" Má aontaíonn siad leis an reachtaíocht, tá siad ag taobhú lena n-áibhirseoir, agus gheobhaidh siad scalladh óna mbaill.
ag taobhú leis siding with
" Nuair a bhí Barack Obama ag cur leasú le cúram sláinte chun cinn le déanaí, cuireadh iontas ar go leor go raibh Lieberman, iarbhall de na Daonlathaigh, ag taobhú leis an bPáirtí Poblachtánach i gcoinne an uachtaráin.
ag taobhú lena supporting
" Chuaigh an ITGWU ar stailc i mBaile Átha Cliath, ag taobhú lena gcomhleacaithe i Sasana, agus Jim Larkin, Éireannach a rugadh i Learpholl ina cheannaire orthu.
Bhíos ag taobhú na habhann sticking to the river
" Bhíos ag taobhú na habhann ionas nach mbeinn fíorchaillte, go fiú nuair nach mbíodh sé le feiceáil tríd an dufair, mhothaigh mé é mar chrios tarrthála taobh liom.
bheith ag taobhú is ag faire ar hanging out with and watching
" Fiosrú faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí =============== **SMM: Cén tuairim a fuair tú i measc mhuintir Shinn Féin ar cheist Dhomhnaill Uí Lubhlaí a bheith ag taobhú is ag faire ar Ghluaiseacht na Poblachta agus maítear gurbh shin é an fáth a ndeachaigh an fhianaise a bhain leis ar throigh gan tuairisc?** TÓC: Tá mé ag fiosrú an scéil sin.
taobhú paiseanta passionate
" An 'taobhú paiseanta’ a thug Washington air.