Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sa taobh seo tíre in this part of the country
" Tá cuid mhór daoine ó Bhóthar na bhFál ag ceannach tithe sa taobh seo tíre.
Tá mé imithe i gcleachtadh ar an taobh seo tíre. I've gotten used to this part of the country.
" Tá mé imithe i gcleachtadh ar an taobh seo tíre.
i dtaobh riachtanais leanaí na tíre. about the needs of the children of the country
" Ag ócáid a sheolta, dúirt sé gur chéim thábhachtach ab ea an curaclam seo i stair oideachas na hÉireann agus gur eascair sé as blianta fada de thaighde agus de dhianmhachnamh i dtaobh riachtanais leanaí na tíre.
thaobh tíre countryside
" Cogadh Craorag Cailleadh agus gortaíodh na mílte le linn an fheachtais ar an gcosán, a chuaigh trí thaobh tíre an-gharbh.
taobh tíre area
" Dá bhrí seo, tá na seantithe caomhnaithe, tá cuma níos snasta ar an taobh tíre agus níl aon ghá ann tithe saoire a thógail ar fud na háite.
áilleacht a taobh tíre its natural beauty
" Bhíodh an ceantar, a bhfuil cáil uirthi de bharr áilleacht a taobh tíre agus stair a chathracha, ag brath go mór ar an turasóireacht roimh an díle.
i dtaobh tíre in a neck of the woods
" Is saoithiúil ar bhealach gur i dtaobh tíre a raibh muintir Laoire go láidir ann tráth den saol gur tháinig muintir Calvert chun tosaigh ar ball.
taobh tíre a region
" Maidir leis an dearcadh atá ag na mná in Koutal, más eisceacht go fóill é, is é an cineál ceannródaíochta é a chaithfear a leanacht mura bhfuil taobh tíre atá chomh mór le leath na hEorpa le bánú as seo go ceann glúin nó dhó.
taobh tíre a thógála the area he was raised in
" mar sin tharla gur Phoblachtánach é ina leagan amach polaitíochta, gur Ghael é ina theanga agus nuair a d’áirigh sé a chreideamh, cúlra staire a mhuintire, taobh tíre a thógála srl.
Tá an-léamh ar an taobh seo tíre there’s a great understanding of this part of the country
" Tá an-léamh ar an taobh seo tíre sa leabhar sin.