Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taobhú le resort to
" Google Wave Samhlaigh freisin gur ceann de na comhlachtaí móra teicneolaíochta thú (lig dom taobhú le roinnt cruthaitheachta anseo!) agus go bhfuil tú ag tairiscint seirbhísí r-phoist cheana féin.
thaobhaigh siad le they sided with
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
thaobhaigh na moltóirí le the judges decided for
" Ach thaobhaigh na moltóirí le Katie, 10 bpointe in aghaidh 8, agus d’imigh an teannas agus ina áit tháinig an faoiseamh agus ansin an t-áthas agus an ceiliúradh.
Thaobhaigh Cabríní le cuspóirí C. supported the aims
" Thaobhaigh Cabríní le cuspóirí Chonradh na Gaeilge le blianta, ní a thug ar aon ardán í le triúr eile ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn le caint a thabhairt; caint a tharraing caint.