Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in ainneoin iarrachtaí an Taoisigh despite the attempts of the Taoiseach
" Ach in ainneoin iarrachtaí an Taoisigh, thuig an tUasal Ryan nach mbeadh seo chun a leasa agus, mar gheall air sin, dhiúltaigh sé don phlean.
taoiseach cogaidh warlord
" Tá sé curtha i leith Zardad, 42, gur taoiseach cogaidh ab ea é, go ndearna sé daoine a chéasadh agus gur fhuadaigh sé daoine le linn dó a bheith i gceannas ar bhaile darb ainm Sarobi idir 1992 agus 1996.
ar dhearcadh an Taoisigh i leith na Gaeilge on the Taoiseach's attitude to Irish
" ” Dhírigh Balor isteach ansin ar dhearcadh an Taoisigh i leith na Gaeilge agus b’aisteach leis an méid a fuair sé amach: “Arú, a Bhaloir, is grá liom an Ghaeilge agus is maith liom bheith ag caint i nGaeilge agus ag smaoineamh i nGaeilge agus ag ordú piontaí i nGaeilge.
Ghair an Taoiseach Bertie Ahern olltoghchán the Taoiseach Bertie Ahern called a general election
" Ghair an Taoiseach Bertie Ahern olltoghchán ar an 29 Aibreán, tharla an toghchán níos lú ná ceithre seachtaine ina dhiaidh sin, agus níl le déanamh anois ag na páirtithe éagsúla ach rialtas a bhunú.
taoiseach chieftain
" Sa bhliain 1820, chuaigh taoiseach darbh ainm Hongi Hika de chuid Ngāpuhi, ar threibh ón tuaisceart í, agus a chara Waikato go Sasana ar bord loinge in éineacht leis an Oirmhinneach Thomas Kendall.
faoi thrioblóidí an Taoisigh about the troubles of the Taoiseach
" Aon duine nár chuala fós faoi thrioblóidí an Taoisigh le tamall anuas, is i bhfad ón raidió, ó nuachtáin agus ón teilifís a chaitheann sé a shaol.
tairiscint mhímhuiníne i leith an Taoisigh. a no-confidence motion in regard to the Taoiseach.
" Ba bheag nár theip ar an Rialtas maidir le tairiscint i dtaobh Aerfort na Sionainne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus chuir an Freasúra rún eile os comhair na Dála an tseachtain chéanna – tairiscint mhímhuiníne i leith an Taoisigh.
i gcoinne an Taoisigh. against the Taoiseach.
" Táthar den tuairim nach raibh Ned O’Keefe ansin mar gheall ar é a bheith ag déanamh agóide i gcoinne an Taoisigh.
Agus líomhaintí á ndéanamh faoin iar-Thaoiseach Charles Haughey When allegations were being made about the former Taoiseach Charles Haughey
" Agus líomhaintí á ndéanamh faoin iar-Thaoiseach Charles Haughey sa bhliain 1992, fiafraíodh de cén uair, dar leis, a d'éireodh sé as a phost.
Tá sé de bhuntáiste ag an Taoiseach, it is at the Taoiseach's advantage
" Tá sé de bhuntáiste ag an Taoiseach, áfach, go bhfuil an Comhaontas Glas – a bhí ar cheann de na páirtithe ba ghlóraí in éadan Nice – mar chuid den Chomhrialtas anois agus iad tiomanta maidir lena a dtacaíocht a thabhairt don chonradh.
taoisigh Mhaoracha Maori leaders
" Ba chúnant é *Te Tirīti* ó Waitangi (1840) idir taoisigh Mhaoracha agus an Choróin – ach tá sé ina chnámh spairne go fóill, mar bhí dhá leagan de ann (ceann i mBéarla agus ceann i Maorais) agus neart míthuisceana dá réir maidir leis an méid a bhí á aontú acu.
ar théarmaíocht mhuirneach, gheanúil, bhách an Taoisigh, of the Taoiseach's tender, loving, affectionate terminology
" Agus i dtaca leis na heascainí sin, nach maith mar a roghnaigh sé an bhean cheart le bheith ag caint mar sin léi? Máire Ní Chlochráin, atá anois ina Tánaiste, a bhfuil tuigbheáil as an choiteann aici ar théarmaíocht mhuirneach, gheanúil, bhách an Taoisigh, a chuala é go soiléir.
phríomhaire Taoiseach, prime-minister
" Toghadh rialtas náisiúnta nua abhus ní ba dhéanaí sa bhliain chéanna, le Kevin Rudd mar phríomhaire.
taoiseach chief(s)
" Gabhadh Saro-Wiwa féin in éineacht le grúpa dá chomhthírigh i 1994 is cuireadh ina leith go raibh lámh acu i ndúnmharú ceathrar taoiseach Ogoni a bhí in iomaíocht le Saro-Wiwa maidir le ceannaireacht an phobail.
iarthaoiseach ex-taoiseach
" Shhhh! Don iarthaoiseach iarghaoiseach Garret Mac Gearailt thabharfainn fiacla úra – foireann iomlán acu – sa dóigh go mbeadh daoine in ann corrfhocal eile a thuigbheáil ag teacht amach as a bhéal seachas ‘duairceas agus doineann agus gruamacht’ agus ‘deich mbliana eile ar a laghad’.
Thiocfadh leis an Taoiseach úr the new Taoiseach could
" Thiocfadh leis an Taoiseach úr breis olc a chur ar Ghaeilgeoirí, ar ndóigh, trí chúram na Gaeltachta a ghlacadh air féin agus é a bheith mar Aireacht Stáit taobh istigh de Roinn an Taoisigh.
Chas mé leis an taoiseach I met the chief
" Chas mé leis an taoiseach agus chuir sé fáilte mhór romham.
Croinic na dTaoiseach the Princes’ Chronicle
" Chomh maith leis na hannála Éireannacha, tá scéal Ingimund in annála na Breataine Bige, is é sin Annales Cambriae agus Brut Y Tywysogion (Croinic na dTaoiseach).
míneodh an Taoiseach the T. would explain
" Bhí coinne agam go míneodh an Taoiseach na castachtaí teicniúla seo dom mar ní mór dom a admháil nach dtuigimse an cheist ghabhlánach seo mar ba chóir.
B’fhearr liomsa nach labhródh an Taoiseach I'd prefer that the T. wouldn’t speak
" B’fhearr liomsa nach labhródh an Taoiseach faoin gcreideamh in aon chor, ach go labhródh sé faoi na hargóintí.
bhfuil sé ceadaithe don Taoiseach bagairtí oscailte a dhéanamh it’s permissible for the T. to openly threaten
" Is cuid den córas parlaiminte sa stát seo, go bhfuil sé ceadaithe don Taoiseach bagairtí oscailte a dhéanamh ar Theachtaí Dála, vótáil do réir mar a shocraíonn an rialtas, fiú amháin má tá sin ag dul glan in aghaidh geallúintí a tugadh don phobal sa toghchán inar toghadh na Teachtaí Dála go daonlathach! Reachtaíocht Lochtach ========= Is í mo thuairimse gur reachtaíocht lochtach atá sa Bhille faoin nginmhilleadh, ar ghlac tithe an Oireachtais leis roimh bhriseadh an tsamhraidh.
An taoiseach mór the great chieftain
" An taoiseach mór as Hochdorf agus a chuid seod: sin é is mó a bhí ag mealladh na ndaoine go músaem Stuttgart.
taoiseach neamhoifigiúil na gluaiseachta the unofficial leader of the movement
" Cá bhfuil Sarah Palin, a raibh cáil dhomhanda uirthi cúig bliana ó shin, agus nach bhfeictear í ar chor ar bith níos mó? Is é taoiseach neamhoifigiúil na gluaiseachta faoi láthair ná Ted Cruz, seanadóir a toghadh anuraidh, nuair a bhuaigh sé ainmniúchán a pháirtí in aghaidh leasghobharnóir Téacsas.
mothódh an Taoiseach ar an imeall the T. would feel ostracised
" Ní hé go ndúirt Enda a leithéid, nó go ndéarfadh sé a leithéid riamh, ach níor mhaith le Balor go mothódh an Taoiseach ar an imeall faoi alt Bhaloir, anuas ar é a bheith ar an imeall i gcúrsaí go leor eile fosta.
chloigeann niamhrach an Taoisigh the T.’s shinning head
" Agus gheal an lá thart ar chloigeann niamhrach an Taoisigh.
thairiscint an Taoisigh the leader’s offer
" An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d'fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh.
Ó ceapadh Bertie Ahern mar Thaoiseach since Bertie Ahern was appointed Taoiseach
" Ó ceapadh Bertie Ahern mar Thaoiseach, tá meath tagtha ar neodracht na hÉireann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, agus beidh impleachtaí tromchúiseacha ag sin don tír.
creidiúnacht an Taoisigh credibility of the Taoiseach
"creidiúnacht an Taoisigh ídithe go mór le roinnt míonna anuas ach an mbeidh sé in ann fanacht ina phost?