Pota Focal Intergaelic
aom | taod | taoi | taos | Tom
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taom millteanach faitís a great fit of apprehension/shyness
" " Idir an tábla agus an doras bhuail taom millteanach faitís Antóin agus ann ach go dtiocfadh leis a lámh a chur le murlán an dorais.
taomanna fits, attacks
" Is ionann gairm an mhadaidh rua agus mo ghairm féin, níl ionainn beirt ach lucht glanta na sráideanna, ní bhaineann uaisleacht ar bith le ceachtar againn nó, chomh luath agus a éiríonn muid sotalach, buaileann taomanna ocrais muid agus glacann an nádúr an lámh in uachtar ar an intleacht.
thaom croí heart attack
" Fuair sé bás de thaom croí ar an 29 Meán Fómhair 1996.
taomanna inchinne brain seizures
" Is cúis an-mhór imní é gur féidir drugaí mar seo a n-éiríonn daoine tugtha dóibh a dháileadh thar an idirlíon, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil líon chomh mór sin Meiriceánach á dtógáil agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil seachthorthaí dainséaracha ag baint leo, mar shamplaí taomanna inchinne, an galar dubhach, preabadh croí, ardú i mbrú fola, agus laige croí forlíonta.
taom croí heart attack
" Síleadh gur taom croí a bhí ann agus tugadh chuig an otharlann é.
taomanna driopáis panic attacks
" Ní raibh sé deacair a thuiscint cén fáth a raibh taomanna driopáis ag teacht ar an fháilteoir a bhíodh ann de ghnáth agus bhí mé an-sásta slán a rá leis an áit sin.
taom tinnis a bout of sickness
" D'fhás a ranganna ceoil ina dhiaidh sin agus bhí sé ag teagasc na fidle do pháistí ó na trí pharóiste in iarthuaisceart Thír Chonaill go dtí gur leag taom tinnis é roinnt míonna ó shin.
taom croí heart attack
" Nuair a tháinig sé ar ais ón altóir bhuail taom croí é.
taom croí heart-attack
" Dá mbeadh údar *The Necessity for de-Anglicising Ireland *beo, seans maith go mbeadh taom croí aige! Níl a fhios agam cad é a shílfeadh An Craoibhín Aoibhinn nó Pádraig Mac Piarais dá bhfeicfeadh siad an t-ómós seo d’fhoireann sacair Sasanach i lár Phoblacht Phoblachtánach Shóisialach Iarthar Bhéal Feirste.
taom samhnais a fit of disgust
" " Bhuail taom samhnais Pól agus é ag smaointeamh ar an luchtú agus an craos a bheadh ar dhaoine fán Nollaig idir bhia agus mhaoin shaolta.
chuir sé i gcéill go raibh taom croí aige he pretended to have a heart attack
" Nuair a chuala sé an téarma a bhí gearrtha air, chuir sé i gcéill go raibh taom croí aige sa chró cúirte agus tugadh go dtí an otharlann é.
na taomanna seo these bouts
" Cliathánach go leor atá an cur síos a dhéanann sé ar na taomanna seo agus ní dhéanann sé paidir chapaill de.
taomanna fits
" Leanadh na taomanna Sócraiteacha seo dó ar feadh a shaoil agus is iad na chéad chomharthaí atá againn den suaitheadh aigne a bhain dó ó am go ham.
taom inspioráide fit of inspiration
" Vótáil chóir a bheith gach mac máthar ar son ‘Dingle Daingean Uí Chúis’ a thabhairt ar an bhaile agus gan mhoill ina dhiaidh sin bhuail taom inspioráide an tAire Ó Cuív agus shín sé an chonspóid ar fad chuig a chomhghleacaí rialtais ag an am - an tAire Comhshaoil, Dick Roche.
dá dtiocfadh taom scaoill uirthi if she got a panic attack
" Dúirt sí rudaí éagsúla a bhí suimiúil – mar shampla, gur bhreá léi dá dtiocfadh taom scaoill uirthi – ach nuair a dúirt sí go raibh fuath aici ar a bheith ag taisteal *coach*, tháinig *cringe *beag orm.
taom croí a heart attack
" “Teorainn custaim?” Ba bheag nach raibh taom croí agam.
Buailfidh taom den díomá thú disappointment sets in
" Buailfidh taom den díomá thú nuair a thig an t-am thart a mbeidh tú ag réiteach le gabháil chun an bhaile, mar ní bheidh a fhios agat céard a dhéanfaidh tú leis an am saor sa lá ar ais sa bhaile.
taom scaoill a panic attack
" )Ach a bheith ag dul ó *Macy’s* go *Sachs of 5th Avenue*, agus as sin go *Barney’s* ag cuardach *Angebots*, nuair nach bhfuil fágtha insna díolacháin Eanáir ach *junk* atá i bhfad rómhór nó i bhfad róbheag fá d’choinne, dá má rud é go ligfeadh náire duit dul amach ar an doras agus é ar do dhroim! Cinnte, bíonn rudaí deasa sna háiteanna seo, ach bí cinnte fá seo - rud ar bith a thugann do chroí taitneamh dó, bíodh geall nach bhfuil sé sa díolachán! Ansin tá na “*outlet stores*” seo ann nach bhfuair mise riamh a dhath iontu gur fiú trácht air, ach taom scaoill b’fheidir.
taom croí a heart attack
" Thug an ghramaisc faoi féin go fíochmhar agus bhuail taom croí Kevin.
taom croí heart attack
" ’** Fuair an t-ealaíontóir, Louise Bourgeois, bás le taom croí ar na mallaibh.
taomanna imeagla panic attacks
" >“Tá cuspóirí ar leith ag mo chuid oibre; a bheith ag coimhlint in aghaidh taomanna imeagla de réir mar a thagann siad orm.
taom croí heart attack
" Tá scannán beag ag deireadh an taispeantáis dírithe ar an turas deireanach a rinne Shackelton, go South Georgia i 1921, áit a bhfuair sé bás go tobann le taom croí agus an áit inar cuireadh é.
bhuail taom suffered a bout
" Ná Déan Dada Faoi Dhriopás =============== Ach bhí an iomarca fuinnimh agam, agus leis an luas imníoch sin, bhuail taom fíoreaspa ocsaigín mé.
gur bhuail taom scanradh iad they became terrified
" Lucht na cóilíneachta úd, Iosrael, bhí orthu na cadhnraí a bhaint amach as a gcuid ladrann siadsan sa Táidsíceastáin ar na mallaibh, cionn as gur bhuail taom scanradh iad nuair a thosaigh cuid acu, na ladrainn, ag dúiseacht astu féin san oíche.
cén taom buile what bout of insanity
" Níl a fhios agam cén taom buile a thug orm clárú do 'Dúshlán Bliantúil na Mám Toirc', siúlóid a áirítear ar an ceann is déine in Éirinn.
i dtaom macántachta tráth in a fit of decency once
" *“At least when I bugger-up, I do it consistently,”* a d'admhaigh an t-údar Ashley Newell i dtaom macántachta tráth ach ní fhéadfaí a leithéid a chur i leith údaráis phleanála na tíre seo ina gcur chuige i leith muilte gaoithe.
taom a bout
" Tá Robert McMillen ag leagan amach gur gairid eile go dtolgfaidh achan duine sa taobh ó thuaidh taom olltoghchánaíochta.