Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ó tháinig an tseachtain since the beginning of the week
" Tá tú ag tarraingt na gcos ó tháinig an tseachtain.
ó tháinig an mhaidin since this morning
" "Tá mo ghoile thiar ar mo dhroim nó níor ith mé greim ó tháinig an mhaidin.
Ó tháinig sé i gcomharbacht ar John Major since he succeeded John Major
" Dearcadh deimhnitheach ======= Ó tháinig sé i gcomharbacht ar John Major i 1997, bhí dearcadh deimhnitheach ag Blair fá na féidearthachtaí a bhain le próiseas na síochána.
ó tháinig sé ar an bhfód since it came into existence
" Ainneoin na gconstaicí leanúnacha agus na mbuillí atá buailte ar an stáisiún ó tháinig sé ar an bhfód, tá forbairt ag teacht ar an tseirbhís chraolta i gcónaí, tá daoine nua á mealladh chuig an nGaeilge agus tá ardán á chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge agus do thallann óg na cathrach.
ó tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm. since the ceasefire has come into operation.
" Tá na beanna céanna aitheanta anois mar ráitis láidre de dhearcadh na bpobal a chruthaíonn iad agus mar phíosaí suntasacha ealaíne, agus tagann cuairteoirí ó gach cearn chun breathnú orthu agus pictiúir a ghlacadh díobh, ó tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm.
tagann tocht orm ó am go chéile. I get emotional from time to time
" Ian: Tá mé buartha má bhí mé ródhian ort, a Bhaloir, ach tagann tocht orm ó am go chéile.
ó na fadhbanna a thagann chun cinn from the problems which emerge
" De bharr gur cathair úrnua í, agus de bharr nach bhfuil ach daonra beag de 330,000 anseo, tá Canberra saor, beagnach, ó na fadhbanna a thagann chun cinn go coitianta sna cathracha móra eile – tranglaim tráchta agus truailliú aeir, cuir i gcás.
ó tháinig Peter Robinson i gcomharbacht since Peter Robinson suceeded
" D'impigh Alex Maskey ar an DUP tús a chur le dian-idirbheartaíocht a fhuasclódh na fadhbanna uilig atá ag crá an chórais polaitíochta ó tháinig Peter Robinson i gcomharbacht ar Ian Paisley.
thagann anuas chugainn ó na sinsir comes down to us from our forebears
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
is mó trácht ó thar sáile highest traffic from abroad
" Is fíor gur muid an suíomh idirlín taobh istigh de bhratacha raidió RTÉ is mó trácht ó thar sáile.
tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin I’ve really polished up my Spanish in the meantime
" Thosaigh mé ansin na blianta ó shin ar an Spáinnis agus bhí mo chuid Spáinnis mar atá mo chuid Gaeilge anois, ach tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin.
Sin leagan a tháinig ó mo sheanmháthair that’s a phrase of my granny’s
" Bhí mé ag scríobh faoi dhuine a bhí ag iarraidh dul go Meiriceá ar thóir saoil nua – agus ar ndóigh ag iarraidh a bhean a mhealladh anonn leis! Síleann sé go mbeidh sé ag ‘siúl ar bheilbhit’ thall ann! Sin leagan a tháinig ó mo sheanmháthair, a chaith blianta i Meiriceá.
go háirithe ó tháinig borradh faoin Ghaelscolaíocht particularly from the growth in Irish schooling
" Bayda, ní thrasnófar é go tráthrialta mar atá ag tarlú le blianta, go háirithe ó tháinig borradh faoin Ghaelscolaíocht sna ceantair Ghalltachta.