Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cén chaoi ar tháinig an smaoineamh seo chun cinn how this idea emerged
" Antaine Ó Faracháin: A Dhónail, inis dom i dtosach cén chaoi ar tháinig an smaoineamh seo chun cinn.
a tháinig chun cinn that emerged
" Cén fáth ar scríobh sé dráma faoin Phrotastúnachas, go háirithe nuair is Caitliceach é féin? “Is é an fáth gur scríobhas *Protestants* ná go rabhas riamh ana-fhiosúil faoin gcreideamh sin – más féidir creideamh a thabhairt air – agus faoin athrú mór sin a tháinig chun cinn sa 16ú céad san Eoraip, arb é an Protastúnachas a ainm.
nuair a tháinig post chun cinn when a job came up
" Dúshlán nua Chaith Liam na blianta 1957 go 1968 i Scoil Lorcáin agus, cé gur thaitin an mhúinteoireacht go mór leis, d’fhág sé sa deireadh nuair a tháinig post chun cinn in RTÉ.
tagann fadhb eile chun cinn. another problem comes up
" Ach as seo tagann fadhb eile chun cinn.
Nuair a tháinig an chonspóid chun cinn when the controversy came to light
" Cé mhéad duine a ghlacann sé chun bolgán solais a athrú sa Daingean? Duine amháin le cinneadh a dhéanamh faoi agus míle duine eile le vóta a chaitheamh chun an seanbholgán a choinneáil! Cad chuige go bhfuil oiread sin muiníne ag pobal an Daingin i bpobalbhreitheanna agus go bhfeictear gur le suirbhé áitiúil is ceart déileáil le ceisteanna conspóideacha sa bhaile? Nuair a tháinig an chonspóid chun cinn faoi ainm oifigiúil an Daingin beagnach trí bliana ó shin shocraigh an Chomhairle Contae go ndéanfaí pobalbhreith le tuairim mhuintir an bhaile a fháil ar an chás.
Tháinig an t-ábhar chun cinn sna comhráite The subject came up in conversations
" Tháinig an t-ábhar chun cinn sna comhráite ar fad mar gheall ar an gceist chéanna a bheith curtha orm: *“Have you heard about Des Bishop learning Irish?*”Is cuma cé acu smideadh, púdar níocháin, bróga spóirt nó teanga atá i gceist, níl aon dabht ach gur féidir le daoine cáiliúla aird an phobail a tharraingt ar na rudaí – idir tháirgí agus chúiseanna – a mbíonn siad ag tacú leo.
Cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: who knows what will emerge
" Cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d’fhéadfadh sé tarlú go gcuirfidh daoine áirithe rompu an teanga a fhoghlaim de thoradh iad a bheith spreagtha ag an tsraith.
Ach cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: but who knows what will emerge
"Ach cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d'fhéadfadh sé tarlú go mbuafadh Hansard deilbhín órga eile ag an Kodak Theatre amach anseo.
na fadhbanna a tháinig chun cinn the problems which emerged
" B'fhéidir gurb é sin an rud is fearr faoin eolas agus faoin gcomhairle seo ar fad atá ar fáil ar an idirlíon: is féidir linn a bheith ag foghlaim ó na botúin atá déanta ag daoine eile agus na fadhbanna a tháinig chun cinn agus iad i mbun oibre sa teach a sheachaint – rud a shábhálann a lán stró, agus níos mó airgid.
Tagann conspóid chun cinn a controversy emerges
" Tagann conspóid chun cinn go minic agus rudaí suntasacha mar seo ar siúl – go háirithe más é an eachtra atá i gceist ná go bhfuil post tábhachtach tugtha do bhean den chéad uair.
nuair a thagann ceist chun cinn when a question emerges
" ” Is nath é a chaitear amach go tráthrialta nuair a thagann ceist chun cinn mar gheall ar bhaghcat a dhéanamh ar imeachtaí áirithe spóirt.
tháinig ceisteanna géara chun cinn difficult questions emerged
" Mar sin féin, tháinig ceisteanna géara chun cinn mar gheall ar iompar na bpóilíní.
Tháinig ceisteanna deacra chun cinn difficult questions emerged
" Tháinig ceisteanna deacra chun cinn sa bhliain 1997 nuair a chruthaigh iriseoir ón Ostair go raibh Harrer ina oifigeach san SS sula raibh sé ina oide don Dalaí Láma óg.
ó na fadhbanna a thagann chun cinn from the problems which emerge
" De bharr gur cathair úrnua í, agus de bharr nach bhfuil ach daonra beag de 330,000 anseo, tá Canberra saor, beagnach, ó na fadhbanna a thagann chun cinn go coitianta sna cathracha móra eile – tranglaim tráchta agus truailliú aeir, cuir i gcás.
tagann fáth bunúsach chun cinn a fundamental reason emerges
" Ach nuair a chuirtear iad ar fad le chéile, tagann fáth bunúsach chun cinn – fáth atá, mar a deirtear sa Bhéarla, *greater than the sum of its parts*.
a tháinig chun cinn which emerged, which came about
" Is ríléir go bhfuil cosúlachtaí idir an chonspóid a tháinig chun cinn mar gheall ar mhótarbhealach an M3 a bheith ag dul trí shéadchomhartha náisiúnta na hÉireann - a tharla, dar ndóigh, i ndáiríre - agus cruachás Lios na gCat sa scéal.
má thagann fadhbanna chun cinn if problems emerge
" In 2004, nuair a labhair mé le hEmer Magee – maor SPNF atá lonnaithe i nDún na Gall – dúirt sí liom nach raibh go leor maor ann agus go bhfuil siad ag brath ar an phobal ó thaobh eolas a thabhairt do SPNF má thagann fadhbanna chun cinn.
go dtiocfaidh fadhbanna eile riaracháin chun cinn that other administrative problems will emerge
" Agus is cinnte go dtiocfaidh fadhbanna eile riaracháin chun cinn leis an gcóras seo, mar a thagann le haon tionscadal teicneolaíochta den scála seo.
tagann an cheist chun cinn: the question emerges
" Mura bhfuil ach líon an-teoranta ar fad cainteoirí Gaeilge ina gcónaí i mbaile faoi leith, cur i gcás, cad is fiú don siopadóir spás a chur ar leataobh do nuachtán Gaeilge (gan trácht ar spás suntasach) nuair a bhíonn breis is dosaen teideal eile – as Éirinn, Sasana agus oirthear na hEorpa – le díol aige go laethúil? Mar sin, tagann an cheist chun cinn: an bhfuil aon mhargadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge? Mar iar-eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, is oth liom a admháil nach measaim go bhfuil.
a thagann chun cinn which surface
" Nuair a phléitear cúrsaí sacair na hÉireann agus imreoirí a rugadh in Éirinn, déantar tagairt do dhornán imreoirí go mion agus go minic agus is iad na hainmneacha céanna a thagann chun cinn sa chíoradh nuair a chuirtear an cheist “cérbh é an t-imreoir sacair ab fhearr a tháinig amach as an tír seo?” Bíonn ainm amháin ar bharr gach goib ag ceann an chomhairimh agus is é sin George Best, imreoir a áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.
thagann chun cinn comes to the fore
" Tugtar spléachadh dúinn ar an bhfrustrachas, ar an easaontas, ar an bhfearg agus ar an drochtheanga a thagann chun cinn nuair a sheasann an chosmhuintir an fód i gcoinne chórais an stáit agus ollchomhlachtaí idirnáisiúnta.
thagann chun cinn arises
" Tháinig sé aniar aduaidh orainn, ámh, nuair a bhí McKeon bainteach le feachtas gan choinne ar an lá náisiúnta chun an bhratach náisiúnta a athrú, ceist a thagann chun cinn go rialta abhus.
a thagann chun cinn which surfaces
" Caitheann sé súil ar an choimhlint chun marthana a thagann chun cinn nuair a tharlaíonn géarchéim i saol duine.
tagann a leithéid chun cinn go háirithe such arises particularly
" Is iad na mothúcháin bhróin agus dúlagair a thréithríonn SAD, agus tagann a leithéid chun cinn go háirithe in oícheanta dorcha na dúluachra, tráth a mbíonn na laethana níos giorra agus an teocht íslithe.
tá bagairt thromchúiseach tar éis teacht chun cinn a major threat has surfaced
" Ach, níos tábhachtaí ná sin ar fad, tá bagairt thromchúiseach tar éis teacht chun cinn le fíordhéanaí chomh fada is a bhaineann sé leis an iománaíocht mar chluiche.
tagann saincheisteanna chun cinn maidir le issues arise in relation to
" Toisc nach bhfuil aon dream amháin freagrach as an gcur i bhfeidhm i dtaca le teanga, tagann saincheisteanna chun cinn maidir le Gaeilge ar chomharthaí.
tar éis giolc a bheith curtha chun cinn having (seen) a tweet which was sent
" an seanbhealach, i siopa, le siopadóir) tar éis giolc a bheith curtha chun cinn a fheiceáil.
atá ag cur na Gaeilge chun cinn thar lear who are promoting the Irish language abroad
" An mhí seo caite, sheol Glór na nGael comórtas nua Gaeilge atá dírithe ar dhreamanna atá ag cur na Gaeilge chun cinn thar lear.