Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aird tarraingthe ar attention drawn to
" Cúpla bliain ó shin is minic a bhíodh daoine le feiceáil ag caitheamh T-léinte leis na focail "puttan-tour", léarscáil den chathair orthu, aird tarraingthe ar na ceantair is mó striapacha agus na táillí a bhí á ngearradh.
a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm which would gain a bad name for the profession
" Mar, i ndeireadh na dála, is chun leas Chumann na nIriseoirí féin atá sé féachaint chuige nach scríobhfadh aon duine dá bhaill rud ar bith a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm.
Tharraing sé m'aird ar he drew my attention to
" Tharraing sé m'aird ar rud dorcha a bhí crochta ó cheann de na crainn.
a tharraing m'aird ar who drew my attention to
" B'fhéidir gurb í mo bhean chéile a tharraing m'aird ar an dóigh a raibh ainm nua, Firefighter John P.
tharraing sí ar an staighre she made for the stairs
" " D'éirigh sí agus tharraing sí ar an staighre.
a tharraing m’aird ar who drew my attention to
" Nuair a chuaigh mé isteach, bhí fear cuidiúil ann a tharraing m’aird ar dhá rud iontach suimiúil.
go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist until the media drew attention to the matter
" ” Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith.
go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist until the media drew attention to the matter
" ” Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith.
a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, who would draw attention to the high level of suicide,
" Níl seanadóir ann d’iarchéimithe na n-institiúidí teicneolaíochta; níl seanadóir ann do na hÉireannaigh thar sáile; níl seanadóir ag an Lucht Taistil; níl seanadóir ag na hinimircigh; agus níl seanadóir ann dóibh siúd atá in ísle brí, duine a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, mar shampla.
a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn. which drew the attention of Europe onto Poland
" Náire Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas gach uair a dúirt duine den chúpla rud éigin a nocht an dearcadh cúng Caitliceach coimeádach atá acu; dearcadh a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn.
tarraingíodh clú an choimhlinteora agus an easaontóra ar an bPolainn sa Bhruiséil. Poland gained a reputation for being disagreeable and contentious
" Chuir coimeádachas agus diúnas an chúpla Kaczynski isteach go mór ar na baill eile den Aontas Eorpach agus tarraingíodh clú an choimhlinteora agus an easaontóra ar an bPolainn sa Bhruiséil.
ar tharraing tú orthu which you drew upon
" AÓF: Cad iad na foinsí nó na toibreacha ar tharraing tú orthu leis na hamhráin atá agat ar an albam a roghnú? GB: D'fhoghlaim mé amhráin ó bhí mé an-óg, i nGaeilge agus i mBéarla.
tharraing cáil ar made famous
" Leoga, arsa muid, nárbh é an spá is túisce a tharraing cáil ar Brides-les-Bains sula raibh aon chaint ar sciáil? Agus idir an teach allais, is é sin, an sabhna, agus an seomra gaile, an seacúsaí faoin aer agus an cith ilfheidhmeach, ní raibh lá aiféala orainn gur ansin a chríochnaíomar an tseachtain sciála.
tharraing sé aird ar he drew attention to
" ”* Níos aistí fós, nách ndearna Adam Gadahn gar mór dóibh nuair a tharraing sé aird ar an lúb ar lár i reachtaíocht ghunnaí sna SA.
Tharraing sé aird ar he called attention to
" Tharraing sé aird ar seo siocair go raibh comhlachtaí stáit áirithe ag maíomh go raibh deacrachtaí acu daoine le líofacht Ghaeilge a earcú chun cloí lena ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge.
aird a tharraing sé ar attention he attracted to
" Go deimhin, thiocfadh leat an rud céanna a rá faoin aird a tharraing sé ar theip na Gaeilge éigeanntaí sa chóras oideachais.
tharraing mé ar mo ghuthán póca I took with my mobile
" "Is iad grianghraif a tharraing mé ar mo ghuthán póca le seacht bliana anuas; grianghraif de phatrún atá le feiceáil i ngnáthrudaí, mar shampla leac ar an cosán sráide, nó bruscar nó wheelie bins fiú.
tarraingíonn sí ar she draws on
" Is marthanóir í Donna agus tarraingíonn sí ar fhoinsí inmhéanacha agus seachtracha le í féin a choinneáil slán agus, mar aon leis an tacaíocht agus sólás a fhaigheann sí óna muintir féin, a máthair agus a deirfiúracha Anna agus Martha, a fhanann go dilís léi i gcónaí.
tharraing aird ar an nasc drew attention to the link
" In Amhras faoi go Leor ============ Pé uair a léim úrscéalta stairiúla Vidal, scéalta atá lán go béal le leochaileacht agus botúin, tagann saothar daoine cosúil le Charles Beard chun cuimhne, an chéad stairí a chur béim ar bhunús eacnamúil Bhunreacht na Stát Aontaithe agus a tharraing aird ar an nasc idir infheistíochtaí príobháideacha ailtírí an bhunreachta céanna agus a gcuid smaointí polaitiúla.
chun aird a tharraing ar éagóir to bring attention to injustice
" Sean-nós Chúiseamh na hEalaíne ============= Is seanchleachtadh le fada i measc ealaíontóirí agus ceoltóirí a gceird a úsáid chun aird a tharraing ar éagóir agus ar mhí-úsáid údaráis ar nós *‘Anarchy in the UK’* leis na Sexpistols agus *‘Blowin’ in the wind’* le Bob Dylan, *‘A change is gonna come’*, le Sam Cooke agus ‘O, Mo Bheirt Phailistíneach’ le Michael Davitt.
a tarraingíodh is a roinneadh ar which were taken and shared on
" Ceann amháin a thaitin go mór liom i mbliana ná ceann a eagraíodh ar Instagram (bhuel sin an áit ar chuala mise faoi!) Séard a bhí i gceist ná taispeántas de ghrianghrafanna a tarraingíodh is a roinneadh ar Instagram.
a tharraing aird an domhain ar an triúr which drew world attention to the three
" Níorbh é a n-éacht ar an raon rásaí a tharraing aird an domhain ar an triúr, ámh, ach a n-iompar misniúil conspóideach le linn an tsearmanais nuair a bronnadh na boinn orthu.
a tharraingíonn ar ais arís which attracts (them) back again
" Sin an rud a tharraingíonn ar ais arís is arís eile iad.
tharraing sé cic ar an liathróid he drew a kick on the ball
" Is féidir glacadh leis nach raibh sé i gceist ag Ó Conaill a chéile comhraic a ghortú, ach ní mó ná cúramach a bhí sé nuair a tharraing sé cic ar an liathróid a bhí an-ghar do chloigeann an imreora a bhí ar an talamh ag an am.
chun aird a tharraing ar to draw attention
" Ní bhaineann an Biennale le healaín amháin agus is minic a bhaintear leas as an ócáid chun ráiteas polaitiúil a dhéanamh nó chun aird a tharraing ar fhadhbanna sóisialta domhanda.
Tarraingíodh raic ar an bpointe the rumpus started immediately
tharraing sé an chomhla ar fhoscailt he opened the door
" Aithníonn Gaeilgeoir Gaeilgeoir Eile =============== Tháinig an duine ab óige, chun tosaigh agus tharraing sé an chomhla ar fhoscailt dóibh.
tharraingeodh fíor-dhrochmheas ar would draw really bad disrepute on
" Ach níorbh iad na rudaí sin ba mheasa; bhí baol mór ann go rithfeadh an tír as airgead reatha chun iasachtaí a íoc, rud a tharraingeodh fíor-dhrochmheas ar na Stáit Aontaithe mar fiachóir.
dtarraingeofaí amhras ar doubt would arise
" Dá dtarlódh sé, bheadh an baol ann go ngearrfadh tíortha eile ráta úis níos airde ar an tír d'iasachtaí as seo amach, agus go dtarraingeofaí amhras ar an Dollar mar airgeadra cúltaca idirnáisiúnta.
dtarraingeoidh muintir na hÉireann ar the Irish people shall draw upon
" Agus an bhliain nua buailte linn, tá mé sásta go dtarraingeoidh muintir na hÉireann ar an gcarachtar agus ar an teacht aniar sin atá léirithe chomh minic sin acu cheana chun léargas nua ar an gcomhghaelachas sin againne a mhúnlú, a shaineofar trí luachanna an chúraim, na dlúthpháirtíochta, na hiontaoibhe agus na freagrachta.
ar tharraing an Céideach amach … withdrew
ar tarraingíodh a ghrianghraf whose photo was taken
" Séadchomhórtha ar leith atá crochta ina chuimhne anois mar meastar gurbh é Ó Beirn an chéad cheoltóir riamh de chuid na hÉireann ar tarraingíodh a ghrianghraf.
Is mó an aird atá tarraingthe ar has attracted considerable attention
" Is mó an aird atá tarraingthe ar Québec le déanaí, go háirithe le toghcháin rialtas mionlaigh ar a bhfuil an Parti Québecois i gceannas, leis an bpolaiteoir conspóideach Pauline Marois mar Thaoiseach.
Tarraingíodh m’aird ar an réimse my attention was drawn to (this) field
" Tarraingíodh m’aird ar an réimse teicneolaíochta seo arís le déanaí nuair a ghabh póilíní sa tSeapáin Yoshitomo Imura toisc go raibh 5 gunna clóite aige sa bhaile.
tharraing sí an rothar sa mhullach ar fhear acu sin on the head of one of the men
" Dúirt m’athair mór gur chroch Ellie Cullen a rothar agus tharraing sí an rothar sa mhullach ar fhear acu sin a bhí ag caitheamh na móna agus leag sí amach ar an talamh gan mhothú é.
tarraingíodh aird an phobail ar public attention was drawn to
" Agus an bille thuas idir chamáin sa Seanad, tarraingíodh aird an phobail ar cheist an fhéinbháis toilteanaigh arís nuair a chuir seanfhear as an Astráil Theas, Max Bromson, lámh ina bhás féin.
tharraing John Howard uisce ar a mhuileann féin used to his own advantage
" Ní chóir don Astráil a bheith i dtuilleamaí ‘oilbhéim an naíonán thar bord’ dar leis, eachtra thruamhéala as ar tharraing John Howard uisce ar a mhuileann féin.
tarraingíodh sé ar let them go
" An té a shantaíonn suaimhneas, áille agus solas na gréine agus go bhfuil an t-am agus an t-airgead aige chuige, tarraingíodh sé ar Oileáin Mhic Cùga sa Teiscinn Chiúin mar a rinne Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile.