Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tarrtháil orainn came to the rescue
" Thug oifig Uí Chuív (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán) tarrtháil orainn le deontas £25,000 chun foireann a fhostú agus go gairid ina dhiaidh sin, fuair muid deontas ó Bhord Páirtíochta na hEorpa, Béal Feirste (Belfast European Partnership Board).
rinne sí tarrtháil uirthi she rescued her
" Níor imigh seo ar Chaitríona a bhí ina suí i ndeas do Rita agus rinne sí tarrtháil uirthi sula raibh de pháipéar sa teach úsáidte aici.
seirbhísí tarrthála rescue services
" D'iarr seirbhísí tarrthála na hAstráile ar an long lastais an Tampa as an Iorua, a bhí ar a bealach ó Fremantle go Singapore dul i gcabhair orthu mar go raibh an bád ag tógáil uisce go tréan agus i mbaol báite.
seirbhisí éigeandála agus tarrthála emergency and rescue services
" " Murach John agus Andrew agus a gcomrádaithe sna seirbhisí éigeandála agus tarrthála, déarfainn go mbeadh aon spré dhóchais a bhí agam sa chine daonna múchta go deo faoi seo.
Níl tarrtháil le déanamh ort There's no saving/helping you
" "Níl tarrtháil le déanamh ort.
fhoireann tarrthála rescue team
" D'éirigh léi leanúint ar aghaidh go dtí an sráidbhaile mar sin féin agus chuir sí fios ar fhoireann tarrthála Lochaber (www.
a tarrtháladh who were rescued
" Foilsíonn gach foireann tarrthála tuarascáil bhliantúil agus cé nach raibh ainmneacha na ndaoine a tarrtháladh ann, bhí sé ait a bheith ag léamh faoin tarrthálaí ar tarrtháladh é féin.
a tharrtháil to rescue
" Ach cén chaoi a mbeadh sí ar fáil nuair a bheidh sí ag teastáil le haghaidh cluichí craoibhe iomána agus peile ag an am céanna? Ach in ainneoin sin is éard atá á rá ag lucht na meán cumarsáide ná go mbeidh an milleán ar an CLG má theipeann ar iarratas an FAI Craobhchomórtas na hEorpa a chomheagrú! Tá sé deacair a leithéid de raiméis a thuiscint - á rá go bhfuil dualgas ar bhealach éigin ar an CLG Páirc an Chrócaigh a "oscailt" do Chorn Sacair na hEorpa! Ní hamháin sin ach is cosúil go bhfuiltear ag rá freisin go bhfuil dualgas ar an CLG an FAI agus an Taoiseach é féin a tharrtháil ón bpraiseach ina bhfuil siad.
oibríocht tarrthála search operation
" Ansin tháinig an scéala amach ar an 30 Bealtaine go raibh deireadh ag teacht go luath leis an oibríocht tarrthála agus tochailte ag Ground Zero - obair a bhí ar siúl ceithre uair is fiche sa lá le hocht mí roimhe sin.
oibrithe tarrthála rescue workers
" " Bhí athair Golway ag obair as Engine 162 i limistéar Great Kills ar Staten Island, buirg de chuid Nua-Eabhrac a chaill líon iomarcach oibrithe tarrthála ar an 11 Meán Fómhair, ag cur mhéid an cheantair san áireamh.
bhaill de na foirne tarrthála members of the rescue teams
" "Ní taispeántas ealaíne é seo sa ghnáthchiall," a dúirt sé, "ach seasann sé mar chomhartha tacaíochta do na daoine a bhí mar bhaill de na foirne tarrthála.
tarrtháil rescue
" Rinne sé iarracht fosta tarrtháil a thabhairt ar pháistí a bhí beo bocht i dtíortha oirthear na hEorpa.
go bhféadfaí teacht i dtarrtháil orthu that they could be rescued
" Mar sin, nuair a tháinig sé chun solais go raibh naonúr mianadóirí sáinnithe faoin talamh in Pennsylvania, go mbeadh siad marbh i gceann cúpla uair agus gur beag seans a bhí ann go bhféadfaí teacht i dtarrtháil orthu, bhí an chuma air go mbeadh scéal uafáis eile le scríobh.
a tharrtháil to rescue
" Má bhí Enda Kenny ag súil le tús maith spleodrach a chur lena fheachtas chun Fine Gael a tharrtháil, agus an Dáil ina suí arís i ndiaidh laethanta saoire na Nollag, theip go dona air.
mhisean tarrthála rescue mission
" Hatch airgead a chur ar fáil chun áit ar a dtugtar an chéad mhisean tarrthála do dhaoine gan dídean a bhunú, is é sin, Helping Hand For Men.
tarrtháil rescue
" Ach, deirtear leis an phainéal chomh maith "aitheantas a thabhairt dóibh siúd a chabhraigh leis an tarrtháil, athghabháil agus leigheas daoine".
tarrtháil a thabhairt dá chéile come to each others rescue
" Agus, aisteach go leor, beidh focal le rá ag na Stáit Aontaithe, go hindíreach ar ndóigh, faoin moladh maidir leis na ballstáit tarrtháil a thabhairt dá chéile i gcúrsaí cosanta.
fhoireann tarrthála sléibhe mountain rescue team
" Rinne sé a sheirbhís náisiúnta san RAF, agus bhí sé ina bhall den fhoireann tarrthála sléibhe i Kinloss nuair a bhí sé ar stáisiún in Albain thart fá 1957.
agus a rinne iad a tharrtháil and who rescued them
" " Is ráiteas rud beag sotalach é seo nuair a chuireann tú san áireamh gurbh é Charles Saatchi a cheannaigh suiteáil de chuid na ndeartháireacha ar £500,000 darbh ainm *Hell*, agus a rinne iad a tharrtháil ón bhochtanas agus ón easpa aitheantais nuair a bhí siad ag dul i mbun oibre ar dtús.
agus an vóta a tharrtháil and to save the vote
" Thug sé an-sásamh dó an míreanna mearaí sin a chríochnú agus an vóta a tharrtháil.
rinneadh tarrtháil ar Tohill Tohill was rescued
" Bhí meitheal á bhogadh (ní fios cá háit) i veain nuair a stop beirt oifigeach de chuid an PSNI é agus rinneadh tarrtháil ar Tohill.
ag baint deireadh dúile do tharrtháil de chineál ar bith giving up all hope of any sort of rescue
" Nuair a bhí Fionntán ag baint deireadh dúile do tharrtháil de chineál ar bith, dúirt Ruán: "Sílim go n-aithním an focal ar fheoil ansin - feoil rósta.
seaicéid tarrthála life jackets
" Ansin chuir muid seaicéid tarrthála orainn agus ar aghaidh linn.
teacht i dtarrtháil ar come to the rescue of
" Gabhadh beirt go dtí seo: fear as North Carolina a bhfuil sé curtha ina leith go raibh sé ag tairiscint $250,000 do dhuine ar bith a mharódh Michael Schiavo; agus fear as Illinois a ghoid gunna as siopa gunnaí in Florida agus é ar intinn aige “teacht i dtarrtháil ar Terri Schiavo”.
teacht i dtarrtháil orthu siúd to rescue those
" B’fhear dóiteáin é leis an Fire Department of New York (FDNY) agus bhí sé i measc na gcéadta a chaill a mbeatha an lá áirithe sin agus iad ag iarraidh teacht i dtarrtháil orthu siúd a bhí sáinnithe sa World Trade Center.
fir tharrthála lifeguards
" Bhí scliúchas ann an Domhnach roimhe sin nuair a ionsaíodh beirt nó triúr de na fir tharrthála ar an trá agus ceaptar gurbh shin é an rud a spreag an slua a bhí ag dul a dhíbirt na “*Lebs*” ó “thrá s’againne”.
bád tarrthála lifeboat
" Tá cuan ann, agus bád tarrthála agus seandaoine ina suí ar bhinsí.
bád tarrthála lifeboat
" Tá cuan ann, agus bád tarrthála agus seandaoine ina suí ar bhinsí.
le é a tharrtháil ar naimhde to rescue him from enemies
" Tógann sé tamall ar an triúr eile a thuigbheáil go bhfuil a gcara slogtha agus go mbeidh orthu dul isteach sa chluiche le é a tharrtháil ar naimhde istigh sa ‘chluiche’ nach cluiche a thuilleadh é ach saol contúirteach eile faoin scáileán.
a tharrtháil ó dhrugaí to save from drugs
" Baintear leas as spórt chun daoine óga atá i dtrioblóid a tharrtháil ó dhrugaí agus mar sin de.
chun iad a tharrtháil in am a ngátair! to save them in their time of need
" Dar le lucht iomána Bhaile Átha Cliath, áfach, ní bhíodh sé ach “ar iasacht” ag na peileadóirí sna blianta sin chun iad a tharrtháil in am a ngátair! Is cuimhin liom go maith an chéad teagmháil a bhí agam le Mick.
chun páistí strainséara a tharrtháil. to save a stranger's children
" Tá sé áiféiseach go mbíonn daoine ag súil go mbrisfidh bean isteach i dteach atá ar thine chun páistí strainséara a tharrtháil.
gur tharrtháil sé that he saved
" D'éirigh le George cur in luí ar shaineolaithe na hollscoile gur tharrtháil sé an píosa ón abhainn in aice le Preston, ag maíomh gurbh é sin ba chúis le hé a bheith fliuch.
foireann tarrthála rescue team
" Go gairid i ndiaidh sin, tháinig trí otharcharr, inneall dóiteáin agus foireann tarrthála le trealamh speisialta leis an taismeach a bhaint as an tsáinn ina raibh sí.
tharrtháil na scairshealbhóirí an nuachtán the shareholders saved the newspaper
" An uair seo, tharrtháil na scairshealbhóirí an nuachtán agus leanfar den fhoilsiú páipéir agus leictreonach araon go deireadh na bliana ar aon chuma.
teacht i dtarrtháil orthu siúd to rescue those people
" B’fhear dóiteáin é leis an Fire Department of New York agus bhí sé i measc na gcéadta a chaill a mbeatha an lá áirithe sin agus iad ag iarraidh teacht i dtarrtháil orthu siúd a bhí sáinnithe sa World Trade Center.
an scéim tharrthála the rescue package
" Beidh an Rialtóir freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an scéim tharrthála a d'fhógair an rialtas an mhí seo caite agus ba mhaith leis an Uasal Neary cur ina luí ar an phobal go mbeadh an Rialtóir cumasach agus é ag tabhairt faoin obair sin.
tharrtháil to save
" D’fhógair Rúnaí Státchiste Henry Paulson i Meán Fómhair, 2008, go dtabharfadh Státchiste na Stát Aontaithe $85 billiún leis an gcomhlacht árachais is mó ar domhan, AIG, a tharrtháil, lá ina dhiaidh dó gan teacht i gcabhair ar Bhanc Lehman Brothers.
tharrtháil to rescue
" D’fhógair Rúnaí Státchiste Henry Paulson i Meán Fómhair, 2008, go dtabharfadh Státchiste na Stát Aontaithe $85 billiún leis an gcomhlacht árachais is mó ar domhan, AIG, a tharrtháil, lá ina dhiaidh dó gan teacht i gcabhair ar Bhanc Lehman Brothers.
beartas tarrthála rescue package
" Más ea, ámh, níor mhórán a fhacthas de sa mbaile, áit a raibh sé féin agus a chomh-aireacht ag obair go dian ar beartas tarrthála do ghnóthaí Mheiriceá.
dtarrthálfaidh shall save
" Má éiríonn leis, b’fhéidir (agus is b’fhéidir mór é) go dtarrthálfaidh sé an tír, ach is beag eile a thiocfaidh amach as go ceann i bhfad.
tharrtháil ón tubaiste save from disaster
" Aisteach, a Uachtaráin! An-aisteach! Ach cén moladh eile atá agat chun muintir na hÉireann a tharrtháil ón tubaiste, seachas éisteacht leis an Taoiseach agus an Tánaiste? Beairic: An Ghaeilge! Ní miste airgead a chaitheamh ar an Ghaeilge, go háirithe ar na coláistí atá ag freastal ar dhaoine fásta, coláistí i gCúige Uladh go háirithe, iad siúd atá in aice na farraige agus a dtagann lear mór daoine ón iasacht chucu.
tarrthála salvation, saving
" Is sa chomhthéacs seo a chaithfidh an Rialtas, agus go háirithe an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a straitéis fiche bliain don Ghaeilge agus plean tarrthála na Gaeltachta a chur i láthair an phobail.
Fhoireann Tarrthála Rescue Team
" De réir Ian Henderson ó Fhoireann Tarrthála Llanberis, nach raibh siad ag caitheamh croibh oighir ná ní raibh piocóidí oighir acu agus d'iarr sé ar shiúlóirí gan dul suas sna sléibhte gan trealamh geimhridh.
tharrtháil to save
" Chuaigh an bád go tóin poill agus b’éigean do long an Chabhlaigh na paisinéirí a tharrtháil as an bhfarraige.
gharda tarrthála a life guard
" Téann sé ag traenáil chuile lá i linn snámha an bhaile, áit a gcuireann sé aithne ar gharda tarrthála, Simon.
tarrthála rescue
" Tá an baol ann, in éagmais a leithéid de chíoradh, go gcuirfidh ceisteanna airgid smál ar sheoladh na straitéise 20 bliain atá á ullmhú faoi láthair ag an rialtas don teanga chomh maith lena bplean tarrthála don Ghaeltacht.
tarrthála rescue
" Seo mar a bhí beartaithe: 2009 Annus mirabilis na Gaeilge: Foilsíonn an Rialtas a straitéis 20 bliain don teanga agus a phlean tarrthála don Ghaeltacht.
t-ingearán tarrthála rescue helicopter
" Os rud é go bhfuil an sliabh chomh iargúlta, cuireadh an t-ingearán tarrthála 137 ó RAF Lossiemouth chuige .
Fhoireann Tarrthála rescue team
" Cuireadh scairt ar Fhoireann Tarrthála a’ Chairn Ghoirm agus bhí siad ar a mbealach de chois, nuair a nocht bearna sa scamall agus bhí an t-ingearán ábalta ísliú isteach agus James a ghlinneáil aníos 7.
tharrtháil to save
" com/watch?v=EEIGSBpZURc) Tá sé riachtanach an fócas sin a thabhairt ar ais do Roinn na Gaeltachta, le go mbeidh sé in ann an méidín beag den Ghaeltacht, ina n-úsáidtear an Ghaeilge go fóill ann mar ghnáth-theanga chumarsáide, a tharrtháil ón díothú teanga atá i ndán di, má ligtear do chúrsaí dul ar aghaidh mar atá.
tharrtháil to save
" In ionad tréaniarracht a dhéanamh na daoine a tharrtháil trí ghníomhaíocht stáit, chuireadar a muinín i laissez faire.
tharrtháil save
" Agus chun an geilleagar ‘a tharrtháil,’ bronnadh na trilliúin ar na daoine atá ciontach as an ngeilleagar a scrios.
tarrthála rescue
" Is é an Duine an tÉadach Níos measa fós, bhí daoine gléasta mar seo amuigh ar na cnoic fosta! B'éigean do ingearán tarrthála agus Foireann tarrthála Llanberis dul suas Yr Wyddfa chun beirt mar seo a shábháil dhá lá roimh Nollaig.
tharrtháil saved
" Tá éagóir mhór á déanamh ar Pat O Donnell, éagóir a théann siar go dtí an t-am nuair a tharrtháil Pat, in éineacht lena dheartháir agus a mhac, beirt gharda, ón bhfoireann tumadóireachta sin atá acu, agus daoine eile, ón mbás i mBéal Deirg, ar an lá ar theip ar an mbád tarrthála a bhí faoi stiúir phríomh-cheannfort an Gharda i Maigh Eo, nuair nach raibh siadsan in ann a dhéanamh! Tá olc acu do Pat ó shin agus níl ceist ar bith gurb shin é atá ann.
bád tarrthála lifeboat
" Tá éagóir mhór á déanamh ar Pat O Donnell, éagóir a théann siar go dtí an t-am nuair a tharrtháil Pat, in éineacht lena dheartháir agus a mhac, beirt gharda, ón bhfoireann tumadóireachta sin atá acu, agus daoine eile, ón mbás i mBéal Deirg, ar an lá ar theip ar an mbád tarrthála a bhí faoi stiúir phríomh-cheannfort an Gharda i Maigh Eo, nuair nach raibh siadsan in ann a dhéanamh! Tá olc acu do Pat ó shin agus níl ceist ar bith gurb shin é atá ann.
Foireann Tarrthála rescue team
"Foireann Tarrthála lonnaithe ansin agus nuair a chuaigh mé ann an tráthnóna sin thug mé faoi deara go raibh sé ina rí rá ann, le hotharcarr agus carr póilíní taobh amuigh agus baill den fhoireann thart timpeall.
tharrtháil save
" D’fhéadfaí na síolta is áille agus is luachmhaire den traidisiúin a tharrtháil sa Ghaeltacht agus a chur sa Ghalltacht.
tarrthála rescue
" Thosaigh gluaiseacht na Tea Parties i mí Feabhra 2009 nuair a thograigh infheisteoirí baile (daoine a dhéanann infheistíocht óna dtithe féin), a chaill go leor sa teip airgeadais sna míonna beaga roimhe sin, málaí tae, mar chomharthaí díspeagtha, a sheoladh chuig na comhaltaí comhdhála a vótáil ar son an phacáiste tarrthála ollmhóir do na bancanna agus do na comhlachtaí móra a bhí ar tí teip.
dtarrthálfadh would save
" Ba é Lloyd Blankfein, príomhfheidhmeannach Goldman Sachs, réalta an lae, agus bhíothas ag ceapadh go dtarrthálfadh sé an comhlucht lena bhinnbhréithribh.
tarrtháil rescue
" Is údar díomá é a mhinice agus a éasca is a mhaitear a n-iompar míshásúil d’imreoirí cáiliúla, agus an chaoi a dtugann idir bhainisteoirí agus choistí contae tacaíocht agus tarrtháil orthu.
sinn a tharrtháil to save us
" Cé go bhfuil corrdhream mar Greenpeace ag iarraidh stop a chur leis an druileáil taiscéalaíochta, agus cé go dtuigeann gach duine againn go bhfuil cosán aontreo á shiúl againn, ar an drochuair tá sé soiléir nach bhfuil an tsamhail gheilleagrach á húsáid againn ábalta sinn a tharrtháil.
tharrtháil to save
" Tá sé ráite ag cuid mhór daoine go mb’fhéidir gurb é seo an seans deiridh a bheas againn gníomh suntasach a dhéanamh leis an Ghaeltacht a tharrtháil mar phobal ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha in uachtar.
Tarrtháil rescue
" Tarrtháil nó Pianseirbhís? ========== Deir roinnt daoine nach fiú dúinn an t-airgead seo d’fháil toisc go gceapann siad go bhfuil an ráta úis, 5.
bhfeachtas tarrthála rescue campaign
" Deirtear gurb iad siúd a scaip an scéala go raibh an tír ag lorg cabhrach agus a chuir tús leis an bhfeachtas tarrthála a d’eascair as.
bhád tarrthála deiridh last lifeboat
" Tháinig 705 duine slán as an tubaiste, ina measc Bruce Ismay, mar chuaigh seisean isteach sa bhád tarrthála deiridh, d’ainneoin na rialach úd faoi ‘mná agus páiste chun tosaigh.
Turas na Tarrthála the rescue mission
" Turas na Tarrthála ========= Ba as Gort an Chrainn > Gurtuchrane, in aice le Abhainn an Scáil i gCiarraí é, Tom Crean (1877-1938) agus roghnaigh Shackleton é, agus ceathrar eile, le dul ar turas tarrthála leis, 800 míle ó Elephant Island go hOileán South Georgia ar bord bád tarrthála, an James Caird.
bád tarrthála a life boat
" Turas na Tarrthála ========= Ba as Gort an Chrainn > Gurtuchrane, in aice le Abhainn an Scáil i gCiarraí é, Tom Crean (1877-1938) agus roghnaigh Shackleton é, agus ceathrar eile, le dul ar turas tarrthála leis, 800 míle ó Elephant Island go hOileán South Georgia ar bord bád tarrthála, an James Caird.
chun í a tharrtháil to rescue her
" Fiche lá a chaith sí ag baint ceoil as na feadáin uisce chéanna go dtí gur tháinig na fir dhóiteáin chun í a tharrtháil.
a tharrtháil to save
" Le linn na 40í, thosaigh gluaiseacht litríochta faoi stiúir Roparz Hemon ag iarraidh litriú agus cultúr na teanga a tharrtháil.
tharrtháil to save
" Chreid mé ag an am nach bhféadfaí duine ní b’fhearr a fháil leis an nGaeltachta a tharrtháil: polaiteoir a thuig cás na Gaeltachta, a chreid in úsáid na Gaeilge ina shaol pearsanta agus ina shaol poiblí agus duine cumasach a fáisceadh as saol na Gaeilge, a bheadh in ann a chúinne a throid ag bord an Rialtais.
tharrtháil saved
" Tá aithne agam ar fhear nó dhó a tharrtháil rón san fharraige a bhí in aice lena bhád, le plaisteach nó a leithéid i bhfastó ar a mhuineál srl.
‘tarrtháil’ CAI IMF rescue
" Ní raibh an sórt seo misnigh nó dóchais feicthe ag an óige le fada agus is cinnte nár mhothaigh siad a leithéid faoina dtír féin le caimiléireacht a bpolaiteoirí agus le ‘tarrtháil’ CAI na tíre.
le tarrtháil to be saved
" Athnuachan Ghaeltachta agus an Daonlathas ón mBonn Aníos =============================== Má tá an Ghaeilge le tarrtháil mar theanga laethúil i measc an phobail, theastódh athnuachan sa Ghaeltacht ón mbonn aníos.
dtiocfadh sé i dtarrtháil ort he’d come to your aid
" Dá mbeifeá thíos leis an ghalar dhubh, cuirim i gcás, thiocfadh leat urraim a thabhairt do thaisí Naoimh Blaise, a bhí ina shaineolaí ar chneasú an ghalair áirithe, agus urnaí a rá go dtiocfadh sé i dtarrtháil ort.
téad tarrthála ( rope) lifeline
" Mí ina dhiaidh sin, bhíos ag caint le B’leáth Cliathach eile sa Cholóim, ag roinnt scéalta faoinár gcuid taistil agus d’inis sé dom go ndearna sé Potosi chomh maith, ach é ag léimt na bearna céanna, níor bhain sé an taobh eile amach agus thit sé amach sa duibheagán, agus bhí sé ag luascadh ar an téad tarrthála go dtí gur tharraing triúr fear aníos é.
tharrtháil to save
" Léim John amach sa Life láithreach chun an ainmhí beag a tharrtháil gan an dara cuimhneamh a dhéanamh air féin.
Le tarrtháil to save
" Le tarrtháil a dhéanamh ar uachaisí fabhtacha airgeadais, tá cinneadh déanta ag Rialtas na Breataine go nglanfadh an pobal ar fad, ní hamháin an earnáil phoiblí - múinteoirí, altraí, oibrithe eile otharlainne - go nglanfadh siad seo fiacha na mbancanna i gcur chuige atá bunaithe ar gheilleagair neamartach, dar liom.
mar chrios tarrthála like a life belt
" Bhíos ag taobhú na habhann ionas nach mbeinn fíorchaillte, go fiú nuair nach mbíodh sé le feiceáil tríd an dufair, mhothaigh mé é mar chrios tarrthála taobh liom.
tarrtháil rescue, saving
" In éineacht le beirt ghasúir san áit, chuireamar tús leis an tarrtháil, agus níorbh fhada go raibh Nandos ar láimh shábhala i mo bhaclainn arís.
Tarrtháil na gcorp saving bodies
" Tarrtháil na gcorp a bhí mar phríomhchúram ag muintir Halifax, muintir na cathrach seo a chuir an fháilte dheireanach roimh phaisnéirí na loinge.
ag foireann na loinge tarrthála by the crew of the lifeboat
" Scéal ar leith ná tarrtháil chorp páiste ag foireann na loinge tarrthála ‘Mackay-Bennett’.
an tír a tharrtháil saving the country
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
gclár tarrthála rescue package
" Ní bhaineann na rialacha nua le haon tír atá páirteach i ‘gclár tarrthála’.
an tír a tharrtháil saving the country
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
d’fhonn a chuid daonnachta a tharrtháil in order to save his humanity
" Do thagair an tUachtarán do James Joyce in aitheasc amháin, ach níor thagair sé don iomarbhá idir *Leopold Bloom* agus an *Cyclops* anróiteach in *Ulysses*, nuair a thugann Bloom droim láimhe don stair d’fhonn a chuid daonnachta a tharrtháil.
tharrtháil to save
" Ach an oiread le Daniel O Connell, níor chreid sé go mb’fhiú aon iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a tharrtháil mar theanga bheo.
tharrtháil save
" D’fhéadfaí 41 duine a tharrtháil ach ní bhfuair siad deis leighis, agus d’athraigh na póilíní 116 ráiteas a rinneadh faoin ár.
Foireann Tarrthála rescue team
" Níor bhris sé ach a leathrúitín san eachtra, a bhuí do Dhia, agus bhí an t-ádh air go raibh Foireann Tarrthála Llanberis sa cheantar ag an am - bhain siad Mark amach faoi cheann 30 bomaite.
Ualach na Tarrthála ar an Iar-Cheann Feadhna the responsibility of salvation on the ex-captain
" Ualach na Tarrthála ar an Iar-Cheann Feadhna ======================= Cad ba shiocair le hiompar gan choinne Uí Dhrisceoil? Ní mór a rá ar dtús nach cóir aon leithscéal a dhéanamh ar a shon, ach is féidir tosca áirithe a chur san áireamh má tá míniú ag teastáil ar a iompar neamhghnáthach.
tharrtháil to save
" Bhí oiread imreoirí á ngortú go raibh ceisteanna á gcur: an é seo an cluiche páirce is brúidiúla ar domhan agus an bhfuil an rugbaí ag éirí níos brúidiúla agus níos fíochmhaire in aghaidh na bliana? Ceist í sin le haghaidh lae eile is dóigh ach de bharr gortaithe a bhain d’imreoirí éagsúla agus roghanna a rinne an bainisteoir, d’fhéadfaí a rá gur thit sé ar ghuaillí Bhriain Uí Dhrisceoil foireann na hÉireann a tharrtháil.
fear an tarrtháil sléibhe the mountain rescue man
" Thug fear an tarrtháil sléibhe ag an ionad seiceála foláireamh dúinn go raibh an drochaimsir ag teannadh linn agus gur cheart a bheith ar an airdeall agus muid ag dul síos an mala go Loch Ochóige.
tharrtháil saving
" Dúirt Fennell le lucht na Gaeilge, ’sé sin má bhíodar i ndáiríre ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, go mba cheart dóibh Bleá Cliath a fhágaint agus dul siar Conamara.
An Fiú í a Tharrtháil is it worth saving
" An Fiú í a Tharrtháil? ======== Sin taobh amháin den scéal.
ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás trying to save a language from death
" Smaoiním ar an saibhreas cainte a bhuail sna cluasa mé nuair a chuir mé fúm anseo dhá scór bliain ó shin agus nuair a cuirtear sin í i gcomórtas leis an dteanga bhocht tanaí atá anois á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide, tagann lagmhisneach orm agus cuirim an cheist orm féin, céard is fiú a bheith ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás, atá chomh truaillithe i mbéal na gcainteoirí dúchais deireannacha is gur deacair a rá gur Gaeilge í a thuilleadh!
méid an phacáiste tarrthála the size of the salvage package
" An rud céanna i dtaobh an fhiachais náisiúnta, méid an phacáiste tarrthála, agus céatadán na morgáistí atá i riaráiste.
chun tarrtháil a thabhairt dúinn to save us
" I gcás ár dtíre féin tá an-chuid cainte le blianta beaga anuas ar ár gceannasacht geilleagair a bheith caillte againn i ndiaidh teacht na Triarachta i 2010 chun tarrtháil a thabhairt dúinn agus an tóin tite as an ngeilleagar i 2008.
Taisí Naomh na Tarrthála relics of the lifesaving saint
" Os rud é go raibh fuinneoga na beirte ab’ óige dúnta scaoil sé dhá spaga óir síos an poll deataigh acu, ach thit ceann acu isteach i stoca a bhí crochta den chlabhar ag triomú ansin cois tine! Taisí Naomh na Tarrthála ============ Bhog sé go Myra níos déanaí ina shaol áit ar déanadh easpag de.
in ann é féin a tharrtháil able to save itself
" com/tracks/132007247&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Ní léir fós an mbeidh an BBC in ann é féin a tharrtháil tar éis na dtubaistí ilghnéitheacha a bhuail leis le blianta beaga anuas.
cuidiú le buíon tarrtháil sléibhe help a mountain rescue group
" Bealaí Eile? ===== Más duine sách scafánta agus aclaí thú, thiocfadh leat cuidiú le buíon tarrtháil sléibhe? Caillfidh tú cuid den am saor a bhí agat roimhe seo, agus caillfidh tú blaisín airgid leis sa mhéid go gcaithfidh tú tiomáint amach faoin tír in amannaí le teacht ar an ionad tionóil le haghaidh oiliúna, nó b’fhéidir le duine nó daoine a tharrtháil as glas binne nó as dorchadas agus fuacht sléibhe.