Pota Focal Intergaelic
| ate | E | ite | T
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leoithne the warm breeze
" Ansin, tar éis tamaill, tagann leoithne the agus boladh ó chroílár an domhain nach féidir cur síos a dhéanamh air, tú i do sheasamh ar stuaic a raibh tú ar crith leis an fhuacht uirthi cúpla bomaite roimhe sin, tú breá te anois.
is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce blood is thicker than water
" Nuair atá deireadh ráite, ar sé leis féin, is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce.
seacláid the hot chocolate
" Tá atmaisféar an-deas sa chaife i láthair na huaire agus daoine ag iarraidh éalú ón fhuacht agus ón dorchadas chun seacláid the a bheith acu! Cainteoirí Gaeilge thart ar leath den fhoireann, an leath eile is as áiteanna ar fud an domhain iad, agus cuidíonn sé sin le hatmaisféar bríomhar a chruthú.
éiríonn aer te warm air rises
" Beidh an tionscadal bunaithe ar phrionsabal simplí fisice - éiríonn aer te.
shéan *The Badger* The Badger denied
" Go gairid i ndiaidh dó an t-agallamh a thabhairt shéan *The Badger* gur oibrigh sé riamh do sheirbhísí rúnda na Breataine.
ag sá priocairí te ina ghoile sticking hot pokers into his stomach
" ie) Gluais • Glossary ar an drabhlásdrinking heavily dá bharras a result geallwager a bheatha a shaothrúto earn his living i dtuilleamaí ar a chuid airgiddepending on his money cneadgroan damantadamned clár éadainforehead ag sá priocairí te ina ghoilesticking hot pokers into his stomach spící biorachasharp spikes ag lúbarnaíltwisting go míshuaimhneachuneasily imeachtaíevents galántaelegant meidhreachmerry dreoilín teaspaighgrasshopper drithlín gliondaira spark of joy gnúisface folthair faoi dhraíochtunder a spell comwaist cuireadhinvitation go fonnmhareagerly a chompánaighhis companions sméideadhwink a gcuid ráiteas graostatheir obscene comments maorgamajestic cornchlársideboard i ndlúthchipíin serried ranks táim sáchI have enough leachtliquid mionscáth gréinemini parasol do bharraicíníyour toes dlúthdhiosca rómánsachromantic CD tolgcouch chuimil sí a gruashe rubbed her cheek de chogar mealltachin an enticing whisper eiteogawings súimínsip milissweet mearbhalldizziness nuair a tháinig sé chuige féinwhen he came to céimeannasteps ar na cannaíheavy drinking a chártaí creidmheasahis credit cards cloigínbell toradhresult iarrachtaíattempts lámh leis an teachbeside the house curtha i leataobhset aside an bhean ghlantacháinthe cleaning woman shrac a chuid éadaigh de féinhe pulled his clothes off le tuawith an axe osnasigh crotshape láibeachmuddy drochbholadhbad smell anáilbreath stán síshe stared dallógablinds céastatortured breoiteill a chomhairligh síshe advised cearrwrong galardisease An Crannchur NáisiúntaThe National Lottery duaisprize a sheol ar bhóthar d'aimhleasa túwhich lead you astray drabhlásdebauchery ragairnerevelry geallghlacadóiríbookmakers fiántaswildness nuair a bhí ort do bheatha a shaothrúwhen you had to earn a living ní mór dom éiríI have to get up gnó práinneachurgent business í ag machnamh ar éagóir an tsaoilthinking about the unfairness of the world na heasláinthe sick ina seilbh féinin her possession a goideadh uaidhstolen from him burla nótaí airgida wad of notes sonraídetails théadh séhe used to go goileappetite bhíodh meadhrán ina cheannhis head would be swimming spadántasluggish fuinneamhenergy comhairleadvice dochtúir comhairleachconsultant buidéal leighismedicine bottle oideas oiriúnacha suitable prescription máinliasurgeon seomra feithimhwaiting room plódaithepacked cuma na bochtaineachtathe look of poverty go fiosrachinquisitively míchompordachuncomfortable lig sé airhe pretended scuainequeue le dímheaswith lack of respect a chuid otharhis patients do shealsayour turn sciob ColmColm snatched go dubhachgloomily go giorraiscabruptly níos críonnamore prudent níl mo ghoile thar mholadh beirtemy stomach isn't great sracfhéachaintglance aclaíochtexercise draidgháiregrin tréaniarrachta strong effort a choinneáil faoi shrianto keep under control bia róshaibhirfood that is too rich córas néarógachnervous system aclaífit i mbarr do shláintein the best of health géilleann tú do gach mianyou give in to every desire baoisfoolishness sólássolace saothraigh do bheathaearn your living mair ar an bpá a íoctar leatlive on the wage that you're paid maslaitheinsulted go drochmheasúilcontemptuously níor chorraigh ColmColm didn't move geallwager maireachtáil arlive off eagraíocht charthanachtacharitable organization meangadh searbhsarcastic smile cairde rachmasachawealthy friends toilteanachwilling faghairtflash buntáisteadvantage éigeandáilemergency sochar pearsantapersonal benefit má aithnítear méif I'm recognised i ndáiríreserious lándáiríretotally serious a dhearbhai
brocairí teo hot dogs
" ” *(ciúnas fada eile)* “Tá muidne chun brocairí teo bheith againn.
bhí daoine ina suí go te. people were well off.
" Ar feadh sé nó seacht de bhlianta i ndiaidh domsa a theacht ar an saol, cathair measartha saibhir a bhí i nDoire – bhí daoine ina suí go te.
buidéal uisce the a hot water bottle
" Taitníonn buidéal uisce the go mór liom agus a bheith amuigh sa timpeallacht nádúrtha, uaireanta an dá rud le chéile! AÓF: Cén bealach a thosaigh tú ag seinm ceoil agus ag amhránaíocht? ENíC: Tharla sé go nádúrtha.
atá ina suí go te who are well off
" Castar daoine gairmiúla air atá ina suí go te ach nach bhfuil ar a suaimhneas ar fad lena slite beatha.
te ón oigheann. hot from the oven.
" Mholfainn féin triail a bhaint as na brioscaí a bhíonn ar fáil i rith an tsosa – déanta sa bhaile agus fós te ón oigheann.
sna locha teo. in the hot lakes.
" B’iomaí cuairteoir a chaith seal sa bhaile beag Maorach Te Wairoa, a chiallaíonn "an t-uisce fada", chun na léibhinn a fheiceáil agus chun folcadh a bheith acu sna locha teo.
na gathanna teo gréine the warm rays of sun
" Bhí an ghrian ag taitneamh ar an lá i mí an Aibreáin ar thóg mé an GHF go Majdanek ach ba bheag a rinne na gathanna teo gréine chun gruaim dhosheachanta na háite a mhaolú.
níos teo hotter
" Caoimhe Ní Line-Dancer atá ar an duine úr sa suíochán te, agus tá sé i gceist ag Balor an suíochán sin a dhéanamh rud beag níos teo sula mbeidh mórán míonna den bhliain úr caite.
bhí teocht ní ba theo le brath san aer there was a warmer temperature to be felt in the air
" An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis! Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm.
nuacht te-bhruite hot off the press news
" Beart ciallmhar is ea é go bhfuil an Foras ag éileamh go mbeidh leagan leictreonach agus idirghníomhach den nuachtán neartaithe seachtainiúil ar fáil ach níl sé soiléir óna bhfógra an bhfuil siad ag dréim go mbeidh nuacht te-bhruite á postáil gach lá.
An bhfuil an t-iarann te is it timely?
" An bhfuil an t-iarann te? An mithid a bhualadh? Is líonmhaire teangacha eile ar shráideanna na hÉireann thar mar ba nós roimhe seo.
te bruite just released
" Chan sí cúpla classic, agus ansin lean sí le cuid de na hamhráin úra atá ar a dlúthdhiosca úr te bruite.
dtréimhsí is teo hottest periods
" Déantar an fómhar le linn na dtréimhsí is teo abhus, agus níl a lán daoine in inmhe, nó toilteanach, an obair chrua seo a dhéanamh.
inár suí go te hunky dory
" Tá muid inár suí go te.
suíochán te hot seat
" Bhuel, ní agallamh den chineál sin le bóiscéalaí boigéiseach atá againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse, nó is é Balor Béimneach Béalchliste atá ag cur na gcruacheisteanna agus is é Beairic Uasal Uachtaránach Ó Bama a bheas sa suíochán te.
béilí teo warm meals
" htm), ceann de na heagraíochtaí a bhí taobh thiar den agóid i mí Aibreáin, úsáidtear an dlí seo chun imeaglú a chur ar dhaoine ar mian leo seasamh leis an duine atá thíos, sa chás seo na sans papiers – béilí teo a chur ar fáil, seirbhísí leithris agus folctha a eagrú, teileafóin phóca a athluchtú agus a leithéid.
te warm, hot
" Is ag deireadh seachtaine na Cincíse a chuirtear tús leis an samhradh agus leis an aimsir bhreá, más fíor.
eolas te bruite latest news
" Mar sin caidé an ‘big deal’ fá dtaobh de leathanach eile a bheith ag feidhmiú agat nuair atá na boscaí sin ticeáilte cheana féin? Caithimse cuid mhór iarracht agus fuinneamh i ndaoine a sheachaint, agus nuair a deirtear liom go dtig leat a bheith ar gach eolas te bruite fá dtaobh de chuid gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí achan duine a bhfuil tú mór leis, cha dtig liom a shamhlú cúis ar bith le d’intinn a bheith truaillithe ag stuif mar seo nuair nach bhfuil mórán smachta agat ar do chuid gluaiseachtaí agus gníomhaíochtaí féin.
uisce te hot water
" €756 (3742 aonad kWh) a thug mo mhac ar an aibhléis in Éirinn don tréimhse chéanna, costas a chuimsigh na soilse, an chócaireacht agus uisce te don chith.
foinsí teo hot springs
" Is sa loch seo atá an líon is mó teasán san Afraic agus tá cáil leitheadach ar an áit as a foinsí teo agus as an fiadhúlra atá le feiceáil ann.
te teolaí warm and comfortable
" Cuir i gcás, san fhómhar, fásann fionnadh níos tibhe ar ainmhithe ar leith, chun iad a choimeád te teolaí san aimsir fhuar mharfach seo.
áiteanna níos teo warmer climets
" (B) An Imirce ======= Téann éin ar nós na fáinleoige thar sáile, chuig áiteanna níos teo i bhfad ó dheas san Afraic.
ba theo hottest
" Agus Fianna Fáil ag tabhairt tacaíochta do Brian Cowen (roimh dóibh é a aistarraingt go gairid ina dhiaidh), nocht Eagras Mheitéareolaíochta an Domhain gurbh é 2010 an bhliain ba theo dár taifeadadh riamh, agus go bhfuil treocht fhadtéarmach shoiléir le feiceáil, agus teocht an domhain ag dul in airde an t-am ar fad.
bhfolcadáin teo an bhaile the town’s hot baths
" Chaith mé an mhaidin ag sciáil ach ar theacht an mheán lae, shocraigh mé féin agus mo bhean chéile an chuid eile den tráthnóna a chaitheamh i bhfolcadáin teo an bhaile.
braon te idir an dá bhois agam a warm drop in my hands
" Thosaigh tóraíocht an túláin, agus ní fada go raibh braon te idir an dá bhois agam.
the hot
" Chríochnaigh muid an lá éagsúil seo le seacláid the as coire mór millteach i siopa seacláide sa bhaile mór – fianaise eile go raibh an aimsir i bhfad níb fhuaire ná aimsir na hAstráile um Nollaig.
te warm, hot
" Nuair a bheadh na carranna dóite, bheifeá ag tiomáint tríd an luaithreach agus iad te.
Bhí scéal te bruite breaking news
" Bhí scéal te bruite ag Uinsionn an tseachtain sin mar go raibh cáipéis de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúntachta feicthe aige, cáipéis a leag amach siollabas nua don Ardteist.
geal agus te bright and warm
" Ach chonaic sé fíorfháilte Thír Conaill fosta ag deireadh an lae, nuair a bhí an aimsir geal agus te agus bhuail muid le bus Sheosaimh Uí Eochaidh ar an Mhálainn Bhig.
thar a bheith te extremely hot
" Bhí sé thar a bheith te agus ní raibh faoiseamh ar bith ón ngréin.
Tá an t-iarann te the time was never better
is aer te atá ann i ndáiríre it’s really just hot air
" Ach is aer te atá ann i ndáiríre, níl aon bhunús leis.
tíortha teo na Saiheile hot countries of the Sahel
" Is intuigthe má leagtar béim áirithe ar athrú aeráide leis an té a shiúil tailte agus campaí seasca na Somáile nó tíortha teo na Saiheile, an chuid sin den domhan ba mheasa buailte ag triomach agus ag leathnú an ghaineamhlaigh dá réir.
Lá te, brothallach a warm hot day
" Lá te, brothallach ag deireadh an gcúrsa a bhí ann i nGleann Loch, agus nuair a ghlac an scaifte sos ag carraig an aifrinn, in aice le Loch an Aifrinn, mhol Carrie dúinn léimnigh amach san uisce le haghaidh snámh gairid.
a bruasa taise teo her warm moist lips
" a bhí ag damhsa, chan na sciatháin!) Agus iad ag válsáil go bog agus ag cogarnach go ciúin le chéile i gcoirnéal an tseomra mhóir ghalánta, shleamhnaigh Aingeal a bruasa taise teo in aice le cluas chlé Bhaloir agus labhair go ciúin leis: ‘A Bhaloir, a thaisce, tá a fhios ag an saol mór go bhfuil mo chroí istigh ionat, agus níor mhaith liom thú a bheith ar lár chomh hóg seo i do shaol.
brothallach te warm and sultry
" Agus na laethanta fós brothallach te sa Veinéis ag tús Mheán Fómhair ní i hallaí féachana dorcha amháin a fhanann cuairteoirí ar an bhFéile Scannáin.
gur i dtír the theolaí cois farraige that it was in a warm country by the sea
" Ach céard dá n-inseofaí an fhírinne dóibh agus go n-inseofaí dóibh gur i dtír the theolaí cois farraige a mhair Daidí na Nollag, nár scair sé suas ar réinfhia riamh agus gur dócha nach bhfaca sé fiú calóg amháin sneachta ina shaol flaithiúil fada?! Sin é a nochtadh domsa le déanaí nuair a thug mé cuairt ar an mbaile beag Demre, nó Myra mar a thugtaí air in am Niocláis, ar chósta iardheisceart na Tuirce.
ag tochailt le haghaidh scéalta te bruite digging for hot pieces of news
" Ní bheidh aon easpa scríbhneoirí ar fáil chun colúin agus píosaí tuairimíochta a sholáthar don nuachtán úr ach cá bhfaighfear na hiriseoirí a rachaidh ag tochailt le haghaidh scéalta te bruite? Tá líon fairsing iriseoirí Gaeilge ann atá fostaithe ag leithéidí TG4, RTÉ, RnaG, BBC srl.
te bruite agus aistriúchán ar ábhar news and translated material
" Tuigeann siad go maith an difir idir scéal te bruite agus aistriúchán ar ábhar a bhí i gcló cheana féin ar shuíomh eile.
chomh te le hoigheann as hot as an oven
" Agus comhairlíonn siad caipín, pluid, stocaí, seaicéad nó cibé ball éadaigh eile a chur uirthi go dti mbíonn sí chomh te le hoigheann! Fásann na páisti suas agus faitíos orthu roimh an bhfuacht, ar ndóigh.
cac, mún agus buinneach sh*te, urine and diarrhoea
" Bhuel, ós rud é nach dtuigim an focal bonker nó fiú bonkáil, agus nach bhfuil ceachtar den dá fhocal san fhoclóir úr, ná fiú i bhfoclóir an Duinnínigh, ní thig liom mórán a rá faoin raic atá ar siúl idir an t-iar-Uachtarán agus na heaspaig, seachas go bhfuil baint aige le clúidíní salacha agus cac, mún agus buinneach.
chomh tiubh te as fast
" Seans gurb iad na cluichí Gaelacha, an iománaíocht go mór mór, faoi deara mo dhearcadh toisc gur orthu is mó atá mo thaithí agus go dtarlaíonn scóranna agus eachtraí imeartha eile chomh tiubh te agus chomh rialta le linn na gcluichí sin.
Úr te bruite hot off the press
" Úr te bruite! Tá éacht déanta ag (i)Beo!(/i) agus ag a scríbhneoir céimiúil Balor.
te bruite latest news
" Míshásamh, corraíl, uisce faoi thalamh, - tá scéal Phríomh-Aire úr na hAstráile ag Bearnaí Ó Doibhlin dúinn te bruite as taobh theas an domhain.
lá breá te sa tsamhradh an idyllic day in Donegal
" Bhí Balor ag dul i dtaithí ar Eorpachas na Gaeltachta, ar ghliogar na gramadaí tábhairne agus ar cheol gaelach na Mór-Roinne in Éirinn lá breá te sa tsamhradh.
te bruite sna sála i ndiaidh hot on the heals of
" Tá muintir Dhoire nach mór sáraithe ag cuairteoirí ar an chathair tharla Duais Turner ar an bhaile sin te bruite sna sála i ndiaidh Fleadh na hÉireann.
ar an eolas ar fad te bruite has all the latest news
" Tá Balor ar an eolas ar fad te bruite as Cathair na bhFáithe.